EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0235

Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain

IO L 77, 15.3.2014, p. 85–94 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/235/oj

15.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

85


RIALACHÁN (AE) Uimh. 235/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209 agus Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é atá sa Rialachán seo ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais agus gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (CE) Uimh 1889/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Bunaítear ionstraim maoinithe leis chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain agus chun tacú leo, ar ionstraim í ina ndéantar soláthar maidir le cúnamh neamhspleách ó thoiliú rialtas agus údaráis phoiblí na tríú tíortha lena mbaineann.

(2)

Foráiltear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

(3)

De bhun Airteagal 2 agus Airteagal 3(3) den CAE agus de bhun Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is luach bunúsach agus cuspóir den Aontas comhionannas idir mná agus fir agus ba cheart go gcuirfeadh an tAontas comhionannas príomhshrutha inscne chun cinn ina ghníomhaíochtaí uile.

(4)

De bhun Airteagal 21 CAE, tá gníomhaíocht sheachtrach an Aontais le bheith bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

(5)

Faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, is dhá cholún bhunúsacha de bheartas forbartha an Aontais iad cearta an duine, daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas agus fás cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn. Is gné ríthábhachtach de chaidreamh conarthach an Aontais le tríú tíortha é tiomantas chun cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha a urramú, a chur chun cinn agus a chosaint.

(6)

Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach an 12 Nollaig 2011, dar teideal “Cearta an Duine agus Daonlathas i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an AE — I dTreo cur chuige níos éifeachtaí”, moladh bearta sonracha d'fhonn éifeachtacht agus comhchuibheas chur chuige an Aontais i leith chearta an duine agus an daonlathais a mhéadú.

(7)

Tá sé ceaptha go gcabhróidh an ionstraim a bhunaítear leis seo le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear na cuspóirí sin de chuid a bheartais forbartha, go háirithe na cuspóirí a leagadh amach sa Chomhráiteas ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ón bParlaimint agus ón gCoimisiún maidir le Beartas Forbartha an Aontais Eorpaigh dar teideal “An Chomhthoil Eorpach” agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal “Tionchar Bheartas Forbartha an AE a mhéadú: an Clár Oibre don Athrú” agus na beartais sin de chuid an Aontais a bhaineann le cearta daonna, lena n-áirítear na cuspóirí a leagtar amach i gCreat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas, a ghlac an Chomhairle an 25 Meitheamh 2012.

(8)

I gcomhréir le Creat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta an AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, d'fhonn prionsabail de chuid chearta an duine a chomhtháthú i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Aontas cur chuige a chur i bhfeidhm a bheidh bunaithe ar chearta agus lena gcuimseofar gach ceart de chuid an duine, bíodh sin cearta sibhialta agus polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta nó cultúrtha.

(9)

Tá an rannchuidiú a dhéanann an tAontas le daonlathas agus leis an smacht reachta agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint fréamhaithe sa Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine, sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Sibhialta agus Polaitiúla agus sa Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus aon ionstraim eile um chearta an duine lena nglactar faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe (NA), chomh maith le hionstraimí réigiúnacha ábhartha maidir le cearta an duine.

(10)

Is cuid de chearta bunúsacha an duine iad comhionannas inscne, cearta na mban, lena n-áirítear cumhachtú na mban, agus an neamh-idirdhealú, atá bunriachtanach i ndáil leis an gceartas sóisialta agus chun comhrac i gcoinne an éagothromais. Ba cheart go mbeadh cur chun cinn na gcearta sin ina phríomhthosaíocht thras-earnálach den Rialachán seo.

(11)

Tá an daonlathas agus cearta an duine nasctha go dlúth agus treisíonn siad a chéile, mar a luaitear i gConclúidí na Comhairle an 18 Samhain 2009, maidir le tacaíocht daonlathais i gcaidreamh seachtrach an AE. Is réamhchoinníollacha iad na saoirsí bunúsacha smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh, cainte, tionóla agus comhlachais maidir le hiolrachas polaitiúil, maidir le próisis dhaonlathacha agus maidir le sochaí oscailte, agus tá rialú daonlathach, cuntasacht bhaile agus scaradh cumhachtaí bunriachtanach chun breithiúnacht neamhspleách agus an smacht reachta a chothú, agus tá siad sin riachtanach chun cearta an duine a chosaint go héifeachtach.

(12)

Is dúshlán leanúnach go bunúsach atá ann cultúr de chearta an duine a thógáil agus a chothú agus tacú le teacht chun cinn na sochaí sibhialta neamhspleáiche, lena n-áirítear trí chur le ról sochaí den sórt sin sna tíortha ábhartha agus chun an daonlathas a chur ag obair do chách, cé go bhfuil sé fíorphráinneach agus achrannach i stáit dhaonlathacha atá ag teacht chun cinn go háirithe, agus is le muintir na tíre lena mbaineann a bhaineann sé ar an gcéad dul síos, ach ar dúshlán é nach laghdaíonn tiomantas an phobail idirnáisiúnta ar dhóigh ar bith. Teastaíonn réimse institiúidí, lena n-áirítear parlaimintí daonlathacha náisiúnta agus comhthionóil atá tofa go háitiúil a áirithíonn rannpháirtíocht, ionadaíocht, sofhreagracht agus cuntasacht. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a dhíriú ar na tíortha atá i mbun trasdula chomh maith leis na tíortha sin lena mbaineann staideanna leochaileacha nó staideanna iar-choinbhleachta. Ba cheart go ndéanfaí an taithí ón trasdul agus na ceachtanna a foghlaimíodh faoi chreat na mbeartas um méadú agus um chomharsanacht a chur san áireamh.

(13)

D'fhonn tabhairt faoi na saincheisteanna sin ar bhealach éifeachtach, trédhearcach, tráthúil agus solúbtha tar éis do Rialachán (CE) Uimh. 1889/2006 dul in éag, tá gá leanúnach ann i gcomhair acmhainní airgeadais sonracha agus ionstraim maoinithe shonrach ar féidir leo leanúint ag oibriú ar bhealach neamhspleách.

(14)

Ba cheart cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo a dhearadh ar chaoi is go gcomhlánófar na huirlisí éagsúla eile atá ann maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais maidir le daonlathas agus le cearta an duine. Áirítear ar na huirlisí sin idirphlé polaitiúil agus gníomhartha sonraithe taidhleoireachta chomh maith le hionstraimí éagsúla maidir le comhar airgeadais agus teicniúil, lena n-áirítear cláir gheografacha agus cláir théamacha araon. Leis an gcúnamh Aontais, ba cheart go gcuirfí leis na gníomhaíochtaí atá níos dírithe ar ghéarchéim faoin Ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin, arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), lena n-áirítear gníomhaíochtaí práinneacha a bheidh ag teastáil i rith na gcéimeanna tosaigh den phróiseas trasdula.

(15)

Faoin Rialachán seo, tá an tAontas le cúnamh a chur ar fáil chun tabhairt faoi shaincheisteanna áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus domhanda a bhaineann leis an daonlathas agus le cearta an duine agus i gcomhpháirt leis an tsochaí shibhialta. Sa mhéid seo, cuimsítear le sochaí sibhialta gach cineál gníomhaíochta sóisialta ag daoine aonair nó ag grúpaí atá neamhspleách ón stát agus a gcabhraíonn a ngníomhaíochtaí le cur chun cinn cearta an duine agus an daonlathais, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine mar atá siad sainmhínithe i nDearbhú NA ar Cheart agus ar Fhreagracht Daoine Aonair, Grúpaí agus Orgán na Sochaí chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a dtugtar Aitheantas Uilechoiteann dóibh a Chur Chun Cinn agus a Chosaint (an Dearbhú ar Chosantóirí Chearta an Duine). Ba cheart aird chuí a thabhairt ar straitéisí tíortha de chuid an Aontais maidir le cearta áitiúla an duine agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

(16)

Ina theannta sin, cé nach mór príomhshruthú níos mó a dhéanamh ar chuspóirí daonlathais agus chuspóirí a bhaineann le cearta an duine i ngach ionstraim chun gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú, ba cheart go mbeadh ról comhlántach sainiúil breise ag cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo de bhrí go bhfuil gné dhomhanda ag baint leis agus go bhfuil neamhspleáchas gníomhaíochta aige ó thoiliú rialtas agus údaráis phoiblí na tríú tíortha lena mbaineann. Ba cheart go gcuirfeadh an ról sin deis ar fáil le haghaidh comhair agus comhpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta maidir le saincheisteanna leochaileacha a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas, amhail an tairbhiú a bhaineann imircigh as cearta an duine agus cearta na n-iarrthóirí tearmainn agus daoine atá easáitithe ina dtír féin, agus cuirfear an tsolúbthacht ar fáil mar aon leis an imoibríocht is gá chun freagairt do dhálaí athraitheacha nó do riachtanais tairbhithe nó tréimhsí éigeandála. Leis an Rialachán seo, ba cheart an tAontas a chumasú freisin chun bearta agus cuspóirí sonracha a lua agus tacú leo ar leibhéal idirnáisiúnta, gan iad a bheith nasctha ó thaobh tíreolaíochta de ná bainteach le géarchéimeanna, agus óna bhféadfadh cur chuige trasnáisiúnta a bheith ag teastáil nó lena bhféadfadh oibríochtaí laistigh den Aontas agus i réimse tríú tíortha a bheith i gceist. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo ba cheart go cuirfear an creat is gá i gcomhair oibríochtaí ar fáil leis, amhail tacaíocht do mhisin bhreathnadóireachta toghcháin neamhspleácha á seoladh ag an Aontas (EOManna AE) óna dteastaíonn comhchuibheas beartais, córas bainistíochta comhaontaithe agus caighdeáin oibríochta comhchoiteann.

(17)

Féadfar soláthar tacaíochta straitéisí do pharlaimintí daonlathacha agus do chomhthionóil bhunreachta náisiúnta a chur san áireamh chun an daonlathas a fhorbairt agus a chomhdhlúthú faoin Rialachán seo, go háirithe chun a gcumas a fheabhsú chun tacú le próisis athchóirithe daonlathaigh agus chun iad a chur chun cinn.

(18)

Ba cheart go dtabharfadh an tAontas aird ar leith ar thíortha agus ar chásanna práinneacha ina bhfuil an baol is mó do chearta an duine agus do shaoirse bhunúsach, agus ina bhfuil neamhaird shuntasach, chórasach á déanamh de na cearta agus de na saoirsí sin. I gcásanna den chineál sin, ba cheart gurb iad na tosaíochtaí polaitiúla a bheadh i gceist meas a chur chun cinn ar na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha, modhanna gníomhaíochta agus tacaíocht inláimhsithe a chur ar fáil do shochaí shibhialta áitiúil agus cur lena cuid oibre, a dhéantar i ndálaí an-achrannach. I gcásanna nó i dtíortha den chineál sin agus d'fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha chosanta na gcosantóirí chearta an duine agus na ngníomhaithe ar son an daonlathais, ba cheart go mbeadh an tAontas in ann freagairt ar bhealach solúbtha agus in am cuí, trí leas a bhaint as nósanna imeachta riaracháin níos gasta agus níos solúbtha agus trí bhíthin réimse sásraí cistiúcháin. Ba cheart go mbeadh sé sin amhlaidh go háirithe nuair a d'fhéadfadh tionchar díreach a bheith ag an rogha socruithe nós imeachta ar éifeachtacht na mbeart nó ina bhféadfadh imeaglú tromchúiseach, frithbheartaíocht nó cineálacha eile baoil a bheith ann do thairbhithe dá bharr.

(19)

I gcásanna coimhlinte, ba cheart go ndéanfadh an tAontas an bealach ina bhfuil gach páirtí sa choimhlint ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí dlí faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, i gcomhréir le treoirlínte ábhartha AE. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an cúnamh Aontais a thugtar faoin Rialachán seo ina thacú i dtíortha atá faoi thrasdul chun timpeallacht iomchuí a chothú ionas go dtiocfaidh gníomhaithe polaitiúla chun cinn a bheidh tiomanta do chóras ilpháirtí daonlathach agus iolraíoch. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Rialachán seo freisin struchtúr daonlathach, roinnt na gcumhachtaí agus údaráis phoiblí chuntasacha a chur chun cinn.

(20)

Cuireann EOManna AE go mór agus go rathúil le próisis dhaonlathacha i dtríú tíortha. Is mó i bhfad atá i gceist, áfach, le cur chun cinn an daonlathais agus le tacaíocht a léiriú dó ná an próiseas toghchánach amháin agus dá bharr sin ba cheart gach céim den timthriall toghchánach a chur san áireamh. Dá bhrí sin, níor cheart do chaiteachas ar EOManna AE suim dhíréireach den chistiú iomlán atá ar fáil faoin Rialachán seo a chomhghabháil.

(21)

Ba cheart go gcuirfí i bhfios go láidir an tábhacht atá le seasamh Ionadaí Speisialta AE um Chearta an Duine (ISAE) a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh an ISAE le haontas, comhchuibheas agus éifeachtacht ghníomhaíocht agus bheartas chearta an duine an Aontais agus ba cheart go gcabhródh sé le háirithiú go ndéantar gach ionstraim den Aontas agus gach gníomhaíocht ó na Ballstáit a shaothrú go seasta, d'fhonn cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach.

(22)

Ba cheart go saothródh an tAontas an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí an Aontais i leith gníomhaíochta seachtraí, agus trí shineirgí a chruthú idir an Rialachán seo, agus ionstraimí eile i leith gníomhaíochta seachtraí agus beartais eile de chuid an Aontais. Ba cheart a bheith i gceist leis an méid sin freisin go ndéanfaí athneartú frithpháirteach ar na cláir sin a cheaptar faoi na hionstraimí i leith gníomhaíochta seachtraí.

(23)

Tá an tAontas agus na Ballstáit le féachaint le faisnéis a mhalartú go rialta agus le dul i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas chláraithe d'fhonn comhlántacht a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí faoi seach. Ba cheart go rachadh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus le gníomhairí eile freisin.

(24)

Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochtaí Seachtraí (SEGS), mar is iomchuí, tuairimí agus faisnéis a mhalartú le Parlaimint na hEorpa go rialta agus go minic. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfaí rochtain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar dhoiciméid ionas go bhféadfaidh siad a gceart grinnscrúdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a fheidhmiú ar bhealach feasach. Ba cheart, leis na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo, aird chuí a thabhairt ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(25)

Ba cheart go saothródh an tAontas, lena n-áirítear trína thoscaireachtaí nuair is iomchuí, malartú rialta faisnéise agus go rachadh sé i mbun comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta, ar gach leibhéal, lena n-áirítear i dtríú tíortha, a luaithe is féidir sa phróiseas clársceidealaithe, d'fhonn rannchuidiú na sochaí sibhialta faoi seach a éascú, agus chun a áirithiú go nglacfaidh sí ról fónta sa phróiseas sin.

(26)

D'fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a oiriúnú don chás atá ag athrú go tapa i dtríú tíortha, ba cheart cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na tosaíochtaí a shainítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(27)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le clársceidealú agus maoiniú na ngníomhaíochtaí sin a dtacaítear leo faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I bhfianaise chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, go háirithe treoshuíomh a mbeartas agus a n-impleachtaí airgeadais, ba cheart, i bprionsabail, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin i gcás beart teicniúil cur chun feidhme ar mhionscála airgeadais.

(28)

Tá rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais do mhaoiniú gníomhaíochta seachtraí leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(29)

Leagtar síos sa Rialachán seo, imchlúdach airgeadais do thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus do ré iomlán an Chláir, clúdach airgeadais arb é an méid phríomhthagartha é do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le smacht buiséadach agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (8).

(30)

Bunaítear eagrúchán agus feidhmiú SEGS i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9).

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)

Is iomchuí trasdul réidh gan bhriseadh idir Rialachán (AE) Uimh. 1889/2006 agus an Rialachán seo a áirithiú agus is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (EIDHR) don tréimhse 2014-2020 faoina gcuirfidh an tAontas cúnamh ar fáil d'fhorbairt agus do chomhdhlúthú an daonlathais agus don smacht reachta agus d'urraim ar gach ceart bunúsach agus saoirse bhunúsach an duine.

Le cúnamh den sórt sin díreofar go háirithe orthu seo a leanas:

(a)

tacú le daonlathas i dtríú tíortha agus é a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, trí dhaonlathas rannpháirteach agus ionadaíoch a fheabhsú, an timthriall dhaonlathach fhoriomlán a neartú, go háirithe trí ról gníomhach don tsochaí shibhialta a neartú laistigh den timthriall sin, agus tríd an smacht reachta, agus trí iontaofacht na bpróiseas toghchánaíochta a fheabhsú, go háirithe trí bhíthin EOManna AE;

(b)

cur leis an meas agus leis an urraim a thugtar do chearta agus do shaoirsí bunúsacha an duine, agus le cur chun feidhme na gceart agus na saoirsí sin, faoi mar a leagadh amach iad i nDearbhú Uilechoiteann NA maidir le Cearta an Duine agus in ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile um chearta an duine, agus a gcosaint, a gcur chun cinn, a gcur chun feidhme agus an faireachán a dhéantar orthu a neartú, go príomha trí bhíthin tacaíochta d'eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, do chosantóirí chearta an duine agus d'íospartaigh diansmachta agus mí-úsáide.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Díreofar leis an gcúnamh ón Aontas ar na nithe seo a leanas:

(a)

tacú le daonlathas rannpháirteach agus ionadaíoch, i gcomhréir leis an gcur chuige foriomlán maidir leis an timthriall dhaonlathach, lena n-áirítear daonlathas parlaiminte agus próisis daonlathaithe agus iad a fheabhsú, agus é sin a dhéanamh den chuid is mó trí bhíthin eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, inter alia tríd an méid a leanas a dhéanamh:

(i)

cur chun cinn saoirse comhlachais agus tionóla, gluaiseacht neamhbhactha daoine, saoirse tuairimíochta agus cainte, lena n-áirítear léiriú polaitiúil, ealaíonta agus cultúrtha, rochtain gan bhac ar fhaisnéis, preas saor agus meáin neamhspleácha iolraíocha, idir thraidisiúnta agus bunaithe ar TFC, saoirse idirlín agus bearta chun dul i ngleic le bacainní riaracháin maidir le feidhmiú na saoirsí sin, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na cinsireachta, go háirithe trí reachtaíocht ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme;

(ii)

an smacht reachta a neartú, neamhspleáchas na mbreithiúna agus an reachtais a chur chun cinn, leasuithe dlí agus institiúideacha agus a gcur chun feidhme a thacú agus meastóireacht a dhéanamh orthu sin, agus rochtain ar cheartas a chur chun cinn, chomh maith le tacú le hinstitiúidí náisiúnta do chearta an duine;

(iii)

an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, binsí coiriúla ad hoc idirnáisiúnta agus próisis an cheartais idirthréimhsigh agus meicníochtaí um fhírinne agus um athmhuintearas a chur chun cinn agus a neartú;

(iv)

tacú leis an trasdul chuig daonlathas agus le leasuithe chun cuntasacht agus formhaoirseacht dhaonlathach agus bhaile, a bheidh éifeachtach agus trédhearcach, a bhaint amach, lena n-áirítear leasuithe in earnálacha na slándála agus an cheartais, agus bearta a neartú i gcoinne éilliú;

(v)

iolrachas polaitiúil agus ionadaíocht dhaonlathach polaitíochta a chur chun cinn agus rannpháirtíocht pholaitiúil na mban agus na bhfear a spreagadh, go háirithe rannpháirtíocht ball grúpaí imeallaithe agus leochaileacha, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon, i bpróisis athchóirithe daonlathaigh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta;

(vi)

an daonlathas áitiúil a atreisiú trí chomhar feabhsaithe idir eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta agus údaráis áitiúla a áirithiú, lena neartófar ar an dóigh sin an ionadaíocht pholaitiúil ar an leibhéal is gaire do na saoránaigh;

(vii)

rannpháirtíocht chothrom idir mná agus fir sa saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúil a chur chun cinn agus tacú le comhionannas inscne, le rannpháirtíocht na mban sna próisis chinnteoireachta agus le hionadaíocht pholaitiúil ban, go háirithe sa phróiseas trasdula polaitiúla, daonlathaithe agus na togála stáit;

(viii)

rannpháirtíocht chothrom daoine faoi mhíchumas sa saol sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúil a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú le bearta chun feidhmiú na saoirsí gaolmhara ag na daoine sin a éascú, agus tacú le comhionannas deiseanna, le neamh-idirdhealú agus le hionadaíocht pholaitiúil;

(ix)

tacú le bearta chun idir-réiteach idir codanna de shochaithe a éascú go síochánta, lena n-áirítear tacú le bearta chun muinín a chothú maidir le cearta an duine agus daonlathú;

(b)

cur chun cinn agus cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, faoi mar a fógraíodh iad i nDearbhú Uilechoiteann NA maidir le Cearta an Duine agus ionstraimí idirnáisiúnta, agus réigiúnacha eile i réimse na gcearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, go príomha trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bhaineann inter alia le:

(i)

pionós an bháis a dhíothú agus moratóirí a bhunú d'fhonn é a dhíothú, agus i gcás ina bhfuil pionós an bháis fós ann pléadáil ar son a dhíothaithe agus ar son íoschaighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh;

(ii)

cosc ar chéastóireacht, agus ar íde nó ar phionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach eile, chomh maith le fuadach forfheidhmithe agus athshlánú íospartaigh an chéasta;

(iii)

tacaíocht do chosantóirí chearta an duine, iad a chosaint agus cúnamh a thabhairt dóibh, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas práinneach cosanta, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Dhearbhú NA ar Chosantóirí Chearta an Duine; d'fhéadfaí na cuspóirí sin lena n-áirítear cúnamh ar théarma níos faide agus rochtain ar dhídean a sholáthar a chumhdach le meicníocht do chosantóir chearta an duine;

(iv)

an comhrac i gcoinne ciníochais agus na seineafóibe agus an idirdhealaithe bunaithe ar aon fhoras, lena n-áirítear inscne, cine, dath, sainaicme, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, claonadh gnéasach agus féiniúlacht inscne;

(v)

saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin beart chun deireadh a chur le gach cineál fuatha, éadulaingthe, agus idirdhealaithe bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh agus trí chaoinfhulaingt agus meas ar éagsúlacht reiligiúnach agus chultúrtha a chothú laistigh de shochaithe agus i measc sochaithe;

(vi)

cearta na bpobal dúchasach mar a fógraíodh iad i nDearbhú NA maidir le Cearta na bPobal Dúchasacha, trí, inter alia, béim a chur ar thábhacht a rannpháirtíochta i bhforbairt na dtionscadal a bhaineann leo agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh d'fhonn a gcuid idirghníomhaíochta le sásraí idirnáisiúnta agus a rannpháirtíocht iontu a éascú;

(vii)

cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh náisiúnta nó eitneacha, reiligiúnacha agus teanga iad mar a fógraíodh iad i nDearbhú NA maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga;

(viii)

cearta daoine atá leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach agus idirinscneach (LGBTI), lena n-áirítear bearta chun an homaighnéasachas a dhíchoiriúlú, chun cur in aghaidh foréigin agus géarleanúna de nádúr homafóbach agus trasfóbach, agus saoirse tionóla, comhlachais agus cainte a chur chun cinn do dhaoine LGBTI;

(ix)

cearta na mban faoi mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú agus sa Phrótacal Roghnach a ghabhann leis, lena n-áirítear bearta chun cur in aghaidh gach cineáil foréigin in aghaidh na mban agus cailíní, go háirithe ciorrú ball giniúna ban, póstaí éigeantais agus cleamhnas, coireanna “onóra”, foréigean teaghlaigh agus gnéis, agus gáinneáil ar mhná agus ar chailíní;

(x)

cearta an linbh, faoi mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA um Chearta an Linbh agus na Prótacail Roghnacha a ghabhann leis, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne saothar leanaí, gáinneála leanaí agus striapachais linbh, agus saighdiúirí linbh a earcú agus a úsáid agus cosaint leanaí ón idirdhealú beag beann ar chine, ar dhath, ar ghnéas, ar theanga, ar reiligiúin nó ar chreideamh, ar thuairim pholaitiúil nó ar aon tuairim eile, ar thionscnamh náisiúnta, eitneach nó sóisialta, ar mhaoin, ar mhíchumas, ar bhreith nó ar stádas ar bith eile;

(xi)

cearta daoine faoi mhíchumas mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas;

(xii)

cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, lena n-áirítear an ceart chuig caighdeán maireachtála leordhóthanach agus croíchaighdeáin saothair;

(xiii)

freagracht shóisialta chorparáideach, go háirithe trí chur chun feidhme Phrionsabail Threoracha NA maidir le Gnó agus le Cearta an Duine, agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh mar a leagadh amach in Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

(xiv)

oideachas, oiliúint agus faireachán i réimse chearta an duine agus an daonlathais;

(xv)

tacaíocht d'eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta nó idirnáisiúnta na sochaí sibhialta atá bainteach le caomhnú, le cur chun cinn, nó le cosaint chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha;

(xvi)

feabhsú na gcaighdeán agus comhlíonadh na gcaighdeán sna príosúin a chur chun cinn, i gcomhréir le dínit an duine agus le bunchearta.

(c)

neartú an chreata idirnáisiúnta chun cearta an duine, ceartas, comhionannas inscne, smacht reachta agus an daonlathas a chosaint, agus chun an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe trí bhíthin:

(i)

tacaíocht a sholáthar i gcomhair ionstraimí agus comhlachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha i réimsí chearta an duine, ceartais, an smachta reachta, agus daonlathais;

(ii)

comhar na sochaí sibhialta a chothú le heagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear acmhainní eagraíochtaí neamhrialtasacha a fheabhsú, a bhfuil sé d'aidhm acu faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a bhaineann le cearta an duine, le ceartas, le smacht reachta, agus le daonlathas agus iad a chur chun cinn;

(iii)

faisnéis faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a scaipeadh, oiliúint a chur ar fáil faoi agus tacú lena fhorfheidhmiú;

(d)

muinín a chruthú sna próisis toghchánaíochta daonlathaí agus sna hinstitiúidí daonlathacha agus cur lena n-iontaofacht agus lena dtrédhearcacht, ag gach céim den timthriall toghchánach, go háirithe:

(i)

trí bhíthin imlonnú EOManna AE agus trí bhearta eile chun faireachán a dhéanamh ar na próisis toghchánaíochta;

(ii)

trí rannchuidiú le hacmhainn bhreathnóireachta toghchánaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta baile a fhorbairt ar leibhéil réigiúnacha agus áitiúla, agus trí thacú lena dtionscnaimh chun rannpháirtíocht sa phróiseas toghchánach agus san obair leantach a fheabhsú;

(iii)

trí thacú le bearta atá dírithe ar phróisis toghchánaíochta a chomhtháthú go comhsheasmhach sa timthriall dhaonlathach agus eolas maidir leis na moltaí a rinne Misin an Aontais um Breathnadóireacht Toghcháin a scaipeadh agus a chur chun feidhme, ag obair go háirithe le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chomh maith le comhar leis na hinstitiúidí ábhartha poiblí, lena n-áirítear parlaimintí agus rialtais, i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(iv)

trí thoradh síochánta an phróisis toghchánaigh a chur chun cinn, tríd an bhforéigean toghchánach a laghdú agus trí ghlacach torthaí inchreidte ag gach cuid den tsochaí a chur chun cinn.

2.   Cuirfear san áireamh prionsabail mar neamh-idirdhealú ar bhonn ar bith, príomhshruthú inscne, rannpháirtíocht, cumhachtú, cuntasacht, oscailteacht agus trédhearcacht nuair is ábhartha i gcás gach beart dá dtagraítear sa Rialachán seo.

3.   Cuirfear na bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo chun feidhme i gcríocha tríú tíortha nó beidh baint dhíreach acu le cásanna a tharlóidh i dtríú tíortha, nó le gníomhaíochtaí domhanda nó réigiúnacha.

4.   Cuirfear san áireamh sna bearta dá dtagraítear sa Rialachán seo tréithe sonracha na ngéarchéimeanna nó na gcásanna práinne agus tíortha nó cásanna ina bhfuil easpa thromchúiseach ann maidir le saoirsí bunúsacha, áiteanna is mó a bhfuil slándáil an duine i mbaol nó áiteanna ina bhfuil eagraíochtaí agus cosantóirí chearta an duine ag gníomhú faoi na dálaí is deacra.

Airteagal 3

Comhordú, comhchuibheas agus comhlántach chúnamh an Aontais

1.   Beidh cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo i gcomhréir le creat foriomlán ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ina gcomhlánú ar an méid a fhoráiltear dó leis na hionstraimí nó leis na conarthaí eile le haghaidh cúnaimh sheachtraigh.

2.   D'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht, ar chomhchuibheas agus ar chomhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, féachfaidh an tAontas agus na Ballstát le faisnéis a mhalartú go rialta agus rachaidh siad i gcomhairle lena chéile go luath sa phróiseas clársceidealaithe d'fhonn comhlántacht agus comhchuibheas a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí faoi seach ar leibhéal na cinnteoireachta agus ar an láthair araon. D'fhéadfadh go n-eascróidh clársceidealú comhpháirteach agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha idir an tAontas agus na Ballstáit as comhairliúcháin mar sin. Rachaidh an tAontas i gcomhairle le deontóirí agus le gníomhairí eile freisin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS, mar is iomchuí, tuairimí agus faisnéis a mhalartú le Parlaimint na hEorpa go rialta.

4.   Féachfaidh an tAontas le faisnéis a mhalartú go rialta leis an tsochaí shibhialta, agus rachaidh sé i gcomhairle léi, ar gach leibhéal, lena n-áirítear i dtríú tíortha. Go háirithe, soláthróidh an tAontas, aon uair is féidir agus i gcomhréir le nósanna imeachta ábhartha, treoir theicniúil agus tacaíocht maidir leis an nós imeachta iarratais.

Airteagal 4

Creat ginearálta um chlársceidealú agus um chur chun feidhme

1.   Cuirfear cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 agus trí na bearta seo a leanas:

(a)

páipéir straitéise, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus athbhreithnithe orthu de réir mar is iomchuí;

(b)

cláir gníomhaíochta bhliantúla, bearta aonair agus bearta tacaíochta faoi Airteagal 2 agus faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014;

(c)

bearta speisialta faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

2.   Maidir le haon chlársceidealú nó athscrúdú ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil mheántréimhseach maidir le hathscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 (an “tuarascáil mheántréimhseach maidir le hathscrúdú”) a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus conclúidí na tuarascála sin.

Airteagal 5

Páipéir straitéise

1.   Leagfar amach i bPáipéir Straitéise straitéis an Aontais maidir leis an gcúnamh a thabharfaidh sé faoin Rialachán seo, bunaithe ar thosaíochtaí an Aontais, ar an staid idirnáisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe. Beidh siad comhsheasmhach leis an gcríoch fhoriomlán, leis na cuspóirí, le raon feidhme agus le prionsabail an Rialacháin seo.

2.   Leagfar amach sna Páipéir straitéise na réimsí tosaíochta a roghnófar lena maoiniú ag an Aontas le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach iontu an chionroinnt airgeadais tháscach chomh maith, idir chionroinnt fhoriomlán agus an chionroinnt in aghaidh gach réimse tosaíochta, i bhfoirm raoin nuair is iomchuí.

3.   Formheasfar na páipéir straitéise i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 16(3) den Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Tabharfar páipéir straitéise cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta céanna nuair is gá sin de bharr athruithe suntasacha ar dhálaí agus ar bheartais.

Airteagal 6

Tosaíochtaí téamacha agus tarmligean na gcumhachtaí

Liostaítear na sainchuspóirí agus na tosaíochtaí sainiúla atá le saothrú le cúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo san Iarscríbhinn.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar na tosaíochtaí téamacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tar éis don tuarascáil mheántréimhseach maidir le hathscrúdú a bheith foilsithe, agus bunaithe ar na moltaí a bheidh inti, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena leasófar an Iarscríbhinn faoin 31 Márta 2018.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 6 a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse bhailíochta an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht gníomhartha tarmligthe ar bith atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 6 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Coiste

Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

Rochtain ar dhoiciméid

D'fhonn a áirithiú go bhfuil siad in ann a gcumhachtaí grinnscrúdaithe a fheidhmiú ar bhealach feasach, beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar dhoiciméid uile EIDHR is ábhartha don chleachtadh sin, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

Airteagal 10

Imchlúdach airgeadais

Is é EUR 1 332 752 000 an t-imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle a údaróidh na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 11

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 11, 15.1.2013, lch.81.

(2)  IO C 391, 18.12.2012, lch. 110.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1889/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe chun an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain (IO L 386, 29.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán Uimh. 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (féach leathanach 95 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).


IARSCRÍBHINN

Cuspóirí sonracha agus tosaíochtaí EIDHR

Tá treoshuíomh straitéiseach an Aontais chun sprioc EIDHR a chomhlíonadh bunaithe ar chúig chuspóir a ndéantar cur síos orthu san Iarscríbhinn seo.

1.

Cuspóir 1 — Tacaíocht do chearta an duine agus do chosantóirí chearta an duine i gcásanna is mó atá siad i mbaol.

Le gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin soláthrófar tacaíocht éifeachtach do chosantóirí chearta an duine (CCDanna) is mó atá i mbaol agus do chásanna ina bhfuil an bhagairt is mó ar chearta bunúsacha. Cabhróidh EIDHR, inter alia, le fónamh do riachtanais phráinneacha CCDanna, tabharfaidh sé tacaíocht sa mheántéarma agus san fhadtéarma freisin lena gcuirfear ar chumas CCDanna agus na sochaí sibhialta a gcuid oibre a chur i gcrích. Déanfar an chúis imní atá ann faoi láthair i ndáil leis na deiseanna don tsochaí shibhialta atá ag éirí níos lú a chur san áireamh leis na gníomhaíochtaí.

2.

Cuspóir 2 — Tacaíocht do Thosaíochtaí an Aontais i réimse chearta an Duine

Leis na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin díreofar ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach nó gealltanas sonrach téamach ag an tAontas ina leith (e.g. treoirlínte reatha AE agus treoirlínte a bheidh ann amach anseo i réimse chearta an duine a ghlacfaidh an Chomhairle nó rúin a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa), i gcomhréir le hAirteagal 2. Beidh na gníomhaíochtaí ar aon dul leis na tosaíochtaí a leagtar amach i gCreat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas.

Leis na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin tacófar, inter alia le dínit an duine, (go háirithe an comhrac i gcoinne phionós an bháis agus i gcoinne na céastóireachta agus pionóis nó íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach), le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha; leis an gcomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis, leis an gcomhrac i gcoinne idirdhealaithe de gach cineál; le cearta na mban agus le comhionannas inscne. Tabharfar aird freisin ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn i réimse chearta an duine.

3.

Cuspóir 3 — Tacaíocht don daonlathas

Tacóidh gníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chuspóra sin le gníomhaithe síochánta ar son an daonlathais i dtríú tíortha d'fhonn daonlathas rannpháirteach agus ionadaíoch, trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú. Beidh gníomhaíochtaí dírithe ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus ionadaíocht pholaitiúil a chomhdhlúthú agus ar thacaíocht le hiarrachtaí ar son an daonlathais chomh maith leis sin.

Tabharfar aghaidh ar ghnéithe uile an daonlathaithe, lena n-áirítear an smacht reachta agus cearta sibhialta agus polaitiúla a chur chun cinn agus a chosaint amhail saoirse tuairimíochta ar líne agus as líne, saoirse tionóil agus comhlachais. Áirítear leis sin rannpháirtíocht ghníomhach sa díospóireacht mhodheolaíoch atá á forbairt i réimse na tacaíochta don daonlathas.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear moltaí EOManna AE san áireamh.

4.

Cuspóir 4 — EOManna AE

Díreofar leis na gníomhaíochtaí faoin gcuspóir seo ar bhreathnóireacht toghcháin lena gcuideofar le trédhearcacht agus le muinín atá ag dul i méid sa phróiseas toghcháin mar chuid den chur chun cinn i gcoitinne agus don tacaíocht a bhaineann le próisis dhaonlathacha a bhfuil cur síos orthu i gcuspóir 3.

Aithnítear EOManna AE ar scála iomlán go forleathan mar thionscadail shuaitheanta maidir le gníomhaíocht eachtrach an Aontais agus is iad an príomhchineál gníomhaíochta faoin gcuspóir seo.

Tá siad in áit mhaith chun measúnú eolach a sholáthar maidir le próisis toghcháin agus le moltaí chun iad a fheabhsú tuilleadh i ndáil le comhar AE agus idirphlé polaitiúil le tríú tíortha. Go háirithe, déanfar an cur chuige ina chuimsítear gach céim den timthriall toghchánach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí leantacha, a fhorbairt tuilleadh le gníomhaíochtaí comhlántacha idir clársceidealú déthaobhacha agus tionscadail EIDHR.

5.

Cuspóir 5 — Tacú le príomhghníomhaithe agus príomhphróisis atá dírithe, lena n-áirítear ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta agus réigiúnacha maidir le cearta an duine.

An príomhaidhm atá ann creataí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a neartú chun cearta an duine, an ceartas, an smacht reachta agus an daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint i gcomhréir le tosaíochtaí beartais Aontais.

Áireofar ar ghníomhaíochtaí faoin gcuspóir seo gníomhartha chun tacú leis an méid atá á dhéanamh ag an tsochaí shibhialta áitiúil maidir le hidirphlé AE i ndáil le cearta an duine (ar aon dul le treoirlínte ábhartha AE) agus ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta agus réigiúnacha maidir le cearta an duine agus ionstraimí agus sásraí idirnáisiúnta maidir le ceartas coiriúil a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Tabharfar aird chuí ar an mbealach a gcuirfidh an tsochaí shibhialta na sásraí sin chun cinn agus conas a ndéanfaidh siad faireachán orthu.


Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa (1)

Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe i gcomhair daonlathais agus cearta an duine ar fud an domhain agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2). Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (2), agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméid chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.


(1)  Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh.

(2)  Nuair is infheidhme.


Comhdhearbhú ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le Misin Bhreathnóireachta um Thoghcháin

Leagann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach béim ar thábhacht an méid a chuidíonn Misin Bhreathnóireachta an Aontais Eorpaigh um Thoghcháin le beartas caidrimh sheachtraigh an Aontais chun tacú le daonlathas i dtíortha comhpháirtíochta. Cuidíonn Misin Bhreathnóireachta an AE um Thoghcháin le trédhearcacht agus muinín sna próisis thoghchánacha a mhéadú, agus tugann siad measúnú eolasach ar thoghcháin chomh maith le moltaí lena bhfeabhsú tuilleadh, i bhfianaise comhair Aontais agus idirphlé pholaitiúil le tíortha comhpháirtíochta. Dá bhrí sin, aontaíonn Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún gur cheart suas le 25 % den bhuiséad thar an tréimhse 2014-2020 do Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim airgeadais i gcomhair daonlathais agus cearta an duine ar fud an domhain a thiomnú do mhaoiniú Mhisin Bhreathnóireachta an AE um Thoghcháin, ag brath ar thosaíochtaí bliantúla toghcháin.


Top