EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1092

Cinneadh (AE) 2021/1092 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2021 lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta le haghaidh fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i réimse na sábháilteachta eitlíochta

ST/8507/2021/REV/1

IO L 236, 5.7.2021, p. 51–54 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/11/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1092/oj

5.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/51


CINNEADH (AE) 2021/1092 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Meitheamh 2021

lena mbunaítear na critéir agus an nós imeachta le haghaidh fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i réimse na sábháilteachta eitlíochta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 agus lena rialaítear aeriompar idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”), i bhfeidhm an 4 Aibreán 1947. Bunaíodh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) leis.

(2)

Is Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Chicago iad Ballstáit an Aontais, agus is Stáit Chonarthacha ICAO iad, agus tá stádas breathnóra ag an Aontas Eorpach i gcomhlachtaí áirithe de chuid ICAO.

(3)

De bhun Airteagal 54 de Choinbhinsiún Chicago, féadfaidh Comhairle ICAO caighdeáin idirnáisiúnta (“na caighdeáin”) agus cleachtais mholta maidir le heitlíocht a ghlacadh agus iad a ainmniú mar Iarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago (“Iarscríbhinní ICAO”), go háirithe a mhéid a bhaineann le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta.

(4)

De bhun Airteagal 90 de Choinbhinsiún Chicago, tá aon Iarscríbhinn de chuid ICAO nó aon leasú ar Iarscríbhinn de chuid ICAO chun éifeacht a bheith aige laistigh de 3 mhí tar éis í a thíolacadh do Stáit Chonarthacha ICAO, nó ag deireadh cibé tréimhse ama is faide a fhorordóidh Comhairle ICAO, mura rud é go gcláraíonn tromlach de Stáit Chonarthacha ICAO a míshástacht idir an dá linn.

(5)

A luaithe a ghlacfar caighdeáin agus a thiocfaidh siad chun a bheith éifeachtach, beidh siad ina gceangail ar gach Stát Conarthach ICAO, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach i gCoinbhinsiún Chicago, agus laistigh de na teorainneacha sin.

(6)

De bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, más dofheidhmithe d’aon Stát Conarthach ICAO aon chaighdeán a chomhlíonadh go hiomlán, nó a rialacháin nó a chleachtais féin a chur i gcomhréir go hiomlán le haon chaighdeán tar éis leasú a dhéanamh ar an gcaighdeán sin, nó má mheasann sé é a bheith riachtanach rialacháin nó cleachtais a ghlacadh atá éagsúil ar aon dóigh leis na rialacháin nó na cleachtais arna mbunú le caighdeán, tabharfaidh an Stát sin fógra láithreach do ICAO faoi na difríochtaí idir a rialacháin nó a chleachtais féin agus na cinn arna mbunú leis an gcaighdeán. I gcás ina ndéanfar leasuithe ar chaighdeáin, ní mór d’aon Stát nach ndéanann na leasuithe iomchuí ar a rialacháin nó ar a chleachtais féin fógra a thabhairt do Chomhairle ICAO laistigh de 60 lá tar éis an leasú ar an gcaighdeán a ghlacadh, nó an ghníomhaíocht a bheartaíonn sé a dhéanamh a chur in iúl.

(7)

Mar gheall ar rialacha inmheánacha ICAO, go háirithe na spriocdhátaí arna leagan amach ag ICAO do Stáit Chonarthacha ICAO maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin, mar aon le líon na ndifríochtaí i réimse na sábháilteachta eitlíochta a bhfuil fógra le tabhairt fúthu gach bliain, is deacair an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhunú i gCinneadh ón gComhairle bunaithe ar Airteagal 218(9) den Chonradh in am trátha do gach difríocht a bhfuil fógra le tabhairt fúithi. Thairis sin, baineann na caighdeáin arna nglacadh ag Comhairle ICAO i réimse na sábháilteachta eitlíochta cuid mhaith le hábhair a dtugtar inniúlacht eisiach don Aontas ina leith. Is éifeachtúil agus is iomchuí, dá bhrí sin, creat a bhunú le haghaidh na critéir agus an nós imeachta a bheidh le leanúint chun fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin i réimse na sábháilteachta eitlíochta a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, gan dochar do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago.

(8)

I bhfianaise shainiúlacht earnáil na sábháilteachta eitlíochta i gcomparáid le hearnálacha eile a mbíonn ICAO ag plé leo, go háirithe líon ard na gcaighdeán arna nglacadh ag Comhairle ICAO san earnáil sin agus líon na ndifríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu gach bliain, baineann an Cinneadh seo le réimse na sábháilteachta eitlíochta chun próisis a shruthlíniú agus fógraí iomadúla a láimhseáil ar bhealach éifeachtúil. Ar leibhéal ICAO, cuimsítear caighdeáin sábháilteachta don eitlíocht, den chuid is mó, in Iarscríbhinní ICAO 1, 6, 8, 14, 18 agus 19. Ar leibhéal an Aontais, léirítear na ceanglais atá sna caighdeáin sin go háirithe i Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh ar a bhonn, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 (2), (AE) Uimh. 748/2012 (3), (AE) Uimh. 965/2012 (4), (AE) Uimh. 139/2014 (5), (AE) Uimh. 452/2014 (6), (AE) Uimh. 1321/2014 (7), agus (AE) 2015/640 (8) ón gCoimisiún, mar aon le Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005 (9) agus (AE) Uimh. 376/2014 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(9)

Ina theannta sin, ba cheart an Cinneadh seo a theorannú do na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais in ICAO i réimsí a bhaineann le hinniúlacht eisiach an Aontais.

(10)

Féadfaidh difríochtaí idir caighdeáin arna nglacadh ag Comhairle ICAO eascairt as dlí an Aontais de bharr glacadh caighdeáin nua nó caighdeáin leasaithe ag an gComhairle sin, nó de bharr modhnú ar dhlí an Aontais. I ndáil leis na difríochtaí sin, ba cheart an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais a bheith bunaithe ar dhoiciméad i scríbhinn a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle in am trátha chun é a phlé agus a fhormheas.

(11)

Féadfaidh difríochtaí idir caighdeáin arna nglacadh ag Comhairle ICAO i réimse na sábháilteachta eitlíochta eascairt as bearta náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139 i gcás cúinsí práinneacha neamh-intuartha, i gcás ina bhfuil na bearta sin éagsúil le caighdeáin agus, dá bhrí sin, ina n-éilítear fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí do ICAO de bhun Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago. Dá bhrí sin, is iomchuí a shainiú sa Chinneadh seo freisin an nós imeachta a bheidh le leanúint chun na difríochtaí sin a shainiú. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith ag brath ar raon feidhme agus ar fhad na mbeart náisiúnta arna nglacadh, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, agus ba cheart dó é a chur ar chumas na mBallstát a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago a chomhlíonadh gan mhoill. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith gan dochar do na coinníollacha agus don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139.

(12)

Ba cheart na difríochtaí a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO a bheith bunaithe go háirithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart na difríochtaí a bheith ag leanúint na formáide atá sainithe ag ICAO ina Form on Notification of Compliance With or Differences [Foirm maidir le Fógra i ndáil le Comhlíonadh nó Difríochtaí] nó sa Chóras um Dhifríochtaí a Chomhdú go Leictreonach, i gcás ina n-éilíonn ICAO é. I gcás, de bhun an Chinnidh seo, ina mbeidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais leagtha síos i ndoiciméad i scríbhinn a thíolacfaidh an Coimisiún chuig an gComhairle chun é a phlé agus a fhormheas, ba cheart a léiriú sa doiciméad sin, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cás ar chás, ar cheart solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit chun fógra a thabhairt faoi na difríochtaí atá i gceist. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh tús a chur le hullmhú an doiciméid sin a luaithe is féidir ionas go mbeidh dóthain ama ann don ullmhúchán sin, lena n-áirítear aon chomhairliúchán iomchuí a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe.

(13)

Níor cheart sárú ar na hoibleagáidí atá ag na Ballstáit faoi dhlí an Aontais ná a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún Chicago a bheith i gceist le cur chun feidhme an Chinnidh seo, go háirithe i ndáil le comhlíonadh an spriocdháta chun fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí do ICAO.

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse teoranta, eadhon go dtí tar éis sheisiún Chomhairle ICAO tar éis an chéad Chomhthionóil eile de chuid ICAO, ionas go mbeidh an Chomhairle in ann measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Chinnidh seo agus cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, cibé acu an ndéanfar nó nach ndéanfar síneadh a chur lena chur i bhfeidhm nó an ndéanfar nó nach ndéanfar é a leasú ar shlí eile,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí i ndáil le caighdeáin atá in Iarscríbhinní 1, 6, 8, 14, 18 agus 19 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (“Coinbhinsiún Chicago”) i réimse na sábháilteachta eitlíochta, a mhéid a thagann na caighdeáin sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais, beidh sé bunaithe ar na critéir agus an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Chinneadh seo.

Airteagal 2

I gcás ina bhfuil difríocht idir dlí an Aontais agus na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo agus go gceanglaítear dá bhrí sin fógra a thabhairt do ICAO i ndáil leis na difríochtaí idir na caighdeáin sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha agus ar a laghad 2 mhí roimh aon spriocdháta a shocróidh ICAO chun fógra a thabhairt faoi dhifríochtaí, doiciméad i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, ar doiciméad é a bheidh bunaithe go háirithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1139, i gcás inarb infheidhme, ina leagfar amach na difríochtaí mionsonraithe a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO.

Airteagal 3

1.   I gcás ina nglacfaidh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139, bearta náisiúnta lena ndeonaítear díolúintí a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha aonair nó nach faide ná 8 mí a ré iomlán, agus i gcás gur bearta náisiúnta iad atá éagsúil leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo agus a éilíonn go dtabharfar fógra faoi dhifríochtaí idir na caighdeáin sin i gcomhréir le hAirteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago, cuirfidh an Ballstáit sin an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon difríocht ar tugadh fógra fúithi.

2.   I gcás ina mbeidh feidhm ghinearálta ag na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139 agus gur faide a ré iomlán ná 8 mí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis don Bhallstát lena mbaineann fógra a thabhairt dó faoi na díolúintí sin i gcomhréir le hAirteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, doiciméad i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, ar doiciméad é a bheidh bunaithe go háirithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh EASA ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 90(4) den Rialachán sin chomh maith le faisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil faoi Airteagal 71 den Rialachán sin, ina leagfar amach na difríochtaí mionsonraithe a bhfuil fógra le tabhairt fúthu do ICAO.

Airteagal 4

Ní bheidh sárú ar na hoibleagáidí atá ag na Ballstáit faoi dhlí an Aontais nó a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Airteagal 38 de Choinbhinsiún Chicago i gceist le cur chun feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 5

Déanfaidh na Ballstáit an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in ICAO a chur in iúl.

Airteagal 6

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Samhain 2022. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cur i bhfeidhm an Chinnidh a leathnú nó é a leasú ar shlí eile.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. P. MATOS FERNANDES


(1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí, codanna agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 ina leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir na n-oibreoirí tríú tíortha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí breise aeracmhainneachta i dtaca le cineál ar leith oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir cosc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (IO L 344, 27.12.2005, lch. 15).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).


Top