EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0948

Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014

ST/12568/2020/INIT

IO L 209, 14.6.2021, p. 79–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/948/oj

14.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 209/79


RIALACHÁN (Euratom) 2021/948 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2021

lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 203 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart don Aontas a chuid leasanna agus luachanna a chumhdach agus a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5) agus Airteagail 8 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(2)

Chun an creat idirnáisiúnta nua a bhunaítear le Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus an Comhdhearcadh Eorpach maidir leis an bhForbairt a chur chun feidhme, féachtar le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) comhleanúnachas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú agus éifeachtacht na gníomhaíochta sin a áirithiú trína iarrachtaí a dhíriú trí ionstraim chuíchóirithe chun cur chun feidhme bheartais dhifriúla na gníomhaíochta seachtraí a fheabhsú.

(3)

Ba cheart do chur chun cinn ardleibhéil sábháilteachta núicléiche, cosaint ar radaíocht agus coimircí éifeachtúla éifeachtacha ar ábhair núicléacha a chur i bhfeidhm i dtríú tíortha, lena gcuirtear leis na gníomhaíochtaí laistigh den Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhphobal), a bheith mar chuspóir ag an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach (an “Ionstraim”) lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 . Laistigh den chuspóir sin, is é is aidhm don Rialachán seo tacú le cur chun cinn na trédhearcachta i bpróisis cinnteoireachta na n-údarás i dtríú tíortha i dtaca le cúrsaí núicléacha.

(4)

Ba cheart an Ionstraim a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a fad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3).

(5)

Is cuid den chreat arna cheapadh chun comhar a phleanáil é an Rialachán seo agus ba cheart na bearta sin um chomhar núicléach a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/947 a chomhlánú leis.

(6)

Is Páirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach a síníodh an 1 Iúil 1968 iad Ballstáit an Aontais agus cuireann siad an Prótacal Breise i bhfeidhm i ndáil lena gcomhaontuithe faoi seach maidir le coimirciú a tugadh i gcrích leis nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA).

(7)

Chun feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach agus ar rialáil na sábháilteachta sin a choinneáil agus a chur chun cinn, ghlac an Chomhairle Treoracha 2009/71/Euratom (4), 2011/70/Euratom (5) agus 2013/59/Euratom (6). Is eiseamláirí iad na Treoracha sin agus ardchaighdeáin na sábháilteachta núicléiche agus bhainistiú na dramhaíola radaighníomhaí agus an bhreosla spíonta a chuirtear chun feidhme sa Chomhphobal chun tríú tíortha a spreagadh chun ardchaighdeáin mar iad a ghlacadh.

(8)

Is Páirtithe Conarthacha iad an Comhphobal agus a Bhallstáit sa Choinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Núicléach arna ghlacadh an 17 Meitheamh 1994 agus sa Choinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí arna ghlacadh an 5 Meán Fómhair 1997.

(9)

Ba cheart don Chomhphobal leanúint dá dhlúthchomhar le IAEA, i gcomhréir le Caibidil 10 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ("Conradh Euratom”), a mhéid a bhaineann le sábháilteacht núicléach agus coimircí núicléacha, chun cuspóirí Chaibidlí 3 agus 7 de Theideal II de Chonradh Euratom a chur chun cinn. Bíonn an Comhphobal ag obair i gcomhar le heagraíochtaí agus cláir idirnáisiúnta eile a shaothraíonn cuspóirí comhchosúla.

(10)

Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Ionstraim sin do ghníomhaíochtaí atá mar thacaíocht ag na cuspóirí arna saothrú agus atá i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh cheana faoi Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle (7). Baineann na cuspóirí sin le cur chun cinn chultúr na sábháilteachta núicléiche agus le cur chun feidhme na gcaighdeán is airde maidir le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht agus feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach, bainistiú freagrach sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí, díchoimisiúnú agus feabhsú iar-shuíomhanna agus iar-shuiteálacha núicléacha, agus coimircí éifeachtúla éifeachtacha le haghaidh ábhar núicléach i dtríú tíortha, go háirithe i dtíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, iarrthóirí ionchasacha agus tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

(11)

Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar chomhairliúchán, i gcás inarb ábhartha, leis na Ballstáit agus lena n-údaráis ábhartha, go háirithe na húdaráis rialála inniúla i réimse na sábháilteacht núicléiche, leis an nGrúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach agus tríd an gCoiste um Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach, agus ar idirphlé leis na tíortha comhpháirtíochta. Ba cheart na conclúidí ón gComhairle maidir le cúnamh do thríú tíortha i réimse na sábháilteachta agus na slándála núicléiche a glacadh an 9 Nollaig 2008 a chur san áireamh le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

(12)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Chomhphobail ar bhonn táscairí réamhshainithe trédhearcacha tírshonracha atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena agus b’fhearr iad a bhunú ar Chreat an Aontais le haghaidh Torthaí sa Chomhar Idirnáisiúnta agus san Fhorbairt. Ba cheart na táscairí a bhunú ar cháilíocht, ar fheidhmíocht agus ar thorthaí, chun níos mó freagrachta agus cuntasachta a éileamh ó thíortha tairbhíocha i leith an Aontais agus a Bhallstát i dtaca le torthaí a baineadh amach agus bearta feabhsúcháin sábháilteachta á gcur chun feidhme.

(13)

Ba cheart don Aontas agus don Chomhphobal féachaint leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is fearr is féidir a bheith ag a ngníomhaíocht sheachtrach. Is trí chomhleanúnachas agus comhlántacht idir ionstraimí an Aontais um maoiniú seachtrach ba cheart é sin a bhaint amach, agus trí shineirgí a chruthú le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Ionas go mbainfear an leas is mó is féidir as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart an deis a bheith ann a bhuí leis an Rialachán seo cistiúchán a chomhcheangal le cláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

(14)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán na hIonstraime arb é atá le bheith ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (8), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(15)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(16)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/947 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, mar is iomchuí, agus ba cheart na forálacha cur chun feidhme faoin Rialachán seo a bheith ar aon dul leis na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(17)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 106a de Chonradh Euratom agus Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE”) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 106a de Chonradh Euratom agus Airteagal 322 CFAE, córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(18)

Na cineálacha cistiúcháin ón Aontas agus na modhanna ina gcuirfear an cistiú sin chun feidhme a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis sin, cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(19)

Ba cheart gur phleananna gníomhaíochta agus bearta bliantúla a bheadh sna cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais. Is é atá i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad amháin.

(20)

Chun leanúnachas sholáthar na tacaíochta sa réimse beartais ábhartha a áirithiú agus ionas gur féidir é a chur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ní mór foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ó thús na bliana airgeadais 2021.

(21)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (11), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (12) agus (AE) 2017/1939 (13) ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ("OLAF”) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain don Choimisiún, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha. Ar an gcúis sin, ba cheart forálacha a bheith sna comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le in aon chonradh nó in aon chomhaontú a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus do OIPE iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena n-áiritheofar go ndeonóidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 a aisghairm.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(24)

Na tagairtí d’ionstraimí cúnaimh sheachtraigh i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (16), ba cheart iad a léamh mar thagairtí don Rialachán seo agus do na Rialacháin sin dá dtagraítear ann. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

(25)

Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo cloí go docht leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach le bearta sriantacha an Aontais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo, ar bhonn an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach (“an Ionstraim”), lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí na hIonstraime, a buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, agus foirmeacha agus modhanna cur chun feidhme cistiúcháin an Aontais.

Airteagal 2

Cuspóirí na hIonstraime

1.   Is é is cuspóir don Ionstraim na gníomhaíochtaí comhair núicléach sin a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/947 a chomhlánú, go háirithe chun tacú le cur chun cinn ardleibhéil sábháilteachta núicléiche, cosaint ar radaíocht agus coimircí éifeachtúla éifeachtacha ar ábhair núicléacha a chur i bhfeidhm i dtríú tíortha, ag cur le gníomhaíochtaí an chreata ábhartha rialála Euratom laistigh den Chomhphobal, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir. Laistigh den chuspóir sin, is é is aidhm don Ionstraim freisin tacú le cur chun cinn na trédhearcachta i bpróisis chinnteoireachta a dhéanann údaráis tríú tíortha i dtaca le cúrsaí núicléacha.

2.   I gcomhréir le mír 1, tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an Ionstraim:

(a)

cultúr éifeachtach sábháilteachta núicléiche agus cosanta ar radaíocht a chur chun cinn, na caighdeáin is airde maidir le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht a chur chun feidhme, agus feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach, lena n-áirítear trédhearcacht i bpróisis chinnteoireachta na n-údarás i dtríú tíortha a chur chun cinn a bhaineann le sábháilteacht suiteálacha núicléacha;

(b)

bainistiú freagrach sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnúchán agus feabhsú iar-shuíomhanna agus iar-shuiteálacha núicléacha, lena n-áirítear trédhearcacht i bpróisis chinnteoireachta na n-údarás i dtríú tíortha a chur chun cinn;

(c)

coimircí éifeachtúla éifeachtacha a bhunú le haghaidh ábhar núicléach i dtríú tíortha.

Airteagal 3

Comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas, sineirgíochtaí agus comhlántacht ann le Rialachán (AE) 2021/947 ó thaobh cláir gníomhaíochta seachtraí eile de chuid an Aontais de agus ó thaobh beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de agus go mbeidh comhsheasmhacht beartas ann ó thaobh forbartha de.

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfar cláir eile de chuid an Aontais ranníocaíochtaí a dhéanamh le gníomhaíochtaí arna mbunú faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Leis an Rialachán seo, féadfar ranníocaíochtaí a dhéanamh le bearta arna mbunú faoi chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

3.   Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais óna ndéantar ranníocaíocht le gníomhaíochtaí arna mbunú faoin Rialachán seo maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

Airteagal 4

Buiséad na hIonstraime

Is é EUR 300 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 5

Creat beartais

Is éard a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, na comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair, na comhaontuithe comhlachais, na comhaontuithe iltaobhacha agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh idir an tAontas agus a thíortha comhpháirtíochta atá ceangailteach de réir dlí, mar aon le conclúidí ón gComhairle Eorpach agus conclúidí ón gComhairle, dearbhuithe ó chruinnithe mullaigh, conclúidí ó chruinnithe ardleibhéil le tíortha comhpháirtíochta, teachtaireachtaí ón gCoimisiún agus teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

TEIDEAL II

AN IONSTRAIM A CHUR CHUN FEIDHME

Airteagal 6

Cláir ilbhliantúla tháscacha

1.   Cuirfear an comhar faoin Rialachán seo chun feidhme ar bhonn cláir ilbhliantúla tháscacha.

2.   Beidh sé d’aidhm ag na cláir ilbhliantúla tháscacha creat comhleanúnach a chur ar fáil le haghaidh comhar idir an Comhphobal agus na tríú tíortha nó na réigiúin lena mbaineann, ar creat é a bheidh comhsheasmhach le críoch agus raon feidhme foriomlán, cuspóirí, prionsabail agus beartas an Chomhphobail agus a bheidh bunaithe ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 5.

3.   Maidir leis na cláir ilbhliantúla tháscacha, is éard atá iontu bunús ginearálta don chomhar faoin Rialachán seo agus leagfar amach iontu spriocanna an Chomhphobail, agus aird á tabhairt ar riachtanais na dtíortha lena mbaineann, tosaíochtaí an Chomhphobail, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na dtríú tíortha lena mbaineann. Léireofar freisin sna cláir ilbhliantúla tháscacha breisluach an chomhair agus an chaoi chun dúbláil a sheachaint le cláir agus tionscnaimh eile, go háirithe iad siúd de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil cuspóirí comhchosúla acu agus iad siúd de chuid deontóirí móra.

4.   Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha na réimsí tosaíochta arna roghnú lena maoiniú, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta atá bunaithe ar thorthaí agus na leithdháiltí táscacha airgeadais, go foriomlán agus in aghaidh an chuspóra araon.

5.   Beidh na cláir ilbhliantúla tháscacha bunaithe ar idirphlé leis na tíortha comhpháirtíochta nó na réigiúin chomhpháirtíochta ina mbeidh geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe údaráis rialtais agus rialála agus na heagraíochtaí arna n-ainmniú acu, ionas go n-áiritheofar go nglacfaidh an tír nó an réigiún lena mbaineann úinéireacht leordhóthanach ar an bpróiseas, agus go spreagfar tacaíocht d’fhorbairt bhreise ar shábháilteacht núicléach ar an leibhéal náisiúnta.

6.   I gcás inarb ábhartha, tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach (“ENSREG”), glacfaidh an Coimisiún na cláir ilbhliantúla tháscacha i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

7.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), déanfaidh an Coimisiún na cláir ilbhliantúla tháscacha a athbhreithniú, agus a nuashonrú más gá, 4 bliana, ar a laghad, tar éis a nglactha.

Airteagal 7

Pleananna bliantúla gníomhaíochta agus bearta

1.   Glacfaidh an Coimisiún pleananna bliantúla gníomhaíochta bunaithe ar an gclár ilbhliantúil táscach. Féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta agus bearta tacaíochta a ghlacadh.

I gcás riachtanais, imthosca nó gealltanais gan choinne agus lena bhfuil údar cuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh

Sonrófar i bpleananna gníomhaíochta agus i mbearta speisialta do gach tríú tír nó réigiún na cuspóirí a bheidh le saothrú, na nósanna imeachta bainistíochta, na tionscadail a bheidh le maoiniú, amchlár táscach, na torthaí agus na príomhghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo, modhanna agus, i gcás inarb iomchuí, stádas na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart speisialta do gach tríú tír nó réigiún, an buiséad agus aon chaiteachas tacaíochta gaolmhar. Beidh sna pleananna gníomhaíochta agus bearta sin tuairisc thiomsaithe agus achomair ar gach gníomhaíocht a bheidh le maoiniú, léiriú ar na méideanna arna leithdháileadh le haghaidh gach gníomhaíochta, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus táscairí sonracha chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí agus ar aon chaiteachas tacaíochta atá bainteach, de réir mar is iomchuí. Más iomchuí, áireofar leo, torthaí aon cheacht a foghlaimíodh ó chomhar roimhe sin.

2.   Glacfar pleananna gníomhaíochta agus bearta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.   Ní gá an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) don mhéid seo a leanas:

(a)

bearta speisialta agus bearta tacaíochta nach mó ná EUR 5 mhilliún an maoiniú ón Aontas lena n-aghaidh;

(b)

leasuithe teicniúla, ar choinníoll nach mbeidh éifeacht mhór acu ar chuspóirí an phlean gníomhaíochta nó an bhirt lena mbaineann, amhail na nithe seo a leanas:

(i)

athrú ar an modh cur chun feidhme;

(ii)

athshannadh cistí idir gníomhaíochtaí atá i bplean gníomhaíochta;

(iii)

méaduithe nó laghduithe nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 5 mhilliún ar bhuiséad pleananna gníomhaíochta agus beart speisialta.

Ach a nglacfar iad i gcomhréir leis an mír seo, cuirfear bearta speisialta agus tacaíochta mar aon le leasuithe teicniúla orthu in iúl do choiste na hIonstraime Eorpaí um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach dá dtagraítear in Airteagal 15 laistigh de 1 mhí amháin ó thráth a nglactha. Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa iad freisin.

4.   Ar mhórchúiseanna práinne lena bhfuil údar cuí agus a bhaineann leis an ngá atá le freagairt ghasta ón gComhphobal, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3), na pleananna gníomhaíochta nó na bearta a ghlacadh nó a leasú trí mheán gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh.

Airteagal 8

Bearta tacaíochta

1.   Féadfar caiteachas tacaíochta a chumhdach le maoiniú ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime agus bhaint amach a cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le rialú, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras ar an tacaíocht riaracháin is gá le haghaidh na hIonstraime, agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais faisnéise corparáidí a bhainistiú.

2.   Nuair nach mbeidh caiteachas tacaíochta ina chuid de na pleananna gníomhaíochta ná de na bearta speisialta dá dtagraítear in Airteagal 7, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, bearta tacaíochta. Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach i maoiniú ón Aontas faoi bhearta tacaíochta:

(a)

staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá chun gníomhaíochtaí a chlársceidealú agus a bhainistiú, lena n-áirítear misin aimsithe fíoras nó saineolaithe seachtracha a íoctar;

(b)

caiteachais a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt mar aon le cumarsáid chorparáideach agus infheictheacht thosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

Airteagal 9

Modhanna comhair

Is é an Coimisiún a chuirfidh chun feidhme maoiniú na hIonstraime, mar a fhoráiltear do sa Rialachán Airgeadais, bíodh sin go díreach ag an gCoimisiún féin nó go neamhdhíreach, trí aon cheann de na heintitis a liostaítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 10

Foirmeacha agus modhanna cur chun feidhme an chistiúcháin ón Aontas

1.   Féadfar an cistiú Aontais a dhéanfar faoin Ionstraim a chur ar fáil mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí nó soláthairtí;

(c)

saineolaithe seachtracha a íoc; agus

(d)

meascadh.

2.   Féadfar tacaíocht faoin Rialachán a chur chun feidhme freisin faoi na rialacha is infheidhme maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna bunú faoi Rialachán (AE) 2021/947 ("an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha”) agus féadfaidh an tacaíocht sin rannchuidiú leis an soláthar don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Tabharfar tacaíocht freisin, leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, do na hoibríochtaí ar bhonn Chinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle (17).

Is é 9 % an ráta soláthair d’oibríochtaí na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena rannchuidíonn an tacaíocht a thugtar faoin Ionstraim.

3.   Athbhreithneofar na rátaí soláthair gach 3 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 11

Daoine agus eintitis incháilithe

1.   Tabharfar tosaíocht do dhaoine agus d’eintitis ó thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha, agus tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa. I dtaca leis an deis a bheith páirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim, beidh an deis sin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eintitis dhlíthiúla uile ar náisiúnaigh iad agus, i gcás daoine dlítheanacha, atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha nó sna críocha seo a leanas:

(a)

Ballstáit, tairbhithe faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), arna bunú le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunófar an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III). agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (18);

(b)

tíortha comhpháirtíochta i limistéar comharsanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2021/947;

(c)

tíortha agus críocha i mbéal forbartha, atá ar an liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil arna fhoilsiú ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch (“an liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil”) nach comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gCinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (19);

(d)

tíortha i mbéal forbartha mar atá sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil, ar comhaltaí iad de ghrúpa G20, agus tíortha agus críocha eile, i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs gníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas faoin Rialachán seo ina mbeidh siad páirteach;

(e)

tíortha a mbeidh rochtain chómhalartach ar mhaoiniú seachtrach curtha ar bun ag an gCoimisiún lena n-aghaidh;

(f)

tíortha is comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, i gcás conarthaí a chuirtear chun feidhme i dtír is lú forbairt nó i dtír bhocht ag a bhfuil fiachais ollmhóra, de réir mar a áirítear ar an liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil;

(g)

tríú tíortha ina dtarlaíonn na gníomhaíochtaí mar a fhoráiltear dóibh sna cláir shonracha ilbhliantúla tháscacha, sna pleananna gníomhaíochta nó sna bearta sonracha.

Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír a dheonú, le haghaidh tréimhse theoranta aon bhliana amháin ar a laghad, nuair a admhaíonn tír go bhfuil incháilitheacht ar choinníollacha comhionanna ag eintitis ón Aontas agus ag tíortha is incháilithe faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena fhad a mhairfidh sí tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann.

2.   Féadfaidh na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear faoin Ionstraim a bheith de thionscnamh na dtíortha agus faoi na coinníollacha faoi seach a shonraítear i mír 1.

3.   Ní bheidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, agus ní chruthófar leis na rialacha sin srianta a bhaineann le náisiúntacht le haghaidh na ndaoine nádúrtha sin.

4.   I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineoidh eintiteas go comhpháirteach nó a chuirfear chun feidhme faoin bhainistíocht dhíreach nó neamhdhíreach a liostaítear i bpointe (c) (ii) go dtí (viii) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag rialacha incháilitheachta na n-eintiteas sin freisin.

5.   I gcás ina soláthróidh deontóirí maoiniú do chiste iontaobhais arna bhunú ag an gCoimisiún nó trí ioncaim sheachtracha ainmnithe, is infheidhme na rialacha incháilitheachta in ionstraim bhunaidh an chiste iontaobhais sin nó sa chomhaontú leis an deontóir i gcás ioncaim sheachtracha ainmnithe.

6.   I gcás gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin ionstraim agus faoi chlár eile de chuid an Aontais, má bhíonn eintitis incháilithe faoi aon cheann de na cláir sin, measfar go bhfuil sé incháilithe.

7.   Féadfar na rialacha incháilitheachta san Airteagail seo a shrianadh de réir náisiúntacht, shuíomh geografach nó chineál na n-iarratasóirí, nó de réir tionscnamh soláthairtí agus ábhar, i gcás ina gceanglófar na srianta sin de bharr chineál sonrach agus chuspóirí na gníomhaíochta agus inar gá iad chun í a chur chun feidhme go héifeachtach.

8.   Féadfar glacadh le táirgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt iomchuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

9.   Chun acmhainneachtaí áitiúla, margaí áitiúla agus ceannacháin áitiúla a chur chun cinn, tabharfar tús áite do chonraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha i gcásanna ina bhforáiltear leis an Rialachán Airgeadais do dhámhachtain ar bhonn tairisceana aonair. I ngach cás eile, déanfar rannpháirtíocht conraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin Airgeadais.

Airteagal 12

Na critéir a bhfuil feidhm acu maidir le comhar idirnáisiúnta i dtaca le sábháilteacht núicléach

1.   Déanfar comhthuiscint agus comhaontú cómhalartach idir an tríú tír agus an Comhphobal a dhaingniú, i bprionsabal, trí iarraidh fhoirmiúil chuig an gCoimisiún. Beidh an iarraidh sin ina ceangal ar an rialtas ar leith.

2.   Tríú tíortha ar mian leo oibriú i gcomhar leis an gComhphobal, beidh siad ina bpáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach agus beidh Prótacal Breise i bhfeidhm acu nó beidh comhaontú maidir le coimirciú ábhair núicléach tugtha i gcrích acu le IAEA. Glacfaidh siad go hiomlán leis na bunphrionsabail sábháilteachta mar a shonraítear i gCaighdeáin na Sábháilteachta IAEA agus beidh siad ina bpáirtithe sna coinbhinsiúin ábhartha, amhail an Coinbhinsiún ar shábháilteacht núicléach agus an Coinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí, nó beidh céimeanna tugtha acu lena léirítear gealltanas daingean aontú do na coinbhinsiúin sin. I gcás comhar ghníomhach, déanfar meastóireacht ar an ngealltanas sin gach bliain, agus tuarascálacha náisiúnta agus doiciméid eile maidir le cur chun feidhme na gcoinbhinsiún ábhartha á gcur san áireamh. Ar bhonn na meastóireachta sin déanfar cinneadh maidir le leanúint den chomhar. I gcásanna éigeandála, ba cheart, go heisceachtúil, solúbthacht a léiriú agus na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm.

3.   Chun comhlíonadh chuspóirí comhair na hIonstraime a áirithiú agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcuspóirí sin, glacfaidh an tríú tír lena mbaineann leis an meastóireacht ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar. Leis an meastóireacht sin beifear in ann faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcuspóirí comhaontaithe agus féadfaidh sí a bheith ina coinníoll le go leanfar den ranníocaíocht ón gComhphobal a íoc.

4.   Níl sé d’aidhm ag comhar a thugann an tAontas i réimse na sábháilteachta núicléiche agus slándála faoin Rialachán seo fuinneamh núicléach a chur chun cinn agus mar sin ní léireofar é mar bheart chun an fuinneamh sin a chur chun cinn i dtríú tíortha.

Airteagal 13

Tairbhithe an chomhair

1.   Beidh comhar faoin Rialachán seo dírithe ar an méid seo a leanas:

(a)

na húdaráis rialála inniúla i réimse na sábháilteachta núicléiche agus na heagraíochtaí tacaíochta teicniúla a ainmnítear dóibh, chun a scileanna teicniúla, a neamhspleáchas agus atreisiú an chreata rialála sna hábhair ábhartha a mhéid a bhaineann le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht a ráthú;

(b)

na gníomhaireachtaí náisiúnta atá i gceannas ar bhainistiú sábháilte na dramhaíola radaighníomhaí chun gur féidir í a aicmiú, a chlárú agus a chuntas agus a stóráil go sábháilte;

(c)

aon gheallsealbhóirí i státchóras arb é a mhisean ábhar núicléach a chuntas agus a rialú chun coimircí éifeachtúla éifeachtacha a bhunú;

(d)

oibreoirí stáisiún núicléach, i gcásanna eisceachtúla, teoranta do chur chun feidhme an mholta ón athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca agus sábháilteachta (tástálacha struis) arna dhéanamh ag ENSREG.

2.   Déanfar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(1) a shaothrú go háirithe trí bhíthin na mbeart seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta agus córais an chreata rialála a atreisiú;

(b)

socruithe éifeachtacha a bhunú chun timpistí ag a mbíonn iarmhairtí raideolaíocha a chosc, lena n-áirítear nochtadh de thimpiste, mar aon le maolú na n-iarmhairtí sin má tharlaíonn siad;

(c)

straitéisí agus creataí, modheolaíochtaí, teicneolaíocht agus cineálacha cur chuige a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun bainistiú freagrach sábháilte a dhéanamh ar bhreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach;

(d)

tacaíocht chun sábháilteacht suiteálacha agus suíomhanna núicléacha a áirithiú maidir le bearta cosanta praiticiúla atá ceaptha chun rioscaí a bhaineann le radaíocht atá ann cheana do shláinte oibrithe agus an phobail go ginearálta a laghdú;

(e)

straitéisí agus creataí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun suiteálacha núicléacha atá ann cheana féin a dhíchoimisiúnú, chun iar-shuíomhanna núicléacha agus láithreacha táirgeachta stairiúla úráiniam a fheabhsú, agus chun nithe radaighníomhacha a chuaigh go tóin poill agus ábhar ar muir a aisghabháil agus a bhainistiú;

(f)

an creat rialála, na modheolaíochtaí, an teicneolaíocht agus na cineálacha cur chuige is gá a bhunú chun coimircí núicléacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear chun cuntasacht cheart agus rialú ceart a dhéanamh ar ábhair inscoilte ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal oibreoirí;

(g)

tacaíocht chun pearsanra a oiliúint;

(h)

soláthar teoranta trealaimh i gcásanna eisceachtúla le haghaidh oibreoirí stáisiún núicléach, dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.

I gcásanna sonracha a bhfuil údar cuí leo, déanfar na bearta a bhaineann le pointe (a) den chéad fhomhír a chur chun feidhme trí mheán comhar idir oibreoirí agus/nó eagraíochtaí inniúla de chuid na mBallstát agus oibreoirí suiteálacha núicléacha de chuid tríú tíortha mar a shainítear in Airteagal 3(1) de Threoir 2009/71/Euratom.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 7(3) maidir le bearta a bhaineann le pointe (h) den chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 14

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

1.   Déanfar faireachán, tuairisciú agus meastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 41(2), (4), (5) agus (6), agus Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/947.

2.   Déanfar baint amach chuspóir na hIonstraime seo a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas agus an tionchar a bheidh acu ar shábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht agus cur i bhfeidhm coimircí éifeachtúla éifeachtacha ábhar núicléach:

(a)

gníomhartha dlíthiúla agus rialála arna n-ullmhú, arna dtabhairt isteach agus/nó arna n-athbhreithniú agus na caighdeáin is airde sábháilteachta núicléiche á gcur san áireamh;

(b)

staidéir ar dhearadh, ar choincheap nó staidéir féidearthachta chun saoráidí a bhunú i gcomhréir leis na caighdeáin is airde sábháilteachta núicléiche; agus

(c)

torthaí na sábháilteachta núicléiche, na cosanta ar radaíocht agus bearta éifeachtúla éifeachtacha chun feabhas a chur ar choimircí, bunaithe ar na caighdeáin is airde sábháilteachta núicléiche, cosanta ar radaíocht agus coimircí núicléacha, lena n-áirítear torthaí na n-athbhreithnithe piaraí idirnáisiúnta arna gcur chun feidhme i saoráidí núicléacha.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Coiste

1.   Tabharfaidh an coiste don Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 16

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht, agus maolú ar cheanglais infheictheachta

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht a bhaineann leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3 agus maolú ar cheanglais infheictheachta, déanfar iad i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) 2021/947.

Airteagal 17

SEGS

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 18

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014.

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin arna dtionscnamh de bhun Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais na hIonstraime na speansais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Ionstraim agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 a áirithiú.

3.   Féadfar caiteachais a bhaineann le hullmhú aon Rialacháin a thiocfaidh in ionad an Rialacháin seo a chumhdach le himchlúdach airgeadais na hIonstraime seo.

4.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 6 a chumhdach, chun go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach gcuirfear i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. SIZA VIEIRA


(1)  Tuairim an 17 Eanáir 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(4)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(5)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(6)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianaíoch, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).

(7)  Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach (IO L 77, 15.3.2014, lch. 109).

(8)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(12)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(13)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(17)  Cinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle an 29 Márta 1977 ag cumhachtú don Choimisiún iasachtaí Euratom a eisiúint chun rannchuidiú le stáisiúin núicléacha a mhaoiniú (IO L 88, 6.4.1977, lch. 9).

(18)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(19)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).


Top