Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1092

    Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

    PE/28/2018/REV/1

    IO L 200, 7.8.2018, p. 30–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0697

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1092/oj

    7.8.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    30


    RIALACHÁN (AE) 2018/1092 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Iúil 2018

    lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Sa teachtaireacht uaidh an 30 Samhain 2016 maidir le Plean Gníomhaíochta Eorpach um Chosaint, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé comhlánú, giaráil agus comhdhlúthú ar iarrachtaí comhoibríocha na mBallstát cumais chosanta a fhorbairt chun freagairt do dhúshláin slándála, agus go ndéanfaidh sé chomh maith leis sin tionscal cosanta atá iomaíoch, nuálach agus éifeachtúil a chothú ar fud an Aontais. Tá sé beartaithe aige, go háirithe, Ciste Cosanta Eorpach (an “Ciste”) a sheoladh chun tacú le hinfheistíocht i dtaighde comhpháirteach agus i bhforbairt chomhpháirteach ar threalamh agus teicneolaíochtaí cosanta, agus ar an gcaoi sin soláthar comhpháirteach agus cothabháil chomhpháirteach trealaimh agus teicneolaíochtaí cosanta a spreagadh. Ní thógfadh an Ciste sin áit na n-iarrachtaí náisiúnta i dtaca leis sin ach ba cheart go mbeadh sé ina dhreasacht do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile agus níos mó a infheistiú sa chosaint. Thacódh an Ciste leis an gcomhar ar feadh timthriall forbartha iomlán táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, agus ar an gcaoi sin, chothódh sé sineirgí agus éifeachtacht costais. Bheadh mar aidhm leis cumais a chur ar fáil, bunús maith iomaíoch agus nuálach a chur faoin tionscal cosanta ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chomhar trasteorann agus trí rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), agus cuidiú ar an gcaoi sin chun an comhar Eorpach a mhéadú i réimse na cosanta.

    (2)

    D'fhonn iomaíochas, éifeachtúlacht agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais a chothú, lena gcuidítear le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais, ba cheart go mbunófaí Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (an “Clár”). Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm leis an gClár feabhas a chur ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais, lena gcuidítear le cumais chosanta a fheabhsú, inter alia maidir le cibearchosaint, trí thacú le comhar idir gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, ionaid taighde agus ollscoileanna, agus comhoibriú idir na Ballstáit, le linn céim forbartha táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta, agus mar gheall air sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as barainneachtaí scála i dtionscal na cosanta agus caighdeánú córas cosanta a chur chun cinn agus a n-idir-inoibritheacht a fheabhsú ag an am céanna. Sa chéim forbartha, a thagann tar éis na céime taighde agus teicneolaíochta, bíonn rioscaí agus costais thábhachtacha i gceist lena laghdaítear an saothrú breise a dhéantar ar thorthaí taighde agus a mbíonn tionchar díobhálach acu ar iomaíochas thionscal cosanta an Aontais. Trí thacaíocht a thabhairt don chéim forbartha, rannchuideodh an Clár le saothrú níos fearr a dhéanamh ar thorthaí taighde cosanta agus chuideodh sé leis an mbearna idir an taighde agus an táirgeadh a dhúnadh. Ba cheart go gcuirfeadh sé gach cineál nuálaíochta chun cinn, óir is féidir a bheith ag súil le héifeachtaí dearfacha san earnáil shibhialtach freisin. Comhlánaíonn an Clár gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 182 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní chumhdaíonn leis táirgeadh nó soláthar táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta.

    (3)

    D'fhonn réitigh níos nuálaí a bhaint amach agus chun margadh inmheánach oscailte a chothú, ba cheart don Chlár tacaíocht láidir a thabhairt do rannpháirtíocht trasteorann FBManna agus cabhrú le deiseanna margaidh nua a chruthú.

    (4)

    Ba cheart go gcumhdódh an Clár tréimhse dhá bhliain ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ba cheart an méid airgid do chur chun feidhme an Chláir a chinneadh don tréimhse sin.

    (5)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais d'fhad iomlán an Chláir, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (3), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (6)

    Agus an Clár á chur chun feidhme, ba cheart na hionstraimí maoiniúcháin go léir a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) d'fhonn forbairt táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a uasmhéadú. Mar sin féin, ó tharla nach maireann an Clár ach dhá bhliain, d'fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla a bheith ag baint le húsáid ionstraimí airgeadais. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse tosaigh sin, ba cheart tús áite a thabhairt d'úsáid deontas agus, i gcúinsí eisceachtúla, do sholáthar poiblí. D'fhéadfadh ionstraimí airgeadais a bheith ina n-uirlis iomchuí lena n-úsáid sa Chiste i ndiaidh 2020.

    (7)

    Féadfaidh an Coimisiún cuid de chur chun feidhme an Chláir a chur ar iontaoibh eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    (8)

    Tar éis tosaíochtaí maidir le cumas cosanta comhchoiteann a chomhaontú ar leibhéal an Aontais go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas, agus an tAthbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar Chosaint á chur san áireamh freisin, agus d'fhonn Leibhéal Uaillmhéine an Aontais a bhaint amach, a chomhaontaigh an Chomhairle ina gconclúidí an 14 Samhain 2016 agus a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach ar an 15 Nollaig 2016, déanfaidh na Ballstáit riachtanais mhíleata a shainaithint agus a chomhdhlúthú agus socróidh siad sonraíochtaí teicniúla an tionscadail.

    (9)

    Ba cheart do na Ballstáit, nuair is iomchuí, bainisteoir tionscadail a cheapadh freisin, amhail eagraíocht idirnáisiúnta um bainistíocht tionscadail, mar shampla an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála, nó eintiteas cosúil leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, chun an obair a bhaineann le forbairt birt chomhoibrithigh a fhaigheann tacaíocht ón gClár a stiúradh. I gcás ina ndéanfar ceapachán den sórt sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mbainisteoir tionscadail maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i ndáil leis an mbeart sin sula ndéanann sé an íocaíocht a fheidhmiú do thairbhí an bhirt incháilithe ionas go bhféadfaidh an bainisteoir tionscadail a áirithiú go n-urramóidh na tairbhithe na tréimhsí ama.

    (10)

    Níor cheart go ndéanfaí difear le tacaíocht airgeadais an Aontais d'aistriú táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Aontas i gcomhréir le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ná d'onnmhairiú táirgí, trealaimh nó teicneolaíochtaí cosanta. Níor cheart ach oiread go ndéanfadh sé difear do rogha na mBallstát maidir le beartas i ndáil leis an aistriú laistigh den Aontas agus onnmhairiú na dtáirgí sin, lena n-áirítear i gcomhréir leis na rialacha comhchoiteanna lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata a leagtar síos i gComhsheasamh 2008/944/CFSP ón gComhairle (6).

    (11)

    Ós rud é gurb é cuspóir an Chláir tacú le hiomaíochas agus le héifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais tríd an riosca a bhaint de chéim forbartha na dtionscadal comhair, ba cheart bearta maidir le forbairt táirge nó teicneolaíochta cosanta, eadhon staidéir féidearthachta agus bearta tacaíochta eile, dearadh (lena n-áirítear na sonraíochtaí teicniúla ar a bhfuil an dearadh bunaithe), fréamhshamhaltú, tástáil, cáiliú, agus deimhniú córas agus le héifeachtúlacht a mhéadú thar saolré táirge nó teicneolaíochta cosanta, ba cheart na bearta sin a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. Beidh uasghrádú na dteicneolaíochtaí agus na dtáirgí cosanta atá ann cheana, lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht, incháilithe freisin chun cistiú a fháil faoin gClár. Bearta maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana féin a uasghrádú, níor cheart dóibh a bheith incháilithe ach amháin nuair nach mbíonn an fhaisnéis réamhbheitheach is gá chun an beart a dhéanamh faoi réir aon srianta a d'fhágfadh bac ar chumas an beart a dhéanamh.

    (12)

    Ós rud é gurb é is aidhm leis an gClár comhar idir gnóthais ar fud na mBallstát a fheabhsú, níor cheart beart a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár ach amháin má dhéanann cuibhreannas trí ghnóthas ar a laghad atá lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla an beart sin.

    (13)

    De bhrí a dheacra a bhí sé sonraíochtaí comhchoiteanna nó caighdeáin chomhchoiteanna teicniúla a chomhaontú, ba mhinic a chuirtí srian ar an gcomhar trasteorann idir gnóthais maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta a fhorbairt. Is é a tháinig as éagmais nó easpa sonraíochtaí comhchoiteanna nó caighdeáin chomhchoiteanna teicniúla méadú ar chastacht, moill agus costais bhoilscithe ar an gcéim forbartha. Maidir le bearta a bhfuil leibhéal níos airde um ullmhacht teicneolaíochta ag baint leo, ba cheart comhaontú maidir le sonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla a bheith ina choinníoll príomha chun bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. Ba cheart staidéir féidearthachta agus bearta a bhfuil mar aidhm acu tacú le sonraíochtaí teicniúla nó le caighdeáin theicniúla comhchoiteann a bhunú a bheith incháilithe freisin chun cistiú a fháil faoin gClár.

    (14)

    D'fhonn a áirithiú, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go n-urramaítear oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát, níor cheart do bhearta a bhaineann le táirgí nó le teicneolaíochtaí a ndéantar a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh a thoirmeasc faoin dlí idirnáisiúnta a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. Chuige sin, na bearta i ndáil le táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta nua a fhorbairt, amhail na cinn sin a dheartar go sonrach chun imbhuailtí marfacha a chur i gcrích gan aon rialú ag an duine ar na cinntí rannpháirtíochta, ba cheart go mbeadh incháilitheacht na mbeart sin faoi réir forbairtí sa dlí idirnáisiúnta freisin.

    (15)

    Ós rud é go bhfuil an Clár dírithe ar iomaíochas agus éifeachtúlacht thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, níor cheart ach eintitis atá bunaithe san Aontas agus eintitis nach bhfuil faoi réir rialaithe ag tríú tír nó eintitis tríú tír, agus na heintitis sin amháin, a bheith incháilithe i bprionsabal do chistiú. Ina theannta sin, d'fhonn cosaint leasanna slándála agus cosanta riachtanacha an Aontais agus na mBallstát a áirithiú, ba cheart an bonneagar, na háiseanna, na sócmhainní agus na hacmhainní arna n-úsáid ag tairbhithe nó fochonraitheoirí i mbearta a ndéantar cistiú orthu faoin gClár a bheith lonnaithe ar chríoch tríú tír.

    (16)

    I gcúinsí áirithe, ba cheart go mbeadh sé indéanta maolú ón bprionsabal nach bhfuil tairbhithe ná fochonraitheoirí a bhaineann leis an mbeart faoi réir rialú ag tríú tír ná eintitis tríú tír. Sa chomhthéacs sin, maidir le gnóthais atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír nó ag eintitis tríú tír, ba cheart go mbeadh gnóthais den chineál sin a bheith in ann a bheith incháilithe do chistiú ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha ábhartha diana a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a chuid Ballstát mar a bunaíodh i gcreat an chomhbheartais eachtraigh agus slándála de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena n-áirítear maidir le bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú. Níor cheart go sárófaí cuspóirí an Chláir le rannpháirtíocht na ngnóthas sin. Ba cheart do na tairbhithe an fhaisnéis uile is ábhartha faoin mbonneagar, na háiseanna, na sócmhainní agus na hacmhainní atá le húsáid sa bheart a sholáthar. Ba cheart go n-áireofaí ábhair imní na mBallstát maidir le slándáil an tsoláthair.

    (17)

    Ba cheart freisin go mbeadh comhar idir tairbhithe agus bhfochonraitheoirí agus gnóthais atá bunaithe i dtríú tír nó arna rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, faoi réir coinníollacha ábhartha a bhaineann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais gona Bhallstáit. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go mbeadh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tíortha ná ag eintitis eile tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le feidhmiú an bhirt. Údaraítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis na rialacha slándála ábhartha is infheidhme maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh agus le faisnéis arna haicmiú i gcomhréir le haicmiú náisiúnta slándála.

    (18)

    D'áiritheofaí le bearta incháilithe arna bhforbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha i gcreat institiúideach an Aontais comhar feabhsaithe idir gnóthais sna Ballstáit éagsúla ar bhonn leanúnach agus, ar an dóigh sin, rannchuideoidís go díreach le cuspóirí an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí den chineál sin i dteideal ráta cistiúcháin méadaithe a fháil. Bearta incháilithe a forbraíodh le leibhéal iomchuí rannpháirtíochta cuideachtaí meánchaipitlithe agus FBManna, agus go háirithe le FBManna trasteorann, tacaíonn siad le slabhraí soláthair a oscailt agus cuireann siad le cuspóirí an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith incháilithe le haghaidh ráta méadaithe cistiúcháin, lena n-áirítear ráta mar chúiteamh ar an mbaol méadaithe agus ar an ualach riaracháin méadaithe.

    (19)

    I gcás inar mian le cuibhreannas a bheith rannpháirteach i mbeart incháilithe faoin gClár agus ina bhfuil cúnamh airgeadais an Aontais le tabhairt i bhfoirm deontais, ba cheart don chuibhreannas duine dá chomhaltaí a cheapadh mar chomhordaitheoir. Ba cheart don chomhordaitheoir a bheith ina phríomhdhuine teagmhála leis an gCoimisiún.

    (20)

    Ba cheart go gcumasódh, trí nuálaíocht agus trí fhorbairt theicneolaíoch a chur chun cinn i dtionscal cosanta an Aontais, scileanna agus fios gnó thionscal cosanta an Aontais a choinneáil agus a fhorbairt agus ba cheart go gcuideofaí lena neamhspleáchas teicneolaíoch agus tionsclaíoch a neartú. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh an Clár cuidiú leis na cásanna a shainaithint ina bhfuil an tAontas spleách ar thríú tíortha agus táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta á bhforbairt. Ba cheart go ndéanfaí cur chun cinn nuálaíocht agus forbairt theicneolaíoch den sórt sin ar bhealach a thagann le leasanna slándála agus cosanta an Aontais. Dá réir sin, i dtaca le rannchuidiú an bhirt sin leis na leasanna sin agus leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, ba cheart an rannchuidiú sin a bheith ina chritéar dámhachtana. Laistigh den Aontas, déantar tosaíochtaí maidir le cumas cosanta comhchoiteanna a shainaithint go háirithe tríd an bPlean Forbraíochta um Chumas. Le próisis eile an Aontais, amhail an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint agus an Buanchomhar Struchtúrtha, tacófar le cur chun feidhme na dtosaíochtaí ábhartha trí chomhar feabhsaithe. I gcás inarb iomchuí, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear na tosaíochtaí i gcomhthéacs ECAT, a chur san áireamh freisin, ar choinníoll go bhfónfaidh siad do leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus nach gcuirfidh siad bac ar aon Bhallstát ó pháirt a ghlacadh, agus é á chur san áireamh freisin an gá atá ann go seachnófar dúbláil gan ghá.

    (21)

    Bíonn na Ballstáit ag obair ina n-aonair agus go comhpháirteach ar fhorbairt, ar tháirgeadh agus ar úsáid oibríochtúil aerárthaí, feithiclí agus soithí gan foireann. Is é atá i gceist leis an úsáid oibríochtúil sa chomhthéacs seo ná imbhuailtí a dhéanamh ar spriocanna míleata. Tugadh tacaíocht, le cistí an Aontais, don taighde agus don fhorbairt a bhaineann le forbairt córas den sórt sin, córas míleata agus córas sibhialtach araon san áireamh. Beartaítear go leanfar ar aghaidh leis sin, b'fhéidir faoin gClár seo freisin. Níor cheart go gcuirfí aon chuid den Rialachán seo ina bhac ar úsáid dhlisteanach táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta arna bhforbairt faoin gClár.

    (22)

    Chun a áirithiú go bhfuil na bearta a ndéantar cistiú orthu inmharthana, ba cheart go mbunófaí gealltanas na mBallstát rannchuidiú go héifeachtach leis an mbeart a mhaoiniú i scríbhinn mar shampla trí litir intinne ó na Ballstáit lena mbaineann.

    (23)

    Chun a áirithiú go rannchuidíonn na bearta a ndéantar cistiú orthu le hiomaíochas agus éifeachtúlacht an tionscail chosanta Eorpaigh, ba cheart iad a bheith dírithe ar an margadh, éileamh-bhunaithe agus inmharthana ó thaobh na tráchtála de ar bhonn meántéarmach go fadtéarmach, lena n-áirítear le haghaidh teicneolaíochtaí dé-úsáide. Dá bhrí sin, ba cheart a chur san áireamh sna critéir incháilitheachta má tá sé beartaithe ag na Ballstáit cheana féin an táirge cosanta deiridh a sholáthar nó an teicneolaíocht a úsáid, ar bhealach comhordaithe, b'fhéidir, agus ba cheart a chur san áireamh sna critéir dhámhachtana má gheallann na Ballstáit trí ghealltanas polaitiúil nó dlíthiúil an táirge deiridh nó an teicneolaíocht cosanta deiridh a úsáid, a chothabháil nó é a bheith faoina n-úinéireacht go comhpháirteach.

    (24)

    Ba cheart na critéir dhámhachtana go léir a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh ar bhearta a mholtar do chistiú faoin gClár. Ós rud é nach bhfuil na critéir sin díbreach, níor cheart go n-eisiafaí go huathoibríoch bearta a bheartaítear nach gcomhlíonann ceann amháin de na critéir sin nó roinnt díobh.

    (25)

    Ní ceart go rachadh cúnamh airgeadais an Aontais faoin gClár thar 20 % de chostas incháilithe an bhirt i gcás ina mbainfidh sé le fréamhshamhaltú córas, ar minic é ar an mbeart is costasaí le linn na céime forbartha. Ba cheart go mbeadh sé indéanta áfach, iomlán na gcostas incháilithe ar bhearta eile le linn na céime forbartha a chumhdach. Sa dá chás, ba cheart costais incháilithe a thuiscint de réir bhrí Airteagal 126 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

    (26)

    Ós rud é gur cheart don Chlár gníomhaíochtaí taighde a chomhlánú, go háirithe i réimse na cosanta, agus ar mhaithe le comhsheasmhacht agus le simpliú riaracháin, ba cheart na rialacha céanna is atá in Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta agus ar Fís 2020: an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) (’Fís 2020’) a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir ar an gClár. Is iomchuí, dá bhrí sin, íocaíochtaí indíreacha a aisíoc de réir ráta comhréidh 25 % mar a dhéantar faoin Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta agus faoi Fís 2020.

    (27)

    Ós rud é go bhféachtar, trí bhíthin na tacaíochta a fhaightear ón Aontas, le hiomaíochas na hearnála cosanta a fheabhsú agus nach mbaineann an tacaíocht sin ach leis an gcéim forbartha shonrach, níor cheart úinéireacht ná cearta maoine intleachtúla a bheith ag an Aontas ar na táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta a thiocfaidh as bearta cistithe. Beidh an córas is infheidhme maidir le cearta maoine intleachtúla a chomhaontú ag na tairbhithe go conarthach. Ba cheart do na Ballstáit leasmhara an deis a bheith acu freisin a bheith rannpháirteach i soláthar leantach comhoibritheach. Thairis sin, níor cheart go mbeadh torthaí na mbeart a ndéantar cistiú orthu faoin gClár faoi réir rialála nó srianta ag tríú tír ná ag eintiteas tríú tír.

    (28)

    Ba cheart don Choimisiún clár oibre dhá bhliain a chruthú i gcomhréir le cuspóirí an Chláir. Ba cheart catagóirí na dtionscadal a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár a leagan amach go mionsonrach sa chlár oibre, lena n-áirítear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta amhail córais chianrialaithe, cumarsáid satailíte, suíomh, loingseoireacht agus uainiú, rochtain féinrialaitheach ar an mbuanbhreathnóireacht spáis agus talaimh, inbhuanaitheacht fuinnimh, cibearshlándáil agus slándáil mhuirí, mar aon le cumais mhíleata ardleibhéil sna réimsí aeir, talaimh, muirí agus sa réimse chomhpháirteach, lena n-áirítear feasacht níos fearr ar dhálaí, cosaint, soghluaisteacht, lóistíocht agus tacaíocht leighis agus cumasóirí straitéiseacha.

    (29)

    Ba cheart don Choimisiún cúnamh a fháil ó choiste Ballstát (“coiste”) chun an clár oibre a chruthú. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh a mbeidh an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu laistigh den choiste. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhformáid saineolaithe náisiúnta um chosaint chun cúnamh sonrach a chur ar fáil don Choimisiún. Is faoi na Ballstáit féin atá sé a gcuid ionadaithe a ainmniú don choiste sin. Ba cheart go dtabharfaí deiseanna luatha éifeachtacha do chomhaltaí an Choiste chun na dréachtghníomhartha cur chun feidhme a scrúdú agus chun a dtuairimí a chur in iúl.

    (30)

    I bhfianaise a thábhachtaí atá beartas an Aontais maidir le Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) i dtaca le fás eacnamaíoch, nuálaíocht, cruthú post, agus comhtháthú sóisialta san Aontas a áirithiú agus ó tharla gur gnách go mbíonn comhar trasnáisiúnta de dhíth ar na bearta dá dtabharfar tacaíocht, is den tábhacht go ndéantar rochtain agus rannpháirtíocht oscailte thrédhearcach trasteorann FBManna den chineál sin a léiriú agus a chumasú agus go dtéann 10 % ar a laghad den bhuiséad iomlán chun tairbhe beart den chineál sin, rud a chuirfidh ar chumas FBManna a bheith cuimsithe i slabhraí luacha na mbeart. Ba cheart catagóir tionscadal a thiomnú go sonrach do FBManna.

    (31)

    Chun a áirithiú go mbeidh rath ar an gClár, ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh idirphlé a bheith aige i gcónaí le lucht tionscail na hEorpa, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide agus soláthraithe neamhthraidisiúnta don earnáil chosanta.

    (32)

    D'fhonn leas a bhaint as a saineolas in earnáil na cosanta, agus i gcomhréir leis na hinniúlachtaí a thugtar di leis an CAE, ba cheart cuireadh a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint feidhmiú mar bhreathnóir ar choiste. Ba cheart cuireadh a thabhairt freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt.

    (33)

    Mar riail ghinearálta, maidir le roghnú na mbeart a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár, ba cheart don Choimisiún, nó do na heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, glaonna iomaíocha a eagrú mar a fhoráiltear sa Rialachán sin agus a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta riaracháin á gcoimeád chomh simplí agus is féidir agus gan ach an méid íosta costas breise a thabhú. Mar sin féin, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus in imthosca eisceachtúla, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin i gcomhréir le hAirteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (7).

    (34)

    Tar éis na tograí a gheofar a mheas le cabhair saineolaithe neamhspleácha, arb iad na Ballstáit a dhéanfaidh a ndintiúir phearsantaithe a bhailíochtú, roghnóidh an Coimisiún na bearta a ndéanfar cistiú orthu faoin gClár. Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí de shaineolaithe neamhspleácha a bhunú. Níor cheart an bunachar sonraí a chur ar fáil don phobal. Ba cheart na saineolaithe neamhspleácha sin a cheapadh ar bhonn a scileanna, a dtaithí agus a gcuid eolais, agus na cúraimí a bheidh le sannadh dóibh á gcur san áireamh. A mhéid is féidir, agus na saineolaithe neamhspleácha á gceapadh aige, ba cheart don Choimisiún bearta iomchuí a ghlacadh chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe agus sna painéil meastóireachta a lorg i dtéarmaí scileanna éagsúla, taithí éagsúil agus eolas éagsúil, éagsúlachta geografaí agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse an bhirt. Ba cheart uainíocht iomchuí saineolaithe agus cothromaíocht iomchuí a lorg freisin idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí. Chun dálaí aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an gclár oibre a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus maidir leis an gcistiú a dhámhachtain ar bhearta roghnaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus an dul chun cinn maidir le bearta arna gcistiú.

    (35)

    Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme sin agus na himpleachtaí substaintiúla atá acu maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo á gcur san áireamh.

    (36)

    Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chur chun feidhme a chur i dtoll a chéile ag deireadh an Chláir, ina ndéanfar a chuid gníomhaíochtaí airgeadais a scrúdú i dtaca le torthaí cur chun feidhme airgeadais agus, i gcás inar féidir é, i dtaca lena thionchar. Ba cheart freisin anailís a dhéanamh sa tuarascáil chur chun feidhme ar rannpháirtíocht trasteorann FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár chomh maith le rannpháirtíocht FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis maidir le tionscnamh na dtairbhithe agus dáileadh chearta maoine intleachtúla a ghintear a bheith sa tuarascáil freisin.

    (37)

    Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

    (38)

    Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an Clár chun cinn chomh forleathan agus is féidir d'fhonn cur lena éifeachtacht agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar iomaíochas an tionscail cosanta agus ar chumais cosanta na mBallstát.

    (39)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i bhfianaise na gcostas agus na rioscaí gaolmhara, ach gur féidir na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (an “Clár”) i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “córas fréamhshamhaltaithe” múnla de tháirge nó de theicneolaíocht lenar féidir feidhmíocht a léiriú i dtimpeallacht oibríochtúil;

    (2)

    ciallaíonn “cáilíocht” an próiseas iomlán lena léirítear go gcomhlíonann dearadh táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe na ceanglais a shonraítear, agus fianaise oibiachtúil á soláthar trína léirítear gur comhlíonadh na ceanglais áirithe i dtaca leis an dearadh;

    (3)

    ciallaíonn “deimhniú” an próiseas trína ndeimhníonn údarás náisiúnta go gcomhlíonann an táirge cosanta, an chomhpháirt nó an teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe na rialacháin is infheidhme;

    (4)

    ciallaíonn “gnóthas” eintiteas, beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an gcaoi a maoinítear é, a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, agus atá bunaithe sa Bhallstát ina bhfuil sé ionchorpraithe, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin;

    (5)

    ciallaíonn “struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin” comhlacht aon ghnóthais, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, a bhfuil an chumhacht aici straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an ghnóthais a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta;

    (6)

    ciallaíonn “eintiteas tríú tír” eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil sé bunaithe san Aontas, a bhfuil a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin lonnaithe i dtríú tír;

    (7)

    ciallaíonn “rialú” an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas go díreach, nó go hindíreach, trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó;

    (8)

    ciallaíonn “fiontair bheaga agus mheánmhéide” nó “FBManna” fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9);

    (9)

    ciallaíonn “cuideacht meánchaipitlithe” fiontar nach FBM é agus a bhfuil suas le 3 000 fostaí acu nuair a ríomhtar líon na foirne i gcomhréir le hAirteagal 3 go hAirteagal 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

    (10)

    ciallaíonn “cuibhreannas” grúpáil chomhoibríoch de ghnóthais a chruthaítear chun beart a dhéanamh faoin gClár seo.

    Airteagal 3

    Cuspóirí

    Beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gClár:

    (a)

    cumas iomaíochais, éifeachtúlacht agus nuálaíochta an tionscail cosanta a chothú ar fud an Aontais, rud a rannchuideoidh le huathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh trí thacú le bearta le linn a gcéime forbartha;

    (b)

    tacú le comhoibriú agus é a ghiaráil, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann, idir gnóthais, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, ar fud an Aontais, chomh maith le comhar idir Ballstáit, i bhforbairt táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta, agus gastacht slabhraí soláthair agus slabhraí luacha na cosanta á neartú agus á bhfeabhsú, agus caighdeánú agus idir-inoibritheacht na gcóras cosanta á gcothú.

    Déanfar comhar den sórt sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Forbartha Cumas.

    Sa chomhthéacs sin, féadfar tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a chur san áireamh i gcás inarb iomchuí, nuair a bheidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais, mar a chinntear faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála iad, agus é á chur san áireamh gur gá dúbailt neamhriachtanach a sheachaint, agus i gcás inarb infheidhme, nuair nach gcuireann siad bac ar aon Bhallstát a bheith rannpháirteach;

    (c)

    saothrú níos fearr a chothú maidir le torthaí an taighde sa chosaint agus rannchuidiú leis an bhforbairt tar éis na céime taighde agus, dá bhrí sin, tacú le hiomaíochas thionscal cosanta na hEorpa i ndáil leis an margadh inmheánach agus le margadh an domhain mhóir, lena n-áirítear trí chomhdhlúthú i gcás inarb iomchuí.

    Airteagal 4

    Buiséad

    Is é EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020.

    Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Airteagal 5

    Forálacha ginearálta maoinithe

    1.   Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil trí na cineálacha maoiniúcháin a bheartaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, go háirithe deontais agus, i gcásanna eisceachtúla, soláthar poiblí.

    2.   Na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i mír 1 agus na modhanna cur chun feidhme, déanfar iad a roghnú ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na mbeart a chomhlíonadh agus torthaí a bhaint amach, agus costais rialaithe, an t-ualach riaracháin, agus an baol gurb ann do choinbhleachtaí leasa, go háirithe, á gcur san áireamh.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, a chur chun feidhme go díreach nó go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na n-eintiteas a liostaítear i bpointe (c) d'Airteagal 58(1) den Rialachán sin.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, bainisteoir tionscadail a cheapadh. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mbainisteoir tionscadail maidir leis an dul chun cinn i ndáil leis an mbeart sula ndéanfaidh sé an íocaíocht leis na tairbhithe incháilithe.

    Airteagal 6

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Leis an gClár, cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag tairbhithe sa chéim forbartha, lena gcumhdaítear táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nua agus uasghrádú táirgí agus teicneolaíochtaí atá ann cheana, ar choinníoll nach bhfuil úsáid na faisnéise a bhí ann roimhe agus is gá chun an t-uasghrádú a dhéanamh faoi réir srianadh ó thríú tír nó ó eintiteas tríú tír, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná ceann amháin.

    Beidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas i gceist le beart incháilithe:

    (a)

    staidéir, amhail staidéir féidearthachta, agus bearta eile a ghabhann leo;

    (b)

    táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a dhearadh mar aon leis na sonraíochtaí teicniúla ar a ndearnadh dearadh den chineál sin a fhorbairt, lena n-áirítear tástálacha páirteacha le riosca a laghdú i dtimpeallacht thionsclaíoch nó ionadaíoch;

    (c)

    córas fréamhshamhaltaithe táirge cosanta, comhpháirte nó teicneolaíochta inláimhsithe nó doláimhsithe;

    (d)

    táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a thástáil;

    (e)

    táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a cháiliú;

    (f)

    táirge cosanta, comhpháirt nó teicneolaíocht inláimhsithe nó dholáimhsithe a dheimhniú;

    (g)

    forbairt na dteicneolaíochtaí nó na sócmhainní lena méadaítear éifeachtúlacht feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta.

    2.   Déanfar an beart dá dtagraítear i mír 1 i gcomhar le gnóthais a bheidh ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina mbeidh trí eintiteas incháilithe, ar a laghad, atá bunaithe i dtrí Bhallstát dhifriúla ar a laghad. I gcás trí cinn, ar a laghad, de na heintitis incháilithe sin a bheidh bunaithe in dhá Bhallstát dhifriúla, ar a laghad, ní bheidh siad á rialú, go díreach nó go hindíreach, ag an eintiteas céanna, ná ní rialóidh siad a chéile.

    3.   Tabharfaidh cuibhreannais dá dtagraítear i mír 2 cruthúnas ar a n-inmharthanacht trína léiriú go gcumhdófar costais an bhirt nach gcumhdaítear leis an tacaíocht ón Aontas trí bhíthin bealaí maoiniúcháin eile, amhail ranníocaíochtaí ó na Ballstáit.

    4.   Maidir le bearta dá dtagraítear i bpointí (c) go (g) de mhír 1, soláthróidh na cuibhreannais cruthúnas i leith an rannchuidiú a dhéanann siad le hiomaíochas an tionscail cosanta Eorpaigh trína léiriú go bhfuil sé de rún ag dhá Bhallstát ar a laghad an táirge a cheannach nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, ar bhealach comhordaithe, lena n-áirítear trí mheán soláthar comhpháirteach i gcás inarb infheidhme.

    5.   Bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, beidh siad bunaithe ar na ceanglais choiteanna arna gcomhaontú go comhpháirteach ag dhá Bhallstát ar a laghad. Bearta dá dtagraítear i bpointe (c) go pointe (g) de mhír 1, beidh siad bunaithe ar shonraíochtaí comhchoiteanna teicniúla arna gcomhaontú go comhpháirteach ag na Ballstáit a chomhmhaoineoidh an táirge nó a mbeidh de rún acu an táirge a cheannach trí mheán soláthar comhpháirteach nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid go comhpháirteach, mar a thagraítear dó i mír 3 agus i mír 4, ionas gur fearr de caighdeánú agus idir-inoibritheacht na gcóras.

    6.   Bearta chun táirgí agus teicneolaíochtaí a fhorbairt, a bhfuil a n-úsáid, a bhforbairt nó a dtáirgeadh faoi thoirmeasc faoin dlí idirnáisiúnta, ní bheidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

    Airteagal 7

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Gnóthais phoiblí nó gnóthais phríobháideacha atá bunaithe san Aontas a bheidh sna tairbhithe agus sna fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart.

    2.   Bonneagar, áiseanna, sócmhainní agus acmhainní na dtairbhithe agus na bhfochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart arna n-úsáid chun críocha na mbeart a chistítear faoin gClár, beidh siad lonnaithe ar chríoch an Aontais ar feadh thréimhse iomlán an bhirt, agus beidh a struchtúir bhainistíochta feidhmiúcháin bunaithe laistigh den Aontas.

    3.   Chun críocha na mbeart a chistítear faoin gClár, ní bheidh na tairbhithe agus na fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart faoi réir rialú tríú tír ná eintiteas tríú tír.

    4.   De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, agus faoi réír Airteagal 15(2), beidh gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír incháilithe mar thairbhí nó mar fhochonraitheoir a bhaineann leis an mbeart, ach amháin más rud é go gcuirtear ar fáil don Choimisiún ráthaíochtaí arna bhformheas ag an mBallstát ina bhfuil sé bunaithe, i gcomhréir lena chuid nósanna imeachta náisiúnta. Féadtar tagairt a dhéanamh sna ráthaíochtaí do struchtúr bainistíochta feidhmiúcháin an ghnóthais atá bunaithe san Aontas. Más iomchuí leis an mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe, d'fhéadfadh na rathaíochtaí sin tagairt a dhéanamh freisin do chearta sonracha rialtasacha i rialú an ghnóthais.

    Soláthrófar sna ráthaíochtaí sin na dearbhuithe nach sárófar rannpháirtíocht i mbeart de ghnóthas den sórt sin leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit mar a bhunaítear i gcreat an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála de bhun Teideal V de CFAE, ná cuspóirí an Chláir ach oiread mar a leagtar amach in Airteagal 3 iad. Comhlíonfaidh na ráthaíochtaí le forálacha Airteagal 12 freisin. Tabharfaidh na ráthaíochtaí go háirithe bunús go bhfuil bearta i bhfeidhm, chun críche an bhirt, lena áirithiú:

    (a)

    nach feidhmeofar rialú an ghnóthais ar bhealach lena gcuirfí srian nó teorainn lena chumas an beart a chur i ngníomh agus torthaí a bhaint amach, lena gcuirfí teorainn lena bhonneagar, saoráidí, sócmhainní, acmhainní, maoin intleachtúil nó saineolas is gá chun críche an bhirt, nó lena mbainfí dá chumais agus na caighdeáin is gá chun an beart a chur i ngníomh;

    (b)

    go bhfuil cosc ar rochtain a bheith ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír ar fhaisnéis íogair a bhaineann leis an mbeart agus go bhfuil imréiteach náisiúnta slándála ag na fostaithe nó ag daoine eile a bhfuil baint acu leis an mbeart i gcás inarb iomchuí;

    (c)

    go bhfanann úinéireacht na maoine intleachtúla a thiocfaidh ón mbeart, agus torthaí an bhirt, laistigh den tairbhí le linn an bhirt agus tar éis don bheart a bheith curtha i gcrích agus ní bheidh siad faoi réir rialú nó srianadh tríú tír nó eintiteas tríú tír, agus ní fhéadfar iad a onnmhairiú lasmuigh den Aontas agus ní dheonófar rochtain don mhaoin intleachtúil sin nó na torthaí ón taobh amuigh den Aontas gan cead an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas bunaithe agus i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

    Má mheasfar gurb iomchuí é leis an mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe, féadfar ráthaíochtaí breise a chur ar fáil.

    Cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 13 ar an eolas faoi aon ghnóthas eile a mheasfar a bheith incháilithe i gcomhréir leis an mír seo.

    5.   I gcás nach bhfuil ionadaithe iomaíocha ar fáil go héasca san Aontas, is féidir le tairbhithe agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart úsáid a bhaint as a sócmhainní, a mbonneagar, a n-áiseanna agus a n-acmhainní atá lonnaithe nó coinnithe lasmuigh de chríoch na mBallstát ar choinníoll nach sárófaí leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit leis an úsáid sin, go bhfuil sé sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chláir agus go mbeidh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 12.

    Ní bheidh costais na mbeart sin incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

    6.   Tráth a mbeidh beart incháilithe á chur i ngníomh acu, féadfaidh tairbhithe agus fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart comhoibriú freisin le gnóthais atá bunaithe lasmuigh de chríoch na mBallstát nó atá á rialú ag tríú tíortha nó ag eintitis tríú tír, lena n-áirítear trína gcuid sócmhainní, bonneagair, áiseanna agus acmhainní do na gnóthais sin a úsáid, ar choinníoll nach sáródh a leithéid leasanna slándála agus cosanta an Aontais a Bhallstát. Beidh comhar den sórt sin comhsheasmhach leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus beidh sé i gcomhréir go hiomlán le hAirteagal 12.

    Ní bheidh aon rochtain neamhúdaraithe ag tríú tír nó eintiteas eile tríú tír ar fhaisnéis rúnaicmithe a bhaineann le cur i ngníomh an bhirt agus seachnófar éifeachtaí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le slándáil sholáthar na n-ionchur atá riachtanach don bheart.

    Ní bheidh costais na mbeart sin incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár.

    7.   Cuirfidh na tairbhithe an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar na critéir incháilitheachta. I gcás ina dtarlódh athrú le linn don bheart a bheith á dhéanamh lena bhféadfaí amhras a chaitheamh ar na critéir incháilitheachta a bheith á gcomhlíonadh, cuirfidh an gnóthas an Coimisiún ar an eolas agus measúnóidh an Coimisiún an leantar de na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh agus féachfaidh sé an bhféadfadh sé sin aon tionchar a imirt ar chistiú an bhirt.

    8.   Chun críocha an Airteagail seo, le fochonraitheoirí a bhfuil baint acu leis an mbeart, tagraítear d'fhochonraitheoirí a bhfuil gaol conarthach díreach acu le tairbhí eile, fochonraitheoirí eile dá bhfuil ar a laghad 10 % de chostas iomlán incháilithe an bhirt á shannadh, agus fochonraitheoirí a bhféadfadh sé go dteastódh rochtain uathu ar fhaisnéis rúnaicmithe d'fhonn an conradh a chur i gcrích.

    Airteagal 8

    Dearbhú arna dhéanamh ag na gnóthais

    Gach gnóthas laistigh de chuibhreannas ar mian leis a bheith rannpháirteach i mbeart, dearbhóidh sé, le ráiteas scríofa, go bhfuil sé eolach go hiomlán ar an dlí náisiúnta agus ar dhlí an Aontais maidir le gníomhaíochtaí i réimse na cosanta agus go bhfuil sé i gcomhréir leo.

    Airteagal 9

    Cuibhreannas

    1.   I gcás ina gcuirfear cúnamh airgeadais an Aontais ar fáil trí bhíthin deontas, déanfaidh comhaltaí an chuibhreannais comhalta dá gcomhaltaí a cheapadh chun gníomhú mar chomhordaitheoir. Déanfar an comhordaitheoir a aithint sa chomhaontú deontais. Beidh an comhordaitheoir ina phríomhtheagmhálaí le comhaltaí an chuibhreannais maidir le caidreamh leis an gCoimisiún agus leis an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha, mura sonraítear a mhalairt sa chomhaontú deontais nó i gcás nach gcomhlíonfar a oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais.

    2.   Comhaltaí cuibhreannais atá rannpháirteach i mbeart, tabharfaidh siad comhaontú inmheánach i gcrích lena mbunófar a gcearta agus a n-oibleagáidí maidir leis an mbeart a dhéanamh (i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais), ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus ina bhforáiltear dóibh sa chlár oibre nó sa ghlao ar thograí. Leis an gcomhaontú inmheánach, áireofar freisin socruithe maidir le ceart maoine intleachtúla a bhaineann leis na táirgí agus na teicneolaíochtaí arna bhforbairt.

    Airteagal 10

    Critéir dhámhachtana

    Déanfar meastóireacht ar bhearta a bhfuil sé i gceist iad a chistiú faoin gClár ar bhonn gach ceann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    an rannchuidiú leis an sármhaitheas, go háirithe trína léiriú go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an mbeart atá á mholadh thar táirgí nó teicneolaíochtaí cosanta atá ann cheana;

    (b)

    an rannchuidiú leis an nuálaíocht, go háirithe trína léiriú go ndéanfar coincheapa nó cuir chuige ceannródaíocha nó nuálacha, feabhsúcháin theicneolaíocha nua, a bhfuil gealadh fúthu, don todhchaí nó feidhmiú teicneolaíochtaí nó coincheap nár feidhmíodh cheana san earnáil cosanta a áireamh ar an mbeart atá á mholadh;

    (c)

    an rannchuidiú le hiomaíochas agus fás na ngnóthas cosanta ar fud an Aontais, go háirithe trí dheiseanna nua margaidh a chruthú;

    (d)

    an rannchuidiú le neamhspleáchas tionsclaíoch an tionscail cosanta Eorpaigh agus le leasanna slándála agus cosanta an Aontais trí fheabhas a chur ar tháirgí nó ar theicneolaíochtaí cosanta i gcomhréir le tosaíochtaí na gcumas cosanta arna gcomhaontú ag na Ballstáit faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Forbartha Cumas, agus, i gcás inarb iomchuí, tosaíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, ar choinníoll go mbeidh siad ag freastal ar leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus nach ndéanann siad féidearthacht rannpháirtíochta aon Bhallstáit a eisiamh;

    (e)

    an chuid de bhuiséad iomlán an bhirt atá le sannadh do rannpháirtíocht FBManna atá bunaithe san Aontas agus lena gcothaítear breisluach tionsclaíoch nó teicneolaíoch, agus iad mar chomhaltaí den chuibhreannas, mar fhochonraitheoirí nó mar ghnóthais eile sa slabhra soláthair, agus go háirithe an chuid de bhuiséad iomlán an bhirt atá le sannadh do FBManna atá bunaithe i mBallstáit seachas na Ballstáit sin ina bhfuil na gnóthais sa chuibhreannas nach FBManna iad bunaithe;

    (f)

    maidir le bearta dá dtagraítear i bpointí (c) go (f) d'Airteagal 6(1), an rannchuidiú le comhtháthú breise an tionscail cosanta Eorpaigh tríd an léiriú ó na tairbhithe go bhfuil de rún ag na Ballstáit an táirge nó an teicneolaíocht deiridh a úsáid, a cheannach nó a choinneáil.

    I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh an rannchuidiú le méadú na héifeachtúlachta feadh shaolré na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear costéifeachtacht agus an acmhainneacht do shineirgí sa phróiseas soláthair agus cothabhála maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír.

    Airteagal 11

    Rátaí cistiúcháin

    1.   Ní rachaidh cúnamh airgeadais an Aontais a chuirtear ar fáil faoin gClár thar 20 % de chostas incháilithe an bhirt dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 6(1). I ngach cás eile, d'fhéadfaí suas le costas incháilithe iomlán an bhirt a chumhdach leis an gcúnamh.

    2.   Féadfaidh beart dá dtagraítear in Airteagal 6(1), a dhéantar a fhorbairt i gcomhthéacs an Bhuanchomhair Struchtúrtha, tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin arna mhéadú le 10 bpointe céatadáin breise.

    3.   Féadfaidh beart dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe, dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír den mhír seo, i gcás ina mbíonn ar a laghad 10 % de chostas iomlán incháilithe an bhirt á shannadh do FBManna atá bunaithe san Aontas.

    Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le céatadán chostas incháilithe iomlán beart atá sannta do FBManna atá bunaithe i mBallstáit ina bhfuil na gnóthais sa chuibhreannas nach FBManna iad bunaithe.

    Féadfar an ráta cistiúcháin a mhéadú de phointí céatadáin atá coibhéiseach le dhá oiread chéatadán chostas incháilithe iomlán beart atá sannta do FBManna atá bunaithe i mBallstáit seachas iad siúd dá dtagraítear sa dara fomhír.

    4.   Féadfaidh beart dá dtagraítear in Airteagal 6(1), tairbhe a bhaint as ráta cistiúcháin méadaithe de 10 bpointe céatadáin i gcás ina mbíonn ar a laghad 15 % de chostas iomlán incháilithe an bhirt á shannadh do chuideachtaí meánchaipitlithe atá bunaithe san Aontas.

    5.   Cinnfear na costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh a fheidhmiú de 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta.

    6.   Ní mó ná 35 phointe céatadáin a bheidh an méadú foriomlán ar ráta cistiúcháin an bhirt tar éis do mhíreanna 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm.

    7.   An cúnamh airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil faoin gClár, lena n-áirítear méadú ar rátaí cistiúcháin, ní chuimseofar leis an gcúnamh sin níos mó ná 100 % de chostas incháilithe an bhirt.

    Airteagal 12

    Úinéireacht agus Cearta Maoine Intleachtúla

    1.   Ní bheidh na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thiocfaidh as an mbeart faoi úinéireacht an Aontais agus ní bheidh éileamh aige i dtaca le cearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an mbeart.

    2.   Na bearta a fhaigheann cistiú faoin gClár, ní bheidh a dtorthaí faoi réir rialú nó srianadh ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó, lena n-áirítear i dtéarmaí aistriú teicneolaíochta.

    3.   Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do lánrogha na mBallstát i ndáil leis an mbeartas maidir le honnmhairiú na dtáirgí a bhaineann leis an gcosaint.

    4.   Maidir le torthaí arna nginiúint ag tairbhithe a fuair cistiú faoin gClár agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear in iúl don Choimisiún aon aistriú úinéireachta chuig tríú tír nó chuig eintiteas tríú tír. Má dhéanann aistriú úinéireachta den sórt sin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a shárú, aisíocfar an cistiú arna chur ar fáil faoin gClár.

    5.   Más mar sholáthar poiblí maidir le staidéar a dhéanamh a chuireann an tAontas cúnamh ar fáil, beidh an ceart ag gach Ballstát ceadúnas neamheisiach a fháil, in aisce, lena mbeidh siad in ann an staidéar sin a úsáid, ach sin a iarraidh i scríbhinn.

    Airteagal 13

    Nós imeachta Coiste

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tabharfar cuireadh don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint a bheith ann lena barúlacha agus a saineolas a chur ar fáil don choiste mar bhreathnóir. Tabharfar cuireadh freisin don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí cúnamh a thabhairt.

    Tiocfaidh an coiste le chéile freisin i bhfoirmíochtaí speisialta, lena n-áirítear chun plé a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le cúrsaí cosanta.

    2.   I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 14

    Clár oibre

    1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, clár oibre dhá bhliain. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2). Beidh an clár oibre i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

    2.   Sa chlár oibre, leagfar amach go mionsonrach na catagóirí tionscadail a chisteofar faoin gClár. Beidh na catagóirí sin i gcomhréir leis na tosaíochtaí maidir le cumas cosanta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3.

    Cumhdóidh na catagóirí sin cumais i ndáil le táirgí agus teicneolaíochtaí cosanta nuálacha sna réimsí seo a leanas:

    (a)

    ullmhúchán, cosaint, úsáid agus inbhuanaitheacht;

    (b)

    bainistiú, barrfheabhas agus ceannas faisnéise, rialú, cumarsáid, ríomhairí, faisnéis, faireachas agus taiscéalaíocht, (C4ISR) an chibearchosaint agus an chibearshlándáil; agus

    (c)

    gleic agus éifeachtóirí.

    Áireofar sa chlár oibre freisin catagóir tionscadal atá tiomanta go sonrach do FBManna.

    3.   Áiritheofar leis an gclár oibre go rachaidh ar a laghad 10 % den bhuiséad iomlán chun tairbhe rannpháirtíocht FBManna trasteorann.

    Airteagal 15

    Nós imeachta meastóireachta agus dámhachtana

    1.   Agus an Clár á chur chun feidhme, déanfar cistiú an Aontais a dheonú tar éis glaonna iomaíocha a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012. In imthosca eisceachtúla a bhfuil bonn cirt cuí leo, féadfar cistiú ón Aontas a dheonú freisin i gcomhréir le hAirteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tograí a thíolacfar tar éis an ghlao ar thograí, ar bhonn na gcritéar incháilitheachta agus dámhachtana a leagtar amach in Airteagail 6, 7, 8 agus 10.

    Cabhróidh saineolaithe neamhspleácha, a bhfuil a sonraí aitheantais slándála bailíochtaithe ag na Ballstáit, leis an gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta dámhachtana. Náisiúnaigh de cuid an Aontais a bheidh sna saineolaithe sin, ón raon Ballstát is leithne is féidir, agus iad roghnaithe ar bhonn glaonna ar iarratais, d'fhonn bunachar sonraí iarratasóirí a bhunú.

    An Coiste dá dtagraítear in Airteagal 13, cuirfear ar an eolas go bliantúil é maidir leis an liosta saineolaithe sa bhunachar sonraí, ar mhaithe le trédhearcacht dhintiúir na saineolaithe. Áiritheoidh an Coimisiún freisin nach ndéanfaidh saineolaithe meastóireacht, comhairleoireacht nó cabhrú i ndáil le hábhair ina bhfuil coinbhleacht leasa acu ina leith.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cistiú a dhámhachtain ar na bearta a roghnófar tar éis gach glao nó tar éis Airteagal 190 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 a fheidhmiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

    Airteagal 16

    Tráthchodanna bliantúla

    Féadfaidh an Coimisiún gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla.

    Article 17

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar chur chun feidhme an chláir agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil isteach maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 38(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na socruithe faireacháin is gá.

    2.   Chun tacú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht bhearta an Aontais a fheabhsú sa todhchaí, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil mheastóireachta shiarghabhálach a tharraingt suas agus cuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Déanfaidh an tuarascáil cur le comhairliúcháin ábhartha leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí tábhachtacha, agus déanfaidh sí measúnú go háirithe ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfar anailís sa tuarascáil freisin ar rannpháirtíocht trasteorann, lena n-áirítear rannpháirtíocht FBManna, agus cuideachtaí meánchaipitlithe, i mbearta arna ndéanamh faoin gClár chomh maith le comhtháthú FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe sa slabhra luacha domhanda. Beidh faisnéis sa tuarascáil freisin maidir le tíortha tionscnaimh na dtairbhithe agus, i gcás inar féidir, dáileadh na gceart maoine intleachtúla arna nginiúint.

    Airteagal 18

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    1.   Nuair a chuirfear chun feidhme bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar leasa airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha riaracháin agus airgeadais a ghearradh.

    2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta, an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe ar thángthas orthu leo, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

    3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11) ón gComhairle, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasa airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a chistítear faoin gClár.

    4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

    Airteagal 19

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Tá an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18 Iúil 2018.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    A. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BOGNER-STRAUSS


    (1)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 51.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifiigúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 16 Iúil 2018.

    (3)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

    (4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i dtaca le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

    (5)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009, lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).

    (6)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).

    (7)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (9)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

    (10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


    RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE MAOINIÚ AN CHLÁIR EORPAIGH FORBARTHA TIONSCAL I RÉIMSE NA COSANTA

    Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, ag comhaontú go ndéanfar an maoiniú ar Chláir Eorpacha Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta a chumhdach sna blianta 2019-2020 mar a leanas:

    EUR 200 milliún ón gcorrlach gan leithdháileadh;

    EUR 116,1 milliún ó CEF;

    EUR 3,9 milliún ó Egnos;

    EUR 104,1 milliún ó Galileo;

    EUR 12 mhilliún ó Copernicus;

    EUR 63,9 milliún ó ITER.


    Top