Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1399

    Rialachán (AE) 2021/1399 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/6122

    IO L 301, 25.8.2021, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1399/oj

    25.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 301/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/1399 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Lúnasa 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit in earraí bia áirithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta an Chomhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit, in earraí bia.

    (2)

    Tagraíonn an téarma eargóit nó scléaróití eargóit do struchtúir fhungasacha ar den speiceas Clavicleps iad, struchtúir a ghlacann ionad eithní a fhaightear ar dhiasa gráin nó ionad ceannsíolta féir, agus atá le feiceáil ina scléaróití móra odhraithe. Tá aicmí éagsúla alcalóideach sna scléaróití sin.

    (3)

    An 28 Meitheamh 2012, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) barúil maidir le halcalóidigh eargóit i mbia agus i mbeatha (3). Is ar phríomh-alcalóidigh eargóit Claviceps purpurea a bhunaigh an tÚdarás a mheasúnú riosca, eadhon eirgimeitrín, eargótaimín, eargóisín, eirgicristín, eirgicriptín, eirgeacoirnín, chomh maith leis na heipimirí -inín comhghaolmhara. Bhunaigh sé géardháileog thagartha ghrúpa ina bhfuil 1 μg/kg de mheáchan coirp (b.w.) agus iontógáil laethúil infhulaingthe ghrúpa ina bhfuil 0,6 μg/kg b.w. in aghaidh an lae. Is é an chonclúid ar ar tháinig an tÚdarás nár léiríodh sna sonraí a bhí ar fáil go raibh aon chúis imní ann i leith aon fhoghrúpa den daonra, ach mar sin féin gur le líon teoranta de ghrúpaí bia a bhain na meastacháin i leith nochtadh cothúcháin, agus nárbh fhéidir a chur as an áireamh go bhféadfadh ionchur nach bhfuiltear ar an eolas faoi teacht ó bhianna eile.

    (4)

    An 6 Iúil 2017, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil eolaíoch faoi nochtadh cothúcháin daoine agus ainmhithe d’alcalóidigh eargóit (4). I gcás grúpaí daonra áirithe, meastacháin i leith nochtadh d’alcalóidigh eargóit, léiríonn siad nochtadh atá gar don iontógáil laethúil infhulaingthe. I gcás na meastachán i leith an nochta is airde, cineálacha éagsúla aráin agus rollaí, go háirithe iad sin ina bhfuil seagal nó nach bhfuil iontu ach seagal, sin iad is mó ba chúis le nochtadh ainsealach cothúcháin. Na meastacháin i leith an ghéarnochta is airde, léiríonn siad géarnochtadh atá gar don ghéardháileog thagartha.

    (5)

    Ina theannta sin rinne an tÚdarás scrúdú ar an ngaol idir scléaróití eargóit a bheith ann agus alcalóidigh eargóit a bheith ann. Ar leibhéil níos airde, b’fhéidir go raibh gaol líneach atá suntasach ó thaobh na staitistice de le feiceáil idir an cion scléaróití agus na leibhéil alcalóideach eargóit. Ina ainneoin sin, níorbh fhéidir an gaol sin a léiriú ar leibhéil níos ísle, rud a thugann le fios nach gcuirtear as an áireamh go bhfuil alcalóidigh eargóit ann de bharr nach bhfuil scléaróití ann. Is é an toradh a bhíonn ar an mbriseadh síos sin deannach eargóit a bheith ann, rud a ionshúitear ansin sa ghráin ghránaigh.

    (6)

    Dá bhrí sin, is iomchuí an t-uasleibhéal le haghaidh scléaróití eargóit a ísliú agus uasleibhéil a bhunú le haghaidh alcalóidigh eargóit sna hearraí bia sin a bhfuil leibhéil shuntasacha de na halcalóidigh sin iontu, rud atá ina gcúis mhór le nochtadh don duine, agus in earraí bia atá ábhartha maidir le nochtadh do ghrúpaí leochaileacha den daonra.

    (7)

    Is féidir leibhéil scléaróití eargóit níos ísle a bhaint amach cheana sa chuid is mó de na gránaigh trí dhea-chleachtais talmhaíochta agus teicnící sórtála agus glanta a chur i bhfeidhm chomh maith. Dá bhí sin, ba cheart an t-uasleibhéal le haghaidh gránach atá ann faoi láthair a laghdú dá bharr. Ina theannta sin, an chéim ina gcuirtear uasleibhéil le haghaidh scléaróití eargóit i ngránaigh neamhphróiseáilte i bhfeidhm, is iomchuí an chéim sin a shoiléiriú chun deireadh a chur le fadhbanna a mhéid a bhaineann leis na huasleibhéil a chur i bhfeidhm.

    (8)

    A mhéid a bhaineann le tairgí muilleála, is iomchuí uasleibhéil éagsúla le haghaidh alcalóidigh eargóit a bhunú ag brath ar an gcineál gránach. Ós rud é gurb é an seagal an speiceas gránach is mó a bhfuil riosca ag baint leis i leith éilliú ó scléaróití eargóit, is deacra íosleibhéil alcalóideach eargóit a bhaint amach agus, dá bharr sin, ba cheart uasleibhéal sonrach a shocrú le haghaidh táirgí muilleála seagail agus ba cheart leibhéal níos ísle a shocrú le haghaidh táirgí muilleála gránach eile san am céanna. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le táirgí muilleála gránach eile, ba cheart uasleibhéil éagsúla a shocrú de réir chion luatha na dtáirgí chun a chur san áireamh gurb iondúil leibhéil alcalóideach eargóit níos airde a bheith ag táirgí ina bhfuil bran (cion luatha níos airde) mar go n-asúitear deannach ó scléaróití eargóit i mbran.

    (9)

    Ina theannta sin, ós rud é go meastar go leanfaidh na leibhéil éillithe is féidir a bhaint amach de bheith ag laghdú i gcás roinnt táirgí muilleála, is iomchuí foráil a dhéanamh gur cheart feidhm a bheith ag uasleibhéil níos déine maidir leis na táirgí sin sa lárthéarma. Le gur féidir leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na n-uasleibhéal sin atá níos déine agus measúnú a dhéanamh ar na hathruithe a d’fhéadfadh teacht ar na leibhéil de réir na n-athruithe ar chleachtais talmhaíochta, agus de réir tosca aeráide agus comhshaoil chomh maith, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara na sonraí agus an fhaisnéis is gá a chur ar fáil.

    (10)

    Léiríodh go bhfuil leibhéil alcalóideach eargóit níos airde i nglútan cruithneachta, rud is seachtháirge den phróiseas muilleála fliche in ainneoin cur i bhfeidhm dea-chleachtas, mar tiubhaíonn alcalóidigh eargóit mar gheall ar an bpróiseas táirgthe. Dá bhrí sin, ba cheart uasleibhéal níos airde a bhunú le haghaidh alcalóidigh eargóit i nglútan cruithneachta.

    (11)

    Mar gheall ar athruithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart fonóta comhfhreagrach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhodhnú.

    (12)

    Le gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua a thabharfar isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil i bhfeidhm agus foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh earraí bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina ainneoin sin, a mhéid a bhaineann le seagal, ní féidir leibhéil éillithe níos ísle ó scléaróití eargóit a bhaint amach go réasúnach fós agus, dá bhrí sin, is iomchuí tréimhse níos faide a cheadú chun dea-chleachtais talmhaíochta a chur i bhfeidhm ar bhonn níos déine agus chun teicnící feabhsaithe sórtála agus glanta a chur i bhfeidhm.

    (13)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir.

    (14)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Cuirfidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara in iúl don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2023 torthaí na n-imscrúduithe a rinneadh agus an dul chun a rinneadh maidir le bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm chun éilliú ó scléaróití eargóit agus ó alcalóidigh eargóit a sheachaint i dtáirgí seagail agus i dtáirgí muilleála seagail, agus chun éilliú ó alcalóidigh eargóit a sheachaint i dtáirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus grán coirce.

    Tuairisceoidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara go rialta do bhunachar an Limistéir Eorpaigh Eolaíochta Fóiréinsí na sonraí a bhaineann le scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i seagal agus i dtáirgí muilleála seagail agus sonraí a bhaineann le halcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus grán coirce.”

    (2)

    Déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn arna gcur ar an margadh go dleathach roimh an 1 Eanáir 2022, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

    (3)  Scientific Opinion on Ergot alkaloids in food and feed [Barúil Eolaíoch faoi alcalóidigh Eargóit i mbia agus i mbeatha]. EFSA Journal, 2012;10(7):2798. [158 lch.]. doi:10.2903/j.efsa.2012.2798.

    (4)  Arcella, D., Gomez Ruiz, J-A., Innocenti, ML agus Roldán, R., 2017. Scientific report on human and animal dietary exposure to ergot alkaloids [Tuarascáil eolaíoch faoi nochtadh cothúcháin daoine agus ainmhithe d’alcalóidigh eargóit]. EFSA Journal 2017;15(7):4902, 53 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.4902.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 mar a leanas:

    (1)

    i roinn 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha “2.9 Scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit”:

    Earraí bia (1)

    Uasleibhéal

    “2.9

    Scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit

     

    2.9.1.

    Scléaróití eargóit

     

    2.9.1.1.

    Gránaigh neamhphróiseáilte (18) cé is moite de

    arbhar Indiach, seagal agus rís

    0,2 g/kg

    2.9.1.2.

    Seagal neamhphróiseáilte(18)

    0,5 g/kg go dtí 30.6.2024

    0,2 g/kg ó 1.7.2024

    2.9.2.

    Alcalóidigh eargóit  (*1)

     

    2.9.2.1.

    Táirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus coirce

    (ina bhfuil cion luatha is ísle ná 900 mg/100 g)

    100 μg/kg

    50 μg/kg ó 1.7.2024

    2.9.2.2.

    Táirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus coirce

    (ina bhfuil cion luatha cothrom le 900 mg/100 g nó is mó ná sin)

    Grán eorna, cruithneachta, speilte agus coirce a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh

    150 μg/kg

    2.9.2.3.

    Táirgí muilleála seagail

    Seagal a chuirtear ar an margadh haghaidh an tomhaltóra deiridh

    500 μg/kg go dtí 30.6.2024

    250 μg/kg ó 1.7.2024

    2.9.2.4.

    Glútan cruithneachta

    400 μg/kg

    2.9.2.5.

    Bia gránachbhunaithe próiseáilte le haghaidh naíonán agus leanaí óga (3) (29)

    20 μg/kg

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1:

    “(1)

    A mhéid a bhaineann le torthaí, glasraí agus gránaigh, déantar tagairt do na hearraí bia a liostaítear sa chatagóir ábhartha mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia nó i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar an mbia sin nó ar an mbeatha sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1). Ciallaíonn sin, inter alia, go gcuimsítear ruán (Fagopyrum sp) in ‘gránaigh’ agus cuimsítear táirgí ruáin ‘i dtáirgí gránach’. Ní chlúdaítear cnónna crann leis an uasleibhéal le haghaidh torthaí.”

    (3)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 18:

    “(18)

    Tá feidhm ag an uasleibhéal maidir le gránaigh neamhphróiseáilte a chuirtear ar an margadh roimh phróiseáil na chéad chéime. I gcórais phróiseála agus táirgthe chomhtháite is ag an gcéim roimh phróiseáil na chéad chéime a chuirtear an t-uasleibhéal i bhfeidhm sa slabhra táirgthe. Ciallaíonn córais chomhtháite agus phróiseála córais ina ndéantar gach luchtóg a thagann isteach a ghlanadh, a shórtáil agus a phróiseáil sa bhunaíocht chéanna.

    Triomú agus glanadh, lena n-áirítear sórtáil (sórtáil dathanna nuair is infheidhme) agus sciúradh, meastar nach gcuimsítear sin ‘i bpróiseáil na chéad chéime’ sa mhéid go bhfuil an grán fós gan briseadh.

    Is é atá i gceist le sciúradh gránaigh a ghlanadh trí iad a scuabadh nó a sciomradh le teann nirt, agus an deannach a bhaint chomh maith (e.g. asú).

    Sa chás go ndéantar sciúradh de bharr scléaróití eargóit a bheith ann, ní mór céim ghlanta a chur i bhfeidhm ar na gránaigh ar dtús roimh an sciúradh.”


    (*1)  An t-uasleibhéal le haghaidh alcalóidigh eargóit, tagraíonn sé do shuim chuimse íochtar na 12 alcalóid eargóit seo a leanas: eirgeacoirnín/eargócoirnínín; eirgicristín/eirgicristínín eirgicriptín/eirgicriptínín eirgimeitrín/eirgimeitrínín eargóisín/eargóisínín eirgimeitrín/eirgimeitrínín. Sa tsuim chuimse íochtair, socraítear cion gach eipiméir neamhchainníochtaithe ag nialas.”


    Top