Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1945

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1945 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2020 maidir le doiciméid atá le heisiúint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 18(1) agus (4) agus Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2020) 1114)

    C/2020/1114

    IO L 268, 14.10.2022, p. 26–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1945/oj

    14.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 268/26


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1945 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Feabhra 2020

    maidir le doiciméid atá le heisiúint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 18(1) agus (4) agus Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2020) 1114)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le hAirteagal 18(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) (an “Comhaontú”) go bhféadfaidh an Stát óstach a cheangal ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, ar a mbaill teaghlaigh féin agus ar dhaoine eile, atá ina gcónaí ina chríoch i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal II den Chomhaontú, iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe nua a thugann na cearta faoin Teideal sin agus doiciméad a fhianaíonn an stádas sin.

    (2)

    Mar a fhoráiltear in Airteagal 18(4) den Chomhaontú, i gcás inar roghnaigh Stát óstach gan a cheangal ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, ar a mbaill teaghlaigh, agus ar dhaoine eile, atá ina gcónaí ina chríoch i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal II den Chomhaontú, iarratas a dhéanamh ar an stádas nua cónaithe mar choinníoll le haghaidh cónaí dlíthiúil, beidh sé de cheart ag na daoine atá incháilithe do chearta cónaithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), doiciméad cónaithe a fháil ina bhfuil ráiteas gur eisíodh é i gcomhréir leis an gComhaontú.

    (3)

    Foráiltear le hAirteagal 26 den Chomhaontú go bhféadfaidh an Stát oibre a cheangal ar náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cearta acu mar oibrithe trasteorann faoi Theideal II den Chomhaontú iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad lena ndeimhneofar go bhfuil na cearta sin acu faoin Teideal sin agus go mbeidh an ceart ag na náisiúnaigh sin go n-eiseofar doiciméad den sórt sin dóibh.

    (4)

    Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (4) formáid chomhionann le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír. Tá an fhaisnéis uile is gá san fhormáid sin agus comhlíonann sí caighdeáin theicniúla an-ard, go háirithe a mhéid a bhaineann le coimircí i gcoinne góchumadh agus falsú.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart an fhormáid sin a úsáid freisin chun doiciméid chónaithe a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, dá mbaill teaghlaigh féin agus do dhaoine eile atá ina gcónaí i gcríoch Bhallstáit i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i dTeideal II den Chomhaontú, tar éis do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann tarraingt siar as an Aontas Eorpach.

    (6)

    Is iomchuí an fhormáid sin freisin chun doiciméid a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cearta acu mar oibrithe trasteorann sa Bhallstát oibre.

    (7)

    Ós rud é go bhfeidhmeoidh na doiciméid sin chun fianaise a thabhairt ar chearta dá bhforáiltear faoi Theideal II den Chomhaontú, ba cheart ráiteas ina sonraítear gur eisíodh na doiciméid sin faoin gComhaontú a chur san áireamh mar iontráil faoi Uimh. 10 “Cineál ceada”.

    (8)

    Ba cheart do na Ballstáit a shonrú faoi iontráil 12 “Barúlacha” cibé acu a eisítear nó nach n-eisítear an doiciméad faoi Airteagal 18(1) nó (4) den Chomhaontú.

    (9)

    Chun a áirithiú gur féidir céannacht an tsealbhóra a sheiceáil sa dóigh nach mbeidh aon amhras ann, ba cheart íostréimhse bhailíochta 5 bliana agus uastréimhse bhailíochta 10 mbliana a bheith ag na doiciméid ionas gur féidir pictiúr an tsealbhóra a thabhairt cothrom le dáta.

    (10)

    I gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Chomhaontú, níor cheart éifeacht a bheith ag na doiciméid arna n-eisiúint ag na Ballstáit faoi Airteagal 18(1) den Chomhaontú ach amháin tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 126 den Chomhaontú.

    (11)

    Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit tús a chur cheana féin le ceadanna cónaithe a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 18(1) nó (4) den Chomhaontú le linn na hidirthréimhse, má roghnaíonn siad sin a dhéanamh ar chúiseanna riaracháin nó ar chúiseanna eile. Níl Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) infheidhme go hiomlán fós, áfach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an fhormáid atá ann faoi láthair a úsáid le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 ón gComhairle (6) go dtí go dtiocfaidh Rialachán (AE) 2017/1954 i bhfeidhm.

    (12)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (7),

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Agus doiciméad cónaithe á eisiúint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 18(1) nó (4) den Chomhaontú, úsáidfidh siad an fhormáid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

    “Airteagal 50 CAE” a bheidh san iontráil i réimse Uimh. 10 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 “Cineál ceada”. Sonróidh na Ballstáit i réimse Uimh. 12 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 “Barúlacha” cibé acu a eisítear nó nach n-eisítear an doiciméad faoi Airteagal 18(1) nó (4) den Chomhaontú.

    Cúig bliana ar a laghad agus 10 mbliana ar a mhéad a bheidh i mbailíocht an doiciméid cónaithe.

    Airteagal 2

    Eiseoidh na Ballstáit na doiciméid de bhun Airteagal 26 den Chomhaontú i bhfoirm na formáide comhionainne le haghaidh ceadanna tráchta teorann áitiúil do náisiúnaigh tríú tír, a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

    “Airteagal 50 CAE — oibrí trasteorann” a bheidh san iontráil i réimse Uimh. 10 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 “Cineál ceada”.

    Cúig bliana ar a laghad agus 10 mbliana ar a mhéad a bheidh i mbailíocht an doiciméid.

    Airteagal 3

    Go dtí go mbeidh Rialachán (AE) 2017/1954 curtha chun feidhme ag na Ballstáit, úsáidfidh siad an fhormáid a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008, agus úsáid á baint as na hiontrálacha céanna a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2 den Chinneadh seo.

    Airteagal 4

    Cuirfidh na Ballstáit an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis dheireadh na hidirthréimhse ar a dhéanaí.

    Airteagal 5

    Is chuig na Ballstáit uile a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2020.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Ylva JOHANSSON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 1.

    (2)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

    (3)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid chomhionann le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid chomhionann do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 286, 1.11.2017, lch. 9).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 ón gComhairle an 18 Aibreán 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 lena leagtar síos formáid chomhionann le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 115, 29.4.2008, lch. 1).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid chomhionann le haghaidh víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).


    Top