This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021L0746
Commission Implementing Directive (EU) 2021/746 of 6 May 2021 amending Directives 2003/90/EC and 2003/91/EC as regards the protocols for the examination of certain varieties of agricultural plant species and vegetable species, and amending Directive 2003/90/EC as regards certain botanical names of plants (Text with EEA relevance)
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/746 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí, agus lena leasaítear Treoir 2003/90/CE maidir le hainmneacha áirithe luibheolaíocha ar phlandaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/746 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí, agus lena leasaítear Treoir 2003/90/CE maidir le hainmneacha áirithe luibheolaíocha ar phlandaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/3122
IO L 160, 7.5.2021, p. 94–103
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/94 |
TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/746 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2021
lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí, agus lena leasaítear Treoir 2003/90/CE maidir le hainmneacha áirithe luibheolaíocha ar phlandaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 7(2)(a) agus (b) de,
Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí (2), a mhargú, agus go háirithe Airteagal 7(2)(a) agus (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm do Threoracha 2003/90/CE (3) agus 2003/91/CE (4) ón gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO). Go háirithe, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na saintréithe atá le cumhdach mar íoscheanglas le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus glasraí. I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (UPOV). |
(2) |
Tá prótacail agus treoirlínte breise leagtha síos ag CPVO agus UPOV agus tá cinn atá ann cheana tugtha cothrom le dáta acu, go háirithe maidir leis na réimsí: pis mhachaire, ráib svaeid, cadás, coirce, tiomóid, praiseach dhonn, brocailí, piobar, mealbhacán, bliosán cruinn, tráta, pis, spionáiste, agus fréamhstoic trátaí. Ba cheart, Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a oiriúnú dá réir sin chun na hathruithe sin a léiriú. |
(3) |
Leasaíodh Treoracha 66/401/CEE (5) agus 66/402/CEE (6) ón gComhairle le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/415 ón gCoimisiún (7) a mhéid a bhaineann le hainmneacha luibheolaíocha áirithe de chruithneacht feisciú crua, cruithneacht chrua, speilt, sorgam agus sorgam Súdánach chun forbairt an eolais eolaíoch a léiriú. Ba cheart Treoir 2003/90/CE a oiriúnú dá réir chun na leasuithe sin a léiriú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a leasú dá réir. |
(5) |
I gcás cineálacha áirithe nár glacadh lena n-áireamh i gCatalóg Choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta nó glasraí, cuireadh tús le scrúduithe oifigiúla roimh an 1 Eanáir 2022 i gcomhréir le forálacha phrótacail CPVO nó threoirlínte UPOV a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2003/90/CE nó 2003/91/CE faoi seach mar a bhí siad sular leasaíodh iad leis an Treoir seo. Ionas nach gcuirfear isteach ar na scrúduithe sin, is iomchuí i gcás na scrúduithe sin, gurb iad na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE mar a bhí siad sular leasaíodh iad, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2003/90/CE
Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2003/90/CE.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE
Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/91/CE.
Airteagal 3
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
I gcás scrúduithe ar chineálacha a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2022, is iad na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE mar a bhí siad sular leasaíodh iad, a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 193, 20.7.2002, lch. 1.
(2) IO L 193, 20.7.2002, lch. 33.
(3) Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 254, 8.10.2003, lch. 7).
(4) Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis glasraí (IO L 254, 8.10.2003, lch. 11).
(5) Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2298).
(6) Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach farae a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2309).
(7) Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/415 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear Treoracha 66/401/CEE agus 66/402/CEE ón gComhairle chun grúpaí tacsanomaíocha agus ainmneacha speiceas áirithe síolta agus fiailí a oiriúnú don dul chun cinn atá déanta san eolas eolaíoch agus teicniúil (IO L 81, 9.3.2021, lch. 65).
IARSCRÍBHINN
Cuid A – Leasuithe ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2003/90/CE
“IARSCRÍBHINN I
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh (*)
Ainm eolaíoch |
Gnáthainm |
Prótacal CPVO |
Festuca arundinacea Schreb. |
Feisciú ard |
TP 39/1 an 1.10.2015 |
Festuca filiformis Pourr. |
Feisciú sléibhe |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Festuca ovina L. |
Féar caorach |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Festuca pratensis Huds. |
Feisciú móinéir |
TP 39/1 an 1.10.2015 |
Festuca rubra L. |
Feisciú dearg |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Festuca trachyphylla (Hack.) Hack. |
Feisciú crua |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Lolium multiflorum Lam. |
Seagalach Iodálach ilbhláthach |
TP 4/2 an 19.3.2019 |
Lolium perenne L. |
Seagalach bhuan |
TP 4/2 an 19.3.2019 |
Lolium x hybridum Hausskn. |
Seagalach hibrideach |
TP 4/2 an 19.3.2019 |
Pisum sativum L. (partim) |
Pis mhachaire |
TP 7/2 Athbhreithniú 3 an 6.3.2020 |
Poa pratensis L. |
Cuise mín |
TP 33/1 an 15.3.2017 |
Vicia faba L. |
Pónaire mhachaire |
TP 8/1 an 19.3.2019 |
Vicia sativa L. |
Peasair chapaill |
TP 32/1 an 19.4.2016 |
Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb. |
Svaeid |
TP 89/1 an 11.3.2015 |
Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers. |
Raidis farae |
TP 178/1 an 15.3.2017 |
Brassica napus L. (partim) |
Ráib svaeid |
TP 36/3 an 21.4.2020 |
Cannabis sativa L. |
Cnáib |
TP 276/1 Athbhreithniú Páirteach an 21.3.2018 |
Glycine max (L.) Merr. |
Pónaire shoighe |
TP 80/1 an 15.3.2017 |
Gossypium spp. |
Cadás |
TP 88/2 an 11.12.2020 |
Helianthus annuus L. |
Lus na gréine |
TP 81/1 an 31.10.2002 |
Linum usitatissimum L. |
Líon/Ros lín |
TP 57/2 an 19.3.2014 |
Sinapis alba L. |
Sceallagach |
TP 179/1 an 15.3.2017 |
Avena nuda L. |
Mionchoirce lom, coirce gan cháithleach |
TP 20/3 an 6.3.2020 |
Avena sativa L. (A. byzantina K. Koch san áireamh) |
Coirce agus coirce dearg |
TP 20/3 an 6.3.2020 |
Hordeum vulgare L. |
Eorna |
TP 19/5 an 19.3.2019 |
Oryza sativa L. |
Rís |
TP 16/3 an 1.10.2015 |
Secale cereale L. |
Seagal |
TP 58/1 an 31.10.2002 |
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor |
Sorgam |
TP 122/1 an 19.3.2019 |
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse |
Sorgam Súdánach |
TP 122/1 an 19.3.2019 |
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse |
Hibridí a eascraíonn as crosphórú Sorghum bicolor subsp. bicolor agus Sorghum bicolor subsp. drummondii |
TP 122/1 an 19.3.2019 |
xTriticosecale Wittm. ex A. Camus |
Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Triticum agus speicis den ghéineas Secale |
TP 121/2 Athbhreithniú 1 an 16.2.2011 |
Triticum aestivum L. subsp. aestivum |
Cruithneacht |
TP 3/5 an 19.3.2019 |
Triticum turgidum L. subsp. durum (Desf.) van Slageren |
Cruithneacht chrua (dúram) |
TP 120/3 an 19.3.2014 |
Zea mays L. (partim) |
Arbhar Indiach |
TP 2/3 an 11.3.2010 |
Solanum tuberosum L. |
Práta |
TP 23/3 an 15.3.2017 |
IARSCRÍBHINN II
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh (*)
Ainm eolaíoch |
Gnáthainm |
Treoirlíne UPOV |
Beta vulgaris L. |
Biatas farae |
TG/150/3 an 4.11.1994 |
Agrostis canina L. |
Feorainn shlim |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Agrostis gigantea Roth |
Feorainn dhubh |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Agrostis stolonifera L. |
Muiríneach reatha |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Agrostis capillaris L. |
Feorainn mhín |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Bromus catharticus Vahl |
Brómas machaire |
TG/180/3 an 4.4.2001 |
Bromus sitchensis Trin. |
Brómas Alascach |
TG/180/3 an 4.4.2001 |
Dactylis glomerata L. |
Garbhfhéar |
TG/31/8 an 17.4.2002 |
xFestulolium Asch. et Graebn. |
Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Festuca agus speicis den ghéineas Lolium |
TG/243/1 an 9.4.2008 |
Phleum nodosum L. |
Tiomóid bheag |
TG/34/7 an 17.12.2020 |
Phleum pratense L. |
Tiomóid |
TG/34/7 an 17.12.2020 |
Lotus corniculatus L. |
Crobh éin |
TG 193/1 an 9.4.2008 |
Lupinus albus L. |
Lúipín bán |
TG/66/4 an 31.3.2004 |
Lupinus angustifolius L. |
Lúipín caol |
TG/66/4 an 31.3.2004 |
Lupinus luteus L. |
Lúipín buí |
TG/66/4 an 31.3.2004 |
Medicago doliata Carmign. |
Meidic spíondíreach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago italica (Mill.) Fiori |
Meidic dhioscach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago littoralis Rohde ex Loisel. |
Meidic chladaigh/Meidic thrá |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago lupulina L. |
Dúmheidic |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago murex Willd. |
Meidic spíonach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago polymorpha L. |
Meidic leadánach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago rugosa Desr. |
Meidic rocach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago sativa L. |
Meidic na mbó |
TG/6/5 an 6.4.2005 |
Medicago scutellata (L.) Mill. |
Meidic sheilide/Meidic scéithe |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago truncatula Gaertn. |
Meidic bharrscoite |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago x varia T. Martyn |
Meidic ghainimh |
TG/6/5 an 6.4.2005 |
Trifolium pratense L. |
Seamair dhearg |
TG/5/8 an 17.12.2020 |
Trifolium repens L. |
Seamair bhán |
TG/38/7 an 9.4.2003 |
Trifolium subterraneum L. |
Seamair faoi thalamh |
TG/170/3 an 4.4.2001 |
Phacelia tanacetifolia Benth. |
Cloigín gorm Calafoirniach |
TG/319/1 an 5.4.2017 |
|
|
|
Arachis hypogaea L. |
Pis talún |
TG/93/4 an 9.4.2014 |
Brassica juncea (L.) Czern |
Praiseach dhonn |
TG/335/1 an 17.12.2020 |
Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs |
Tornapa ráibe |
TG/185/3 an 17.4.2002 |
Carthamus tinctorius L. |
Cróch bréige |
TG/134/3 an 12.10.1990 |
Papaver somniferum L. |
Poipín |
TG/166/4 an 9.4.2014 |
Cuid B – Leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/91/CE
“IARSCRÍBHINN I
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh (*)
Ainm eolaíoch |
Gnáthainm |
Prótacal CPVO |
Allium cepa L. (grúpa Cepa) |
Oinniún agus Scailliún |
TP 46/2 an 1.4.2009 |
Allium cepa L. (Aggregatum group) |
Seallóid |
TP 46/2 an 1.4.2009 |
Allium fistulosum L. |
Ciobúl |
TP 161/1 an 11.3.2010 |
Allium porrum L. |
Cainneann |
TP 85/2 an 1.4.2009 |
Allium sativum L. |
Gairleog |
TP 162/1 an 25.3.2004 |
Allium schoenoprasum L. |
Síobhas |
TP 198/2 an 11.3.2015 |
Apium graveolens L. |
Soilire |
TP 82/1 an 13.3.2008 |
Apium graveolens L. |
Soiliriac |
TP 74/1 an 13.3.2008 |
Asparagus officinalis L. |
Lus súgach |
TP 130/2 an 16.2.2011 |
Beta vulgaris L. |
Biatas lena n-áirítear biatas Cheltenham |
TP 60/1 an 1.4.2009 |
Beta vulgaris L. |
Biatas bán nó Seardas |
TP 106/1 an 11.3.2015 |
Brassica oleracea L. |
Cál catach |
TP 90/1 an 16.2.2011 |
Brassica oleracea L. |
Cóilis |
TP 45/2 Athbhreithniú 2 an 21.3.2018 |
Brassica oleracea L. |
Brocailí nó brocailí Calabrach |
TP 151/2 Athbhreithniú 2 an 21.4.2020 |
Brassica oleracea L. |
Bachlóga Bruiséile |
TP 54/2 Athbhreithniú an 15.3.2017 |
Brassica oleracea L. |
Cálráib |
TP 65/1 Athbhreithniú an 15.3.2017 |
Brassica oleracea L. |
Cabáiste saváí, cabáiste bán agus cabáiste dearg |
TP 48/3 Athbhreithniú an 15.3.2017 |
Brassica rapa L. |
Cabáiste Síneach |
TP 105/1 an 13.3.2008 |
Capsicum annuum L. |
Sillí nó piobar |
TP 76/2 Athbhreithniú 2 an 21.4.2020 |
Cichorium endivia L. |
Searbhán cas agus searbhán muc |
TP 118/3 an 19.3.2014 |
Cichorium intybus L. |
Siocaire tionsclaíoch |
TP 172/2 an 1.12.2005 |
Cichorium intybus L. |
Siocaire duilleach |
TP 154/1 Athbhreithniú an 19.3.2019 |
Cichorium intybus L. |
Siocaire bánduille |
TP 173/2 an 21.3.2018 |
Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai |
Mealbhacán uisce |
TP 142/2 an 19.3.2014 |
Cucumis melo L. |
Mealbhacán |
TP 104/2 Athbhreithniú an 21.4.2020 |
Cucumis sativus L. |
Cúcamar agus gircín |
TP 61/2 Athbhreithniú 2 an 19.3.2019 |
Cucurbita maxima Duchesne |
Gurd |
TP 155/1 an 11.3.2015 |
Cucurbita pepo L. |
Mearóg nó cúirséad |
TP 119/1 Athbhreithniú an 19.3.2014 |
Cynara cardunculus L. |
Bliosán cruinn agus cardún |
TP 184/2 Athbhreithniú an 6.3.2020 |
Daucus carota L. |
Cairéad agus cairéad farae |
TP 49/3 an 13.3.2008 |
Foeniculum vulgare Mill. |
Finéal |
TP 183/1 an 25.3.2004 |
Lactuca sativa L. |
Leitís |
TP 13/6 Athbhreithniú an 15.2.2019 |
Solanum lycopersicum L. |
Tráta |
TP 44/4 Athbhreithniú 4 an 21.4.2020 |
Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill |
Peirsil |
TP 136/1 an 21.3.2007 |
Phaseolus coccineus L. |
Pónaire reatha |
TP 9/1 an 21.3.2007 |
Phaseolus vulgaris L. |
Mionphónaire Fhrancach agus pónaire Fhrancach dhreaptha |
TP 12/4 an 27.2.2013 |
Pisum sativum L. (partim) |
Pis rocach, pis chruinn agus pis mhilis |
TP 7/2 Athbhreithniú 3 an 6.3.2020 |
Raphanus sativus L. |
Raidis, meacan dubh |
TP 64/2 Athbhreithniú Ceartaithe an 11.3.2015 |
Rheum rhabarbarum L |
Biabhóg |
TP 62/1 an 19.4.2016 |
Scorzonera hispanica L. |
Salsabh dubh |
TP 116/1 an 11.3.2015 |
Solanum melongena L. |
Ubhthoradh |
TP 117/1 an 13.3.2008 |
Spinacia oleracea L. |
Spionáiste |
TP 55/5 Athbhreithniú 3 an 6.3.2020 |
Valerianella locusta (L.) Laterr. |
Sailéad uain nó ceathrú uain |
TP 75/2 an 21.3.2007 |
Vicia faba L. (partim) |
Pónaire leathan |
TP 206/1 an 25.3.2004 |
Zea mays L. (partim) |
Grán milis agus grán rósta |
TP 2/3 an 11.3.2010 |
Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum peruvianum (L.) Mill.; Solanum lycopersicum L. x Solanum cheesmaniae (L. Ridley) Fosberg; Solanum pimpinellifolium L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner |
Fréamhstoic trátaí |
TP 294/1 Athbhreithniú 4 an 21.4.2020 |
Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne |
Hibridí idirspeiceasacha de Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne lena n-úsáid mar fhréamhstoic |
TP 311/1 an 15.3.2017 |
IARSCRÍBHINN II
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh (*)
Ainm eolaíoch |
Gnáthainm |
Treoirlíne UPOV |
Brassica rapa L. |
Tornapa |
TG/37/10 an 4.4.2001 |
(*) Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).
(*) Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).
(*) Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).
(*) Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).