Vyberte si experimentálne prvky, ktoré chcete vyskúšať

Tento dokument je výňatok z webového sídla EUR-Lex

Dokument 22023D2551

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 154/2023 an 13 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2551]

    IO L, 2023/2551, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2551/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Právny stav dokumentu Dátum nadobudnutia platnosti dokumentu nie je známy (až do jeho oznámenia) alebo dokument ešte nenadobudol účinnosť.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2551/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2551

    30.11.2023

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 154/2023

    an 13 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) agus Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2551]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus le táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009, (CE) Uimh. 245/2009 agus (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún (3), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 22, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeántais leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (4), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 23, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (5)

    Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (6)

    Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le meaisíní níocháin agus meaisíní niteoir-triomadóir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (6), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 24, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (7)

    Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (8)

    Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/1781, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, (AE) 2019/2021, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023 agus (AE) 2019/2024 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe, fearais chuisniúcháin, foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, taispeántais leictreonacha, miasniteoirí tí, meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (9)

    Le Rialachán (AE) 2019/2019 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún (9), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (10)

    Le Rialachán (AE) 2019/2020 aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009 (10), (CE) Uimh. 245/2009 (11) agus (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún (12), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (11)

    Le Rialachán (AE) 2019/2021 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (13), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (12)

    Le Rialachán (AE) 2019/2022 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (14), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (13)

    Le Rialachán (AE) 2019/2023 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (15), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Caibidil IV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 6b (Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún):

    32019 R 2023: Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 24, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    2.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 6c (Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún):

    32019 R 2022: Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267), arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    3.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 6g (Rialachán (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún):

    32019 R 2020: Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009, (CE) Uimh. 245/2009 agus (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 209), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 22, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    4.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 6i (Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún):

    ‘-

    32019 R 0424: Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 (IO L 74, 18.3.2019, lch. 46).’

    5.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 6s (Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún):

    ‘, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    6.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 6t (Rialachán (AE) 2019/1782 ón gCoimisiún):

    ‘6u.

    32019 R 0424: Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus le táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lch. 46), arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

    6v.

    32019 R 2019: Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

    6w.

    32019 R 2021: Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeántais leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 23, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

    6x.

    32019 R 2024: Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 5.12.2019, lch. 313), arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    7.

    Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 8 (Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún):

    ‘-

    32019 R 2021: Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241) arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 23,

    -

    32019 R 2022: Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267),

    -

    32019 R 2023: Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285) arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 24.’

    8.

    Scriostar téacsanna phointí 10 (Rialachán (CE) Uimh. 244/2009 ón gCoimisiún), 11(Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 ón gCoimisiún), 15 (Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún) agus 16 (Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún).

    Airteagal 2

    Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 26c (Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún):

    32019 R 2023: Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 24, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    2.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 26d (Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún):

    32019 R 2022: Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267), arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    3.

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 26h (Rialachán (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún):

    32019 R 2020: Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 244/2009, (CE) Uimh. 245/2009 agus (AE) Uimh. 1194/2012 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 209), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 22, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    4.

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 26j (Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún):

    ‘-

    32019 R 0424: Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 (IO L 74, 18.3.2019, lch. 46).’

    5.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 26t (Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún):

    ‘, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    6.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 26u (Rialachán (AE) 2019/1782 ón gCoimisiún):

    ‘26v.

    32019 R 0424: Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le freastalaithe agus le táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (IO L 74, 18.3.2019, lch. 46), arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

    26w.

    32019 R 2019: Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

    26x.

    32019 R 2021: Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeántais leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241), arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 23, arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).

    26y.

    32019 R 2024: Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 5.12.2019, lch. 313), arna leasú le:

    32021 R 0341: Rialachán (AE) 2021/341 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2021 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 108).’

    7.

    Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 31 (Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún):

    ‘-

    32019 R 2021: Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241) arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 23,

    -

    32019 R 2022: Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267),

    -

    32019 R 2023: Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285) arna cheartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 24.’

    8.

    Scriostar téacsanna phointí 33 (Rialachán (CE) Uimh. 244/2009 ón gCoimisiún), 34(Rialachán (CE) Uimh. 245/2009 ón gCoimisiún), 38 (Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún) agus 39 (Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún).

    Airteagal 3

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2019/424, (AE) 2019/2019, (AE) 2019/2020, arna gceartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 22, (AE) 2019/2021, arna gceartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 23, (AE) 2019/2022, (AE) 2019/2023, arna gceartú le IO L 50, 24.2.2020, lch. 24, (AE) 2019/2024 agus (AE) 2021/341 san Íoslainnis agus san Ioruais, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meitheamh 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 5

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste an LEE

    An tUachtarán

    Nicolas VON LINGEN


    (1)   IO L 74, 18.3.2019, lch. 46.

    (2)   IO L 315, 5.12.2019, lch. 187.

    (3)   IO L 315, 5.12.2019, lch. 209.

    (4)   IO L 315, 5.12.2019, lch. 241.

    (5)   IO L 315, 5.12.2019, lch. 267.

    (6)   IO L 315, 5.12.2019, lch. 285.

    (7)   IO L 315, 5.12.2019, lch. 313.

    (8)   IO L 68, 26.2.2021, lch. 108.

    (9)   IO L 191, 23.7.2009, lch. 53.

    (10)   IO L 76, 24.3.2009, lch. 3.

    (11)   IO L 76, 24.3.2009, lch. 17.

    (12)   IO L 342, 14.12.2012, lch. 1.

    (13)   IO L 191, 23.7.2009, lch. 42.

    (14)   IO L 293, 11.11.2010, lch. 31.

    (15)   IO L 293, 11.11.2010, lch. 21.

    (*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2551/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Začiatok