Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1323

    Rialachán (AE) 2021/1323 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le leibhéil uasta caidmiam in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5837

    IO L 288, 11.8.2021, p. 13–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1323/oj

    11.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 288/13


    RIALACHÁN (AE) 2021/1323 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Lúnasa 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le leibhéil uasta caidmiam in earraí bia áirithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear leibhéil uasta le haghaidh caidmiam (Cd) i réimse earraí bia.

    (2)

    An 30 Eanáir 2009, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim maidir le caidmiam i mbia (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur don duán go príomha atá caidmiam ina thocsain, go háirithe do na cealla feadánacha neasacha, áit a mbailíonn sé le himeacht ama agus áit a bhféadfadh sé a bheith ina chúis le mífheidhmiú an duáin. I bhfianaise éifeachtaí tocsaineacha caidmiam ar na duáin, shocraigh an tÚdarás iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe le haghaidh caidmiam de 2,5 μg/kg meáchan coirp. Ina theannta sin, dar leis an Údarás gur rud gar don iontógáil seachtainiúil infhulaingthe atá sa mheán-nochtadh do dhaoine fásta ar fud an Aontais nó go sáraíonn sé an iontógáil de bheagán. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhféadfadh foghrúpaí an iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe a shárú de dhá oiread; feoilséantóirí, leanaí, lucht caite tobac, agus daoine atá ina gcónaí i gceantair atá thar a bheith éillithe, cuir i gcás. Dá bhrí sin, chinn Painéal CONTAM gur gá laghdú a chur ar an nochtadh do chaidmiam atá ann faoi láthair i measc an daonra. Tar éis dó an tuairim sin a fháil, d’eisigh an tÚdarás tuarascáil eolaíochta an 17 Eanáir 2012, tuarascáil inar dheimhnigh sé go bhféadfadh leanaí agus daoine fásta ar nochtadh an 95ú peircintíl na luachanna treoraíochta sláintebhunaithe a shárú (4).

    (3)

    Agus tuairim agus tuarascáil eolaíochta an Údaráis á gcur san áireamh, suíodh leibhéil uasta nua le haghaidh bianna do naíonáin agus táirgí seacláide/cócó faoi Rialachán (AE) Uimh. 2014/488 ón gCoimisiún (5).

    (4)

    Is éard a mheas an Coimisiún áfach nárbh iomchuí laghdú a chur láithreach ar na MLanna atá ann cheana. Dá bhrí sin, ghlac sé Moladh (AE) 2014/193/AE ón gCoimisiún (6), moladh inar iarradh ar na Ballstáit a áirithiú gur cuireadh na modhanna maolaithe atá ar fáil cheana in iúl d’fheirmeoirí agus gur cuireadh chun cinn iad i measc na bhfeirmeoirí agus gur tosaíodh á gcur chun feidhme nó go leantar á gcur chun feidhme, mar aon le faireachán rialta a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeart maolaithe trí shonraí tarluithe sna leibhéil chaidmiam in earraí bia a bhailiú agus na sonraí a thuairisciú, go háirithe maidir le leibhéil chaidmiam atá gar do na leibhéil uasta nó atá níos airde ná iad, faoi mhí Feabhra 2018.

    (5)

    Léirítear i meastóireacht ar na sonraí tarluithe is déanaí a bailíodh tar éis na bearta maolaithe a chur chun feidhme go bhfuil sé indéanta leibhéal chaidmiam in a lán earraí bia a laghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí na leibhéil uasta atá ann cheana i gcás caidmiam a laghdú, sin nó leibhéil uasta a shuí do na hearraí bia sin.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

    (7)

    I bhfianaise gur carcanaigin ghéineatocsaineach indíreach é caidmiam, agus dá bhrí sin gur riosca níos airde don tsláinte phoiblí í láithreacht chaidmiam, níor cheart go gceadófaí do tháirgí ina bhfuil caidmiam, táirgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil nua agus a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, fanacht ar an margadh ach ar feadh tréimhse teoranta ama.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh an teacht i bhfeidhm, is féidir a bhfágáil ar an margadh go dtí 28 Feabhra 2022.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

    (3)  Painéal EFSA maidir le hÉillitheoirí sa Bhiashlabhra (CONTAM); Tuairim eolaíoch maidir le caidmiam i mbia. Iris EFSA 2009(980) 1-139, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2009.980.

    (4)  Tuarascáil eolaíochta EFSA maidir leis an nochtadh do chaidmiam i measc dhaonra na hEorpa de bharr an bhia a itheann siad. Iris EFSA 2012;10(1), 2551 [37 pp.], https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2012.2551

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 2014/488 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le leibhéil uasta le haghaidh caidmiam in earraí bia (IO L 138, 13.5.2014, lch. 75).

    (6)  Moladh 2014/193/AE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2014 maidir le leibhéal chaidmiam in earraí bia a laghdú (IO L 104,8.4.2014, lch. 80).


    IARSCRÍBHINN

    I Roinn 3: Cuirtear an méid seo a leanas in ionad foroinn 3.2 (Caidmiam) de na miotail atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006:

    Earraí bia (1)

    Leibhéal uasta (mg/kg fliuchmheáchan)

    ‘3.2

    Caidmiam

     

    3.2.1

    Torthaí (27) agus cnónna crann (27)

     

    3.2.1.1

    Torthaí ciotrais, torthaí póma, clochthorthaí, ológa boird, torthaí cíobhacha, bananaí, mangónna, papánna agus anainn

    0,020

    3.2.1.2

    Caora agus torthaí beaga, seachas sútha craobh

    0,030

    3.2.1.3

    Sútha craobh

    0,040

    3.2.1.4

    Torthaí, seachas na torthaí atá liostaithe faoi 3.2.1.1, 3.2.1.2 agus 3.2.1.3

    0,050

    3.2.1.5

    Cnónna crann  (*1)

     

    3.2.1.5.1

    Cnónna crann, seachas cnónna crann atá liostaithe faoi 3.2.1.5.2

    0,20

    3.2.1.5.2

    Cnónna péine

    0,30

    3.2.2

    Glasraí fréimhe agus tiúbair (27)

     

    3.2.2.1

    Glasraí fréimhe agus tiúbair, seachas na cinn atá liostaithe faoi 3.2.2.2, 3.2.2.3, 3.2.2.4, 3.2.2.5 agus 3.2.2.6. Maidir le prátaí, tá feidhm ag an leibhéal uasta maidir le prátaí scafa.

    0,10

    3.2.2.2

    Raidisí

    0,020

    3.2.2.3

    Fréamhacha agus tiúbair thrópaiceacha, fréamhacha peirsile, tornapaí

    0,050

    3.2.2.4

    Meacain bhiatais

    0,060

    3.2.2.5

    Soiliriac

    0,15

    3.2.2.6

    Raidis fhiáin, meacain bhána, salsabh

    0,20

    3.2.3

    Glasraí bleibíní (27)

     

    3.2.3.1

    Glasraí bleibíní, seachas gairleog

    0,030

    3.2.3.2

    Gairleog

    0,050

    3.2.4

    Glasraí a mbíonn toradh orthu (27)

     

    3.2.4.1

    Glasraí a mbíonn toradh orthu, seachas ubhthorthaí

    0,020

    3.2.4.2

    Ubhthorthaí

    0,030

    3.2.5

    Glasraí praisí (27)

     

    3.2.5.1

    Praiseach, seachas praiseach dhuilleach

    0,040

    3.2.5.2

    Praiseach dhuilleach

    0,10

    3.2.6

    Glasraí duilleacha agus luibheanna (27)

     

    3.2.6.1

    Glasraí duilleacha, seachas na cinn atá liostaithe faoi phointe 3.2.6.2

    0,10

    3.2.6.2

    Spíonáin agus duilleoga comhchosúla, síológa mustaird agus luibheanna úra

    0,20

    3.2.7

    Léagúim (27)

    0,020

    3.2.8

    Glasraí gais (27)

     

    3.2.8.1

    Glasraí gais, seachas na cinn atá liostaithe faoi phointe 3.2.8.2 agus 3.2.8.3

    0,030

    3.2.8.2

    Cainneanna

    0,040

    3.2.8.3

    Soilirí

    0,10

    3.2.9

    Fungais (27)

     

    3.2.9.1

    Fungais shaothraithe, seachas na cinn atá liostaithe faoi phointe 3.2.9.2

    0,050

    3.2.9.2

    Lentinula edodes (muisiriún síotaicé) agus Pleurotus, ostreatus (muisiriún oisrí)

    0,15

    3.2.9.3

    Fungais fhiáine

    0,50

    3.2.10

    Piseánaigh agus próitéiní ó phiseánaigh

     

    3.2.10.1

    Piseánaigh, seachas próitéiní ó phiseánaigh

    0,040

    3.2.10.2

    Próitéiní ó phiseánaigh

    0,10

    3.2.11

    Olashíolta (*1)

     

    3.2.11.1

    Olashíolta, seachas na cinn atá liostaithe faoi 3.2.11.2, 3.2.11.3, 3.2.11.4, 3.2.11.5 agus 3.2.11.6

    0,10

    3.2.11.2

    Síolta ráibe

    0,15

    3.2.11.3

    Piseanna talún agus pónairí soighe

    0,20

    3.2.11.4

    Síolta mustaird

    0,30

    3.2.11.5

    Ros lín agus síol lus na gréine

    0,50

    3.2.11.6

    Síol poipín

    1,20

    3.2.12

    Gránaigh  (*2)

     

    3.2.12.1

    Gránaigh seachas na cinn a liostaítear faoi 3.2.12.2, 3.2.12.3, 3.2.12.4 agus 3.2.12.5

    0,10

    3.2.12.2

    Seagal agus eorna

    0,050

    3.2.12.3

    Rís, blonagán ríse, bran cruithneachta agus glútan cruithneachta

    0,15

    3.2.12.4

    Triticum durum (cruithneacht dúraim)

    0,18

    3.2.12.5

    Ginidín cruithneachta

    0,20

    3.2.13

    Táirgí sonracha cócó agus seacláide mar a liostaítear thíos (49)

     

    3.2.13.1

    Seacláid bhainne le < 30 % solaid thirime iomlána cócó

    0,10

    3.2.13.2

    Seacláid le < 50 % solaid thirime iomlána cócó; seacláid bhainne le ≥ 30 % solaid thirime iomlána cócó

    0,30

    3.2.13.3

    Seacláid le ≥ 50 % solaid thirime iomlána cócó

    0,80

    3.2.13.4

    Púdar cócó a dhíoltar leis an tomhaltóir deiridh nó mar chomhábhar i bpúdar milsithe cócó a dhíoltar leis an tomhaltóir deiridh (seacláid óil)

    0,60

    3.2.14

    Táirgí de bhunadh ainmhíoch – ainmhithe talún (6)

     

    3.2.14.1

    Feoil (gan an scairteach a áireamh) ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh, ó mhuca agus ó éanlaith chlóis

    0,050

    3.2.14.2

    Feoil capaill, gan an scairteach a áireamh

    0,20

    3.2.14.3

    Ae bó-ainmhithe, caorach, muc, éanlaithe clóis agus capall

    0,50

    3.2.14.4

    Duán bó-ainmhithe, caorach, muc, éanlaithe clóis agus capall

    1,0

    3.2.15

    Táirgí de thionscnamh ainmhíoch - éisc, táirgí éisc agus aon táirge bia mara nó fionnuisce eile

     

    3.2.15.1

    Feoil mhatáin éisc ( 24 ) ( 25 ), gan na speicis a liostaítear faoi phointí 3.2.15.2, 3.2.15.3 agus 3.2.15.4 a áireamh

    0,050

    3.2.15.2

    Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas (24) (25):

    ronnach (speicis Scomber), tuinnín (speicis Thunnus, Katsuwonus pelamis, speiceas Euthynnus), mac siobháin earr-rua (Sicyopterus lagocephalus)

    0,10

    3.2.15.3

    Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas (24) (25):

    tuinnín piléir (speiceas Auxis)

    0,15

    3.2.15.4

    Feoil mhatáin na n-iasc seo a leanas (24) (25):

    ainseabhaithe (speicis Engraulis), colgáin (Xiphias gladius), sairdín (Sardina pilchardus)

    0,25

    3.2.15.5

    Crústaigh (26): feoil mhatáin ó ghéagáin agus bolg (44). I gcás portán agus crústach phortáin (Brachyura agus Anomura) feoil mhatáin ó ghéagáin.

    0,50

    3.2.15.6

    Débhlaoscaigh (26)

    1,0

    3.2.15.7

    Ceifileapóid (gan ionathar) (26)

    1,0

    3.2.16

    Bainne foirmle le haghaidh naíonáin, bainne foirmle leantach le haghaidh naíonáin agus bianna chun críoch speisialta míochaine atá ceaptha le haghaidh naíonáin agus le haghaidh leanaí óga (3) (29) agus bainne foirmle le haghaidh leanaí óga (29) (57)

     

    3.2.16.1

    a margaíodh ina phúdar agus a monaraíodh as próitéiní bainne bó nó as hidrealasáití próitéine bainne bó

    0,010

    3.2.16.2

    a margaíodh ina leacht agus a monaraíodh as próitéiní bainne bó nó as hidrealasáití próitéine bainne bó

    0,005

    3.2.16.3

    a margaíodh ina phúdar agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

    0,020

    3.2.16.4

    a margaíodh ina leacht agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

    0,010

    3.2.17

    Bainne foirmlí do leanaí óga (29) (57)

     

    3.2.17.1

    a margaíodh ina phúdar agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine plandaí seachas aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

    0,020

    3.2.17.2

    a margaíodh ina leachtanna agus a monaraíodh as aonraíocha próitéine plandaí seachas as aonraíocha próitéine soighe, leis féin nó i meascán le próitéiní bainne bó

    0,010

    3.2.18

    Bia atá bunaithe ar ghránach próiseáilte agus bianna le haghaidh naíonáin agus le haghaidh leanaí óga (3) (29)

    0,040

    3.2.19

    Deochanna le haghaidh naíonáin agus le haghaidh leanaí óga atá lipéadaithe agus díolta amhlaidh, seachas na cinn a luaitear in 3.2.16 agus 3.2.17

     

    3.2.19.1

    A margaíodh mar leachtanna nó a bhfuil an bunriocht le cur orthu athuair de réir na dtreoracha ón monaróir lena n-áirítear súnna ( 4 )

    0,020

    3.2.20

    Forbhianna (39)

     

    3.2.20.1

    Forbhianna, seachas forbhianna atá liostaithe i bpointe 3.2.20.2

    1,0

    3.2.20.2

    Forbhianna arb é atá iontu go heisiach nó go príomha feamainn thriomaithe, táirgí a dhíorthaítear ó fheamainn thriomaithe, nó ó dhébhlaoscaigh thriomaithe

    3,0

    3.2.21

    Salann

    0,50


    (*1)  Níl feidhm ag na leibhéil uasta maidir le cnónna crann ná le holashíolta le haghaidh brúite agus scagadh ola, ar choinníoll nach gcuirtear na cnónna crann brúite nó na síolta ola brúite ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirfear na cnónna crann brúite nó olashíolta brúite ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na leibhéil uasta, agus Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2) den Rialachán seo á gcur san áireamh.

    (*2)  Níl feidhm ag na leibhéil uasta maidir le gránaigh a úsáidtear chun braich a tháirgeadh chun beorach nó driogáirí a tháirgeadh, ar choinníoll nach gcuirtear an bhraich atá fágtha ar an margadh mar bhia. I gcás ina gcuirfear an bhraich atá fágtha ar an margadh mar bhia, beidh feidhm ag na leibhéil uasta, agus Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2) den Rialachán seo á gcur san áireamh.’


    Top