Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1651

Cinneadh cur chun feidhme (CBES) 2020/1651 an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

IO L 370I, 6.11.2020, pp. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2020/1651/oj

6.11.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 370/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/1651

an 6 Samhain 2020

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1) agus go háirithe Airteagal 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES.

(2)

I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus aird againn ar na hairí rialtais a ceapadh le déanaí, ba cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2013/255/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A ("Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“303.

Bassam TOU’MA (dá ngairtear freisin TU’MA)

(بسام طعمة)

Dáta breithe: 1969

Áit bhreithe: Safita, Syria

Inscne: Fireann

Aire Ola agus Acmhainní Mianra. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

304.

Hassan GHABACHE (dá ngairtear freisin GHOBASH, AL-GHABBASH)

(حسن غباشة)

Dáta breithe: 1971

Áit bhreithe: Damascus, Syria

Inscne: Fireann

Aire Sláinte.

I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

305.

Ziyad SABBAGH

(زياد صباغ)

Dáta breithe: 1960

Áit bhreithe: Aleppo, Syria

Inscne: Fireann

Aire Tionscail.

I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

306.

Mohammed Hassan QATANA

(حسن قطانة)

Áit bhreithe: Damascus, Syria

Inscne: Fireann

Aire Talmhaíochta agus um Athriar Talúntais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

307.

Ghassan Zamel (dá ngairtear freisin Al-Zamil)

(غسان زامل)

Dáta breithe: 1963

Áit bhreithe: Damascus, Syria

Inscne: Fireann

Aire Leictreachais.

I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

308.

Mohamad (dá ngairtear freisin Mohammad) Fayez BARCHA (dá ngairtear freisin al-BARSHA, AL-BARSHA)

(محمد فايز برشة)

Dáta breithe: 1955

Áit bhreithe: Damascus, Syria

Inscne: Fireann

Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

309.

Malloul (dá ngairtear freisin Maloul) HUSSEIN (dá ngairtear freisin AL-HUSSEIN)

(ملول حسين)

Dáta breithe: 1950;

Áit bhreithe: Al-Hasakah Governorate, Syria;

Inscne: Fireann

Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.

6.11.2020

310.

Mohammad Samir HADDAD

(محمد سمير حداد)

Dáta breithe: 1956

Áit bhreithe: Tartous, Syria

Inscne: Fireann

Aire Stáit.

I mí Lúnasa 2020 a ceapadh.

Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.”

6.11.2020


Top