This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1911
Decision of the EEA Joint Committee No 95/2024 of 26 April 2024 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/1911]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 95/2024 an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1911]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 95/2024 an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1911]
IO L, 2024/1911, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1911/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1911 |
8.8.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 95/2024
an 26 Aibreán 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1911]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2624 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Nagykunsági szilvapálinka) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le deochanna biotáilleacha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le deochanna biotáilleacha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XXVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 9aab (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1762 ón gCoimisiún) de Chaibidil XXVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘9azc. |
32023 R 2624: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2624 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Nagykörűi cseresznyepálinka) (IO L, 2023/2624, 24.11.2023).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2624 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2023/2624, 24.11.2023.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1911/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)