Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1158

    Cinneadh (AE) 2022/1158 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar

    ST/10407/2022/INIT

    IO L 179, 6.7.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1158/oj

    Related international agreement

    6.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 179/1


    CINNEADH (AE) 2022/1158 ÓN gCOMHAIRLE

    an 27 Meitheamh 2022

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 2 Meitheamh 2022, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Úcráin i ndáil le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar (“an Comhaontú” anseo feasta).

    (2)

    Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil an 14 Meitheamh 2022.

    (3)

    I bhfianaise na míshocrachtaí tábhachtacha in earnáil iompair na hÚcráine arb é an cogadh foghach a thug an Rúis faoin tír sin is cúis leo, is gá bótharbhealaí malartacha a aimsiú chun gur féidir leis an Úcráin na stoic gráin, an breosla, na hearraí bia agus na hearraí ábhartha eile atá aici a onnmhairiú.

    (4)

    Ós rud é nach dtugtar, leis na ceadanna a dheonaítear faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair mar chuid den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta agus na gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana leis an Úcráin, an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na hÚcráine chun a n-oibríochtaí tríd an Aontas Eorpach agus leis an Aontas Eorpach a mhéadú agus a phleanáil roimh ré, tá sé ríthábhachtach iompar lasta de bhóthar a léirscaoileadh maidir le hoibríochtaí déthaobhacha agus maidir le hidirthurais chomh maith.

    (5)

    Chuir an cogadh foghach atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin leis an mbaol nach mbeidh go leor tiománaithe Úcránacha in ann na nósanna imeachta riaracháin a leanúint a bhaineann le doiciméid tiománaí amhail iarratais ar chead tiomána idirnáisiúnta nó ar dhoiciméid nua a eisiúint i gcás ina gcailltear nó ina ngoidtear iad. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla sin trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha lena ndíolmhaítear tiománaithe ón gceanglas cead tiomána idirnáisiúnta a thaispeáint, trí aitheantas a thabhairt do chinntí arna ndéanamh ag an Úcráin chun bailíocht riaracháin doiciméad tiománaí a shíneadh agus trí mhalartú faisnéise a éascú idir údaráis inniúla an dá Pháirtí d’fhonn calaois agus brionnú na ndoiciméad tiománaí a chomhrac.

    (6)

    I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a thugann gur gá an Comhaontú a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach, agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht roinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht de chuid an Chinnidh seo ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart, dá bhrí sin, an inniúlacht arna feidhmiú ag an Aontas ar bhonn an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe a fheidhmiú ach amháin le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht roinnte a fheidhmítear ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ndiaidh an dáta sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 25 maidir le hinniúlacht roinnte, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Chinneadh seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais leis an gCinneadh seo d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú nó a thabhairt i gcrích le haon tríú tír eile sa réimse sin.

    (7)

    Dá bhrí sin, faoi réir cinneadh ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú ba cheart a eascairt as Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh lena sainítear seasamh an Aontais i ndáil leis sin, ba cheart an Comhaontú, atá teoranta ó thaobh ama de agus a bhfuil deis ann é a athnuachan, a shíniú go práinneach thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

    (8)

    Chun tús a chur le himscaradh éifeachtaí tairbhiúla an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta, agus, a luaithe agus is féidir, onnmhairiú táirgí Úcránacha, go háirithe gráin, a cheadú, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 13 de,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích. (1)

    Airteagal 2

    1.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe teoranta do thréimhse cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais agus faoi réir chomhlíonadh bhearta an Aontais sin, tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE.

    2.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe gan dochar d’inniúlacht na mBallstát in aon chaibidlíocht, síniú nó tabhairt i gcrích atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar le haon tríú tír eile, agus leis an Úcráin i leith na tréimhse ar dá héis a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige.

    3.   Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

    4.   Tá an Cinneadh seo agus an Comhaontú gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an iompair earraí de bhóthar maidir leis na heilimintí seachas na heilimintí sin a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

    Airteagal 3

    Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

    Airteagal 4

    Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 13 de, amhail ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. PANNIER-RUNACHER


    (1)  Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo.


    Top