This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32019R0714
Commission Delegated Regulation (EU) 2019/714 of 7 March 2019 replacing Annex I and amending Annexes II and VII to Regulation (EU) No 211/2011 of the European Parliament and of the Council on the citizens' initiative
Rialachán tarmligthe (AE) 2019/714 ón gCoimisiún an 7 Márta 2019 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I agus lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
Rialachán tarmligthe (AE) 2019/714 ón gCoimisiún an 7 Márta 2019 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I agus lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
C/2019/1670
IO L 123, 10.5.2019, pp. 30–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R0788
|
10.5.2019 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
30 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2019/714 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Márta 2019
a chuirtear in ionad Iarscríbhinn I agus lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tionscnamh ó na saoránaigh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir leis an tionscnamh (1) ó na saoránaigh, agus go háirithe Airteagal 16 de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Tá i bhforáil in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 gur cheart go mbeadh líon íosta na sínitheoirí ar thionscnamh ó na saoránaigh ar aon líon le líon na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa a toghadh i ngach stát díobh sa cheathrú cuid de na Ballstáit ar a laghad, agus é iolraithe faoi 750. Tá na líonta íosta sin leagtha amach in Iarscríbhinn I den Rialachán sin. |
|
(2) |
An 29 Márta 2017, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) fógra isteach é a bheith de rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Rachaidh an fheidhm atá ag na Conarthaí i leith na Ríochta Aontaithe ar scor ón dáta ar a dtagann comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm nó, dá éagmais sin, 2 bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019 amach, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh a chur leis an tréimhse sin. |
|
(3) |
An 28 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh na Comhairle Eorpaí (AE) 2018/937 (2) faoina mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa. Is an 3 Iúil 2018 a tháinig an cinneadh sin i bhfeidhm, agus is ann a leagadh amach líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a bhí le toghadh i ngach Ballstát faoi seach don téarma parlaiminte 2019-2024 dar tús an 2 Iúil 2019. Ionas go mbeidh macasamhail na rialacha seo ann maidir le líon íosta na sínitheoirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 is iomchuí leasú ar Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011. Ba cheart go dtiocfadh an leasú i bhfeidhm an 2 Iúil 2019 nuair a bheidh tús le téarma parlaiminte 2019-2024. Mar sin féin, má tharlaíonn go gcuirtear síneadh leis an tréimhse 2 bhliain dá dtagraítear in Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach thar an dáta sin amach, is tar éis dul in éag don tréimhse a bhfuil síneadh léi ba cheart don leasú a bheith infheidhme. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart Iarscríbhinn I a ionadú. |
|
(4) |
Foráiltear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 go gceanglaítear ar eagraithe tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh an tionscnamh a chlárú leis an gCoimisiún, agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II den Rialachán sin a sholáthar. |
|
(5) |
Foráiltear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 gurb í an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII den Rialachán sin a úsáidfidh eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh agus iad á dtíolaic don Choimisiúin. |
|
(6) |
Tá fonóta in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn VII de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ina bhfuil faisnéis maidir leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta eagraithe agus sonraí urraí. An fhaisnéis atá san fhonóta sin, ní mór a giorrú agus a simpliú leis an díol mearbhaill a sheachaint idir é agus an ráiteas príobháideachais a úsáidtear i bpróiseáil na sonraí a thagann i gceist. |
|
(7) |
Is do Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá an tagairt san fhonóta (3). Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a aisghairm agus cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina ionad ón 11 Nollaig 2018 (4). Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 a bhaint amach as na fonótaí sin. |
|
(8) |
Ba cheart Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 a ionadú dá bhrí sin, agus ba cheart Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn VII sa Rialachán sin a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid a leanas in ionad an téacs i bhfonóta (1):
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid a leanas in ionad an téacs i bhfonóta (1):
|
Airteagal 2
Is ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
Beidh feidhm ag pointe 1 d'Airteagal 1 ón 2 Iúil 2019 nó ón lá i ndiaidh an lae a bheidh scor feidhme ar na Conarthaí i leith na Ríochta Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cibé acu is déanaí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2019.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Jean-Claude JUNCKER
(1) IO L 65, 11.3.2011, lch. 1.
(2) Cinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa (IO L 165 I, 2.7.2018, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
AN LÍON ÍOSTA SÍNITHEOIRÍ IN AGHAIDH AN BHALLSTÁIT
|
an Bheilg |
15 750 |
|
an Bhulgáir |
12 750 |
|
Poblacht na Seice |
15 750 |
|
an Danmhairg |
10 500 |
|
an Ghearmáin |
72 000 |
|
an Eastóin |
5 250 |
|
Éire |
9 750 |
|
an Ghréig |
15 750 |
|
an Spáinn |
44 250 |
|
an Fhrainc |
59 250 |
|
an Chróit |
9 000 |
|
an Iodáil |
57 000 |
|
an Chipir |
4 500 |
|
an Laitvia |
6 000 |
|
an Liotuáin |
8 250 |
|
Lucsamburg |
4 500 |
|
an Ungáir |
15 750 |
|
Málta |
4 500 |
|
an Ísiltír |
21 750 |
|
an Ostair |
14 250 |
|
an Pholainn |
39 000 |
|
an Phortaingéil |
15 750 |
|
an Rómáin |
24 750 |
|
an tSlóivéin |
6 000 |
|
an tSlóvaic |
10 500 |
|
an Fhionlainn |
10 500 |
|
an tSualainn |
15 750 |