This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0273
Decision of the EEA Joint Committee No 225/2021 of 14 July 2021 amending Annex V (Free movement of workers) and Annex VIII (Right of establishment) to the EEA Agreement [2024/273]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 225/2021 an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/273]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 225/2021 an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/273]
IO L, 2024/273, 8.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/273/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/273 |
8.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 225/2021
an 14 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn V (Saorghluaiseacht oibrithe) agus Iarscríbhinn VIII (Ceart bunaíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/273]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 ón gCoimisiún an Déardaoin 8 Iúil 2021 lena mbunaítear gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Eilvéis leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus VIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10a (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘10b. |
32021 D 1126: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 ón gCoimisiún an Déardaoin 8 Iúil 2021 lena mbunaítear gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Eilvéis leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 243, 9.7.2021, p. 49).’ |
Airteagal 2
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 11a (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘11b. |
32021 D 1126: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 ón gCoimisiún an Déardaoin 8 Iúil 2021 lena mbunaítear gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Eilvéis leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 243, 9.7.2021, p. 49).’ |
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 243, 9.7.2021, lch. 49.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/273/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)