EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0075

Cinneadh (AE) 2021/75 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí

IO L 27, 27.1.2021, p. 18–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/75/oj

27.1.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 27/18


CINNEADH (AE) 2021/75 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit agus don Pholainn i ndáil le tubaiste nádúrtha agus chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (2), agus go háirithe pointe 11 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa, éifeachtúil agus solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2)

Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná méid uasta bliantúil EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (3).

(3)

An 10 Meitheamh 2020, chuir an Chróit iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis an chreatha talún i mí an Mhárta 2020 a bhuail cathair Shágraib agus contaetha Shágraib agus Krapina-Zagorje.

(4)

An 24 Lúnasa 2020, chuir an Pholainn iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí an Mheithimh 2020 i Podkarpackie Voivodeship.

(5)

Faoin 24 Meitheamh 2020, chuir an Chróit, Éire, an Ghearmáin, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn, agus an Ungáir iarratais isteach chun an Ciste a shlógadh i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 go luath in 2020. Ina n-iarratais, d’iarr gach ceann de na seacht mBallstát go n-íocfaí airleacan ar an ranníocaíocht a raibh súil acu léi as an gCiste.

(6)

Comhlíonann na hiarratais ón gCróit agus ón bPolainn i ndáil le tubaistí nádúrtha na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Chróit agus don Pholainn.

(8)

Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní buiséadacha leordhóthanacha ar fáil i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020, ba cheart an Ciste a shlógadh chun airleacain a íoc leis an gCróit, le hÉirinn, leis an nGearmáin, leis an nGréig, leis an bPortaingéil, leis an Spáinn agus leis an Ungáir i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(9)

Chun an Ciste a shlógadh a thapúla is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)

soláthrófar an méid EUR 683 740 523 don Chróit;

(b)

soláthrófar an méid EUR 7 071 280 don Pholainn.

Airteagal 2

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochta chun airleacain a íoc i ndáil le mór-éigeandáil sláinte poiblí a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)

soláthrófar an méid EUR 8 462 280 don Chróit;

(b)

soláthrófar an méid EUR 15 499 409 don Ghearmáin;

(c)

soláthrófar an méid EUR 4 535 700 don Ghréig;

(d)

soláthrófar an méid EUR 26 587 069 don Ungáir;

(e)

soláthrófar an méid EUR 23 279 441 d’Éirinn;

(f)

soláthrófar an méid EUR 37 528 511 don Phortaingéil;

(g)

soláthrófar an méid EUR 16 844 420 don Spáinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 25 Samhain 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.

(2)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


Top