Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1077

    Rialachán (AE) 2021/1077ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

    PE/43/2021/INIT

    IO L 234, 2.7.2021, p. 1–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1077/oj

    2.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 234/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/1077Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Meitheamh 2021

    lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha,an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 114 agus 207 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is gá an trealamh cuí a bheith sna 2 140 oifig chustaim atá suite ag teorainneacha seachtracha an Aontais chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an aontais custaim a áirithiú. Tá géarghá ann anois, murab ionann is riamh, le rialuithe custaim leordhóthanacha lena ngabhann torthaí coibhéiseacha, ní hamháin i ngeall gurb é feidhm thraidisiúnta na n-údarás chustaim, arb é ioncam a bhailiú, ach i ngeall gur gá rialú earraí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú go mór chun an tsábháilteacht agus an tslándáil araon a áirithiú. Ag am céanna, áfach, ba cheart rialuithe den sórt sin maidir le gluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha an trádáil dhlisteanach le tríú tíortha a éascú seachas í a lagú.

    (2)

    Tá an tAontas ar cheann de na bloic thrádála is mó ar domhain, agus is ceann de chlocha coirnéil den Aontas an t-aontas custaim. Toisc go bhfuil an t-aontas custaim fíor-riachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus chun go mbainfidh gnólachtaí agus saoránaigh tairbhe as, ní mór bearta breise a dhéanamh i gcónaí chun an t-aontas custaim a threisiú.

    (3)

    Tá éagothroime ann faoi láthair i dtaca le feidhmíocht rialaithe custaim na mBallstát. Is iad na difríochtaí idir na Ballstáit ó thaobh na ngnéithe geografacha atá iontu, agus ó thaobh na n-acmhainneachtaí agus na n-acmhainní atá acu, is cúis leis an éagothroime sin. Ní ar an ngné dhaonna amháin atá cumas na mBallstát ag brath chun freagairt do dhúshláin a chruthaítear de thoradh samhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair a bheith ag athrú de shíor, ach lena chois sin ar infhaighteacht agus dea-fheidhmiú trealaimh rialaithe custaim nua-aimseartha iontaofa. Le dúshláin, amhail borradh faoi ríomhthráchtáil, digitiú atá ag méadú agus an gá le hathléimneacht i gcoinne cibirionsaithe a fheabhsú, méadófar chomh maith an t-éileamh ar rialuithe éifeachtacha custaim. Dá bhrí sin, is cuid thábhachtach den obair chun dul i ngleic leis an éagothroime sin atá ann faoi láthair trealamh rialaithe custaim coibhéiseach a sholáthar. Cuirfidh sé feabhas ar an gcoibhéis i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát, agus sa tslí sin rannchuideofar le cosc a chur ar atreorú sreafaí earraí chuig na pointí is laige sa chóras rialaithe custaim, dá ngairtear “saor-roghnú an phointe Allmhairithe” go minic. Dá bhrí sin, ba cheart earraí atá ag teacht isteach ar chríoch chustaim an Aontais a bheith faoi réir rialuithe rioscabhunaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“Cód Custaim an Aontais”).

    (4)

    Arís agus arís eile, tá curtha in iúl ag na Ballstáit go bhfuil tacaíocht airgeadais uathu agus tá anailís chuimsitheach iarrtha acu ar an trealamh atá de dhíth. Sna conclúidí uaithi maidir le cistiú custaim an 23 Márta 2017, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht riachtanais i dtaca le trealamh teicniúil a chistiú as cláir airgeadais a bheidh ag an gCoimisiún amach anseo agus feabhas a chur ar chomhordú agus comhar idir na húdaráis chustaim agus údaráis eile forfheidhmithe dlí ar mhaithe le cistiú.

    (5)

    Faoi Chód Custaim an Aontais, ba cheart rialuithe custaim a thuiscint, ní hamháin mar fhorfheidhmiú reachtaíochta custaim, ach, chomh maith leis sin, mar fhorfheidhmiú reachtaíochta eile lena rialaítear tabhairt isteach earraí, tabhairt amach earraí, idirthuras earraí, gluaiseacht earraí, stóráil earraí agus úsáid deiridh earraí a ghluaistear idir críoch chustaim an Aontais agus tíortha nó críocha lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, agus láithreacht agus gluaiseacht earraí nach earraí de chuid an Aontais iad laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus earraí a chuirtear faoin nós imeachta úsáide deiridh. Leis an reachtaíocht eile sin, tugtar de chumhacht d’údaráis chustaim cúraimí sonracha rialaithe a dhéanamh agus áirítear inti forálacha maidir le cánachas, go háirithe a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil agus cáin bhreisluacha, maidir le gnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, maidir leis an gcomhbheartas trádála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis an trádáil, le slándáil an tslabhra soláthair fhoriomlán agus le cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát.

    (6)

    Trí thacú le leibhéal leordhóthanach coibhéiseach torthaí rialuithe custaim a bhaint amach ag teorainneacha seachtracha an Aontais, is féidir na sochair is fearr ar fad a bhaint as an aontas custaim, rud a thabharfaidh, ar an gcaoi sin, breis tacaíochta do na húdaráis chustaim chun gníomhú mar aon údarás amháin chun leasanna an Aontais a chosaint. Le ciste tiomanta de chuid an Aontais i dtaca le trealamh rialaithe custaim chun an éagothroime atá ann faoi láthair a chur ina ceart, rannchuideofaí leis an gcomhtháthú iomlán i measc na mBallstát. Leis an gciste tiomanta sin, chuirfí san áireamh na riachtanais éagsúla atá ag na cineálacha éagsúla teorann, eadhon na teorainneacha sin ar farraige agus ar uiscebhealaí eile, san aer, agus ar an talamh, lena n-áirítear teorainneacha iarnróid agus bóthair, chomh maith le moil phoist. I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an domhan mór, go háirithe an gá leanúnach le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, agus sreabhadh na trádála dlisteanaí á éascú ag am céanna, tá sé ríthábhachtach trealamh rialaithe nua-aimseartha iontaofa a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha.

    (7)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, Ionstraim nua a bhunú le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim atá beartaithe lena húsáid ag gach cineál teorann. Leis an Ionstraim, ba cheart tacú leis an aontas custaim agus le hobair na n-údarás custaim, go háirithe cabhrú leo chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint, chun an tslándáil agus an tsábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus chun an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus trádáil neamhdhleathach, amhail góchumadh earraí, agus gníomhaíocht dhlisteanach ghnó á héascú ag an am céanna. Ba cheart di rannchuidiú le torthaí leordhóthanacha coibhéiseacha rialuithe custaim. Ina theannta sin, le trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo, ba cheart tacú le cur chun feidhme an chreata bainistithe riosca custaim dá dtagraítear i gCód Custaim an Aontais. Ba cheart an cuspóir sin a ghnóthú trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha úrscothach iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú ar bhealach trédhearcach, agus aird chuí á tabhairt ar chosaint sonraí, cibear-athléimneacht, agus ar chúrsaí sábháilteachta agus comhshaoil, lena n-áirítear an trealamh a athsholáthraíodh a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

    (8)

    Tá údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh líon níos mó freagrachtaí orthu féin, ar freagrachtaí iad a dhéantar ag an teorainn sheachtrach agus lena gcuimsítear, go minic, réimse na slándála. Is iomchuí, dá bhrí sin, tacaíocht airgeadais ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit ionas go mbeidh siad in ann coibhéis a áirithiú agus rialú teorann agus rialú custaim á ndéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Tá sé chomh tábhachtach céanna comhar idirghníomhaireachtaí i measc na n-údarás náisiúnta i ngach Ballstát atá freagrach as rialú teorann nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn a chur chun cinn ag teorainneacha an Aontais, a mhéid a bhaineann le rialuithe earraí agus rialuithe daoine, d’fhonn breisluach an Aontais is mó is féidir a bhaint amach i réimsí an bhainistithe teorainneacha agus na rialuithe custaim.

    (9)

    Is gá, dá bhrí sin, Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) a bhunú.

    (10)

    De bharr na saintréithe dlí de Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus na mbunús dlí éagsúil is infheidhme maidir leis na beartais i dtaca le teorainneacha seachtracha agus le rialú custaim, ní féidir, ó thaobh an dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

    (11)

    Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas i réimse an bhainistithe teorainneacha, arb é atá ann an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (“an Ionstraim”) a bhunaítear leis an Rialachán seo agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a bunaíodh leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí.

    (12)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (4) a chur chun feidhme, agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh an 25 Meán Fómhair 2015, a bhaint amach, leis na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú le sprioc an Aontais 30 %, ar a laghad, de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar thacú le cuspóirí aeráide agus le huaillmhian an Aontais 7,5 % de bhuiséad bliantúil an Aontais a chaitheamh ar an mbithéagsúlacht in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus na forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh.

    (13)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse iomlán na hIonstraime, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart go bhféadfaí a chumhdach, leis an imchlúdach airgeadais sin, speansais riachtanacha a bhfuil údar cuí leo le haghaidh gníomhaíochtaí lena ndéanfar bainistiú ar an Ionstraim agus meastóireacht ar fheidhmíocht na hIonstraime, a mhéid a bhaineann na gníomhaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta agus sonracha na hIonstraime.

    (14)

    Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim seo. Leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

    (15)

    Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. Ba cheart cistiú faoin Ionstraim seo a bheith faoi réir na bprionsabal dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais agus ba cheart a áirithiú leo go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as acmhainní airgeadais agus a chuspóirí á mbaint amach.

    (16)

    Le Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), bunaítear an clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (“an clár Custaim”) chun tacú leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gníomhaíochtaí comhair a bhaineann le custaim agus le trealamh rialaithe custaim, is iomchuí gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí, eadhon, an clár Custaim, ina bhfuil tacar rialacha aonair. Dá bhrí sin, níor cheart tacú ach le ceannach, cothabháil agus uasghrádú an trealaimh rialaithe custaim is incháilithe faoin Ionstraim seo, ach ba cheart, leis an gclár Custaim, tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile, amhail gníomhaíochtaí comhair chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais nó oiliúint i ndáil leis an trealamh lena mbaineann.

    (17)

    Ina theannta sin, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Ionstraim tacú freisin le ceannach nó uasghrádú trealaimh rialaithe custaim chun píosaí trealaimh nua nó feidhmiúlachtaí nua do phíosaí threalaimh atá ann cheana a thástáil faoi dhálaí oibríochtúla sula dtosóidh na Ballstáit leis an trealamh nua sin a cheannach ar an mórchóir. Ba cheart an tástáil faoi dhálaí oibríochtúla a bheith bunaithe go háirithe ar thorthaí taighde ar threalamh rialaithe custaim faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart don Choimisiún soláthar comhpháirteach trealaimh rialaithe custaim agus tástáil chomhpháirteach ar threalamh rialaithe custaim a spreagadh idir dhá Bhallstát nó níos mó, agus úsáid á baint acu as na huirlisí comhair faoin gclár Custaim.

    (18)

    Féadfaidh sé go mbeidh an chuid is mó den trealamh rialaithe custaim in oiriúint go coibhéiseach nó go teagmhasach do rialuithe maidir le dlí eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh, amhail an dlí maidir le bainistiú teorainneacha, víosaí nó comhar póilíneachta. Ceapadh an Ciste, dá bhrí sin, mar dhá ionstraim chomhlántacha chun trealamh a cheannach, agus raon feidhme leithleach ach comhleanúnach ag an dá cheann. Ar thaobh amháin, leis an Ionstraim don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, ní thabharfar tacaíocht airgeadais ach do chostais an trealaimh dar príomhaidhm nó príomhéifeacht bainistiú comhtháite teorainneacha, ach mar sin féin ceadófar chomh maith go n-úsáidfear an trealamh sin chun críoch breise, amhail rialuithe custaim. Ar an taobh eile, leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim a bhunaítear leis an Rialachán seo, ní thabharfar tacaíocht airgeadais ach do chostais an trealaimh dar príomhaidhm nó príomhéifeacht rialuithe custaim, ach mar sin féin ceadófar chomh maith go n-úsáidfear an trealamh sin chun críoch breise, amhail rialuithe agus slándáil teorann. Cothóidh dáileadh sin na ról idir an dá ionstraim an comhar idirghníomhaireachta, dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), mar chomhpháirt den chur chuige um bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus, dá réir sin, beidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann in ann oibriú le chéile ionas go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag buiséad an Aontais trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe. Níor cheart comhroinnt trealaimh idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann a bheith córasach.

    (19)

    I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. I gcásanna den sórt sin, cé nárbh incháilithe i bprionsabal iad na costais arna dtabhú roimh an dáta faoina gcuirfí iarratas ar dheontas isteach, ba cheart sin a bheith indéanta ar bhealach eisceachtúil i bhfianaise theacht i bhfeidhm déanach an Rialacháin seo i gcomparáid le tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Chun gur féidir cur chun feidhme amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus chun aon mhoill i dtacaíocht an Aontais a sheachaint, iarchur a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais go mbeadh sé feistithe mar ba cheart chun oibriú éifeachtúil agus éifeachtach an aontais custaim a áirithiú, ba cheart é a bheith indéanta sa chinneadh maoiniúcháin foráil a dhéanamh d’incháilitheacht na gcostas arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí arna dtacú faoin Rialachán seo ar cuireadh tús leo amhail ón 1 Eanáir 2021, ar feadh tréimhse teoranta ama ag tús Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

    (20)

    De mhaolú ar an Rialachán Airgeadais, ba cheart cláir nó ionstraimí áirithe de chuid an Aontais a bheith in ann gníomhaíocht a chistiú chun comhar agus idir-inoibritheacht idir réimsí éagsúla a cheadú agus a thacú, i gcás inarb iomchuí. Mar sin féin, i gcomhréir le prionsabal an toirmisc ar chistiú dúbailte a bhunaítear leis an Rialachán Airgeadais, i gcásanna den sórt sin, leis na ranníocaíochtaí, ní cheadaítear na costais chéanna a chumhdach. Más rud é gur dámhadh ranníocaíochtaí cheana féin do Bhallstát nó go bhfuil ranníocaíochtaí faighte aige ó chlár eile de chuid an Aontais nó go bhfuil tacaíocht faighte aige ó chiste eile de chuid an Aontais chun an trealamh céanna a fháil, ba cheart an rannaíocht nó an tacaíocht sin a chur in iúl don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 191 den Rialachán Airgeadais.

    (21)

    Níor cheart aon chistiú os cionn uasteorainn an ráta cómhaoiniúcháin a dheonú ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe, a bhfhéadfadh cásanna soláthair chomhpháirtigh agus cásanna tástála comhpháirtí trealaimh rialaithe custaim idir dhá Bhallstáit nó níos mó a bheith san áireamh leo.

    (22)

    I bhfianaise éabhlóid thapa na dteicneolaíochtaí, na mbagairtí agus na dtosaíochtaí custam, níor cheart do chláir oibre maireachtáil ar feadh tréimhsí níos faide. Ag am céanna, ní bheadh chláir oibre bhliantúla chun an Ionstraim a chur chun feidhme agus chuirfeadh sé leis an ualach riaracháin a bhíonn ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon, rud nach gá. I bhfianaise an chúlra sin, ba cheart, i bprionsabal, do na cláir oibre níos mó ná bliain bhuiséadach amháin a chumhdach, ach gan níos mó ná 3 bliana a chumhdach.

    (23)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis na cláir oibre a chur chun feidhme faoin Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (24)

    Cé go bhfuil cur chun feidhme lárnach ríthábhachtach má tá an cuspóir sonrach le gnóthú, arb é atá sa chuspóir sin torthaí coibhéiseacha rialuithe custaim a áirithiú, ciallaíonn nádúr teicniúil na hIonstraime seo, teastaíonn obair ullmhúcháin ar an leibhéal teicniúil. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an gcur chun feidhme trí mheasúnuithe a dhéanamh ar riachtanais. Tá na measúnuithe sin ar riachtanais ag brath ar shaineolas agus taithí náisiúnta, trí bhíthin rannpháirtíocht na n-údarás custaim. Ba cheart iad a bheith bunaithe ar mhodheolaíocht shoiléir ina n-áirítear an líon is lú céimeanna chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis ábhartha. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis sin a úsáid chun leithdháileadh na gcistí ar na Ballstáit a chinneadh, agus méid na trádála, na rioscaí ábhartha agus cumas riaracháin na n-údarás custaim a bhaineann le húsáid agus cothabháil an trealaimh á gcur san áireamh, d’fhonn an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as an trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim. Chun rannchuidiú leis an smacht buiséadach, ba cheart na coinníollacha a bhaineann le deontais a chur in ord tosaíochta a bheith sainithe go soiléir agus a bheith bunaithe ar mheasúnú den sórt sin ar riachtanais.

    (25)

    Chun faireachán agus tuairisciú rialta a áirithiú, ba cheart creat cuí a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a bhaintear amach de bharr na hIonstraime agus ar na gníomhaíochtaí a dhéantar fúithi. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla chun éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Ionstraim a thomhas. Ba cheart a áireamh sna ceanglais tuairiscithe ceanglas faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi threalamh rialaithe custaim i gcás ina sáróidh costas píosa trealaimh rialaithe custaim EUR 10 000 gan cánacha a áireamh. Ba cheart an fhaisnéis sin a dhealú ón bhfaisnéis a cheanglaítear a sholáthar don phobal i gcoitinne agus do na meáin chun gníomhaíochtaí agus torthaí na hIonstraime a chur chun cinn.

    (26)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Ionstraim ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus, ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh, ar shlí inchomparáide iomlán, ar éifeachtaí na hIonstraime ar an talamh. Maidir leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, ar cheart iad a dhéanamh ar dháta nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús chur chun feidhme agus thabhairt chun críche na hIonstraime, faoi seach, ba cheart go rannchuideoidís le próiseas cinnteoireachta éifeachtúil maidir leis an tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim faoi na chéad chreataí airgeadais ilbhliantúla eile. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht é go soláthrófar faisnéis shásúil leordhóthanach leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh agus go seachadfar na meastóireachtaí sin in am trátha. Ba cheart don Choimisiún mionsonraí a áireamh sna meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh maidir le trealamh arna mhaoiniú faoin Ionstraim a chomhroinnt idir na húdaráis chustaim agus údaráis teorann eile a mhéid gur sholáthar na Ballstáit faisnéis ábhartha. Sa bhreis ar na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh ar an Ionstraim, ba cheart tuarascálacha ar an dul chun cinn, mar chuid den chóras tuairiscithe feidhmíochta, a eisiúint chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime. Ba cheart achoimre a áireamh sna tuarascálacha sin, ar achoimre í ar na ceachtanna atá foghlamtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na constaicí a bhí ann agus na bearnaí a aimsíodh i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí na hIonstraime don bhliain i dtrácht. Ba cheart na tuarascálacha bliantúla sin ar dhul chun cinn a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    (27)

    Chun freagairt go hiomchuí don éabhlóid atá ag teacht ar thosaíochtaí beartais, bagairtí agus teicneolaíochtaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta táscach de threalamh rialaithe custaim a d’fhéadfaí a úsáid chun na cuspóirí rialaithe custaim a bhaint amach agus an liosta táscairí chun baint amach an chuspóra shonraigh a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus iomlán trédhearcach le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (28)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (13), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (14) agus (AE) 2017/1939 (15) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (29)

    Na foirmeacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóir sonrach na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh sna foirmeacha agus modhanna sin ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (30)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon Ionstraim a bhunú a thacaíonn leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do cheannach, do chothabháil agus d’uasghrádú trealaimh rialaithe custaim, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonair i ngeall ar éagothroime oibiachtúil atá eatarthu ar an leibhéal tíreolaíoch agus, de bharr an leibhéil choibhéisigh agus na cáilíochta coibhéisí i dtaca le torthaí na rialuithe custaim a sholáthrófar a bhuí le cur chuige comhordaithe agus cistiú láraithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (31)

    Ba cheart d’fhaighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas a thabhairt d’fhoinse na gcistí sin agus ba cheart dóibh infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Ba cheart a léiriú i bhfaisnéis den sórt sin breisluach na hIonstraime maidir le tacaíocht a thabhairt don aontas custaim, agus go háirithe, an chaoi a gcuidíonn sí leis na húdaráis chustaim a misin a chomhlíonadh, chomh maith le hiarrachtaí an Choimisiúin an trédhearcacht bhuiséadach a áirithiú. Ina theannta sin, chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis a sholáthar go rialta don phobal a bhaineann leis an Ionstraim, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí, agus tagairt á déanamh, inter alia, do na cláir oibre a ghlactar faoin Rialachán seo.

    (32)

    Chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    I gcomhpháirt leis an Rialachán lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, bunaítear leis an Rialachán seo Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    Mar chuid den Chiste sin, bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do cheannach, do chothabháil agus d’uasghrádú trealaimh rialaithe custaim (“an Ionstraim”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfar ré na hIonstraime a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí na hIonstraime, an buiséad don tréimhse 2021-2027, foirmeacha an chistithe de chuid an Aontais agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (2)

    ciallaíonn “rialuithe custaim” na rialuithe custaim mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

    (3)

    ciallaíonn “trealamh rialaithe custaim” trealamh atá beartaithe go príomha chun rialuithe custaim a dhéanamh;

    (4)

    ciallaíonn “trealamh rialaithe custaim soghluaiste” aon mhodh iompair atá beartaithe, as féin, sa bhreis ar a acmhainneacht shoghluaiste, a bheith ina phíosa trealaimh rialaithe custaim nó atá iomlán feistithe le trealamh rialaithe custaim;

    (5)

    ciallaíonn “cothabháil” idirghabhálacha coisctheacha, ceartaitheacha agus tuarthacha, lena n-áirítear seiceálacha oibríochtúla agus feidhmiúla, seirbhísiú, deisiú agus ollchóiriú píosa trealaimh rialaithe custaim is gá chun a riocht inoibrithe sonraithe a choinneáil nó a athbhunú d’fhonn a shaolré úsáide uasta a bhaint amach, ach gan aon uasghrádú a chur san áireamh;

    (6)

    ciallaíonn “uasghrádú” idirghabhálacha éabhlóideacha is gá chun trealamh rialaithe custaim atá ann cheana a athrú ó riocht inoibrithe sonraithe atá as dáta go riocht úrscothach inoibrithe sonraithe.

    Airteagal 3

    Cuspóirí na hIonstraime

    1.   Mar chuid den Chiste, agus d’fhonn an aidhm fhadtéarmach a bhaint amach, arb é atá inti go ndéanfadh na Ballstáit rialuithe custaim a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe, is é cuspóir ginearálta na hIonstraime tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d’údaráis chustaim ina misean chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, chun an tslándáil agus an tsábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus chun an tAontas a chosaint ar thrádáil neamhdhleathach agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú ag an am céanna.

    2.   Is é cuspóir sonrach na hIonstraime rannchuidiú le torthaí leordhóthanacha agus coibhéiseacha rialuithe custaim trí threalamh rialaithe custaim úrscothach atá ábhartha, iontaofa, slán, sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú ar bhealach trédhearcach agus, ar an gcaoi sin, cabhrú leis na húdaráis chustaim gníomhú as láimh a chéile chun leasanna an Aontais a chosaint.

    Airteagal 4

    Buiséad

    1.   Is é EUR 1 006 407 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse 2021-2027.

    2.   Leis an méid dá dtagraítear i mír 1, féadfar speansais maidir le hullmhú, le faireachán, le rialú, le hiniúchóireacht, le meastóireacht agus le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú na hIonstraime agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí na hIonstraime a chumhdach freisin. Féadfar speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cuspóirí na hIonstraime a chumhdach leis freisin, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhíríonn ar phróiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leis i ndáil le bainistiú na hIonstraime.

    Airteagal 5

    Cur chun feidhme agus foirmeacha cistithe de chuid an Aontais

    1.   Is faoin mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón Ionstraim, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais agus go háirithe trí bhíthin deontas.

    3.   Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim le trealamh rialaithe custaim a cheannach nó a uasghrádú, cuirfidh an Coimisiún sásra comhordúcháin ar bun chun idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe custaim a cheannaítear le tacaíocht ó chláir agus ionstraimí an Aontais a áirithiú, agus, leis sin, a húsáid éifeachtúil a áirithiú.

    CAIBIDIL II

    NCHÁILITHEACHT

    Airteagal 6

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Ionas go mbeidh na gníomhaíochtaí incháilithe do chistiú faoin Ionstraim, ní mór do na gníomhaíochtaí sin na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a chur chun feidhme; agus

    (b)

    tacú le trealamh rialaithe custaim, lena n-áirítear trealamh nuálach na teicneolaíochta brathadóireachta, a cheannach, a chothabháil nó a uasghrádú, ar trealamh é ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí rialaithe custaim seo a leanas:

    (1)

    scrúdú neamhchonúrach;

    (2)

    léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine;

    (3)

    radaíocht a bhrath agus núiclídí a shainaithint;

    (4)

    anailís ar shamplaí i saotharlanna;

    (5)

    sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí;

    (6)

    cuardach le gléas láimhe.

    In Iarscríbhinn 1, áirítear liosta táscach de threalamh rialaithe custaim a fhéadfar a úsáid chun na cuspóirí rialaithe custaim dá dtagraítear i bpointe (1) go pointe (6) den chéad fhomhír a bhaint amach.

    2.   I gcásanna cuí-réasúnaithe, le gníomhaíochtaí faoin gcéad fhomhír de mhír 1, féadfar ceannach trédhearcach, cothabháil thrédhearcach agus uasghrádú trédhearcach trealaimh rialaithe custaim a chumhdach chun píosaí nua trealaimh nó feidhmiúlachtaí nua do phíosaí trealaimh atá ann cheana a thástáil i ndálaí oibríochtúla.

    3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, á chur san áireamh teacht i bhfeidhm déanach an Rialacháin seo, agus chun aon mhoill i dtacaíocht an Aontais a sheachaint a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Aontais go mbeadh sé feistithe mar ba cheart chun oibriú éifeachtúil agus éifeachtach an aontais custaim a áirithiú, féadfar, ar feadh tréimhse theoranta, costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo a mheas, go heisceachtúil, mar chostais incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

    4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a leasú trí liosta táscach an trealaimh rialaithe custaim a leagtar amach in Iarscríbhinn I a nuashonrú, i gcás inar gá.

    5.   Ba cheart trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo a úsáid go príomha chun críoch rialuithe custaim, ach féadfar é a úsáid chun críoch breise freisin, lena n-áirítear, chun tacú le húdaráis bainistithe teorainneacha náisiúnta agus le haghaidh imscrúduithe, i gcomhair rialú ar dhaoine. Ní dhéanfar trealamh rialaithe custaim den sórt sin a chomhroinnt go córasach idir údaráis chustaim agus údaráis eile teorann.

    6.   Déanfaidh an Coimisiún dhá Bhallstát nó níos mó a spreagadh chun trealaimh rialaithe custaim a sholáthar go comhpháirteach agus a thástáil go comhpháirteach.

    Airteagal 7

    Eintitis incháilithe

    De mhaolú ar Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad na húdaráis chustaim a bheidh ina n-eintitis incháilithe ar an gcoinníoll go soláthraíonn siad an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 11(4) den Rialachán seo.

    Airteagal 8

    Ráta cómhaoiniúcháin

    1.   Féadfar leis an Ionstraim suas le 80 % de chostais incháilithe iomlána gníomhaíochta a mhaoiniú.

    2.   Ní thabharfar aon chistiú os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcúinsí eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

    Airteagal 9

    Costais incháilithe

    Beidh na costais a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim.

    Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim:

    (a)

    costais a bhaineann le ceannach talún;

    (b)

    costais a bhaineann le hoiliúint nó le huasghrádú scileanna, cé is moite den oiliúint tosaigh a áirítear sa chonradh ceannaigh nó uasghrádúcháin;

    (c)

    costais a bhaineann le bonneagar, amhail foirgnimh nó saoráidí amuigh faoin aer, mar aon le troscán;

    (d)

    costais a bhaineann le córais leictreonacha, cé is moite de bhogearraí agus nuashonruithe ar bhogearraí is gá go díreach chun an trealamh rialaithe custaim a úsáid agus cé is moite de na bogearraí leictreonacha agus an ríomhchlárú is gá chun bogearraí atá ann cheana a idirnascadh leis an trealamh rialaithe custaim;

    (e)

    costais a bhaineann le líonraí, amhail cainéil chumarsáide dhaingnithe nó neamhdhaingnithe, nó síntiúis, cé is moite de líonraí nó síntiúis is gá go heisiach chun an trealamh rialaithe custaim a úsáid;

    (f)

    costais a bhaineann le modhanna iompair, amhail feithiclí, aerárthaí nó longa, cé is moite de threalamh rialaithe custaim soghluaiste;

    (g)

    costais a bhaineann le tomhaltáin, lena n-áirítear ábhar tagartha nó calabrúcháin, le haghaidh trealamh rialaithe custaim;

    (h)

    costais a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta.

    CAIBIDIL III

    DEONTAIS

    Airteagal 10

    Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

    1.   Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin Ionstraim i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    2.   I gcomhréir le pointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, déanfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí ar na heintitis atá incháilithe faoi Airteagal 7 den Rialachán seo.

    3.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin Ionstraim, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ón gclár Custaim nó ó chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

    4.   Beidh obair an choiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais bunaithe ar na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le deontais a leagtar síos in Airteagal 188 den Rialachán sin agus, go háirithe, ar phrionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta a leagtar síos i bpointí (a) agus (b) den Airteagal sin, mar aon le prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

    5.   Déanfaidh an coiste meastóireachta meastóireacht ar thograí ar bhonn na gcritéar dámhachtana, agus ábharthacht na gníomhaíochta atá beartaithe i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú, cáilíocht na gníomhaíochta atá beartaithe, an tionchar a bheidh aici, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, agus a buiséad agus a cost-éifeachtúlacht á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

    CAIBIDIL IV

    CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

    Airteagal 11

    Clár oibre

    1.   Is trí chláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Ionstraim chun feidhme.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lean ndéantar na cláir oibre sin a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

    3.   Beidh sé d’aidhm ag na cláir oibre ilbhliantúla na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach trí bhíthin na ngníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 6. Leagfar amach sna cláir oibre méid iomlán an phlean maoiniúcháin le haghaidh na ngníomhaíochtaí go léir. Ina theannta sin, leagfar amach iontu:

    (a)

    i gcás gach gníomhaíochta:

    (i)

    na cuspóirí atá á saothrú agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3;

    (ii)

    tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú;

    (iii)

    i gcás inarb iomchuí, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht; agus

    (iv)

    an modh cur chun feidhme agus tráthchlár cur chun feidhme táscach;

    (b)

    i gcás deontas, an t-uasráta cómhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8.

    4.   Tacófar le hullmhú na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 trí mheasúnú ar na riachtanais atá ag na húdaráis chustaim. Beidh an measúnú sin ar riachtanais bunaithe ar an méid seo a leanas:

    (a)

    catagóiriú coiteann ar phointí trasnaithe teorann;

    (b)

    tuairisc uileghabhálach ar an trealamh rialaithe custaim atá ar fáil;

    (c)

    liosta coiteann de threalamh rialaithe custaim ba cheart a bheith ar fáil, faoi threoir na catagóire pointí trasnaithe teorann; agus

    (d)

    meastachán ar riachtanais airgeadais.

    Is bunaithe ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chlár Custaim 2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) nó faoin gclár Custaim a dhéanfar an measúnú ar riachtanais, agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus gach 3 bliana ar a laghad.

    Airteagal 12

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Liostaítear in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

    2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn na hIonstraime i dtreo baint amach a cuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14 chun Iarscríbhinn II a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin, agus chomh maith leis sin chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar, ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí na hIonstraime. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha um thuairisciú ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

    4.   I gcás gur mó ná EUR 10 000 costas píosa trealaimh rialaithe custaim, gan cánacha a chur san áireamh, áireofar sna ceanglais um thuairisciú dá dtagraítear i mír 3 an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur in iúl don Choimisiún go bliantúil:

    (a)

    liosta mionsonraithe den trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim;

    (b)

    faisnéis maidir le húsáid an trealaimh rialaithe custaim, lena n-áirítear aon torthaí gaolmhara, arna tacú, i gcás inarb iomchuí, le staidreamh iomchuí.

    Airteagal 13

    Meastóireacht

    1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas gur féidir úsáid a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an Ionstraim a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina cur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús an chur chun feidhme. Ina mheastóireacht eatramhach, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht na hIonstraime, lena n-áirítear ar ghnéithe amhail a héifeachtacht, a héifeachtúlacht, a comhleanúnachas agus a hábharthacht, mar aon leis na sineirgí laistigh den Ionstraim agus breisluach an Aontais.

    3.   Ag deireadh chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Ionstraim.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha agus na ceachtanna a foghlaimíodh in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    CAIBIDIL V

    AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

    Airteagal 14

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 12(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh an dáta sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse den sórt sin.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(4) agus 12(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(4) agus 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 15

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh Coiste an Chláir Custaim a bunaíodh le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/444 cúnamh don Choimisiún.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 16

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na hIonstraime agus leis na torthaí a bhaintear amach.

    3.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an Ionstraim ina rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    Airteagal 17

    Foráil idirthréimhseach

    Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

    Airteagal 18

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

    Thar ceann na Parlaiminte

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann an Chomhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 67.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (IO C 158, 30.4.2021, lch. 133) agus seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (IO C 227, 14.6.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

    (4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (5)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (IO L 87, 15.3.2021, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.).

    (9)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (13)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).

    (14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (15)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (16)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (17)  Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 209).


    IARSCRÍBHINN I

    LIOSTA TÁSCACH DE THREALAMH RIALAITHE CUSTAIM A BHFÉADFAR ÚSÁID A BHAINT AS CHUN NA CRÍOCHA RIALAITHE CUSTAIM A LIOSTAÍTEAR I bPOINTE (B) DEN CHÉAD FHOMHÍR D’AIRTEAGAL 6(1) A BHAINT AMACH

    CRÍOCH AN RIALAITHE CUSTAIM

    TREALAMH AN RIALAITHE CUSTAIM

    CATAGÓIR

    FEIDHM

    1.

    Scrúdú neamhchonúrach

    Scanóir x-gha - Ardfhuinneamh

    Coimeádáin, trucailí, vaigíní iarnróid agus feithiclí

    Scanóir x-gha - Ísealfhuinneamh

    Pailléid, boscaí agus beartáin

    Bagáiste paisinéirí

     

    Feithiclí

    Cúlscaipeadh x-gha

    Coimeádáin

    Trucailí

    Feithiclí

    Eile

    Uimhirphláta Uathoibríoch/Córais Aitheantais Coimeádán

    Scálaí ualaithe feithiclí

    Forcardaitheoirí agus trealamh rialaithe custaim soghluaiste comhchosúil

    2.

    Léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine  (1)

    Tairseach cúlscaipthe bunaithe ar x-ghathanna

    Rud a úsáidtear in aerfoirt den chuid is mó chun nithe folaithe a bhrath ar dhaoine (drugaí, pléascáin, airgead)

    Scanóir coirp

    Scanóir slándála bunaithe ar thonnta milliméadair

    3.

    Radaíocht a bhrath agus núiclídí a shainaithint

    Brathadóirí Raideolaíocha agus Núicléacha

    Monatóir/brathadóir Radaíochta Pearsanta (PRM)

    Brathadóir Radaíochta Láimhe

    Feiste Sainaitheantais Iseatóip (RIID)

    Monatóir Tairsí Radaíochta (RPM)

    Monatóir Tairsí Speictriméadair le haghaidh sainaitheantas iseatóip (SPM)

    4.

    Anailís ar shamplaí i saotharlanna

    Trealamh chun na hearraí go léir a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, a chainníochtú agus a fhíorú

    Crómatagrafaíocht gháis agus leachta (GC, LC, HPLC etc.)

    Speictriméadracht agus teicnící comhcheangailte le speictriméadracht (IR, Raman, UV-VIS, Fluaraiseacht, CG-MS etc.)

    Trealamh x-gha (XRF etc.)

    Speictriméadracht AMN agus Anailísí iseatóip cobhsaí

    Trealamh saotharlainne eile (AAS, Anailíseoir Driogtha, DSC, Leictreafóiréis, Micreascóp, LSC, Meaisín tobac etc.)

    5.

    Sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí

    Rian a bhrath bunaithe ar Speictriméadracht Soghluaisteachta Ian (IMS)

    Trealamh iniompartha chun rianta ábhar bagartha sonrach a bhrath

    Brath rianta cainínigh

    Le haghaidh réimse rioscaí ar nithe beaga agus móra

    Sampláil

    Uirlisí a úsáidtear chun samplaí a thógáil, cochall eastarraingthe, lámhainnbhosca

    Saotharlanna soghluaiste

    Feithiclí lánfheistithe chun anailís allamuigh a dhéanamh ar shamplaí

    Brathadóirí láimhe

    Anailís ar ábhair orgánacha, ar mhiotail agus ar chóimhiotail

    Tástálacha dathmhéadracha ceimiceacha

    Speictreascópacht Raman

    Speictreascópacht infridheirg

    Fluaraiseacht x-gha

    Brathadóirí gáis i gcomhair coimeádán

    6.

    Cuardach le gléas láimhe

    Uirlisí láimhe pearsanta

    Uirlisí póca

    Foireann uirlisí meicnice

    Scáthán teileascópála

    Feistí

    Ionscóp

    Brathadóir miotail do-aistrithe nó láimhe

    Ceamaraí chun an taobh íochtair d’fheithiclí a sheiceáil

    Feiste ultrasonach

    Méadar dlúis

    Eile

    Cuardach fo-uisce


    (1)  Faoi réir fhorálacha reachtacha is infheidhme agus moltaí eile maidir le cosaint sláinte agus meas ar phríobháideachas.


    IARSCRÍBHINN II

    TÁSCAIRÍ CHUN TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH AR DHUL CHUN CINN NAhIONSTRAIME MAIDIR LEIS NA CUSPÓIRÍ GINEARÁLTA AGUS SONRACHA ALEAGTAR AMACH IN AIRTEAGAL 3 A BHAINT AMACH

    Chun tuairsciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, bainfear úsáid as na táscairí seo a leanas:

    Trealamh

    (a)

    Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann talún lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

    (b)

    Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann farraige lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

    (c)

    Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann aeir lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

    (d)

    Trealaimh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann poist lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

    (e)

    Trealamh rialaithe custaim a bheith ar fáil ag pointí trasnaithe teorann iarnróid lena gcomhlíonfar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)


    Top