EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0094

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/94 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le socrú na bpraghsanna ionadaíocha in earnálacha na feola, na héanlaithe clóis agus na n-uibheacha mar aon le gealacáin uibhe

C/2021/550

IO L 31, 29.1.2021, p. 196–197 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/94/oj

29.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 31/196


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/94 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le socrú na bpraghsanna ionadaíocha in earnálacha na feola, na héanlaithe clóis agus na n-uibheacha mar aon le gealacáin uibhe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183, pointe b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar den toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2) go háirithe Airteagal 5, mír 6, pointe a),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2)

Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1484/2009 a leasú dá réir sin.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, is é lá a fhoilsithe ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sin é an lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiún,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh  (1)

0207 14 10

Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

184,7

139.9

197.6

38

60

31

AR

BR

TH

1602 32 11

Táirgí ullmhaithe nach bhfuil bruite de chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus

151,5

49

BR


(1)  Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).”


Top