Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0600

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/600 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    C/2021/2549

    IO L 127, 14.4.2021, p. 26–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/600/oj

    14.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 127/26


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/600 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Aibreán 2021

    maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (2)

    Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d'fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

    (3)

    De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

    (4)

    Is iomchuí foráil i ndáil le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, faisnéis nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, go bhféadfaidh an sealbhóir, ar feadh tréimhse áirithe, leanúint air ag agairt na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

    (5)

    Níor thug an Coiste um an gCód Custaim tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad a dhéanfar a aicmiú faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

    Airteagal 2

    Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is faisnéis í is féidir a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Gerassimos THOMAS

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


    (1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar na hearraí

    Rangú

    (Cód-AC)

    Cúiseanna

    (1)

    (2)

    (3)

    Slata cóimhiotail tungstain a bhfuil níos mó ná 94 % tungstan iontu de réir meáchain agus 1,5 % lantanam de réir meáchain, fad 150 mm iontu agus trastomhas 3 mm. Ní trína sintéarú amháin a fhaightear na slata, níl aon bhratú orthu, agus ní dhéantar iad a chroíleacan d’ábhar flosca. Tá barr maol orthu agus bun maol (i.e. níl aon bhior orthu), agus tá dath ina mharc ar gach ceann díobh faoi seach. An marc daite atá orthu, sin tásc ar a bhfuil iontu den eilimint chóimhiotail agus den eilimint tungstain. Is ina mbaisceanna a phacáiltear na slata.

    Leis an dearadh atá ar na slata, is féidir faobhar a chur orthu agus a n-úsáid ina leictreoidí táthaithe le haghaidh táthú (Tungstan Támhgháis) TIG. Is éard is cuspóir don leictreoid le linn an phróisis táthaithe cruth a chur ar an stua idir an leictreoid agus an t-earra atá á shaothrú. Ní leánn an leictreoid le linn an phróisis; i.e. is rud do-ídithe é.

    8101 99 10

    Is le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte a chinntear an t-aicmiú, nóta 3 agus nóta 5 (a) go Roinn XV, nóta 1 (d) a ghabhann le Caibidil 74, nóta fo-cheannteidil 1 a ghabhann le Caibidil 81 agus le foclaíocht chóid AC 8101 , 8101 99 agus 8101 99 10 .

    Bíonn meilt den chineál faoi leith le déanamh ar bhior na slat ionas go mbeidh an bior ar an gcruth is gá le leictreoidí a dhéanamh de a fhéadfar a úsáid i gceart le haghaidh táthú TIG. Dá bhrí sin, nuair a bheifear ag taispeáint an earra sin do lucht custaim, na tréithe oibiachtúla atá ag roinnt leis an earra, ní hionann iad agus na tréithe oibiachtúla atá sna leictreoidí táthaithe le haghaidh inneall táthaithe faoi cheannteideal 8515 . De thoradh air sin, maidir leis na miotal atá faoi cheannteideal 8515 agus rangú na miotal sin mar pháirteanna d’innill nó de threalamh le haghaidh stuatháthú, déantar sin a eisiamh.

    I bhfianaise na dtréithe agus na n-airíonna oibiachtúla atá ag an earra, tagann sé faoi fhoclaíocht cheannteideal 8101 lena n-áirítear tungstan agus earraí atá déanta as tungstan. (Féach freisin an chéad mhír de Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (HSEN) faoi cheannteideal 8101 , mír lena léirítear gur faoin gceannteideal seo is ceart tungstan i bhfoirm barraí rollta nó tarraingthe a áireamh. Is foráil í sin atá i gcomhréir leis an gcéad mhír de HSEN freisin maidir le ceannteideal 8311 , foráil a ndéantar leictreoidí de mhiotal neamhbhuana nach bhfuil brataithe le hábhar flosca nó croíleacaithe le hábhar flosca a eisiamh dá réir ó cheannteideal 8311 , leictreoidí atá le haicmiú sna Caibidlí iomchuí de réir na gcomhábhar atá iontu.)

    Dá bhrí sin, is faoi chód AC 8101 99 10 atá an t-earra le rangú, agus is ina bharraí agus ina shlata tungstain atá sé le rangú, ní hionann agus barraí agus slata a fhaightear go simplí de shintéarú.


    Top