This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0252
Commission Implementing Decision (EU) 2022/252 of 21 February 2022 amending Implementing Decision (EU) 2020/1167 in order to specify the testing requirements to be applied to a 48 Volt efficient motor generator integrated in the transmission housing and combined with a 48 Volt/12 Volt DC/DC converter (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/252 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 chun na ceanglais tástála a shonrú atá le cur i bhfeidhm maidir le mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta atá comhtháite sa chásáil tras-seolta agus atá cumaiscthe le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/252 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 chun na ceanglais tástála a shonrú atá le cur i bhfeidhm maidir le mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta atá comhtháite sa chásáil tras-seolta agus atá cumaiscthe le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/943
IO L 41, 22.2.2022, p. 33–35
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
22.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 41/33 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/252 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Feabhra 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 chun na ceanglais tástála a shonrú atá le cur i bhfeidhm maidir le mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta atá comhtháite sa chásáil tras-seolta agus atá cumaiscthe le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 24 Bealtaine 2021, chuir an soláthróir ZF Friedrichshafen AG (“an tIarratasóir”) iarratas isteach ar fhormheas, mar theicneolaíocht nuálach, ar theicneolaíocht a úsáidtear i mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC lena úsáid i ngluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha agus feithiclí tráchtála éadroma le luchtú neamhsheachtrach (NOVC-HEVanna) áirithe. |
(2) |
Maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear i mótar-ghineadóirí 48 Volta éifeachtúla le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC lena n-úsáid sa chineál céanna NOVC-HEVanna dá dtagraítear ag an Iarratasóir, tá sí formheasta mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 ón gCoimisiún (2). |
(3) |
Is éard atá sa teicneolaíocht atá sonraithe ag an Iarratasóir ina iarratas mótar-ghineadóir atá ceangailte go díreach leis an seafta ionchuir tras-seolta, i.e. “gineadóir dúisire comhtháite”, rud a fhágann gur féidir na caillteanais mheicniúla a tharlaíonn idir an fhoinse tiomána agus an gineadóir a laghdú. Oibríonn sé i raon luais an innill dócháin inmheánaigh amháin. |
(4) |
Fuarthas go soláthraíonn an teicneolaíocht atá sonraithe ag an Iarratasóir leibhéal ard éifeachtúlachta, agus ba cheart a mheas go soláthraíonn sí an fheidhmiúlacht chéanna a formheasadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur teicneolaíocht nuálach í ar féidir cód 32 na héiceanuálaíochta a chur i bhfeidhm maidir léi. |
(5) |
Tá feidhm ag an modheolaíocht tástála a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167, cé is moite de na minicíochtaí rothlacha agus minicíochtaí na bpointí oibriúcháin a úsáidfear chun éifeachtúlacht an mhótar-ghineadóra a thomhas, ar gá iad a oiriúnú i bhfianaise shaintréithe teicniúla sonracha na teicneolaíochta arna sonrú ag an Iarratasóir. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht tástála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 a mhodhnú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020 maidir le formheas na teicneolaíochta a úsáidtear i mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta atá cumaiscthe le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC lena húsáid i ngnáthinneall dócháin agus i ngluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha áirithe agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 258, 7.8.2020, lch. 15).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 mar a leanas:
(1) |
leasaítear pointe 2.1 mar a leanas:
|