Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2082

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2082 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 lena leagtar síos na socruithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/8476

    IO L 426, 29.11.2021, p. 32–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 29/11/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2082/oj

    29.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 426/32


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2082 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Samhain 2021

    lena leagtar síos na socruithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 7(7) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, ceanglaítear ar na Ballstáit agus ar Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) araon sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe sábháilteachta eitlíochta a bhailiú, a phróiseáil, a mheas, a anailísiú, agus a stóráil go neamhspleách. Ní mór d’údaráis inniúla na mBallstát tuarascálacha ar tharluithe a tharraingt suas ar bhonn sonraí tarluithe agus na tuarascálacha sin a stóráil i mbunachar sonraí náisiúnta. Tá an oibleagáid chéanna ar an nGníomhaireacht tuarascálacha ar tharluithe a tharraingt suas ar bhonn sonraí tarluithe agus na tuarascálacha sin a stóráil i mbunachar sonraí.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, tá ar na Ballstáit agus ar an nGníomhaireacht páirt a ghlacadh i malartú faisnéise tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht a stóráiltear ina mbunachair sonraí féin a chur ar fáil tríd an Stór Lárnach Eorpach (ECR).

    (3)

    De bhun Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, ní mór aicmiú riosca sábháilteachta a bheith sna tuarascálacha ar tharluithe agus tá an t-aicmiú riosca sin faoi réir athbhreithniú ag údaráis inniúla na mBallstát nó ag an nGníomhaireacht, agus ní mór na tuarascálacha sin a aistriú chuig ECR. Chun aicmiú comhchuibhithe a áirithiú do na tuarascálacha uile ar tharluithe atá in ECR, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcinntear an t-aicmiú sna tuarascálacha sin i gcomhréir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (ERCS) a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún (2).

    (4)

    Is gá anois na socruithe a leagan síos chun gur féidir leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit ERCS a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe comhsheasmhach.

    (5)

    I gcás tuarascálacha ar tharluithe ina bhfuil aicmiú riosca a cinneadh de réir modheolaíocht nach modheolaíocht ERCS í, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát nó don Ghníomhaireacht riosca an tarlaithe lena mbaineann a aicmiú i gcomhréir le ERCS a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún.

    (6)

    I gcásanna ina gcinnfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht nós imeachta tiontaithe a úsáid chun na haicmithe riosca dá dtagraítear in aithris 5 a thiontú ina n-aicmithe ERCS, agus nuair is í ARMS-ERC 4x4 nó RAT “ATM foriomlán” an mhodheolaíocht lena mbaineann, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát nó don Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as an nós imeachta tiontaithe dhírigh a leagtar amach sa Rialachán seo.

    (7)

    Nuair nach infheidhme an nós imeachta tiontaithe dhírigh a leagtar amach san Iarscríbhinn, ba cheart a cheadú d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht nósanna imeachta eile a úsáid ar choinníoll go gcuirfí aicmiú coibhéiseach ERCS i gcrích.

    (8)

    Is gá faireachán a dhéanamh ar ERCS agus feabhas a chur air ar bhonn leanúnach chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach é. Is gá rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh faireachán agus feabhsúchán den sórt sin agus ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh a thabhairt don Choimisiún san athbhreithniú agus san fhaireachán sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún maidir le húsáid ERCS agus leis an measúnú a dhéantar air agus ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go rialta agus laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos.

    (9)

    Is gá d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Ghníomhaireacht ullmhú do chur i bhfeidhm ERCS, go háirithe trína bpróisis inmheánacha a chur in oiriúint agus acmhainní breise a d’fhéadfaí a sholáthar. Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 go mbeidh feidhm ag Airteagal 7(2) den Rialachán sin, lena sainordaítear ERCS a bheith á úsáid ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht, nuair a thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme ina sonraítear agus ina bhforbraítear ERCS i bhfeidhm. Tháinig Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún, lena sainmhínítear ERCS, i bhfeidhm cheana an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, ní féidir moill a chur ar infheidhmeacht na hoibleagáide úsáid a bhaint as ERCS thar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Thairis sin, chun críocha an athbhreithnithe bhliantúil sábháilteachta a fhoilsíonn an Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 72(7) de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé fíor-riachtanach go scóráiltear ar bhonn comhchuibhithe na tuarascálacha ar tharluithe a uaslódáiltear chuig ECR laistigh de thréimhse bliana. Ba cheart tús feidhme a bheith ag an oibleagáid na tarluithe a aicmiú i gcomhréir le ERCS ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leagtar síos leis an Rialachán seo na socruithe le haghaidh chur chun feidhme na comhscéime Eorpaí um aicmiú riosca (“ERCS”) a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034.

    Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    Ciallaíonn “modheolaíocht ARMS-ERC” an mhodheolaíocht a d’fhorbair an mheitheal tionscail “Réitigh Bainistíochta Riosca Aerlínte” (ARMS) chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí oibriúcháin;

    (2)

    Ciallaíonn “ATM” bainistíocht aerthráchta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

    (3)

    Ciallaíonn “scór déine ATM aeir” an chuid de mhodheolaíocht RAT lena ndéantar measúnú ar fheidhmiú oibríochta aeir an tarlaithe;

    (4)

    Ciallaíonn “scór déine ATM talaimh” an chuid de mhodheolaíocht RAT lena ndéantar measúnú ar fheidhmiú córais (nósanna imeachta, trealamh agus daoine) an chórais ATM;

    (5)

    Ciallaíonn “scór déine ATM foriomlán” an scór déine ATM talaimh agus an scór déine ATM aeir nuair a chuirtear le chéile in aon scór amháin iad;

    (6)

    Ciallaíonn “modheolaíocht RAT” an mhodheolaíocht uirlise anailísithe riosca a d’fhorbair Eurocontrol agus a úsáidtear chun tarluithe sábháilteachta i réimse ATM a aicmiú;

    (7)

    Is é “Eurocontrol” an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta an 13 Nollaig 1960 maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (5).

    Airteagal 3

    An t-aicmiú riosca sábháilteachta a athbhreithniú, a leasú agus a fhormhuiniú

    1.   Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht athbhreithniú agus, más gá, leasú, agus formhuiniú ar an aicmiú riosca sábháilteachta sa tuarascáil ar an tarlú lena mbaineann i gcomhréir le ERCS mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún.

    2.   Gan dochar do mhír 1, úsáidfidh údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht an nós imeachta tiontaithe dhírigh a leagtar amach san Iarscríbhinn agus é nó í ag tiontú an aicmithe riosca sábháilteachta a cinneadh trí mhodheolaíochtaí ARMS-ERC 4x4 nó RAT “ATM Foriomlán”. Maidir le haicmithe riosca sábháilteachta a cinneadh trí mhodheolaíochtaí eile, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as an nós imeachta tiontaithe de láimh a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn, nó as nósanna imeachta tiontaithe eile de réir mar a mheastar a bheith iomchuí, ar choinníoll go gcuirfí aicmiú coibhéiseach ERCS i gcrích.

    Airteagal 4

    Faireachán a dhéanamh ar ERCS agus feabhas a chur air

    1.   An 31 Márta 2026 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, soláthróidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir le húsáid ERCS.

    2.   Athbhreithneoidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, mar aon le faisnéis eile a d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht a fháil faoi chur chun feidhme ERCS. D'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a chur san áireamh ina hathbhreithniú an saineolas ó líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta (NoA) dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus grúpaí saineolaithe ábhartha dá mbeidís curtha ar bun ag an nGníomhaireacht.

    Airteagal 5

    Faireachán a dhéanamh ar chomhoiriúnacht do scéimeanna eile um aicmiú riosca

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú rialta ar na nósanna imeachta tiontaithe a leagtar amach san Iarscríbhinn chun a áirithiú go bhfuil siad ábhartha fós. D'fhéadfaí a chur san áireamh san athbhreithniú saineolas ó NoA agus grúpaí saineolaithe ábhartha dá mbeidís curtha ar bun ag an nGníomhaireacht.

    2.   I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht maidir le húsáid an nóis imeachta tiontaithe de láimh a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn agus maidir le húsáid nósanna imeachta tiontaithe eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

    Airteagal 6

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Samhain 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (IO L 416, 11.12.2020, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an creat-Rialachán) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 1).

    (5)  Coinbhinsiún arna mhodhnú le prótacal an 12 Feabhra 1981 agus arna athbhreithniú le prótacal an 27 Meitheamh 1997.


    IARSCRÍBHINN

    Nósanna imeachta maidir le scóir ón Uirlis Anailísithe Riosca (RAT) agus ó Réitigh Bainistíochta Riosca Eitlíochta – Aicmiú Riosca Teagmhais (ARMS-ERC) a thiontú go scóir ón gComhscéim Eorpach um Aicmiú Riosca (ERCS).

    Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo nósanna imeachta maidir le scóir ó RAT agus ARMS-ERC a thiontú go dtí an scór ERCS (1) a shainítear i gCéim 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún.

    Leis na nósanna imeachta tiontaithe seo a leanas soláthraítear tiontú, bíodh sé díreach nó de láimh, chun teacht ar aicmiú ERCS a bheidh coibhéiseach leis na scóir RAT agus/nó ARMS-ERC i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

    1.   TIONTÚ DÍREACH

    Tá an dá shreabhadh oibre a leanas sa nós imeachta tiontaithe éigeantach:

    Sreabhadh Oibre 1 – lena soláthraítear tiontú díreach chun an scór déine ERCS a fháil.

    Sreabhadh Oibre 2 – lena soláthraítear tiontú díreach chun an scór dóchúlachta ERCS a fháil.

    Léirítear forbhreathnú ar na nósanna imeachta i bhFíor 1. Is é pointe tosaigh an phróisis an bosca ina bhfuil “Tá an tuarascáil ar tharlú curtha isteach” agus is é an t-aschur an bosca ina bhfuil “Scór coibhéiseach ERCS”. Léiríonn na línte briste i bhFíor 1 nach gá ach foinse amháin le haghaidh gach toraidh próisis.

    Image 1
    Fíor 1 Nósanna imeachta tiontaithe

    1.1.    SREABHADH OIBRE 1 – scór déine ERCS

    a.   Faisnéis maidir le “Catagóir tharlaithe” agus “Grúpa maise”

    Má tá faisnéis sa tuarascáil ar tharlú maidir le “catagóir tharlaithe” an tarlaithe agus leis an “ngrúpa maise”, is féidir iad a thiontú go scór ERCS maidir le “Déine na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann”. Is é (b) i bhFíor 1 an chéad chéim eile.

    Mura bhfuil aon fhaisnéis sa tuarascáil ar tharlú maidir leis an “gcatagóir tharlaithe” nó leis an “ngrúpa maise” nó maidir le ceachtar díobh, ní féidir tiontú díreach a dhéanamh. Má úsáidtear an tiontú de láimh a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo, is é (D) i bhFíoracha 1 agus 5 an chéad chéim eile.

    b.   “Catagóir tharlaithe” agus Príomhréimse Riosca (KRA) ERCS a thiontú

    Má chomhfhreagraíonn an “chatagóir tharlaithe” sa tuarascáil ar tharlú go díreach do cheann de na Príomhréimsí Riosca ERCS a shainítear i bpointe 1.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034, is é (c) i bhFíor 1 an chéad chéim eile.

    Maidir le tuarascálacha ar tharluithe ina bhfuil na “catagóirí tarlaithe” difriúil leis na Príomhréimsí Riosca ERCS, ní féidir tiontú díreach a dhéanamh. Má úsáidtear an tiontú de láimh a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo, is é (D) i bhFíoracha 1 agus 5 an chéad chéim eile.

    c.   Scór ERCS maidir le “Déine na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” - tiontú díreach

    Má tá faisnéis sa tuarascáil ar tharlú maidir leis an “gcatagóir tharlaithe” agus leis an “ngrúpa maise”, tiontaítear an scór déine go díreach ina scór ERCS iomchuí maidir le “déine na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann”. Is é (k) an toradh, lena dtugtar an chéad digit a chomhfhreagraíonn don luach aibítreach a ríomhtar maidir le déine an tarlaithe (scór déine A go X).

    1.2.    SREABHADH OIBRE 2 – scór dóchúlachta ERCS

    e.   Tuarascáil ar tharlú a scóráladh agus RAT á úsáid

    Má tugadh scór sa tuarascáil do tharlú agus an mhodheolaíocht RAT á húsáid (2):

    Tuarascálacha ar tharluithe ina bhfuil aicmiú scóir déine RAT “ATM Foriomlán”, is féidir iad a mhapáil go díreach ar na colúin dóchúlachta ERCS mar a mhínítear i gcéim (g) d’Fhíor 2.

    Tuarascálacha ar tharluithe ATM nach bhfuil ach scór déine RAT “ATM talaimh” iontu (3), ní mór iad a thiontú de láimh chun an scór dóchúlachta ERCS a sholáthar. Má úsáidtear an tiontú de láimh a leagtar amach i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo, is é (L) i bhFíor 5 an chéad chéim eile.

    I gcás tuarascálacha ar tharluithe a chódaítear mar “tharlú a bhaineann go sonrach le ATM” ní féidir tiontú a dhéanamh ó na scóir RAT go dtí na scóir ERCS.

    f.   Scór déine RAT “ATM Foriomlán”

    Má tá scór déine “ATM Foriomlán” i dtuarascáil ar tharlú, is é (g) i bhFíor 1 an chéad chéim eile.

    g.   Colún ERCS maidir le “Dóchúlacht go bhféadfadh tionóisc a bheith ann” a thiontú ó luach RAT “ATM Foriomlán” (ábhartha le haghaidh luachanna A, B, C, E amháin)

    Le haghaidh na dtuarascálacha ar tharluithe ina bhfuil aicmiú scóir déine “ATM Foriomlán” (A, B, C, E), tá feidhm ag an tiontú díreach seo a leanas go catagóirí dóchúlachta ERCS:

    Image 2
    Fíor 2 Scór déine RAT ATM foriomlán a thiontú ina scór dóchúlachta ERCS

    h.   Tuarascálacha ar tharluithe a aicmíodh agus an mhodheolaíocht ARMS-ERC á húsáid

    Maidir leis na tuarascálacha ar tharluithe ina bhfuil scór a cinneadh i gcomhréir le ARMS-ERC, is é (i) i bhFíor 1 an chéad chéim eile.

    Maidir leis na tuarascálacha ar tharluithe ina bhfuil scór nár cinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht ARMS-ERC, is é (M) i bhFíor 5 an chéad chéim eile.

    i.   Gnáthmhaitrís 4x4 ARMS-ERC

    Má úsáidtear an mhaitrís 4x4 ARMS-ERC a léirítear i bhFíor 3 chun an tuarascáil ar tharlú a scóráil, is é (j) i bhFíor 1 an chéad chéim eile.

    Image 3
    Fíor 3 Gnáthmhaitrís 4x4 ARMS-ERC

    j.   Scór ERCS maidir le “Dóchúlacht go bhféadfadh tionóisc a bheith ann” – tiontú díreach

    Má tá rátáil “Éifeachtacht Bacainne” ARMS sa tuarascáil ar tharlú, úsáidtear an tiontú díreach go maitrís ERCS seo a leanas chun an scór ERCS maidir le “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” a chinneadh.

    Image 4
    Fíor 4 ARMS-ERC a thiontú go catagóirí dóchúlachta ERCS

    k.   Scór Coibhéiseach ERCS

    Cuirtear an scór ERCS “Déine na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” agus an scór ERCS “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” le chéile i maitrís ERCS chun scór coibhéiseach ERCS a ghiniúint mar a leagtar síos i gCéim 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034.

    2.   TIONTÚ DE LÁIMH

    Tá an dá shreabhadh oibre a leanas sa nós imeachta seo maidir le tiontú de láimh:

    Sreabhadh Oibre 1 – lena soláthraítear tiontú de láimh chun an scór déine ERCS a fháil;

    Sreabhadh Oibre 2 – lena soláthraítear tiontú de láimh chun an scór dóchúlachta ERCS a fháil.

    Image 5
    Fíor 5 Tiontú de láimh

    2.1.    SREABHADH OIBRE 1

    D.   Scór ERCS “Déine na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” - tiontú de láimh

    Mura bhfuil aon fhaisnéis sa tuarascáil ar tharlú maidir leis an “gcatagóir tharlaithe” nó leis an “ngrúpa maise” nó maidir le ceachtar díobh, tá feidhm ag an modheolaíocht ERCS a shainítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 chun an “Tionóisc a d’fhéadfadh a bheith ann” nó an Príomhréimse Riosca a chinneadh. Is é (k) an toradh, lena dtugtar an chéad digit a chomhfhreagraíonn don luach aibítreach a ríomhtar maidir le déine an tarlaithe (scór déine A go X).

    2.2.    SREABHADH OIBRE 2

    L.   Colún ERCS “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” – nós imeachta de láimh

    I gcás tuarascálacha ar tharluithe nach bhfuil aon scór déine “ATM Foriomlán” iontu, ní féidir tiontú díreach a dhéanamh go dtí an scór ERCS “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann”.

    Mar sin féin is féidir tiontú páirteach a sholáthar leis an scór déine “ATM talaimh” trí mhapáil a dhéanamh ar an measúnú bacainne “ATM talaimh” agus ar an bpróiseas measúnaithe bacainne ERCS a shainítear i bpointe 2.1.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034.

    M.   Scór ERCS “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” – próiseas de láimh

    Mura n-úsáidtear maitrís 4x4 ARMS-ERC sna tuarascálacha ar tharluithe chun an tarlú a scóráil, gintear scór ERCS “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” tríd an luach measúnaithe bacainne ARMS-ERC a thiontú go dtí an measúnú bacainne ERCS a leagtar síos i bpointe 2.1.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034.

    k.   Scór Coibhéiseach ERCS

    Cuirtear an scór ERCS “Déine na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” agus an scór ERCS “Dóchúlacht na tionóisce a d’fhéadfadh a bheith ann” le chéile i maitrís ERCS chun scór coibhéiseach ERCS a ghiniúint mar a leagtar síos i gCéim 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034.


    (1)  Is luach dhá dhigit é an scór ERCS ina gcomhfhreagraíonn an chéad digit don luach aibítreach a ríomhtar maidir le déine an tarlaithe (scór déine A go X) agus ina léiríonn an dara digit an luach uimhriúil a ríomhtar do scór comhfhreagrach an tarlaithe (dóchúlacht).

    (2)  Úsáidtear an mhodheolaíocht RAT chun tarluithe a bhaineann leis an mBainistíocht Aerthráchta (ATM) a aicmiú. Ní thugtar scór do thionóiscí leis an modheolaíocht RAT, mar ní thomhaistear léi ach a ghaire a bhí an tarlú ATM le bheith ina thionóisc. Tá an mhodheolaíocht RAT roinnte ina príomheilimintí éagsúla (i.e. “ATM talaimh”, “ATM aeir”) agus soláthraítear le gach ceann acu cuid den ionchur i gcomhair an scóir déine deiridh RAT “ATM Foriomlán”. Chun scór déine “ATM Foriomlán” a bhaint amach, ní mór an dá scór déine “ATM talaimh” agus “ATM aeir” a bheith ar fáil.

    (3)  Léiríonn “déine” faoi mhodheolaíocht RAT cé chomh holc agus a bhí an tarlú féin i gcomparáid le tarluithe eile. Is trí mheasúnú a dhéanamh ar na cosaintí/na bacainní a chinntear “déine” sa mhodheolaíocht RAT.


    Top