EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22020A1231(04)

COMHAONTÚ IDIR RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH MAIDIR LE HÚSÁID SHÁBHÁILTE AGUS SHÍOCHÁNTA AN FHUINNIMH NÚICLÉACH

Cuireadh 22021A0430(04) in ionad an leagain seo ab initio.

IO L 445, 31.12.2020, p. 5–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Related Council decision

31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 445/5


COMHAONTÚ IDIR RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH MAIDIR LE HÚSÁID SHÁBHÁILTE AGUS SHÍOCHÁNTA AN FHUINNIMH NÚICLÉACH


Tá Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, dá ngairtear ‘an Ríocht Aontaithe’ anseo feasta, agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom), dá ngairtear ‘an Comhphobal’ anseo feasta, agus dá ngairtear na ‘Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta agus ‘Páirtí’ ina n-aonar anseo feasta;

ÓS RUD É go ndearna an Ríocht Aontaithe, an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus an Comhphobal comhaontú an 24 Eanáir 2020 maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) agus gur tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas ar an mbonn sin ar 23:00 GMT agus 00:00 CET an 31 Eanáir 2020;

ÓS RUD É go bhforáiltear i dTeideal IX den Chomhaontú um Tharraingt Siar do shaincheisteanna deighilte a bhaineann le Euratom;

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas;

AG AITHINIT DÓIBH an leibhéal comhtháthaithe atá idir an Comhphobal agus an Ríocht Aontaithe sa réimse núicléach;

AG AITHINIT DÓIBH go bhfuil ardleibhéal inchomparáide bainte amach ag an Ríocht Aontaithe, an Comhphobal agus a chuid Ballstát in úsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach a thugtar lena ndlíthe agus rialacháin faoi seach maidir le coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, sláinte phoiblí, sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta, agus cosaint an chomhshaoil;

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH tiomantas na Ríochta Aontaithe chun fuinneamh núicléach a fhorbairt agus a chur in úsáid mar chuid dá meascán fuinnimh éagsúlaithe agus ísealcharbóin;

ÓS MIAN LEO socruithe comhoibritheacha fadtéarmacha a dhéanamh maidir le húsáid shíochánta neamhphléascach an fhuinnimh núicléach ar bhealach intuartha praiticiúil, socruithe lena gcuirtear riachtanais a gclár fuinnimh núicléach san áireamh agus lena n-éascófar trádáil, taighde agus forbairt agus gníomhaíochtaí eile comhair idir an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal;

AG AITHINIT DÓIBH go mbaineann an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal tairbhe as an gcomhar eatarthu maidir le fuinneamh núicléach a úsáid chun críoch síochánta;

Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tiomantas na bPáirtithe chun a áirithiú go gcuirfear an cuspóir maidir le neamhleathadh arm núicléach chun cinn leis an bhforbairt idirnáisiúnta agus le húsáid fuinnimh núicléach chun críoch síochánta;

Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tacaíocht an Ríocht Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát do chuspóirí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (‘IAEA’) agus do chóras coimircí IAEA, agus an fonn atá orthu obair le chéile chun a éifeachtacht leanúnach a áirithiú;

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE gur páirtithe iad an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit uile an Chomhphobail sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach, arna dhéanamh in Washington, i Londain agus i Moscó an 1 Iúil 1968 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 5 Márta 1970, (‘NPT’);

Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tacaíocht na bPáirtithe do chuspóirí NPT agus an fonn atá orthu a chur chun cinn go gcloífí le NPT ar bhonn uilechoiteann;

AG MEABHRÚ DÓIBH tiomantas láidir na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát don neamhleathadh núicléach, lena n-áirítear neartú agus cur i bhfeidhm éifeachtúil na gcoimircí gaolmhara agus na gcóras rialaithe onnmhairí faoina ndéantar comhar maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach idir an Ríocht Aontaithe agus an Comhphobal;

AG AITHINIT DÓIBH go ndearna an Ríocht Aontaithe, mar Stát a bhfuil airm núicléacha aige faoi NPT, Comhaontú go toiliúil idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir le Cur i bhFeidhm Coimircí i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir leis an gConradh ar Neamhleathadh Arm Núicléach agus an Prótacal Breise a ghabhann leis an gComhaontú sin, arna ndéanamh i Vín an 7 Meitheamh 2018 (dá ngairtear ‘Comhaontú na Ríochta Aontaithe-IAEA maidir le Coimircí’ anseo feasta);

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go gcuirtear coimircí núicléacha i bhfeidhm i mBallstáit uile an Chomhphobail de bhun an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’) agus de bhun na gcomhaontuithe maidir le coimircí a tugadh i gcrích idir an Comhphobal, a chuid Ballstát agus IAEA;

AG MEABHRÚ DÓIBH tiomantas láidir na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát d’úsáid shlán ábhair núicléach mar pháirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach arna dhéanamh i Vín agus i Nua Eabhrac an 3 Márta 1980 agus a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 8 Feabhra 1987, agus don leasú ar an gCoinbhinsiún sin a rinneadh i Vín an 8 Iúil 2005 a tháinig i bhfeidhm go ginearálta an 8 Bealtaine 2016 (dá ngairtear ‘CPPNM Leasaithe’ anseo feasta);

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur go bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Chomhphobail rannpháirteach i nGrúpa na Soláthraithe Núicléacha;

Á dTABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur cheart aird a thabhairt ar na gealltanais a thug an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát de chuid an Chomhphobail faoi chuimsiú Ghrúpa na Soláthróirí Núicléacha;

AG AITHINT DÓIBH go bhfuil an Comhaontú seo gan dochar don Chomhaontú idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Ríocht na hÍsiltíre maidir le Comhoibriú i bhForbairt agus i Saothrú an Phróisis Lártheifneora Gáis chun Úráiniam Saibhrithe a tháirgeadh, a rinneadh in Almelo an 4 Márta 1970, agus don Chomhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le Comhoibriú sa Teicneolaíocht Lártheifneora, a rinneadh i gCaerdydd an 12 Iúil 2005;

Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tacaíocht na Ríochta Aontaithe, an Chomhphobail agus a chuid Ballstát do na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, dramhaíl radaighníomhach agus bainistiú breosla spíonta, fógra luath a thabhairt faoi thaisme núicléach agus cúnamh a thabhairt i gcás éigeandálaí;

Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH tiomantas na bPáirtithe d’úsáid shábháilte ábhair núicléach agus saoráidí núicléacha agus do chosaint daoine agus an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na radaíochta ianúcháin; a thábhachtaí atá sé don phobal idirnáisiúnta a áirithiú go mbeidh úsáid fuinnimh núicléach sábháilte, dea-rialáilte agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de; agus a thábhachtaí atá comhar déthaobhach iltaobhach le haghaidh socruithe éifeachtacha maidir le sábháilteacht núicléach, agus chun na socruithe sin a fheabhsú;

AG AITHINT DÓIBH an prionsabal maidir le feabhas leanúnach ar shábháilteacht núicléach agus ceannaireacht an dá Pháirtí sa réimse sin, lena n-áirítear ardchaighdeáin a chur chun cinn ar fud an domhain, agus á aithint a thábhachtaí atá sé do gach Páirtí ardleibhéal sábháilteachta núicléiche a chothabháil;

AG CUR SAN ÁIREAMH a thábhachtaí atá an taighde eolaíoch agus teicneolaíoch ar eamhnú núicléach agus comhleá núicléach, d’fheidhmeanna fuinnimh agus neamhfhuinnimh araon, do na Páirtithe, agus dá leas frithpháirteach sa chomhar sa réimse sin;

Á nATHDHEARBHÚ DÓIBH, tríd an gComhaontú maidir le Bunú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Fuinnimh Comhleá ITER chun Tionscadal ITER a Chur Chun Feidhme go Comhpháirteach (1) a shíniú, go bhfuil gealltanas tugtha ag an gComhphobal a bheith rannpháirteach i gcruthú Thionscadal ITER (‘ITER’) agus a shaothrú amach anseo; déantar ranníocaíocht an Chomhphobail a bhainistiú tríd an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (‘Fuinneamh Comhleá’), arna bhunú le Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle (2);

ÓS RUD É go ndéantar téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal ITER nó i ngníomhaíochtaí eile trí Fhuinneamh Comhleá agus rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar thír chomhlachaithe i gClár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail, lena n-áirítear an ranníocaíocht airgeadais, a chinneadh ar leithligh;

AG AITHINT DÓIBH an bunphrionsabal maidir le saorghluaiseacht earraí, táirgí agus caipitil mar aon leis an tsaoirse fostaíochta do shaineolaithe i gcómhargadh núicléach inmheánach an Chomhphobail;

AG AITHINT DÓIBH gur cheart go mbeadh an Comhaontú seo i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na Ríochta Aontaithe faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH gealltanais na Ríochta Aontaithe agus Bhallstáit an Chomhphobail i leith a gcomhaontuithe déthaobhacha maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuspóir

1.   Is é is cuspóir don Chomhaontú seo creat a sholáthar le haghaidh comhar idir na Páirtithe maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach ar bhonn comhshocair agus cómhalartachta, agus gan dochar d’inniúlachtaí gach Páirtí.

2.   Is chun críoch síochánta amháin a rachfar i mbun comhair faoin gComhaontú seo.

3.   Is chun críoch síochánta amháin a úsáidfear na míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo agus ní úsáidfear iad le haghaidh aon arm núicléach nó aon fheiste phléascach núicléach, ná chun taighde ná forbairt a dhéanamh ar aon arm núicléach nó ar aon fheiste phléascach núicléach eile ná chun aon chríche míleata.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’:

(i)

i gcás na Ríochta Aontaithe, an Roinn Gnó, Fuinnimh agus Straitéise Tionsclaíche agus an Oifig um Rialáil Núicléach;

(ii)

i gcás an Chomhphobail, an Coimisiún Eorpach;

nó údarás eile den sórt sin a bhféadfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra i scríbhinn a thabhairt ina leith, tráth ar bith, don Pháirtí eile;

(b)

ciallaíonn ‘trealamh’ na míreanna sin a liostaítear i Ranna 1, 3, 4, 5, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn B a ghabhann le NSG;

(c)

ciallaíonn ‘Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha’ na treoirlínte a leagtar amach i ndoiciméad IAEA INFCIRC/254/Part 1, ar treoirlínte iad a bhféadfar athbhreithniú a dhéanamh orthu ó am go chéile, agus arna gcur chun feidhme ag na Páirtithe mura gcomhaontófar a mhalairt tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste;

(d)

an bhrí atá le ‘maoin intleachtúil’ ná an bhrí a leagtar amach in Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil, a rinneadh i Stócólm an 14 Iúil 1967 agus a leasaíodh an 28 Meán Fómhair 1979, agus féadfar a bheith ar áireamh leis aon ábhar eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe;

(e)

ciallaíonn ‘Comhchoiste’ an coiste arna bhunú faoi Airteagal 19 [Comhchoiste];

(f)

an bhrí atá le ‘ábhar neamhnúicléach’ ná an bhrí a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le NSG;

(g)

ciallaíonn ‘Iarscríbhinn B a ghabhann le NSG’ Iarscríbhinn B a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha;

(h)

ciallaíonn ‘ábhar núicléach’ aon ‘ábhar bunaidh’ nó ‘ábhar ineamhnaithe speisialta’ mar a dtugtar sainmhíniú ar na téarmaí sin in Airteagal XX de Reacht IAEA, a rinneadh ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe an 23 Deireadh Fómhair 1956, agus a tháinig i bhfeidhm an 29 Iúil 1957 (‘Reacht IAEA’). Aon chinneadh a dhéanfaidh Bord Gobharnóirí IAEA faoi Airteagal XX de Reacht IAEA lena leasófar liosta na n-ábhar a mheastar gur ‘ábhar bunaidh’ nó ‘ábhar ineamhnaithe’ nó ‘ábhar ineamhnaithe speisialta’ iad, ní bheidh éifeacht aige faoin gComhaontú seo ach amháin má thagann an dá Pháirtí ar chomhaontú tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste;

(i)

ciallaíonn ‘críoch shíochánta’ úsáid ábhair núicléach, lena n-áirítear ábhar núicléach arna tháirgeadh le próiseas amháin nó níos mó ná sin, ábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht i réimsí amhail cumhacht leictreach agus giniúint teasa, leigheas, talmhaíocht agus tionsclaíocht, ach ní áirítear leis airm núicléacha ná feistí pléascacha a mhonarú, taighde a dhéanamh orthu ná iad a fhorbairt, ná aon chríoch mhíleata. Ní áirítear le críoch mhíleata soláthar cumhachta do bhunáit mhíleata a tharraingítear ó aon ghréasán cumhachta, ná táirgeadh raidiseatóp atá le húsáid chun críoch míochaine in ospidéal míleata;

(j)

ciallaíonn ‘daoine’ aon duine nádúrtha, gnóthas nó eintiteas eile a rialaítear leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme i ndlínse chríche na bPáirtithe faoi seach, ach ní áirítear na Páirtithe sa Chomhaontú seo leis;

(k)

an bhrí atá le ‘teicneolaíocht’ ná an bhrí a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha;

(l)

an bhrí atá le ‘hidirthréimhse’ ná an bhrí a leagtar amach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; agus

(m)

ciallaíonn ‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’ an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus

na tagairtí sa Chomhaontú seo d’Airteagail is tagairtí iad d’Airteagail sa Chomhaontú seo, mura bhforáiltear a mhalairt.

Airteagal 3

Raon feidhme an chomhair núicléach

1.   Féadfar an méid seo a leanas a áireamh ar an gcomhar maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach a bheartaítear idir na Páirtithe faoin gComhaontú seo:

(a)

comhar trádála agus tráchtála a éascú;

(b)

ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach agus trealamh a sholáthar;

(c)

teicneolaíocht a aistriú, lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha don Airteagal seo a sholáthar;

(d)

trealamh agus feistí a sholáthar;

(e)

rochtain ar threalamh agus ar shaoráidí agus úsáid an trealaimh agus na saoráidí sin;

(f)

breosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach a bhainistiú go sábháilte, lena n-áirítear diúscairt gheolaíoch;

(g)

sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht, lena n-áirítear ullmhacht éigeandála agus faireachán a dhéanamh ar leibhéil radaighníomhaíochta sa chomhshaol;

(h)

coimircí núicléacha agus cosaint fhisiciúil;

(i)

raidiseatóip agus radaíocht a úsáid sa talmhaíocht, sa tionsclaíocht, sa leigheas agus sa taighde; go háirithe, chun na rioscaí maidir le ganntanas soláthair raidiseatóp míochaine a íoslaghdú agus chun tacú le forbairt teicneolaíochtaí agus cóireálacha núíosacha lena mbaineann raidiseatóip, chun leasa na sláinte poiblí;

(j)

taiscéalaíocht gheolaíoch agus gheoifisiceach, agus acmhainní úráiniam a fhorbairt, a tháirgeadh, a phróiseáil a thuilleadh agus a úsáid;

(k)

gnéithe rialála d’úsáid síochánta an fhuinnimh núicléach;

(l)

taighde agus forbairt; agus

(m)

réimsí eile a bhaineann le hábhar an Chomhaontaithe seo, a fhéadfaidh na Páirtithe a chinneadh go frithpháirteach i scríbhinn tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.

2.   Maidir leis an gcomhar i réimsí sonracha a leagtar amach i mír 1, féadfar é a chur chun feidhme, de réir mar is gá, trí shocruithe idir eintiteas dlítheanach atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus eintiteas dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal, a dtabharfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann fógra ina leith don údarás inniúil eile go bhfuil sé údaraithe go cuí chun an comhar sin a chur chun feidhme. Beidh ar áireamh in aon socrú den sórt sin forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, i gcás inar ann do na cearta sin nó ina dtagann siad chun cinn.

Airteagal 4

Foirmeacha comhair núicléach

Féadfaidh an comhar ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 3 [Raon Feidhme an chomhair núicléach] a bheith sna foirmeacha seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht a aistriú;

(b)

faisnéis a mhalartú i réimsí leasa fhrithpháirtigh, amhail coimircí núicléacha, sábháilteacht núicléach, leibhéil radaighníomhaíochta sa chomhshaol agus soláthar raidiseatóp;

(c)

malartú, cuairteanna agus oiliúint pearsanra agus saineolaithe a éascú, lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil agus ardoiliúint a chur ar phearsanra riaracháin, eolaíochta agus teicniúil;

(d)

siompóisiamaí agus seimineáir a eagrú;

(e)

faisnéis, cúnamh agus seirbhísí eolaíocha agus teicniúla a mhalartú, lena n-áirítear i leith gníomhaíochtaí taighde agus forbartha;

(f)

tionscadail chomhpháirteacha a eagrú agus páirt a ghlacadh iontu, agus comhfhiontair agus meithleacha déthaobhacha iomchuí nó staidéir a bhunú;

(g)

comhar tráchtála a bhaineann le timthriall an bhreosla núicléach a éascú, amhail seirbhísí i leith thimthriall an bhreosla núicléach a sholáthar, lena n-áirítear tiontú úráiniam agus saibhriú iseatópach; agus

(h)

foirmeacha eile comhair a fhéadfaidh na Páirtithe a chinneadh go frithpháirteach i scríbhinn tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.

Airteagal 5

Míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo

1.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na míreanna a leagtar amach i mír 2, ach amháin:

(a)

i gcás ina gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt i scríbhinn; nó

(b)

i gcás ina mbeidh feidhm ag eisceacht faoi mhír 4.

2.   Is iad seo a leanas na míreanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht a aistrítear idir na Páirtithe nó a gcuid daoine féin, cibé acu go díreach nó trí thríú páirtí. Beidh an t-ábhar núicléach, an t-ábhar neamhnúicléach, an trealamh nó an teicneolaíocht sin faoi réir an Chomhaontaithe seo ar theacht isteach i ndlínse chríche an Pháirtí is faighteoir dó nó di, ar choinníoll go ndearna an Páirtí is soláthróir fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí is faighteoir faoin aistriú agus go ndearna an Páirtí is faighteoir a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil nó go mbeidh an mhír sin á sealbhú faoi réir an Chomhaontaithe seo agus gur duine údaraithe faoi dhlínse chríche an Pháirtí is faighteoir é an faighteoir atá molta, murab é an Páirtí is faighteoir é;

(b)

ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach nó trealamh a úsáidtear i míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo agus a fhéadfar a chinneadh a thuilleadh sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin], nó ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach nó trealamh a tháirgtear trí úsáid a bhaint as na míreanna sin;

(c)

ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht a chinnfear i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin] a bheith faoi réir an Chomhaontaithe seo tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo; agus

(d)

aon mhír eile arna chinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe, tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.

3.   Míreanna a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir leo, dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh siad de bheith faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe seo go dtí go gcinnfear an méid seo a leanas, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin]:

(a)

go ndearnadh na míreanna sin a athaistriú lasmuigh de dhlínse an Pháirtí is faighteoir i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo;

(b)

maidir le hábhar núicléach, nach féidir an t-ábhar núicléach sin a úsáid a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíocht núicléach atá ábhartha ó thaobh na gcoimircí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) [Coimircí] nó nach féidir é a aisghabháil i gcleachtas a thuilleadh; chun a chinneadh cén uair nach féidir an t-ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a úsáid a thuilleadh nó nach féidir é a aisghabháil i gcleachtas a thuilleadh lena phróiseáil i bhfoirm inar féidir é a úsáid le haghaidh aon ghníomhaíocht núicléach atá ábhartha ó thaobh coimircí de, glacfaidh an dá Pháirtí le cinneadh arna dhéanamh ag IAEA i gcomhréir leis na forálacha i ndáil le coimircí de chuid an chomhaontaithe ábhartha maidir le coimircí ina bhfuil IAEA ina pháirtí a fhoirceannadh;

(c)

maidir le hábhar agus trealamh neamhnúicléach, nach féidir an mhír sin a úsáid a thuilleadh chun críoch núicléach;

(d)

nach bhfuil an mhír sin faoi réir an Chomhaontaithe seo a thuilleadh, i gcomhréir leis na critéir a shainítear sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin]; nó

(e)

arna gcinneadh go frithpháirteach ag na Páirtithe i scríbhinn, tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.

4.   Beidh an teicneolaíocht faoi réir an Chomhaontaithe seo i gcás Bhallstáit uile an Chomhphobail, seachas na Ballstáit sin a shonróidh an Comhphobal i bhfógra i scríbhinn don Ríocht Aontaithe ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, na Ballstáit sin a léirigh nach gcuirfidh siad an teicneolaíocht faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo. Beidh gníomhaíocht den sórt sin gan dochar do dhlí an Chomhphobail, go háirithe na rialacha a bhaineann leis an gcómhargadh núicléach. Cabhróidh aon Bhallstát, a bhfuil fógra faoin mír seo tugtha ina leith, le húdarás inniúil an Chomhphobail i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gComhaontú seo maidir le haistriú agus athaistriú teicneolaíochta. Tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste, féadfar an fógra dá dtagraítear sa mhír seo a tharraingt siar i scríbhinn i ndáil le haon Bhallstát lena mbaineann tráth ar bith, tar éis don Bhallstát sin a thoil a chur in iúl chuige sin. Saineofar na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme na forála seo sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin].

Airteagal 6

Coimircí

1.   Beidh ábhar núicléacha atá faoi réir an Chomhaontaithe seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

sa Chomhphobal, faoi réir choimircí Euratom de bhun Chonradh Euratom agus faoi réir choimircí IAEA de bhun na gcomhaontuithe seo a leanas maidir le coimircí, a bhféadfar iad a athbhreithniú agus a ionadú, agus i gcomhréir le NPT:

(i)

an Comhaontú idir Ballstáit an Chomhphobail nach bhfuil airm núicléacha acu, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, a rinneadh sa Bhruiséil an 5 Aibreán 1973 agus a tháinig i bhfeidhm an 21 Feabhra 1977 (IAEA INFCIRC/193); an Comhaontú idir an Fhrainc, an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach, a rinneadh in Iúil 1978 agus a tháinig i bhfeidhm an 12 Meán Fómhair 1981 (IAEA INFCIRC/290); agus

(ii)

na Prótacail Bhreise IAEA INFCIRC/193/Add.8 agus IAEA INFCIRC/290/Add.1 a síníodh i Vín an 22 Meán Fómhair 1998 agus a tháinig i bhfeidhm an 30 Aibreán 2004 ar bhonn IAEA INFCIRC/540 (ceartaithe) (Córas Coimircí Neartaithe, Cuid II);

(b)

sa Ríocht Aontaithe:

(i)

faoi réir an chórais coimircí intíre mar atá á chur chun feidhme ag an údarás inniúil náisiúnta; agus

(ii)

coimircí IAEA de bhun Chomhaontú na Ríochta Aontaithe - IAEA maidir le Coimircí.

2.   I gcás ina ndéanfar cur i bhfeidhm aon cheann de na comhaontuithe le IAEA dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ar chúis ar bith laistigh den Chomhphobal nó den Ríocht Aontaithe, déanfaidh an Páirtí ábhartha, gan mhoill, comhaontú le IAEA lena bhforálfar d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach a fhoráiltear leis na comhaontuithe ábhartha maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 1, nó, mura bhfuil sé sin indéanta:

(a)

déanfaidh an Comhphobal, a mhéad a bhaineann leis, coimircí a chur i bhfeidhm arna mbunú ar chóras coimircí Euratom, lena bhforáiltear d’éifeachtúlacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach a fhoráiltear leis na comhaontuithe maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus déanfaidh an Ríocht Aontaithe, a mhéid a bhaineann léi, coimircí a chur i bhfeidhm a dhéanann foráil d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach a fhoráiltear leis an gcomhaontú maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(b)

nó, mura bhfuil sé sin indéanta, déanfaidh na Páirtithe socruithe chun coimircí a chur i bhfeidhm, ar socruithe iad lena bhforáiltear d’éifeachtacht agus do chumhdach is coibhéiseach leis an éifeachtacht agus leis an gcumhdach a fhoráiltear leis na comhaontuithe maidir le coimircí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 1.

3.   Comhaontaíonn an dá Pháirtí córas láidir éifeachtach cuntasaíochta agus rialaithe ábhair núicléach a chur chun feidhme laistigh dá ndlínsí féin chun a áirithiú nach ndéanfar ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe a atreorú óna úsáid shíochánta. Déanfar maoirseacht, lena n-áirítear cigireachtaí sna suiteálacha sin ina gcoinnítear ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo, a chur i gcrích ar bhealach inar féidir leis na húdaráis inniúla teacht ar chonclúidí neamhspleácha agus, nuair is gá, gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a éileamh agus faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin.

Airteagal 7

Cosaint fhisiciúil

1.   Beidh cur i bhfeidhm beart cosanta fisicí i gcónaí ar leibhéil a chomhlíonann ar a laghad na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn C a ghabhann leis na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha. De bhreis ar an doiciméid sin, déanfaidh an Ríocht Aontaithe, an Comhphobal, mar a ndéanann an Coimisiún Eorpach ionadaíocht air i gcás inarb iomchuí, agus Ballstáit an Chomhphobail tagairt, agus bearta cosanta fisiciúla á gcur i bhfeidhm acu, dá n-oibleagáidí faoi CPPNM Leasaithe, lena n-áirítear aon leasú atá i bhfeidhm do gach Páirtí, agus na moltaí in IAEA INFCIRC/225/Rev.5 (Moltaí maidir le Slándáil Núicléach i dtaobh Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach agus Saoráidí Núicléacha), lena n-áirítear aon athbhreithniú mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go frithpháirteach tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.

2.   Beidh iompar ábhair núicléach faoi réir fhorálacha CPPNM Leasaithe, lena n-áirítear aon leasú atá i bhfeidhm do gach Páirtí, agus faoi réir Rialacháin IAEA maidir le hIompar Sábháilte Ábhair Radaighníomhaigh (Sraith Caighdeán Sábháilteachta IAEA Uimh. TS-R-1), lena n-áirítear aon athbhreithniú mura gcinnfidh na Páirtithe a mhalairt go frithpháirteach tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste.

Airteagal 8

Sábháilteacht núicléach

1.   Is páirtithe iad an Comhphobal agus an Ríocht Aontaithe sa Choinbhinsiún maidir le Sábháilteacht Núicléach, a rinneadh i Vín an 17 Meitheamh 1994, agus a tháinig i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 1996 (IAEA INFCIRC/449), sa Choinbhinsiún Comhpháirteach maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Breosla Spíonta agus maidir le Sábháilteacht i mBainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí, a rinneadh i Vín an 5 Meán Fómhair 1997, agus a tháinig i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2001 (IAEA INFCIRC/546), sa Choinbhinsiún um Chúnamh i gcás Taisme Núicléach nó Éigeandáil Raideolaíoch do Tharlú, a rinneadh i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, agus a tháinig i bhfeidhm an 26 Feabhra 1987, (IAEA INFCIRC/336), agus sa Choinbhinsiún um Luath-Fhógra i dtaobh Taisme Núicléiche, a rinneadh i Vín an 26 Meán Fómhair 1986, agus a tháinig i bhfeidhm an 27 Deireadh Fómhair 1986 (IAEA INFCIRC/335). Beidh feidhm ag aon leasú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin thuasluaite maidir leis an gComhaontú seo mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Páirtí don Pháirtí eile á chur in iúl nach nglacann sé leis an leasú. D’fhormheas an Comhphobal, a Bhallstáit agus an Ríocht Aontaithe Dearbhú Vín maidir le Sábháilteacht Núicléach a glacadh an 9 Feabhra 2015 (IAEA INFCIRC/872).

2.   Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le comhar idirnáisiúnta le haghaidh socruithe éifeachtacha maidir le sábháilteacht núicléach agus, agus ceannaireacht an dá Pháirtí sa réimse sin á haithint acu, oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun feabhas leanúnach a chur ar chaighdeáin agus ar Choinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach, agus ar a gcur chun feidhme.

3.   Ag aithint dóibh an prionsabal maidir le feabhsú leanúnach ar shábháilteacht núicléach agus ceart gach Páirtí caighdeáin sábháilteachta núicléiche a chur chun feidhme, agus chomh fada is nach mbeidh sé ag teacht salach ar na forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta núicléiche atá ceangailteach ó thaobh dlí de, ní dhéanfaidh ceachtar Páirtí na leibhéil chosanta a lagú ná a laghdú faoi bhun na leibhéal dá bhforáiltear leis na caighdeáin chosanta, agus trína bhforfheidhmiú, arna gcomhroinnt ag na Páirtithe ag deireadh na hidirthréimhse maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, bainistiú sábháilte ar dhramhaíl radaighníomhach agus breosla spíonta, díchoimisiúnú, loingsiú sábháilte ábhair núicléach, agus ullmhacht agus freagairt i gcás éigeandála.

4.   Leanfaidh na Páirtithe de bheith ag obair i gcomhar le chéile, de theagmháil rialta a choimeád ar bun agus d’fhaisnéis a chomhroinnt faoi ábhair a bhaineann le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, ullmhacht agus freagairt éigeandála agus bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí, lena n-áirítear torthaí athbhreithnithe piaraí idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí.

5.   Leanfaidh na Páirtithe de bheith ag obair i gcomhar le chéile maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis na nithe seo a leanas:

(a)

córais sheanbhunaithe Chomhphobail chun faireachán agus malartú faisnéise a dhéanamh ar leibhéil radaighníomhaíochta sa chomhshaol, lena n-áirítear:

(i)

Córas an Chomhphobail Eorpaigh don Mhalartú Faisnéise i gCás Éigeandáil Raideolaíoch (ECURIE); agus

(ii)

an tArdán Eorpach um Malartú Sonraí Raideolaíochta (EURDEP);

(b)

grúpaí saineolaithe comhairleacha seanbhunaithe i réimse na sábháilteachta núicléiche, lena n-áirítear an Grúpa Eorpach Rialaitheoirí um Shábháilteacht Núicléach; agus

(c)

aon chóras Comhphobail nó grúpa Comhphobail eile a bhféadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú ina leith, trína n-údaráis inniúla.

Féadfaidh an Comhphobal, trína údarás inniúil, cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach mar thríú tír sna córais agus sna grúpaí sin.

Airteagal 9

Aistrithe, athaistrithe agus éascú trádála

1.   Maidir le haon aistriú ábhair núicléach, ábhair neamhnúicléach, trealaimh nó teicneolaíochta a dhéantar de bhun na ngníomhaíochtaí comhair faoin gComhaontú seo, beidh sé i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Chomhphobail, Bhallstáit an Chomhphobail agus na Ríochta Aontaithe maidir le húsáid shíochánta an fhuinnimh núicléach mar a liostaítear in Airteagail 6 [Coimircí] agus in Airteagal 7 [Cosaint fhisiciúil], agus maidir leis na gealltanais arna dtabhairt ag Ballstáit aonair an Chomhphobail agus ag an Ríocht Aontaithe laistigh de Ghrúpa na Soláthróirí Núicléacha, mar a leagtar amach sna Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha.

2.   Déanfaidh na Páirtithe, chun leasa fhrithpháirtigh na dtáirgeoirí, thionscal thimthriall an bhreosla núicléach, na bhfóntas agus na dtomhaltóirí, éascú ar thrádáil na míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo eatarthu féin nó idir daoine nó gnóthais atá bunaithe i gcríocha na bPáirtithe.

3.   Déanfaidh na Páirtithe, a mhéid is indéanta, cúnamh a thabhairt dá chéile maidir le soláthar a bheith á dhéanamh ar ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht ag ceachtar den dá Pháirtí nó ag daoine laistigh den Chomhphobal nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.

4.   Beidh leanúnachas an chomhair a bheartaítear sa Chomhaontú seo ag brath ar an gcóras maidir le coimircí agus rialú arna bhunú ag an gComhphobal i gcomhréir le Conradh Euratom a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealach a bheidh sásúil don dá thaobh, agus freisin ar an gcóras maidir le coimircí agus rialú arna bhunú ag an Ríocht Aontaithe a bheith á chur i bhfeidhm ar bhealach a bheidh sásúil don dá thaobh.

5.   Ní bhainfear úsáid as forálacha an Chomhaontaithe seo chun sláine agus feidhmiú rianúil chómhargadh núicléach an Chomhphobail a chur i mbaol, go háirithe chun bac a chur ar an tsaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí ann, ná chun comhbheartas soláthair núicléach an Chomhphobail a chur ó rath.

6.   Is faoi dhálaí cothroma tráchtála a dhéanfar ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht a aistriú agus seirbhísí iomchuí a sholáthar. Beidh cur chun feidhme na míre seo gan dochar do Chonradh Euratom agus don reachtaíocht a dhíorthaítear as, ná do dhlíthe agus rialacháin na Ríochta Aontaithe.

7.   Maidir le haon ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh nó teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a athaistriú, ar athaistriú lasmuigh de dhlínse na bPáirtithe é, ní dhéanfar é ach faoi chuimsiú na ngealltanas arna dtabhairt ag Ballstáit aonair an Chomhphobail agus ag an Ríocht Aontaithe laistigh de Ghrúpa na Soláthróirí Núicléacha. Go háirithe, beidh feidhm ag na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha i dtaobh athaistriú míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.

8.   Maidir le fógraí i scríbhinn i dtaca le míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a aistriú agus maidir le hábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a athaistriú, malartófar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin].

9.   Maidir le hábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo, ní dhéanfar iad a aistriú lasmuigh de dhlínse chríche an Pháirtí is faighteoir gan toiliú i scríbhinn a bheith faighte ón bPáirtí is soláthróir roimh ré, ach amháin i gcomhréir le mír 11 den Airteagal seo. Tá an fhoráil seo gan dochar do d’Airteagal 5(4) [Míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo].

10.   Nuair a bhíonn gá le toiliú an Pháirtí is soláthróir faoi na Treoirlínte maidir le hAistrithe Núicléacha, ní dhéanfar ábhar neamhnúicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a aistriú lasmuigh de dhlínse chríche an Pháirtí is faighteoir gan toiliú i scríbhinn a bheith faighte ón bPáirtí is soláthróir roimh ré, ach amháin i gcomhréir le mír 11.

11.   Ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, malartóidh na Páirtithe liostaí de thíortha a n-údaraítear don Pháirtí eile de bhun mhíreanna 9 agus 10 den Airteagal seo ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, trealamh agus teicneolaíocht a athaistriú chucu. Déanfaidh gach Páirtí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shainítear sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin] fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi athruithe ar na liostaí tíortha atá aige.

12.   I gcás ina n-aistreoidh an Ríocht Aontaithe nó Ballstát de chuid an Chomhphobail teicneolaíocht atá faoi réir an Chomhaontaithe seo chuig Ballstát a thagann faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) [Míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo], beidh feidhm ag míreanna 7 agus 9 den Airteagal seo. Saineofar na módúlachtaí praiticiúla maidir le cur chun feidhme na míre seo faoi chuimsiú socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin].

Airteagal 10

Saibhriú

Gheobhaidh Páirtí toiliú i scríbhinn ón bPáirtí eile sula ndéanfar aon ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a shaibhriú go 20 % nó níos mó san iseatóp Úráiniam -235. Más rud é go dtugtar an toiliú sin, ní mór tuairisc a thabhairt ann ar na coinníollacha faoinar féidir an t-úráiniam sin a shaibhrítear go 20 % nó níos mó a úsáid. Maidir le forálacha breise is gá chun gur fusa a bheidh sé an fhoráil sin chur chun feidhme, féadfar iad a bhunú sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin].

Airteagal 11

Athphróiseáil

Tugann gach Páirtí a thoiliú don Pháirtí eile a mbíonn breosla núicléach ina bhfuil ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo á athphróiseáil aige ar choinníoll go ndéanfar an athphróiseáil sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn [Athphróiseáil].

Airteagal 12

Comhar maidir le taighde agus forbairt núicléach

1.   Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar le chéile maidir le taighde agus forbairt a dhéanamh ar úsáid shíochánta, idir úsáid chumhachta agus neamhchumhachta, fuinneamh núicléach, lena n-áirítear fuinneamh comhleá a fhorbairt, eatarthu féin agus a ngníomhaireachtaí, i gcás ina bhfuil comhleasanna ag na Páirtithe agus a mhéid a chumhdaítear iad lena gcláir agus a ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha. Féadfaidh na Páirtithe nó a ngníomhaireachtaí, de réir mar is iomchuí, a cheadú do thaighdeoirí agus d’eagraíochtaí as gach earnáil taighde, lena n-áirítear ollscoileanna, saotharlanna agus an earnáil phríobháideach, a bheith rannpháirteach sa chomhar sin. Féachfaidh na Páirtithe, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin, leis an gcomhar sin a éascú idir daoine sa réimse sin.

2.   Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sa chomhar faoin Airteagal seo:

(a)

rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe mar thríú tír i gcláir agus i ngníomhaíochtaí taighde agus oiliúna an Chomhphobail; agus

(b)

ballraíocht na Ríochta Aontaithe in Fuinneamh Comhleá,

i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair.

3.   A mhéid is gá, féadfaidh na Páirtithe, nó a n-údaráis inniúla, socruithe cur chun feidhme ar leithligh a thabhairt i gcrích ina leagfar amach an raon feidhme, na téarmaí agus na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an gcomhar faoi réir an Airteagail seo.

4.   Féadfaidh socruithe cur chun feidhme arna mbunú de bhun mhír 3, inter alia, forálacha maidir le maoiniú, sannadh freagrachtaí bainistíochta agus oibríochtúla agus forálacha mionsonraithe maidir le scaipeadh agus comhroinnt faisnéise agus maoine intleachtúla a chumhdach.

Airteagal 13

Faisnéis agus saineolas teicniúil a mhalartú

1.   Déanfaidh na Páirtithe an malartú iomchuí agus comhréireach i leith faisnéise agus saineolas teicniúil eatarthu féin agus idir a n-údaráis inniúla faoi seach a chur chun cinn agus a éascú, maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

2.   Féadfaidh na Páirtithe faisnéis atá ar fáil dóibh maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo a chur ar fáil dá chéile, dá n-údaráis inniúla agus do dhaoine laistigh den Chomhphobal nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe.

3.   Déanfar faisnéis a fhaightear ó aon tríú páirtí faoi théarmaí lena gcoisctear tuilleadh soláthar faisnéise den sórt sin a eisiamh ó raon feidhme an Chomhaontuithe seo.

4.   Ní sholáthrófar faisnéis a measfaidh an Páirtí is soláthróir luach tráchtála a bheith aici ach amháin faoi théarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Páirtí is soláthróir.

5.   Spreagfaidh agus éascóidh na Páirtithe malartú faisnéise idir daoine atá faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe, ar thaobh amháin, agus daoine laistigh den Chomhphobal, ar an taobh eile, ar ábhair a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe seo.

6.   Ní dhéanfar faisnéis atá ar úinéireacht ag daoine den sórt sin a sholáthar ach amháin le toiliú na ndaoine sin agus faoi théarmaí agus coinníollacha a bheidh le sonrú ag na daoine sin.

7.   Déanfaidh na Páirtithe gach réamhchúram is iomchuí chun rúndacht na faisnéise a fhaightear mar thoradh ar oibriú an Chomhaontaithe seo a chaomhnú.

Airteagal 14

Maoin intleachtúil

1.   Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar cosaint leordhóthanach éifeachtach ar mhaoin intleachtúil a chruthófar agus ar theicneolaíocht a aistreofar de bhun an chomhair faoin gComhaontú seo i gcomhréir leis na comhaontuithe agus socruithe idirnáisiúnta ábhartha agus leis na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas, sa Chomhphobal nó ina mBallstáit.

2.   Níl sé i gceist go ndéanfar aon mhaoin intleachtúil a aistriú leis an gComhaontú seo. Déanfar an mhaoin intleachtúil a ghinfear faoi chuimsiú an chomhair dá bhforáiltear leis an gComhaontú seo a leithdháileadh de réir an cháis in aon chomhaontú, socrú nó conradh sonrach a bhaineann leis an gComhaontú seo.

Airteagal 15

Socruithe riaracháin

1.   Déanfaidh na Páirtithe, trína n-údaráis inniúla faoi seach, socruithe riaracháin a bhunú chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go héifeachtach. Áireofar sna socruithe sin na nósanna imeachta atá ag teastáil ó na húdaráis inniúla chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme agus a riar.

2.   Féadfar socruithe riaracháin arna mbunú de bhun an Airteagail seo a leasú arna gcinneadh go frithpháirteach ag na húdaráis inniúla i scríbhinn.

3.   Féadfar foráil a dhéanamh do shocruithe riaracháin maidir le malartú liostaí fardail i ndáil leis na míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.

4.   Féadfar na sásraí comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla a leagan amach sna socruithe riaracháin.

5.   Bunófar cuntasaíocht an ábhair núicléach agus an ábhair neamhnúicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo ar idirmhalartacht agus ar phrionsabail na comhréireachta agus na coibhéise i ndáil le hábhar núicléach agus le hábhar neamhnúicléach mar a leagtar amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 16

Cur chun feidhme

1.   Cuirfear forálacha an Chomhaontaithe seo chun feidhme de mheon macánta ar dhóigh go seachnófar aon bhac, moill nó cur isteach míchuí ar ghníomhaíochtaí núicléacha sa Ríocht Aontaithe agus sa Chomhphobal agus sa dóigh go mbeidh siad i gcomhréir leis na cleachtais stuama bhainistíochta is gá chun gníomhaíochtaí núicléacha a dhéanamh go heacnamaíoch agus go sábháilte.

2.   Ní úsáidfear forálacha an Chomhaontaithe seo chun buntáistí tráchtála agus tionsclaíocha a lorg, ná chun cur isteach ar leasanna tráchtála nó tionsclaíocha, cibé acu leasanna intíre nó idirnáisiúnta iad, ceachtar Páirtí nó daoine údaraithe, ná chun críche cur isteach ar bheartas núicléach ceachtar Páirtí nó Bhallstáit an Chomhphobail, ná chun críche bac a chur ar chur chun cinn úsáid shíochánta agus neamhphléascach an fhuinnimh núicléach, ná chun críche bac a chur ar ghluaiseacht míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo nó a chuirfear in iúl a bheith faoina réir, bíodh sé laistigh de dhlínse chríche na bPáirtithe nó idir an Ríochta Aontaithe agus an Comhphobal.

Airteagal 17

An dlí is infheidhme

1.   An comhar dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo beidh sé i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin faoi seach atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe agus laistigh den Aontas agus sa Chomhphobal agus i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na Páirtithe, gan dochar d'Airteagal 18 [Comhaontuithe atá ann cheana]. I gcás an Chomhphobail, áirítear sa dlí is infheidhme Conradh Euratom agus a reachtaíocht thánaisteach.

2.   Beidh gach Páirtí freagrach i leith an pháirtí eile as a áirithiú go nglacfar le forálacha an Chomhaontaithe seo, agus go gcomhlíonfar iad, i gcás na Ríochta Aontaithe, go ndéanfaidh gach duine faoina dlínse a bhfuil údarú deonaithe dó de bhun an Chomhaontaithe seo amhlaidh, agus i gcás an Chomhphobail, go ndéanfaidh gach duine laistigh de a bhfuil údarú deonaithe dó de bhun an Chomhaontaithe seo amhlaidh.

Airteagal 18

Comhaontuithe atá ann cheana

1.   Measfar forálacha comhaontuithe déthaobhacha um chomhar núicléach sibhialta atá i bhfeidhm idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Chomhphobail a bheith comhlántach leis an gComhaontú seo agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear forálacha an Chomhaontaithe seo ina n-ionad.

2.   Ní bheidh an Comhaontú seo ina chomhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair.

3.   Tá feidhm ag an gComhaontú seo gan dochar d’aon chomhaontú déthaobhach a rinneadh roimhe seo idir an Ríocht Aontaithe de pháirt amháin agus an tAontas agus Euratom den pháirt eile.

Airteagal 19

Comhchoiste

1.   Bunaíonn na Páirtithe Comhchoiste leis seo.

2.   Déanfar comhdhéanamh an Chomhchoiste agus na forálacha lena mbaineann a leagan amach sna socruithe riaracháin arna mbunú de bhun Airteagal 15 [Socruithe riaracháin].

3.   Tiocfaidh an Comhchoiste le chéile go rialta, agus arna iarraidh sin d’údarás inniúil ceachtar den dá Pháirtí, chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a mhaoirsiú.

4.   Áireofar ar fheidhmeanna an Chomhchoiste na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

faisnéis a mhalartú, dea-chleachtais a phlé, taithí chur chun feidhme a roinnt;

(b)

meithleacha a bhunú agus a chomhordú, ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo;

(c)

saincheisteanna teicniúla a shainaithint, a phlé agus dul i mbun comhairle maidir leo;

(d)

moltaí a ghlacadh le haghaidh cinntí comhpháirteacha a bheidh le déanamh ag na Páirtithe nuair a fhoráiltear dó sin sa Chomhaontú seo, lena n-áirítear cinntí comhpháirteacha chun an Comhaontú seo a leasú;

(e)

gníomhú mar fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear i ndáil le díospóidí a réiteach;

(f)

gníomhaíocht a chomhordú maidir le comhar in úsáid neamhchumhachta an fhuinnimh núicléach, go háirithe chun na rioscaí maidir le ganntanas soláthair raidiseatóp míochaine a íoslaghdú agus chun tacú le forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí agus cóireálacha núíosacha lena mbaineann raidiseatóip, ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí; agus

(g)

gníomhú mar fhóram teicniúil i dtaobh aon nithe eile i ndáil leis an gComhaontú seo.

Airteagal 20

Comhairliúchán

Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, tiocfaidh ionadaithe na bPáirtithe le chéile nuair is gá chun dul i gcomhairle le chéile faoi chuimsiú an Chomhchoiste maidir le nithe a éireoidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, chun a oibríocht a mhaoirsiú agus chun socruithe le haghaidh comhair a phlé i dteannta na socruithe sin dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo. D’fhéadfadh na comhairliúcháin sin a bheith i bhfoirm malartú comhfhreagrais freisin.

Airteagal 21

Díospóidí a réiteach

1.   Déanfaidh na Páirtithe aon díospóid eatarthu maidir le cur i bhfeidhm, léirmhíniú nó cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a phlé go pras sa Chomhchoiste d’fhonn an díospóid a réiteach trí chaibidlíocht. D’fhéadfadh aon phlé nó caibidlíocht den sórt sin a bheith i bhfoirm malartú comhfhreagrais freisin.

2.   Déanfar aon díospóid den sórt sin nach socrófar trí chaibidlíocht agus comhchomhairliúcháin éigeantacha faoi chuimsiú an Chomhchoiste a chur, arna iarraidh do cheachtar Páirtí, faoi bhráid binse eadrána ar a mbeidh triúr eadránaí. Ainmneoidh gach Páirtí eadránaí amháin agus toghfaidh an bheirt eadránaí a ainmneofar an tríú eadránaí, nach náisiúnach de cheachtar Páirtí é, a bheidh ina chathaoirleach.

3.   Mura mbeidh eadránaí ainmnithe ag ceachtar Páirtí laistigh de 30 lá tar éis go ndéanfar eadráin a iarraidh, féadfaidh an Páirtí eile sa díospóid a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta eadránaí a cheapadh don Pháirtí nach mbeidh eadránaí ainmnithe aige. Mura mbeidh an tríú eadránaí tofa laistigh de 30 lá tar éis go ndéanfar eadránaithe a ainmniú nó a cheapadh don dá Pháirtí, féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an tríú eadránaí a cheapadh.

4.   Is é a bheidh i gcóram tromlach chomhaltaí an bhinse eadrána, agus is trí vóta tromlaigh de chomhaltaí uile an bhinse eadrána a dhéanfar na cinntí go léir. Bunóidh an binse an nós imeachta eadrána. Beidh cinntí an bhinse ina gceangal ar an dá Pháirtí agus cuirfidh siad chun feidhme iad. Cinnfear luach saothair na n-eadránaithe ar an mbonn céanna le luach saothair bhreithiúna ad hoc na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta. Déanfar aon chinneadh nó dámhachtain eadrána a fhorghníomhú i gcomhréir leis an reachtaíocht uile is infheidhme de chuid na bPáirtithe agus an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 22

Deireadh le comhar i gcás sárú tromchúiseach

1.   Más rud é:

(a)

go ndéanann ceachtar Páirtí nó aon Bhallstát de chuid an Chomhphobail sárú tromchúiseach ar aon cheann de na hoibleagáidí nithiúla faoi Airteagail 1 [Cuspóir], 5 [Míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo], 6 [Coimircí], 7 [Cosaint fhisiciúil], 9 [Aistrithe, athaistrithe agus éascú trádála], 10 [Saibhriú], 11 [Athphróiseáil] nó 15 [Socruithe riaracháin], nó ar aon oibleagáid eile faoin gComhaontú seo de réir mar a chinnfidh na Páirtithe go frithpháirteach i scríbhinn tar éis comhairliúcháin sa Chomhchoiste; nó

(b)

go háirithe, go ndéanann Ballstát de chuid an Chomhphobail nach bhfuil airm núicléacha aige feiste pléascach núicléach a mhadhmadh, nó go ndéanann Ballstát de chuid an Chomhphobail a bhfuil airm núicléacha aige nó an Ríocht Aontaithe feiste pléascach núicléach a mhadhmadh trí úsáid a bhaint aon mhír atá faoi réir an Chomhaontaithe seo,

féadfaidh an Páirtí eile, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt chuige sin, an comhar faoin gComhaontú seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, go hiomlán nó i bpáirt. San fhógra uaidh, sainaithneoidh an Páirtí na bearta a mheasann sé a bheith ina sárú tromchúiseach ar oibleagáidí faoin gComhaontú seo, sonróidh sé na forálacha atá beartaithe aige a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh agus an dáta óna bhfuil sé beartaithe aige an fhionraí nó an foirceannadh a chur i bhfeidhm.

2.   Sula ndéanfaidh ceachtar Páirtí beart chuige sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile faoi chuimsiú an Chomhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil lena n-áirítear cinneadh i dtaobh an bhfuil gá le bearta ceartaitheacha nó le bearta eile nó nach bhfuil, agus más gá, na bearta a bheidh le déanamh agus an scála ama a ndéanfar na bearta sin dá réir.

3.   Ní ghlacfar fionraí nó foirceannadh de bhun mhír 1 ach amháin más rud é nach ndéanfar na bearta ceartaitheacha nó na bearta eile a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a chinnfidh an Comhchoiste nó, i gcás nach n-aimsítear réiteach cairdiúil, laistigh de thréimhse réasúnta ama ach gan mhoill.

4.   Scoirfidh an fhionraí d’fheidhm a bheith aici nuair is deimhin leis an bPáirtí fionraíochta go bhfuil a chuid oibleagáidí faoin gComhaontú seo á gcomhlíonadh ag an bPáirtí eile, cibé acu as a stuaim féin nó mar thoradh ar chinneadh ón mbinse eadrána.

5.   I gcás ina ndéanfar an Comhaontú seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, beidh sé de cheart ag an bPáirtí is soláthróir a cheangal go dtabharfar ar ais míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 23

Leasuithe

1.   Féadfaidh na Páirtithe dul i gcomhairle, arna iarraidh do cheachtar Páirtí, faoi chuimsiú an Chomhchoiste, maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhaontú seo, go háirithe chun forbairtí idirnáisiúnta sa réimse núicléach a chur san áireamh.

2.   Féadfar an Comhaontú seo a leasú má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

3.   Tiocfaidh aon leasú i bhfeidhm ar an dáta a shonróidh na Páirtithe, trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú idir na Páirtithe nó trína n-údaráis inniúla, de réir mar is cuí, go bhfuil a nósanna imeachta inmheánacha a bhfuil gá leo chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích.

4.   Is cuid dhílis den Chomhaontú seo í an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú seo agus féadfar í a leasú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus fad

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin lena mbunaítear a dtoiliú a bheith faoi cheangal curtha i gcrích acu.

2.   Fanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse tosaigh 30 bliana. Dá éis sin, déanfar an Comhaontú seo a athnuachan go huathoibríoch go ceann tréimhsí breise deich mbliana, mura rud é, sé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 30 bliana nó roimh dheireadh aon tréimhse deich mbliana breise den sórt sin, go gcuirfidh Páirtí fógra chuig an bPáirtí eile trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú go bhfuil ar intinn aige an Comhaontú a fhoirceannadh.

3.   D’ainneoin an Chomhaontú seo nó aon chomhar anseo thíos a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó é a dhul in éag, ar chúis ar bith, na hoibleagáidí in Airteagail 1 [Cuspóir], 5 [Míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo], 6 [Coimirciú], 7 [Cosaint Fhisiciúil], 9 [Aistrithe, athaistrithe agus éascú trádála], 10 [Saibhriú], 11 [Athphróiseáil], 13 [Faisnéis agus saineolas teicniúil a mhalartú], 14 [Maoin Intleachtúil], 15 [Socruithe riaracháin], 16 [Cur chun feidhme], 17 [An dlí is infheidhme], 18 [Comhaontuithe atá ann cheana], 20 [Comhairliúchán], 21 [Díospóidí a réiteach] agus 22 [Deireadh a chur le comhar i gcás sárú tromchúiseach], leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm fad is atá aon mhír atá faoi réir na n-Airteagal sin i gcríoch an Pháirtí eile nó faoina dhlínse nó rialú áit ar bith, nó go dtí go gcinnfidh na Páirtithe go frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 5 [Míreanna atá faoi réir an Chomhaontaithe seo] nach féidir an t-ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a úsáid a thuilleadh, nó nach féidir é a aisghabháil i gcleachtas a thuilleadh lena phróiseáil i bhfoirm inar féidir é a úsáid le haghaidh aon ghníomhaíocht núicléach atá ábhartha ó thaobh coimircí de.

Airteagal 25

Téacsanna barántúla

Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris. Déanfaidh na Páirtithe na leaganacha teanga, seachas an leagan Béarla, a fhíordheimhniú faoin 30 Aibreán 2021 trí nótaí taidhleoireachta a mhalartú.

Image 1

Image 2

Image 3


(1)  IO AE L 358, 16.12.2006, lch. 62.

(2)  Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (IO AE L 90, 30.3.2007, lch. 58).


IARSCRÍBHINN – ATHPHRÓISEÁIL

Airteagal 1

Déanfar ábhar núicléach atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a athphróiseáil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar an athphróiseáil chun críoch úsáide fuinnimh nó bainistiú a dhéanamh ar ábhair atá i mbreosla spíonta, i gcomhréir leis an gclár timthrialla breosla núicléach arna chinneadh go frithpháirteach trí chomhairliúchán idir na húdaráis inniúla;

(b)

maidir le tuairisc ar aon chlár timthrialla breosla núicléach atá beartaithe, lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an gcreat beartais, dlíthiúil agus rialála is iomchuí maidir le hathphróiseáil agus stóráil, úsáid agus iompar plútóiniam, soláthróidh údarás inniúil an Pháirtí a bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin á mbeartú aige tuairisc uirthi;

(c)

stórálfar agus úsáidfear an plútóiniam aisghafa de réir an chláir timthrialla breosla núicléach dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(d)

ní dhéanfar athphróiseáil agus úsáid an phlútóiniam aisghafa chun críoch neamhphléascach síochánta, lena n-áirítear an taighde, nach n-áirítear sa chlár timthrialla breosla núicléach dá dtagraítear i bpointe (a), ach amháin faoi choinníollacha arna gcinneadh go frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe tar éis comhairliúcháin de bhun Airteagal 2 den Iarscríbhinn seo.

Airteagal 2

Tionólfar comhairliúcháin sa Chomhchoiste laistigh de 40 lá tar éis iarraidh a fháil ó cheachtar Páirtí:

(a)

chun oibriú fhorálacha na hIarscríbhinne seo a athbhreithniú;

(b)

chun breithniú a dhéanamh ar leasuithe ar an gclár timthrialla breosla núicléach dá dtagraítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo;

(c)

chun breithniú a dhéanamh ar fheabhsuithe ar choimircí idirnáisiúnta agus ar theicnící rialaithe eile lena n-áirítear bunú sásraí idirnáisiúnta nua a bhfuil glacadh coitianta leo agus is iomchuí maidir le hathphróiseáil agus le plútóiniam; nó

(d)

chun breithniú a dhéanamh ar thograí chun an plútóiniam aisghafa a athphróiseáil, a úsáid, a stóráil agus a iompar chun críoch neamhphléascach síochánta eile, lena n-áirítear an taighde.


Top