Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2120

Cinneadh (AE) 2021/2120 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú

ST/13542/2021/INIT

IO L 430, 2.12.2021, pp. 28–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2120/oj

2.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 430/28


CINNEADH (AE) 2021/2120 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1) (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”), síníodh é in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreáin 2003. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE (2) (“an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha”), tá feidhm le bheith ag an gcomhaontú go dtí an 30 Samhain 2021.

(2)

De bhun Airteagal 95(4), an chéad fhomhír, den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua (“an Comhaontú nua") i mí Mheán Fómhair 2018. Ní bheidh an Comhaontú nua réidh le cur i bhfeidhm faoin 30 Samhain 2021, dáta éaga an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, is gá an Cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú d’fhonn síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 95(4), an dara fomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go nglacfaidh Comhairle na nAirí ACC-AE aon bhearta idirthréimhseacha a bhféadfadh gá a bheith leo go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm.

(4)

De bhun Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, an 23 Bealtaine 2019, tharmlig Comhairle Airí ACC-AE na cumhachtaí chun na bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE (3). Is faoi Choiste Ambasadóirí ACC-AE atá sé, dá bhrí sin, na bearta idirthréimhseacha a leasú de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a bhunú, ós rud é go mbeidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(6)

Leanfar d’fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i bhfeidhm chun leanúnachas a choimeád ar bun sa chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Stáit ACC, ar an taobh eile. Dá réir sin, ní hé is aidhm do na bearta idirthréimhseacha leasaithe a bheith ina leasuithe ar Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE faoi dá bhforáiltear dóibh in Airteagal 95(3) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Meitheamh 2022, nó go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm nó go dtí go ndéanfar an Comhaontú nua idir an tAontas agus Stáit ACC a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, cibé acu is túisce.

Cuirfear forálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE i bhfeidhm i gcomhréir le cuspóir agus aidhm Airteagal 95(4) de.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).

(2)  Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3).

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhairle Airí ACC-AE an 23 Bealtaine 2019 maidir le tarmligean cumhachtaí chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca leis an gcinneadh bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 146, 5.6.2019, lch. 114).


Top