Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0475

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/475 ón gCoimisiún an 17 Márta 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Münchener Bier” (TGFC)

    C/2021/1919

    IO L 99, 22.3.2021, p. 35–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/475/oj

    22.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 99/35


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/475 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Márta 2021

    lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin

    “Münchener Bier” (TGFC)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhua na chéad fhomhíre d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gearmáine ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Münchener Bier”, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1549/98 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1156/2007 ón gCoimisiún (3) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 266/2013 ón gCoimisiún (4).

    (2)

    Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (5).

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós rud é nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas freasúra don Choimisiún, ní mór an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Münchener Bier’ (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1549/98 ón gCoimisiún an 17 Iúil 1998, lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 202, 18.7.1998, lch. 25).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1156/2007 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2007 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Münchener Bier (TGFC)) (IO L 258, 4.10.2007, lch. 13).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 266/2013 ón gCoimisiún an 18 Márta 2013 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Münchener Bier (TGFC)) (IO L 82, 22.3.2013, lch. 36).

    (5)  IO C 398, 23.11.2020, lch. 21.


    Top