Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E057

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
Caibidil 3 - Seirbhísí
Airteagal 57
(sean-Airteagal 50 CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 70–70 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_57/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL IV

SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL

CAIBIDIL 3

SEIRBHÍSÍ

Airteagal 57

(sean-Airteagal 50 CCE)

Measfar gur “seirbhísí” de réir bhrí na gConarthaí seirbhísí a thugtar de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus daoine.

Áireofar go háirithe gur “seirbhísí”:

(a)

gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;

(b)

gníomhaíochtaí de chineál tráchtálach;

(c)

gníomhaíochtaí aos ceirde;

(d)

gníomhaíochtaí aos gairme.

Gan dochar d'fhorálacha na Caibidle a bhaineann leis an gceart bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Bhallstát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi choinníollacha mar a chuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.


Top