Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1018

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1018 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/4324

    IO L 224, 24.6.2021, p. 6–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1018/oj

    24.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 224/6


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1018 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Meitheamh 2021

    lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1) agus go háirithe Airteagal 434a de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglaítear ar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIInna) a nochtadh, ar bhonn bliantúil, luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 ón gCoimisiún (3), a glacadh ar bhonn Airteagal 441(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar amach na formáidí agus na dátaí aonfhoirmeacha maidir le nochtadh na luachanna a úsáidtear chun G-SIInna a shainaithint. Aisghaireadh Airteagal 441(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (2)

    Le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE leagtar síos na critéir chun G-SIInna a shainaithint. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 (5) ón gCoimisiún sonraítear an mhodheolaíocht don tsainaithint sin agus sainítear fochatagóirí na G-SIInna. Leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/539 (6) ón gCoimisiún chun na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe maidir le sainaithint G-SIInna a chur san áireamh mar a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) iad i mí Iúil 2018 (7). Na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe sin, agus go háirithe an ceanglas formáid aonfhoirmeach a úsáid le haghaidh na faisnéise maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun scór G-SIIanna dá dtagraítear in Airteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh, ba cheart iad a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún (8).

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a leasú dá réir.

    (4)

    Le Rialachán (AE) 2019/876, tugadh isteach freisin Airteagal 434a i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh chun formáidí aonfhoirmeacha a shonrú le haghaidh na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar phróifílí priacail institiúidí agus ar a mhéid atá na ceanglais a leagtar síos i gCuid a hAon go Cuid a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcomhlíonadh acu. Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún ar bhonn an Airteagail 434a sin agus tugtar isteach ceanglais nua in ionad na gceanglas sin a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014. Dá bhrí sin, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 a aisghairm.

    (5)

    Chun a áirithiú go ndéanfar aistriú gan uaim ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 go Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith mar an gcéanna le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637, is é sin an 28 Meitheamh 2021. Ar an gcúis chéanna, ba cheart gurb ionann dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dáta roimh an dáta cur i bhfeidhm, is é sin an 28 Meitheamh 2021.

    (6)

    I mí na Nollag 2019, d’fhoilsigh CBMB Creat Basel comhdhlúite, lena n-áirítear ceanglais nuashonraithe Cholún 3 maidir le nochtadh (9), a tugadh isteach den chuid is mó i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876. Chun na leasuithe sin a chur chun feidhme, bunaíodh creat nochta Cholún 3 atá comhsheasmhach agus iomlán trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637. Dá bhrí sin, nuair a nochtann G-SIInna an fhaisnéis maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór a chinneadh, ba cheart dóibh tuarascáil Cholún 3 a úsáid atá comhsheasmhach leis an Rialachán seo.

    (7)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach.

    (8)

    Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637

    Cuirtear an tAirteagal 6a seo a leanas isteach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637:

    “Airteagal 6a

    Táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo

    1.   Nochtfaidh G-SIInna an fhaisnéis maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór dá dtagraítear in Airteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh trí úsáid a bhaint as an bhformáid aonfhoirmeach um nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 434a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a úsáidfidh na húdaráis ábhartha chun luachanna na dtáscairí a bhailiú mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún, cé is moite d’aon sonraí coimhdeacha agus ítimí meabhráin a bhailítear i gcomhréir leis an Airteagal sin.

    2.   Nochtfaidh G-SIInna an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ina dtuarascáil deireadh bliana Cholún 3. Déanfaidh G-SIInna an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a athnochtadh ina gcéad tuarascáil Cholún 3 tar éis chur isteach deiridh luachanna na dtáscairí chuig na húdaráis ábhartha, i gcás ina bhfuil na figiúirí a tíolacadh éagsúil ó na figiúirí a nochtadh i dtuarascáil deireadh bliana Cholún 3.”

    Airteagal 2

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 a aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 28 Meitheamh 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

    (2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na formáidí aonfhoirmeacha agus an dáta le haghaidh nochtadh na luachanna a úsáidtear chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo a shainaithint de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 30.9.2014, lch. 14).

    (4)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (IO L 330, 15.11.2014, lch. 27).

    (6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/539 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (IO L 108, 29.3.2021, lch. 10).

    (7)  Creat Basel - SCO40: Bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo.

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (IO L 136, 21.4.2021, lch. 1)

    (9)  Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, ceanglais maidir le Nochtadh DIS, Nollaig 2019.

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


    Top