EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019D0420

Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

PE/90/2018/REV/1

IO L 77I, 20.3.2019, p. 1–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/420/oj

20.3.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


CINNEADH (AE) 2019/420 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2019

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 196 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (“an Sásra Aontais”) atá rialaithe ag Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), neartaítear comhar idir an tAontas agus na Ballstáit agus éascaítear comhordú i réimse na cosanta sibhialta chun freagairt an Aontais ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine a fheabhsú.

(2)

Fad a thugtar aitheantas do phríomhchúram na mBallstát tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus chun ullmhú agus freagairt dóibh, leis an Sásra Aontais cuirtear dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(3)

Is féidir le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine tarlú in aon áit ar fud an domhain, agus is minic gur gan rabhadh a tharlaíonn siad. Bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, bíonn siad ag tarlú níos minice, tá siad ag éirí níos tromchúisí agus níos casta i gcónaí, is measa iad mar gheall ar thionchar an athraithe aeráide, agus déanann siad neamhaird de theorainneacha náisiúnta. Na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag tubaistí don duine, don chomhshaol, don tsochaí agus don gheilleagar, is féidir leo a bheith de mhéid nach rabhthas ar an eolas faoi roimhe sin.

(4)

Maidir le tairiscintí deonacha ar chúnamh frithpháirteach atá comhordaithe agus atá éascaithe leis an Sásra Aontais, léiríodh leis an taithí is deireanaí nach leor i gcónaí iad chun a áirithiú go gcuirtear acmhainneachtaí leordhóthanacha ar fáil chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach sásúil, ar bhunriachtanais na ndaoine atá thíos leis mar gheall ar thubaistí, ná chun a áirithiú go ndéantar an comhshaol agus réadmhaoin a chosaint mar is ceart. Bíonn an cás amhlaidh go háirithe nuair a bhíonn éifeacht ag tubaistí a tharlaíonn arís agus arís eile agus nach mbíonn coinne leo, bíodh nó nach bíodh siad ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, ar Bhallstáit, ag an am céanna, agus i gcás nach leor an acmhainneacht chomhchoiteann atá acu. Chun na heaspaí sin a shárú agus chun déileáil leis na guaiseacha a thagann chun cinn, ba cheart úsáid a bhaint as ionstraimí uile an Aontais ar bhealach an-solúbtha, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta a chur chun cinn.

(5)

Tá sé bunriachtanach go dtabharfadh na Ballstáit faoi ghníomhaíochtaí leordhóthanacha maidir le cosc agus ullmhacht, lena n-áirítear infhaighteacht lín leordhóthanaigh acmhainneachtaí chun déileáil le tubaistí, go háirithe dóiteáin foraoise. Ós rud é gurbh éigean don Aontas dul i ngleic le dóiteáin foraoise a bhí tréan agus forleathan le blianta beaga anuas, rud léirigh go raibh bearnaí oibriúcháin suntasacha i roinnt Ballstát agus in Acmhainn Práinnfhreagartha na hEorpa (EERC), a bunaíodh mar dhíorma deonach d'acmhainneachtaí freagartha de chuid na mBallstát atá réamhgheallta faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, ba cheart bearta breise a ghlacadh ar leibhéal an Aontais freisin. Tá sé ríthábhachtach dóiteáin foraoise a chosc i gcomhthéacs an ghealltanais dhomhanda astaíochtaí CO2 a laghdú.

(6)

Is den ríthábhacht é go ndíreofaí ar chosc chun cosaint a thabhairt in aghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine agus is gá tuilleadh a dhéanamh ina leith. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit achoimrí rialta a roinnt leis an gCoimisiún ar a gcuid measúnuithe riosca agus a gcuid measúnuithe ar a gcumas bainistithe riosca, lena ndíreofaí ar na príomhrioscaí. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a roinnt faoi bhearta maidir le cosc agus ullmhacht, go háirithe na bearta sin atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na príomhrioscaí a mbíonn tionchar trasteorann orthu agus, nuair is iomchuí sin, na rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór.

(7)

Ba cheart don Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoirlínte a fhorbairt tuilleadh chun roinnt faisnéise maidir le bainistiú rioscaí tubaistí a éascú. Le treoirlínte den sórt sin, ba cheart cuidiú le hinchomparáideachta faisnéise den sórt sin a chur chun cinn, go háirithe i gcás ina bhfuil Ballstáit ag tabhairt aghaidh ar rioscaí comhchosúla nó ar rioscaí trasteorann.

(8)

Tugtar le tuiscint le cosc agus bainistiú rioscaí tubaistí gur gá bearta bainistithe riosca a leagan amach agus a chur chun feidhme, ar bearta iad lena mbaineann comhar ó mhórchuid gníomhaithe. Agus measúnuithe riosca agus bearta bainistithe riosca á n-ullmhú, tá sé tábhachtach inathraitheacht reatha na haeráide agus treochtaí réamh-mheasta an athraithe aeráide a chur san áireamh. Is gné ríthábhachtach de ghníomhaíochtaí maidir le cosc agus den acmhainneacht freagartha mapaí riosca a ullmhú. Baineann tábhacht thar na bearta le gníomhaíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar leochaileacht an daonra, na ngníomhachtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear an bonneagar criticiúil, an leasa ainmhithe agus an fhiadhúlra, na n-acmhainní comhshaoil agus cultúrtha, amhail an bhitheolaíocht, seirbhísí éiceachórais na bhforaoisí agus na n-acmhainní uisce.

(9)

Chun an phleanáil agus an comhordú maidir le cosc agus ullmhacht a fheabhsú idir na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, a bheith in ann sásraí comhairliúcháin ar leith a bhunú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faisnéis a iarraidh faoi bhearta maidir le cosc agus ullmhacht a bhaineann le rioscaí sonracha i gcás ina ndearna Ballstát iarrataí rialta ar chúnamh. Ba cheart don Choimisiún faisnéis den sórt a mheas d'fhonn tacaíocht fhoriomlán an Aontais do bhainistiú rioscaí tubaistí a uasmhéadú agus d'fhonn leibhéal coisc agus ullmhachta na mBallstát a neartú. Ba cheart an t-ualach riaracháin a laghdú agus ba cheart naisc le príomhbheartais agus le príomhionstraimí eile de chuid an Aontais a neartú, go háirithe le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(10)

Is ag méadú atá an riosca a bhaineann le tuile do shaoránaigh an Aontais. Chun gníomhaíochtaí maidir le cosc agus ullmhacht a neartú i réimse na cosanta sibhialta agus chun leochaileacht a ndaonraí faoi seach i ndáil le rioscaí tuilte a laghdú, tá sé riachtanach, agus iad i mbun a gcuid measúnuithe riosca faoin gCinneadh seo, go mbaineann na Ballstáit lánúsáid, inter alia, as na measúnuithe riosca a rinneadh faoi Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun a chinneadh cibé atá a gcuid uiscebhealaí agus línte cósta i mbaol tuilte nó nach bhfuil, agus bearta leordhóthanacha comhordaithe a dhéanamh chun rioscaí den sórt sin a laghdú.

(11)

Is gá treisiú leis an ábaltacht chomhchoiteann atá ann ullmhú do thubaistí agus freagairt dóibh, go háirithe trí thacaíocht fhrithpháirteach san Eoraip. Chun léiriú a thabhairt ar an gcreat dlí nua faoin gCinneadh seo, ba cheart an t-ainm “Acmhainn Práinnfhreagartha na hEorpa” (ERC) nó “an díorma deonach” a athrú go “Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta”.

(12)

Chun an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a neartú, tá gá le maoiniú méadaithe de chuid an Aontais ó thaobh acmhainneachtaí a oiriúnú agus a dheisiú, chomh maith le costais oibriúcháin.

(13)

Sa bhreis ar na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana a neartú, ba cheart rescEU a bhunú chun freagairt do chásanna ollmhóra mar rogha dheiridh i gcás, sna himthosca, nach féidir leis na hacmhainneachtaí atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus iad siúd atá réamhgheallta ag na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta freagairt éifeachtach do chineálacha éagsúla tubaistí a áirithiú.

(14)

Is den mhórthábhacht an ról atá ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla tubaistí a chosc agus a bhainistiú, agus ní mór baint iomchuí a bheith ag a n-acmhainneachtaí freagartha in aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhordú agus imscaradh a dhéantar faoin gCinneadh seo, i gcomhréir le creataí institiúideacha agus dlí na mBallstát, d'fhonn aon fhorluí a laghdú agus idir-inoibritheacht a chothú. Féadfaidh údaráis den sórt sin ról láidir coisctheach a ghlacadh agus is iadsan freisin a ghníomhaíonn ar dtús báire i ndiaidh tubaiste, in éineacht le hacmhainneachtaí a gcuid saorálaithe. Tá gá, dá bhrí sin, le comhar leanúnach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus trasteorann d'fhonn córais choiteanna rabhaidh le haghaidh mear-idirghabhála a bhunú roimh rescEU a shlógadh, chomh maith le feachtais faisnéise phoiblí rialta maidir le bearta freagartha tosaigh.

(15)

Maidir le cineál na n-acmhainneachtaí atá ag rescEU, ba cheart dóibh leanúint de bheith solúbtha agus ábalta athrú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí nua agus ar dhúshláin amach anseo, amhail iarmhairtí an athraithe aeráide.

(16)

Ós rud é go mbíonn éagsúlacht ann in imeacht ama i gcás rioscaí, acmhainneachtaí foriomlána agus bearnaí sainaitheanta, tá gá le solúbthacht agus rescEU á bhunú. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, dá bhrí sin, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear acmhainneachtaí rescEU, lena gcuirtear rioscaí sainaitheanta, acmhainneachtaí foriomlána agus bearnaí san áireamh.

(17)

Chun dea-fheidhmiú acmhainneachtaí rescEU a bheith ann, ba cheart leithreasuithe airgeadais breise a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoin Sásra Aontais.

(18)

Ba cheart don Aontas a bheith in ann tacú leis na Ballstáit trí chómhaoiniú a dhéanamh ar fhorbairt acmhainneachtaí rescEU, lena n-áirítear na hacmhainneachtaí sin a fháil ar cíos, a léasú nó a fháil. Ar an gcuma sin, thiocfadh méadú suntasach ar éifeachtúlacht an tSásra Aontais, trína áirithiú go mbeadh acmhainneachtaí ar fáil i gcás nach ndéanfaí freagairt éifeachtach do thubaistí a ráthú seachas sin, go háirithe maidir le tubaistí ar mó go mór a n-iarmhairtí do líon mór Ballstát. Le soláthar comhpháirteach acmhainneachtaí, ba cheart barainneachtaí scála agus comhordú níos fearr a bheith ann nuair a fhreagrófar do thubaistí.

(19)

Ba cheart méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas a íoctar chun acmhainneachtaí rescEU a fhorbairt a chinneadh agus an liosta de na catagóirí costas incháilithe atá leagtha amach sa Chinneadh seo á chur san áireamh. Ba cheart cúnamh airgeadais iomlán ón Aontas a bheith ar fáil do na hacmhainneachtaí a bhfuil gá leo chun freagairt do rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór a bhféadfadh mórthionchair trasteorann teacht astu agus nach meastar ina leith, ar bhonn anailísí ar bhearna acmhainneachta arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta agus ag an gCoimisiún, go bhfuil na leibhéil ullmhachta san Aontas leordhóthanach. Ba cheart cómhaoiniú suntasach a bheartú freisin d'acmhainneachtaí lena mbaineann na costais is airde maidir le fáil agus na costais athfhillteacha is airde, amhail acmhainneachtaí chun dóiteáin foraoise a chomhrac ón aer. Ba cheart rátaí cómhaoinithe beachta a chinneadh i gcláir oibre bhliantúla.

(20)

Chun cothromaíocht a chothú idir an fhreagracht náisiúnta agus an dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, ba cheart cuid de na costais oibriúcháin a bhaineann le hacmhainneachtaí rescEU a imscaradh a bheith incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas.

(21)

D'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag tubaistí a tharlaíonn i dtríú tíortha ar Bhallstáit nó ar a gcuid saoránach. I gcásanna den sórt sin, ba cheart acmhainneachtaí rescEU a bheith ar fáil lena n-imscaradh lasmuigh den Aontas. Ar chúiseanna a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, ba cheart, i gcás ina ndéantar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh lasmuigh den Aontas, gur ar bhuiséad an Aontais a thitfeadh na costais oibriúcháin.

(22)

Chun a áirithiú go mbeidh an fhreagairt comhordaithe agus mear, ba cheart gurbh é an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBallstát iarrthach agus leis an mBallstát ar leis acmhainneachtaí rescEU i dtrácht, a bhfuil siad ar cíos nó á léasú aige, a dhéanfadh cinntí maidir le himscaradh agus díshlógadh agus aon chinneadh i gcás iarrataí codarsnacha. Ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát ar leis acmhainneachtaí rescEU, a bhfuil siad ar cíos nó á léasú aige, conarthaí oibríochtúla a thabhairt i gcrích ina sonrófar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le hacmhainneachtaí rescEU a imscaradh.

(23)

Is gnéithe bunriachtanacha den chomhar i réimse na cosanta sibhialta iad oiliúint, taighde agus nuálaíocht. Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na hoiliúna agus na gcleachtaí maidir leis an gcosaint shibhialta, chun an nuálaíocht agus idirphlé a chur chun cinn, agus chun an comhar a threisiú idir údaráis agus seirbhísí náisiúnta cosanta sibhialta na mBallstát, is gá Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta a bhunú. Ba cheart an líonra sin a bheith bunaithe ar na struchtúir atá ann cheana lena n-áirítear ionaid barr feabhais, ollscoileanna, taighdeoirí agus saineolaithe eile, gairmithe óga agus saorálaithe a bhfuil taithí acu i réimse bhainistiú na n-éigeandálaí. Ba cheart comhar breise le heagraíochtaí idirnáisiúnta a neartú maidir le hoiliúint, taighde agus nuálaíocht, agus, i gcás inar féidir, ba cheart an comhar sin a shíneadh chun go mbeadh tríú tíortha, go háirithe tíortha comharsanachta, rannpháirteach ann.

(24)

Tiomnaíonn oibreoirí cosanta sibhialta a saolta chun cabhrú le daoine eile agus déanann siad infheistíocht ama agus iarrachta chun cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá i ngátar. Ba cheart don Aontas aitheantas a thabhairt don chineál sin misnigh agus tiomantais i leith chosaint shibhialta an Aontais.

(25)

Cé go bhfuil sé ar cheann de na tosaíochtaí is mó san Aontas trí chéile an chosaint shibhialta a neartú i bhfianaise threochtaí na dtubaistí, amhail tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus tubaistí a bhaineann le slándáil inmheánach, tá sé bunriachtanach gné láidir chríochach atá faoi stiúir an phobail a áirithiú, toisc gurb í gníomhaíocht an phobail áitiúil an bealach is éifeachtaí chun teorainn a chur leis an damáiste a dhéanann tubaiste.

(26)

Is gá nósanna imeachta an tSásra Aontais a shimpliú, a chuíchóiriú agus a dhéanamh níos solúbtha chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit rochtain thapa a bheith acu ar an gcúnamh agus ar na hacmhainneachtaí is gá chun freagairt a luaithe agus a éifeachtúla is féidir do thubaistí nádúrtha nó do thubaistí de dhéantús an duine.

(27)

Chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as na hionstraimí cistiúcháin atá ann cheana agus tacú leis na Ballstáit maidir le cúnamh a sholáthar, lena n-áirítear mar fhreagairt ar thubaistí lasmuigh den Aontas, deonaítear maoiniú de bhun Airteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 23 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE i gcomhréir le Airteagal 191(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Mar sin féin, ba cheart cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí cosanta sibhialta agus cistiú le haghaidh cabhair dhaonnúil, ach go háirithe, a dheighilt go soiléir óna chéile i gcónaí agus ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir go hiomlán lena gcuspóirí agus lena gceanglais dhlíthiúla faoi seach.

(28)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí uile is gá chun tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine a chosc go héifeachtach agus chun na héifeachtaí a ghabhann leo a mhaolú. Ba cheart d'fhorálacha an Chinnidh seo cur leis na naisc atá ann idir gníomhaíochtaí maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt faoin Sásra Aontais. Ba cheart comhleanúnachas a áirithiú freisin le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le cosc agus bainistiú rioscaí tubaistí, lena n-áirítear ar mhaithe le gníomhaíocht trasteorann maidir le cosc agus ar mhaithe le freagairt do bhagairtí amhail bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). I gcláir um chomhar críochach faoin mbeartas comhtháthaithe, déantar foráil do ghníomhaíochtaí lena gcuirtear san áireamh an athléimneacht ó thubaistí, cosc ar rioscaí agus bainistiú rioscaí, agus ba cheart tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh i dtreo comhtháthú níos láidre agus sineirgí níos fearr. Ina theannta sin, ba cheart gach gníomhaíocht a bheith i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta amhail Creat Sendai 2015 — 2030 um Laghdú Rioscaí Tubaistí, Comhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (NA) maidir leis an Athrú Aeráide agus Clár Oibre 2030 NA don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus ba cheart do gach gníomhaíocht rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta den sórt sin ar bhealach gníomhach.

(29)

Chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis faoi na hacmhainneachtaí agus na modúlacha atá ar fáil do na Ballstáit a mhalartú ar bhealach cuimsitheach gan uaim, is gá an fhaisnéis a uaslódáiltear ar an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS) a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí. Maidir le faisnéis a chuirtear ar fáil trí CECIS, is iomchuí freisin go ndéanfadh na Ballstáit acmhainneachtaí a chlárú ann nach bhfuil réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus atá ar fáil do na Ballstáit lena n-imscaradh tríd an Sásra Aontais.

(30)

Is den tábhacht chéanna é go gcruthófaí sineirgí agus go gcuirfí feabhas ar chomhlántacht agus comhar idir an Sásra Aontais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a d'fhéadfadh rannchuidiú leis an damáiste a dhéanann tubaistí a dheisiú nó a mhaolú.

(31)

Chun leasú a dhéanamh ar chatagóirí na gcostas incháilithe a úsáidfear chun cúnamh airgeadais ón Aontas a chinneadh le haghaidh acmhainneachtaí rescEU a fhorbairt, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le chur chun feidhme an Chinnidh seo i ndáil leis an méid seo a leanas: cineálacha agus líon na bpríomhacmhainneachtaí freagartha is gá don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a shainiú; na hacmhainneachtaí atá ag rescEU a shainiú, agus aird á tabhairt ar rioscaí sainaitheanta, acmhainneachtaí foriomlána agus bearnaí; rescEU a bhunú, a bhainistiú agus a choinneáil; Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta a bhunú agus a eagrú; na catagóirí de rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór agus na hacmhainneachtaí comhfhreagracha chun iad a bhainistiú; agus critéir agus nósanna imeachta chun tiomantas seanbhunaithe agus rannchuidiú urghnách le cosaint shibhialta an Aontais a aithint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo, eadhon méadú a dhéanamh ar an ábaltacht chomhchoiteann atá ann tubaistí a chosc, agus ullmhú agus freagairt dóibh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge nó éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(34)

Chun a áirithiú go mbeidh aistriú rianúil i dtreo chur chun feidhme iomlán rescEU, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, ar feadh idirthréimhse, maoiniú a chur ar fáil chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainneachtaí náisiúnta ábhartha ar fáil go tapa. Ba cheart don Choimisiún agus na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh acmhainneachtaí breise a fháil, lena n-áirítear héileacaptair comhrac dóiteáin, chun aghaidh a thabhairt, chomh luath agus samhradh na bliana 2019, ar riosca na ndóiteán foraoise.

(35)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a leasú dá réir sin.

(36)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

freagairt thapa agus éifeachtach a éascú i gcás tubaistí nó tubaistí atá ar tí tarlú, lena n-áirítear trí bhearta a dhéanamh chun iarmhairtí láithreacha na dtubaistí sin a mhaolú;”;

(ii)

cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“(e)

méadú a dhéanamh ar infhaighteacht eolais eolaíochta faoi thubaistí agus ar an úsáid a mbaintear as an eolas sin; agus

(f)

dlús a chur le gníomhaíochtaí comhair agus comhordaithe ar an leibhéal trasteorann agus idir na Ballstáit ina bhfuil baol ann go dtarlódh tubaistí den chineál céanna.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 2:

“(a)

dul chun cinn i gcur chun feidhme an chreata maidir le tubaistí a chosc: a thomhaistear le líon na mBallstát a chuir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 6(1) ar fáil don Choimisiún;”;

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(12)

ciallaíonn ‘Stát Rannpháirteach’ tríú tír atá rannpháirteach sa Sásra Aontais i gcomhréir le hAirteagal 28(1).”;

(3)

leasaítear Airteagal 5(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

gníomhaíocht a dhéanamh chun an bonn eolais maidir le rioscaí tubaistí a fheabhsú agus chun éascú a dhéanamh, ar bhealach níos fearr, ar chomhar agus comhroinnt eolais, torthaí taighde agus nuálaíochta eolaíochta, dea-chleachtais agus faisnéis, lena n-áirítear i measc Ballstáit a bhfuil na rioscaí céanna ag bagairt orthu, agus iad a chur chun cinn;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil a thiomsú agus a scaipeadh; malartú taithí maidir leis an measúnú ar an gcumas bainistithe riosca a eagrú; agus comhroinnt dea-chleachtas a éascú i ndáil le pleanáil maidir le cosc agus le hullmhacht, lena n-áirítear trí athbhreithnithe deonacha piaraí;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

béim a leagan ar an tábhacht le rioscaí a chosc, tacú leis na Ballstáit feasacht a mhúscailt, le faisnéis phoiblí a scaipeadh agus oideachas a chur ar fáil, agus tacú le hiarrachtaí na mBallstát maidir le faisnéis a sholáthar don phobal i dtaca le córais rabhaidh, trí threoir a thabhairt i ndáil le córais den sórt sin, lena n-áirítear ar leibhéal trasteorann;”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Bainistiú riosca

1.   Chun cur chuige éifeachtach comhleanúnach a chur chun cinn maidir le tubaistí a chosc agus ullmhú dóibh trí fhaisnéis neamhíogair a roinnt, eadhon faisnéis nach mbeadh a nochtadh ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil na mBallstát, agus chun malartú dea-chleachtas laistigh den Sásra Aontais a chur chun cinn, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

measúnuithe riosca a fhorbairt tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

(b)

measúnú ar an gcumas bainistithe riosca atá acu a fhorbairt tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

(c)

an phleanáil a dhéanann siad maidir le bainistiú rioscaí tubaistí a fhorbairt agus a bheachtú tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

(d)

achoimre ar eilimintí ábhartha na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) a chur ar fáil don Choimisiún, ag díriú ar na príomhrioscaí. I gcás príomhrioscaí lena mbaineann tionchair thrasteorann agus, i gcás inarb iomchuí, rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, déanfaidh na Ballstáit cur síos ar na bearta tosaíochta maidir le cosc agus ullmhacht. Cuirfear an achoimre ar fáil don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2020 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin agus aon uair a tharlaíonn athruithe tábhachtacha;

(e)

beidh siad rannpháirteach, ar bhonn deonach, i bpiarmheasúnuithe ar an measúnú ar an gcumas bainistithe riosca.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, sásraí sonracha comhairliúcháin a bhunú chun feabhas a chur ar an bpleanáil iomchuí maidir le cosc agus ullmhacht chomh maith le feabhas a chur ar chomhordú i measc na mBallstát ina bhfuil baol ann go dtarlódh tubaistí den chineál céanna, lena n-áirítear le haghaidh rioscaí trasteorann agus rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór arna sainaithint faoi phointe (d) de mhír 1.

3.   Faoin 22 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na Ballstáit, treoirlínte a fhorbairt tuilleadh maidir le tíolacadh na n-achoimrí dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1.

4.   I gcás ina n-iarrann Ballstát an cineál céanna cúnaimh go rialta tríd an Sásra Aontais don chineál céanna tubaiste, féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh, tar éis dó mionanailís a dhéanamh ar chúiseanna agus ar imthosca an gníomhachtaithe, agus é mar aidhm aige tacú leis an mBallstát lena mbaineann leibhéal a choisc agus a hullmhachta a threisiú:

(a)

a iarraidh ar an mBallstát sin faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir le bearta sonracha maidir le cosc agus ullmhacht a bhaineann leis an riosca a chomhfhreagraíonn don chineál tubaiste sin; agus

(b)

i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthrófar:

(i)

a mholadh go ndéanfar foireann saineolaithe a imscaradh ar an láthair chun comhairle a sholáthar maidir le bearta maidir le cosc agus ullmhacht; nó

(ii)

moltaí a dhéanamh chun leibhéal an choisc agus na hullmhachta sa Bhallstát lena mbaineann a threisiú. Coinneoidh an Coimisiún agus an Ballstát sin a chéile ar an eolas maidir le haon bhearta a dhéanfar tar éis moltaí den sórt sin.

I gcás ina n-iarrann Ballstát an cineál céanna cúnaimh tríd an Sásra Aontais don chineál céanna tubaiste trí huaire laistigh de 3 bliana as a chéile, beidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) ach amháin i gcás ina léirítear le mionanailís ar chúiseanna agus ar imthosca na ngníomhachtaithe minice nach gá sin.”;

(5)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun feabhas a chur ar an bpleanáil a dhéanfar faoin Sásra Aontais maidir le hoibríochtaí chun freagairt do thubaistí, idir thubaistí nádúrtha agus thubaistí de dhéantús an duine, lena n-áirítear trí chreatlaí cáis i dtaca le freagairt i gcás tubaiste a chruthú bunaithe ar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(1) agus an forléargas ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 5(1), sócmhainní a mhapáil agus pleananna a fhorbairt chun acmhainneachtaí freagartha a imscaradh.”;

(6)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mír 2:

“1.   Bunófar Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Is é a bheidh ann comhthiomsú d'acmhainneachtaí freagartha de chuid na mBallstát atá réamhgheallta go deonach agus áireofar ann modúil, acmhainneachtaí freagartha eile agus catagóirí saineolaithe eile.

1a.   Beidh cúnamh arna sholáthar ag Ballstát tríd an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta comhlántach leis na hacmhainneachtaí atá ann cheana sa Bhallstát iarrthach, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar na Ballstáit maidir le tubaistí a chosc agus freagairt orthu ar a gcríoch.

2.   Ar bhonn na rioscaí a shainaithnítear, na n-acmhainneachtaí foriomlána agus na mbearnaí, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun phointe (f) d'Airteagal 32(1), cineálacha agus líon na bpríomhacmhainneachtaí freagartha is gá don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (“spriocanna acmhainneachta”).

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna acmhainneachta a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus sainaithneoidh sé aon bhearnaí móra sna hacmhainneachtaí freagartha sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a d'fhéadfadh a bheith suntasach. I gcás inar sainaithníodh bearnaí den sórt sin, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil na hacmhainneachtaí is gá ar fáil do na Ballstáit lasmuigh den Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Déanfaidh an Coimisiún na Ballstáit a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí suntasacha sna hacmhainneachtaí freagartha atá sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta, agus féadfaidh sé tacú leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 20, pointe (i) d'Airteagal 21(1) agus Airteagal 21(2).”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

rescEU

1.   Déanfar rescEU a bhunú chun cúnamh a chur ar fáil i gcásanna treascracha nach bhfuil na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta ná iad siúd atá réamhgheallta ag na Ballstáit chuig an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta in ann freagairt éifeachtach a áirithiú, sna himthosca, do na tubaistí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Chun freagairt éifeachtach do thubaistí a ráthú, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar dáileadh geografach leormhaith ar acmhainneachtaí rescEU.

2.   Saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun phointe (g) d'Airteagal 32(1), na hacmhainneachtaí a bheidh ag rescEU, ag cur san áireamh rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, acmhainneachtaí foriomlána agus bearnaí ar leibhéal an Aontais, go háirithe i réimsí aerchomhrac na ndóiteán foraoise, na dteagmhas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach agus na práinnfhreagartha leighis. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, áiritheofar comhsheasmhacht le dlí eile an Aontais is infheidhme. Glacfar an chéad ghníomh cur chun feidhme sin faoin 22 Meitheamh 2019.

3.   Is iad na Ballstáit a dhéanfaidh acmhainneachtaí rescEU a fháil, a fháil ar cíos nó a léasú. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún deontais dhíreacha a dhámhachtain ar Bhallstáit gan glao ar thograí. I gcás ina soláthraíonn an Coimisiún acmhainneachtaí rescEU thar ceann na mBallstát, beidh feidhm ag an nós imeachta i ndáil le soláthar comhpháirteach. Deonófar cúnamh airgeadais ón Aontas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Aontais.

Beidh na hacmhainneachtaí rescEU á n-óstáil ag na Ballstáit a fhaigheann na hacmhainneachtaí sin, a fhaigheann ar cíos iad, nó a léasaíonn iad. I gcás soláthar comhpháirteach, is iad na Ballstáit sin a ndéantar na hacmhainneachtaí rescEU a sholáthar thar a gceann a dhéanfaidh iad a óstáil.

4.   Saineoidh an Coimisiún na ceanglais cháilíochta maidir leis na hacmhainneachtaí freagartha bheidh mar chuid de rescEU, i gcomhairle leis na Ballstáit. Beidh na ceanglais cháilíochta bunaithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta sheanbhunaithe, i gcás inarb ann do chaighdeáin mar sin cheana féin.

5.   Ballstát ar leis acmhainneachtaí rescEU, a fhaigheann ar cíos iad nó a léasaíonn iad, áiritheoidh sé go ndéanfar na hacmhainneachtaí sin a chlárú in CECIS, agus áiritheoidh sé infhaighteacht agus in-imscarthacht na n-acmhainneachtaí sin le haghaidh oibríochtaí an tSásra Aontais.

Ní fhéadfar acmhainneachtaí rescEU a úsáid ach amháin chun críocha náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 23(4a), nuair nach n-úsáidtear iad nó nach bhfuil gá leo le haghaidh oibríochtaí freagartha faoin Sásra Aontais.

Bainfear úsáid as acmhainneachtaí rescEU i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (g) d'Airteagal 32(1) agus le conarthaí oibríochtúla idir an Coimisiún agus an Ballstát ar leis na hacmhainneachtaí sin, a fhaigheann ar cíos iad nó a léasaíonn iad, ina sonrófar tuilleadh téarmaí agus coinníollacha imscartha acmhainneachtaí rescEU, lena n-áirítear pearsanra a bheidh rannpháirteach.

6.   Beidh acmhainneachtaí rescEU ar fáil chun críocha oibríochtaí freagartha faoin Sásra Aontais tar éis iarraidh ar chúnamh arna déanamh trí ERCC i gcomhréir le hAirteagal 15 nó le hAirteagal 16(1) go (9) agus (11), (12) agus (13). Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBallstát iarrthach agus leis an mBallstát ar leis an acmhainn, nó a bhfuil an acmhainn á fáil ar cíos nó á léasú aige, aon chinneadh maidir le himscaradh nó díshlógadh na n-acmhainneachtaí agus aon chinneadh i gcás ina bhfuil iarrataí a thagann salach ar a chéile ann, i gcomhréir leis na conarthaí oibríochtúla mar a shainítear iad sa tríú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo.

Is é an Ballstát ar ar a chríoch a dhéantar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh a bheidh freagrach as oibríochtaí freagartha a threorú. I gcás imscaradh lasmuigh den Aontas, beidh na Ballstáit a bhfuil acmhainneachtaí rescEU á n-óstáil acu freagrach as a áirithiú go ndéanfar acmhainneachtaí rescEU a chomhtháthú go hiomlán sa fhreagairt fhoriomlán.

7.   I gcás imscartha, tiocfaidh an Coimisiún, trí ERCC, ar chomhaontú leis an mBallstát iarrthach maidir le himscaradh oibríochtúil acmhainneachtaí rescEU. Déanfaidh an Ballstát iarrthach comhordú oibríochtúil a chuid acmhainneachtaí féin agus comhordú oibríochtúil gníomhaíochtaí rescEU le linn oibríochtaí a éascú.

8.   I gcás inarb iomchuí, is é an Coimisiún a éascóidh an comhordú ar na hacmhainneachtaí freagartha éagsúla trí ERCC i gcomhréir le hAirteagal 15 agus Airteagal 16.

9.   Cuirfear stádas oibríochtúil acmhainneachtaí rescEU in iúl do na Ballstáit tri CECIS.

10.   I gcás ina bhféadfaí tionchar suntasach a bheith ag tubaiste lasmuigh den Aontas ar Bhallstát amháin nó níos mó nó ar a gcuid saoránach, féadfar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh, i gcomhréir le mír 6 go mír 9 den Airteagal seo.

I gcásanna sonracha ina ndéantar acmhainneachtaí rescEU a imscaradh i dtríú tíortha, féadfaidh na Ballstáit diúltú a mbaill foirne féin a imscaradh, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh faoi phointe (g) d'Airteagal 32(1) agus mar a shainítear tuilleadh sna conarthaí oibríochtúla dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 5 den Airteagal seo.”;

(8)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta”;

(b)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na foclaíochta réamhráití:

“1.   Déanfaidh an Coimisiún líonra de ghníomhaithe agus institiúidí ábhartha cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí, lena n-áirítear ionaid barr feabhais, ollscoileanna agus taighdeoirí, a bhunú agus is é sin, in éineacht leis an gCoimisiún, a bheidh mar Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit agus sna heagraíochtaí atá gníomhach ar an láthair.

Déanfaidh an Líonra, agus é ina chuspóir aige comhdhéanamh atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach, na cúraimí seo a leanas i réimse na hoiliúna, na bhfreachnamh, na gceachtanna a foghlaimíodh agus an scaipthe eolais, i ndlúthchomhar le hionaid ábhartha eolais, i gcás inarb iomchuí:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

clár oiliúna maidir le tubaistí a chosc agus maidir le hullmhú agus freagairt dóibh a chur ar bun agus a bhainistiú do phearsanra a bheidh ag plé le cosaint shibhialta agus le bainistiú éigeandálaí. Leis an gclár, éascófar malartú an dea-chleachtais i réimse na cosanta sibhialta, agus áireofar ann cúrsaí comhpháirteacha agus córas le haghaidh saineolas a mhalartú i réimse bainistithe éigeandála, lena n-áirítear malartuithe gairmithe óga agus saorálaithe a bhfuil taithí acu, agus saineolaithe na mBallstát a thabhairt ar iasacht.

Beidh sé mar aidhm ag an gclár oiliúna comhar, comhoiriúnacht agus comhlántacht na n-acmhainneachtaí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 11 agus Airteagal 12, agus inniúlacht na saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus pointe (f) d'Airteagal 8 a fheabhsú;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

taighde agus nuálaíocht a spreagadh, agus tabhairt isteach agus úsáid teicneolaíochtaí ábhartha nua a spreagadh chun críocha an tSásra Aontais.”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Déanfaidh an Coimisiún comhar maidir le hoiliúint a threisiú agus cuirfidh sé le comhroinnt eolais agus taithí, idir Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha, chun cuidiú leis na gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le laghdú rioscaí tubaistí, go háirithe iad siúd i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015 — 2030 a glacadh an 18 Márta 2015 ag an Tríú Comhdháil Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Rioscaí Tubaistí a Laghdú in Sendai, an tSeapáin.”;

(9)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás tubaiste a tharlaíonn laistigh den Aontas, nó i gcás tubaiste atá ar tí tarlú, féadfaidh an Ballstát dá ndéantar difear cúnamh a iarraidh trí ERCC. Beidh an iarraidh chomh sonrach is féidir. Rachaidh an iarraidh ar chúnamh in éag tar éis uastréimhse 90 lá, mura gcuireann ERCC gnéithe nua ar fáil lena dtugtar údar don ghá atá le cúnamh leanúnach nó le cúnamh breise.”;

(10)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mír 2:

“1.   I gcás tubaiste a tharlaíonn lasmuigh den Aontas, nó i gcás tubaiste atá ar tí tarlú, féadfaidh an tír dá ndéantar difear cúnamh a iarraidh trí ERCC. Féadfaidh na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí, nó eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha, cúnamh a iarraidh, nó féadfar déanamh amhlaidh trí na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí nó trí eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha. Rachaidh an iarraidh ar chúnamh in éag tar éis uastréimhse 90 lá, mura gcuireann ERCC gnéithe nua ar fáil lena dtugtar údar don ghá atá le cúnamh leanúnach nó le cúnamh breise.

2.   Féadfar idirghabhálacha faoin Airteagal seo a dhéanamh mar idirghabháil cúnaimh uathrialach nó mar rannchuidiú le hidirghabháil faoi stiúir eagraíocht idirnáisiúnta. Déanfar comhordú an Aontais a chomhtháthú go hiomlán leis an gcomhordú foriomlán arna sholáthar ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA), agus déanfaidh comhordú an Aontais ról ceannasach OCHA a urramú. I gcás tubaistí de dhéantús an duine nó éigeandálaí casta, áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil (*1), agus urraim do phrionsabail dhaonnúla.

(*1)  IO C 25, 30.1.2008, lch. 1.”;"

(11)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 574 028 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an tSásra Aontais don tréimhse 2014 go 2020.

Is faoi Cheannteideal 3 ‘An tSlándáil agus an tSaoránacht’ den chreat airgeadais ilbhliantúil a thiocfaidh EUR 425 172 000 i bpraghsanna reatha agus is faoi Cheannteideal 4 ‘An Eoraip Dhomhanda’ a thiocfaidh EUR 148 856 000 i bpraghsanna reatha.”;

(12)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 20a

Infheictheacht agus gradaim

“1.   Beidh an infheictheacht iomchuí ag gabháil don Aontas i ndáil le haon chúnamh nó le haon chistiú a chuirtear ar fáil faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear tosaíocht d'fheathal an Aontais i gcás na n-acmhainneachtaí sin dá dtagraítear faoi Airteagal 11 agus Airteagal 12 agus faoi phointe (c) d'Airteagal 21(2). Déanfaidh an Coimisiún straitéis cumarsáide a fhorbairt chun go mbeidh saoránaigh in ann torthaí nithiúla na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Sásra Aontais a fheiceáil.

2.   Bronnfaidh an Coimisiún boinn chun tiomantas seanbhunaithe agus rannchuidiú urghnách le cosaint shibhialta an Aontais a aithint agus a urramú.”;

(13)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j) de mhír 1:

“(j)

acmhainneachtaí rescEU a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 12;”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

na costais is gá chun acmhainneachtaí freagartha a uasghrádú nó a dheisiú chun go mbeidh siad ullamh agus ar fáil ionas gur féidir iad a imscaradh mar chuid den Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta, i gcomhréir le ceanglais cháilíochta an Díorma Eorpaigh um Chosaint Shibhialta agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le moltaí a dhéantar sa phróiseas deimhniúcháin (‘costais oiriúnúcháin’). Féadfar a áireamh ar na costais sin costais a bhaineann le hinoibritheacht, idir-inoibritheacht modúlacha agus acmhainneachtaí freagartha eile, uathriail, neamhthuilleamaíocht, iniomparthacht, pacáistíocht, agus na costais eile is gá, ar choinníoll go mbaineann siad go díreach le rannpháirtíocht na n-acmhainneachtaí sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta.

Leis na costais oiriúnúcháin, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach:

(i)

75 % de na costais incháilithe i gcás uasghrádú, ar choinníoll nach dtéann an méid sin thar 50 % den mheánchostas a bhaineann leis an acmhainneacht a fhorbairt; agus

(ii)

75 % de na costais incháilithe i gcás deisiú.

Acmhainneachtaí freagartha a dtéann cistiú faoi phointí (i) agus (ii) chun sochair dóibh, cuirfear ar fáil iad mar chuid den Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta ar feadh íostréimhse atá nasctha leis an gcistiú a fuarthas agus a mhairfidh idir 3 bliana agus 10 mbliana ón tráth a mbeidh siad ar fáil go hiarbhír mar chuid den Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta, ach amháin i gcás ina mbeidh saolré eacnamaíoch níos giorra acu.

Féadfaidh costais aonaid nó cnapshuimeanna arna gcinneadh de réir an chineáil acmhainneachta a bheith sna costais oiriúnúcháin.”;

(ii)

scriostar pointe (d) den chéad fhomhír agus scriostar an dara fomhír;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.   Leis an gcúnamh airgeadais don ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 1, cumhdófar na costais atá riachtanach chun infhaighteacht agus imscaradh acmhainneachtaí rescEU a áirithiú faoin Sásra Aontais i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhfhreagraíonn an cúnamh airgeadais dá dtagraítear sa mhír seo do 80 % ar a laghad den chostas iomlán measta atá riachtanach chun infhaighteacht agus imscaradh acmhainneachtaí rescEU a áirithiú faoin Sásra Aontais agus nach mbeidh an cúnamh airgeadais sin os cionn 90 % den chostas sin. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil acmhainneachtaí rescEU á n-óstáil acu an tsuim fhuílligh a chumhdach. Déanfar an costas iomlán measta do gach cineál acmhainneacht rescEU a shainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (g) d'Airteagal 32(1). Ríomhfar na costais iomlána mheasta agus catagóirí na gcostas incháilithe a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia á gcur san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn Ia a leasú maidir le catagóirí na gcostas incháilithe.

Féadfar an cúnamh airgeadais dá dtagraítear sa mhír seo a chur chun feidhme trí chláir oibre ilbhliantúla. I gcás gníomhaíochtaí a mhaireann níos faide ná bliain amháin, féadfar na leithreasuithe buiséadacha a mhiondealú i dtráthchodanna bliantúla.

4.   I gcás acmhainneachtaí a bhunaítear chun freagairt do rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, arna sainiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (ha) d'Airteagal 32(1), cumhdófar na costais uile atá riachtanach chun infhaighteacht agus imscaradh a áirithiú le cúnamh airgeadais ón Aontas.

5.   Féadfaidh costais aonaid, cnapshuimeanna nó cothromrátaí, arna gcinneadh de réir catagóire nó cineáil acmhainneachta, a bheith sna costais dá dtagraítear i mír 3, de réir mar is iomchuí.”;

(14)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Gníomhaíochtaí incháilithe a bhaineann le trealamh agus le hoibríochtaí”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas i gcomhair iompar na n-acmhainneachtaí nach bhfuil réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta agus a imscarfar i gcás tubaiste nó i gcás tubaiste atá ar tí tarlú san Aontas nó lasmuigh den Aontas os cionn 75 % den chostas iomlán incháilithe.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mír 3 agus mír 4:

“2.   Ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas i gcomhair acmhainneachtaí atá réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta os cionn 75 % de na costais a bhaineann leis na hacmhainneachtaí a oibriú, lena n-áirítear iompar, i gcás tubaiste nó i gcás tubaiste atá ar tí tarlú laistigh den Aontas nó i stát rannpháirteach.

3.   Ní bheidh an cúnamh airgeadais ón Aontas i gcomhair an iompair os cionn 75 % den chostas incháilithe iomlán a bhaineann le hiompar na n-acmhainneachtaí atá réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta, nuair a imscarfar iad i gcás tubaiste nó i gcás tubaiste atá ar tír tarlú lasmuigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 16.

4.   Ina theannta sin, féadfaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i gcomhair acmhainní iompair 100 % de na costais incháilithe iomlána ar a mhéad a chumhdach, a ndéantar cur síos orthu faoi phointí (a), (b), (c) agus (d), i gcás inar gá sin le go mbeidh comhthiomsú an chúnaimh éifeachtacht ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de agus i gcás ina mbaineann na costais le ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

acmhainneacht trádstórais ar chíos ghearrthéarmach chun an cúnamh ó na Ballstáit a stóráil ar bhonn sealadach d'fhonn an t-iompar comhordaithe a éascú;

(b)

iompar ón mBallstát a bhfuil an cúnamh á thairiscint aige go dtí an Ballstát a dhéanann an t-iompar comhordaithe a éascú;

(c)

cúnamh na mBallstát a athphacáistiú chun lántairbhe a bhaint as na hacmhainneachtaí iompair atá ar fáil nó chun riachtanais shonracha oibríochtúla a chomhlíonadh; nó

(d)

iompar áitiúil, idirthuras agus trádstórais den chúnamh comhthiomsaithe d'fhonn soláthar comhordaithe ag an gceann scríbe sa tír iarrthach a áirithiú.

4a.   I gcás ina mbaintear úsáid as acmhainneachtaí rescEU chun críocha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12(5), is é an Ballstát a bhfuil na hacmhainneachtaí á n-úsáid aige a chumhdóidh na costais uile, lena n-áirítear costais chothabhála agus deisiúcháin.

4b.   I gcás imscaradh acmhainneachtaí rescEU faoin Sásra Aontais, cumhdófar 75 % de na costais oibriúcháin le cúnamh airgeadais ón Aontas.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cumhdófar, le cúnamh airgeadais ón Aontas, 100 % de chostais oibriúcháin acmhainneachtaí rescEU atá riachtanach do thubaistí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór i gcás ina n-imscarfar na hacmhainneachtaí sin faoin Sásra Aontais.

4c.   I gcás imscaradh lasmuigh den Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 12(10), cumhdófar 10 % de na costais oibriúcháin, le cúnamh airgeadais ón Aontas.

4d.   I gcás nach gcumhdaítear 100 % de na costais leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear san Airteagal seo, is ar an té a d'iarr an cúnamh a sheasfaidh an méid de na costais a bheidh fágtha, mura gcomhaontófar a mhalairt leis an mBallstát a bhfuil cúnamh á thairiscint aige nó an Ballstát a bhfuil acmhainneachtaí rescEU á n-óstáil aige.”;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8.   Féadfaidh costais aonaid, cnapshuimeanna nó cothromrátaí de réir na catagóire costais a bheith sna costais iompair.”;

(15)

in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mír 2:

“1.   Gníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais faoin gCinneadh seo, ní bhfaighidh siad cúnamh ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 191(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (*2), áfach, ní chuirfidh cúnamh airgeadais arna dheonú de bhun Airteagal 21, Airteagal 22 agus Airteagal 23 den Chinneadh seo cosc ar mhaoiniú ó ionstraimí eile de chuid an Aontais i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú sa Chinneadh seo.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh iarrthóirí ar chúnamh airgeadais faoin gCinneadh seo agus na tairbhithe a fhaigheann an cúnamh sin faisnéis a sholáthar dó faoi chúnamh airgeadais arna fháil ó fhoinsí eile, lena n-áirítear buiséad ginearálta an Aontais, agus faoi iarratais leanúnacha ar chúnamh den sórt sin.

2.   Déanfar sineirgí, comhlántacht agus comhordú breise a fhorbairt le hionstraimí eile de chuid an Aontais amhail ionstraimí lena dtacaítear le beartais a bhaineann le comhtháthú, le forbairt tuaithe, le taighde, leis an tsláinte, le himirce agus leis an tslándáil, chomh maith le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. I gcás freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla i dtríú tíortha, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCinneadh seo comhlántach agus comhleanúnach leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, agus go gcuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme i gcomhréir leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(*2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(16)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Féadfaidh siad seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Sásra Aontais:

(a)

tíortha de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gComhaontú LEE, agus tíortha Eorpacha eile i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin i gcomhaontuithe agus nósanna imeachta;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí féideartha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais arna mbunú sna Comhaontuithe Réime faoi seach agus sna Cinntí ón gComhairle Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla eile.

1a.   Áireofar le rannpháirtíocht sa Sásra Aontais rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an tSásra, i gcomhréir leis na cuspóirí, na ceanglais, na critéir, na nósanna imeachta agus na spriocdhátaí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, agus beidh an rannpháirtíocht sin i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus an stát rannpháirteach.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, nó tíortha atá mar chuid de Bheartas Comharsanachta na hEorpa oibriú i gcomhair le chéile ar ghníomhaíochta a thagann faoin Sásra Aontais i gcás ina gceadaítear sin leis na comhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha idir na heagraíochtaí sin nó na tíortha sin agus an tAontas.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(5) agus (6) a thabhairt don Choimisiún go dtí 31 Nollaig 2020.

3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 21 Márta 2019.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(5) agus (6) agus in Airteagal 21(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

5.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

6.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

7.   Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 19(5) agus (6) agus Airteagal 21(3), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(18)

in Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (g) agus (h) de mhír 1:

“(g)

rescEU a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil, dá bhforáiltear in Airteagal 12, lena n-áirítear na critéir maidir le cinntí imscartha agus le nósanna imeachta oibriúcháin chomh maith leis na costais dá dtagraítear in Airteagal 21(3);

(h)

Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta a bhunú agus a eagrú, dá bhforáiltear in Airteagal 13;

(ha)

na catagóirí rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór agus na hacmhainneachtaí comhfhreagracha chun iad a bhainistiú, dá dtagraítear in Airteagal 21(4).

(hb)

na critéir agus na nósanna imeachta chun tiomantas seanbhunaithe agus rannchuidiú urghnách le cosaint shibhialta an Aontais a aithint, dá dtagraítear in Airteagal 20a.”;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

“Airteagal 34

Meastóireacht

1.   Déanfar faireachán rialta ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais chun a gcur chun feidhme a leanúint.

2.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le hoibríochtaí agus an dul chun cinn atá déanta faoi Airteagal 11 agus Airteagal 12 gach 2 bhliain. Beidh faisnéis sa tuarascáil faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna acmhainneachta agus bearnaí atá fós ann dá dtagraítear in Airteagal 11(2), agus bunú acmhainneachtaí rescEU á chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 12. Tabharfar forléargas sa tuarascáil freisin ar na forbairtí buiséadacha agus costais a bhaineann le hacmhainneachtaí freagartha, agus beidh measúnú inti faoina riachtanaí atá sé na hacmhainneachtaí sin a fhorbairt tuilleadh.

3.   Measfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Chinnidh seo agus déanfaidh sé teachtaireacht faoi éifeachtacht, costéifeachtúlacht agus cur chun feidhme leanúnach an Chinnidh seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le hAirteagal 6(4), agus acmhainneachtaí rescEU, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoin 31 Nollaig 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Beidh tograí chun leasuithe a dhéanamh ar an gCinneadh seo ag gabháil leis an teachtaireacht sin, i gcás inarb iomchuí.”;

(20)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

“Airteagal 35

Forálacha idirthréimhseacha

Go dtí an 1 Eanáir 2025, féadfar cúnamh airgeadais ón Aontas a chur ar fáil chun 75 % de na costais is gá a chumhdach chun go n-áiritheofar rochtain mhear ar acmhainneachtaí náisiúnta a chomhfhreagraíonn do na cinn a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 12(2). Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún deontais dhíreacha a dhámhachtain ar Bhallstáit gan glao ar thograí.

Ainmneofar na hacmhainneachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír mar acmhainneachtaí rescEU go dtí deireadh na hidirthréimhse seo.

De mhaolú ar Airteagal 12(6), is é an Ballstát a chuir na hacmhainneachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír ar fáil mar acmhainneachtaí rescEU a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscaradh na n-acmhainneachtaí sin. Má chuirtear cosc, i gcásanna éigeandála intíre, force majeure nó, go heisceachtúil, mar gheall ar chúiseanna tromchúiseacha, ar Bhallstát na hacmhainneachtaí sin a chur ar fáil do thubaiste shonrach, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas a luaithe is féidir trí thagairt a dhéanamh don Airteagal seo.”;

(21)

scriostar Airteagal 38;

(22)

cuirfear tagairt don “Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta” in ionad na dtagairtí do “Acmhainn Práinnfhreagartha na hEorpa”, “EERC” agus “díorma deonach” atá i dtéacs an Chinnidh”;

(23)

cuirtear Iarscríbhinn Ia mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leanfaidh na socruithe atá ann cheana a thagann faoi Airteagal 28 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE d'fheidhm a bheith acu go dtí go gcuirfear socruithe eile ina n-ionad de réir mar is iomchuí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  Tuairim an 18 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 361, 5.10.2018, lch. 37.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2019.

(4)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(6)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baoil tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE an 22 Deireadh Fómhair 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IA

CATAGÓIRÍ NA gCOSTAS A D'FHÉADFADH A BHEITH INCHÁILITHE MAIDIR LE RÍOMH NA gCOSTAS IOMLÁN MEASTA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 21(3)

1.

Costais trealaimh

2.

Costais chothabhála, lena n-áirítear costais deisiúcháin

3.

Costais árachais

4.

Costais oiliúna

5.

Costais stórála

6.

Costais chlárúcháin agus deimhniúcháin

7.

Costas tomhaltán

8.

Costas an phearsanra a bheidh ag teastáil chun infhaighteacht agus imscaradh acmhainneachtaí rescEU a áirithiú.


Top