EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SPN02

Protocol concerning the conditions and arrangements for admission of the Republic of Bulgaria and Romania to the European Union - Annex II:List of provisions of the Schengen acquis as integrated into the framework of the European Union and the acts building upon it or otherwise related to it, to be binding on and applicable in the new Member States as from accession (referred to in Article 4(1) of the Protocol)

IO L 157, 21.6.2005, p. 49–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/pro_1/anx_2/sign

12005SPN02



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0049 - 0055


IARSCRÍBHINN II

Liosta forálacha acquis Schengen mar atá arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh agus na n-ionstraimí ag cur leis nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, atá le bheith ina gceangal ar na Ballstáit nua agus infheidhme iontu amhail ón aontachas (dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Phrótacal)

1. An Comhaontú dar dáta an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile [1].

2. Na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, maille leis an Ionstraim Chríochnaitheach agus na Dearbhuithe Comhpháirteacha a bhaineann leis [2], mar atá arna leasú le cinn áirithe de na hionstraimí atá liostaithe i mír 8 thíos:

Airteagal 1 a mhéad a bhaineann le forálacha na míre seo; Airteagail 3 go 7, amach ó Airteagal 5(1)(d); Airteagal 13; Airteagail 26 agus 27; Airteagal 39; Airteagail 44 go 59; Airteagail 61 go 63; Airteagail 65 go 69; Airteagail 71 go 73; Airteagail 75 agus 76; Airteagal 82; Airteagal 91; Airteagail 126 go 130 a mhéad a bhaineann le forálacha na míre seo; agus Airteagal 136; Dearbhuithe Comhpháirteacha 1 agus 3 den Ionstraim Chríochnaitheach.

3. Na forálacha seo a leanas de na Comhaontuithe maidir le hAontachas leis an gCoinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, maille lena nIonstraimí Críochnaitheacha agus na Dearbhuithe a bhaineann leo, mar atá arna leasú le cinn áirithe de na hionstraimí atá liostaithe i mír 8 thíos:

(a) an Comhaontú arna shíniú an 27 Samhain 1990 maidir le hAontachas Phoblacht na hIodáile:

- Airteagal 4,

- Dearbhú Comhpháirteach 1 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach;

(b) an Comhaontú arna shíniú an 25 Meitheamh 1991 maidir le hAontachas Ríocht na Spáinne:

- Airteagal 4,

- Dearbhú Comhpháirteach 1 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach,

- Dearbhú 2 i gCuid III den Ionstraim Chríochnaitheach;

(c) an Comhaontú arna shíniú an 25 Meitheamh 1991 maidir le hAontachas Phoblacht na Portaingéile:

- Airteagail 4, 5 agus 6,

- Dearbhú Comhpháirteach 1 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach;

(d) an Comhaontú arna shíniú an 6 Samhain 1992 maidir le hAontachas na Poblachta Heilléanaí:

- Airteagail 3, 4 agus 5,

- Dearbhú Comhpháirteach 1 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach,

- Dearbhú 2 i gCuid III den Ionstraim Chríochnaitheach;

(e) an Comhaontú arna shíniú an 28 Aibreán 1995 maidir le hAontachas Phoblacht na hOstaire:

- Airteagal 4,

- Dearbhú Comhpháirteach 1 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach;

(f) an Comhaontú arna shíniú an 19 Nollaig 1996 maidir le hAontachas Ríocht na Danmhairge:

- Airteagail 4, 5(2) agus 6,

- Dearbhuithe Comhpháirteacha 1 agus 3 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach;

(g) an Comhaontú arna shíniú an 19 Nollaig 1996 maidir le hAontachas Phoblacht na Fionlainne:

- Airteagail 4 agus 5,

- Dearbhuithe Comhpháirteacha 1 agus 3 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach,

- Dearbhú ó Rialtas Phoblacht na Fionlainne maidir le hOileáin Åland i gCuid III den Ionstraim Chríochnaitheach;

(h) an Comhaontú arna shíniú an 19 Nollaig 1996 maidir le hAontachas Ríocht na Sualainne:

- Airteagail 4 agus 5,

- Dearbhuithe Comhpháirteacha 1 agus 3 i gCuid II den Ionstraim Chríochnaitheach.

4. Na Comhaontuithe seo a leanas arna dtabhairt i gcrích ag an gComhairle de bhun Airteagal 6 de Phrótacal Schengen:

- Comhaontú an 18 Bealtaine 1999, arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, lena n-áirítear na hIarscríbhinní, a Ionstraim Chríochnaitheach, na Dearbhuithe agus na Malartuithe Litreacha atá curtha i gceangal leis [3], arna fhormheas le Cinneadh 1999/439/CE ón gComhairle [4],

- Comhaontú an 30 Meitheamh 1999 arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le cearta agus oibleagáidí a bhunú idir Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, de pháirt amháin, agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, den pháirt eile, i réimsí de acquis Schengen atá infheidhme ar na Stáit sin [5], arna fhormheas le Cinneadh 2000/29/CE ón gComhairle [6],

- an Comhaontú arna shíniú an 25 Deireadh Fómhair 2004 ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCónaidhm Eilvéiseach maidir le comhlachas na Cónaidhme Eilvéisí le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt [7].

5. Na forálacha de na Cinntí seo a leanas ón gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú leis an gCoinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, mar atá arna leasú le cinn áirithe de na hionstraimí atá liostaithe i mír 8 thíos:

SCH/Com-ex (93) 10 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 14 Nollaig 1993 maidir leis na dearbhuithe ó na hAirí agus na Státrúnaithe

SCH/Com-ex (93) 14 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 14 Nollaig 1993 maidir le comhar breithiúnach praiticiúil a fheabhsú chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac

SCH/Com-ex (94) 16 rev Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 21 Samhain 1994 maidir le stampaí coiteanna iontrála agus imeachta a fháil

SCH/Com-ex (94) 28 rev Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 22 Nollaig 1994 maidir leis an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 75 chun drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a iompar

SCH/Com-ex (94) 29 rev 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 22 Nollaig 1994 maidir le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen an 19 Meitheamh 1990 a chur chun feidhme

SCH/Com-ex (95) 21 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 20 Nollaig 1995 maidir le sonraí staidrimh agus sonracha a mhalartú go tapa idir Stáit Schengen maidir le neamhfheidhmithe a d'fhéadfadh tarlú ag na teorainneacha seachtracha

SCH/Com-ex (98) 1 rev 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 21 Aibreán 1998 maidir le gníomhaíochtaí an Tascfhórsa, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 thuas

SCH/Com-ex (98) 26 def Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 ag bunú Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen

SCH/Com-ex (98) 35 rev 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 maidir leis an Lámhleabhar Coiteann a sheoladh chuig Stáit iarrthacha AE

SCH/Com-ex (98) 37 def 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le bearta a ghlacadh chun inimirce neamhdhlíthiúil a chomhrac, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 thuas

SCH/Com-ex (98) 51 rev 3 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Nollaig 1998 maidir le comhar trasteorann póilíneachta chun an choireacht a chosc agus a bhrath

SCH/Com-ex (98) 52 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Nollaig 1998 maidir leis an Lámhleabhar ar chomhar trasteorann póilíneachta, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 thuas

SCH/Com-ex (98) 57 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Nollaig 1998 maidir le foirm chomhchuibhithe a thabhairt isteach ina soláthraítear cruthúnas ar chuireadh, ar urraíocht agus ar chóiríocht

SCH/Com-ex (98) 59 rev Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 16 Nollaig 1998 maidir le comhairleoirí doiciméad a imscaradh ar dhóigh chomhordaithe

SCH/Com-ex (99) 1 rev 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir le cúrsaí drugaí

SCH/Com-ex (99) 6 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir le acquis Schengen a bhaineann le teileachumarsáid

SCH/Com-ex (99) 7 rev 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir le hoifigigh idirchaidrimh

SCH/Com-ex (99) 8 rev 2 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir leis na prionsabail ghinearálta a rialaíonn íocaíocht fáisnéiseoirí

SCH/Com-ex (99) 10 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir le trádáil neamhdhlíthiúil arm tine

SCH/Com-ex (99) 13 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúchán an 28 Aibreán 1999 maidir leis na leaganacha críochnaitheacha den Lámhleabhar Coiteann agus de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha:

- Iarscríbhinní 1-3, 7, 8 agus 15 de na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha

- An Lámhleabhar Coiteann, lena n-áirítear Iarscríbhinní 1, 5, 5A, 6, 10 agus 13, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 thuas

SCH/Com-ex (99) 18 Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 28 Aibreán 1999 maidir le comhar trasteorann póilíneachta a fheabhsú i dtaca le cionta coiriúla a chosc agus a bhrath.

6. Na Dearbhuithe seo a leanas ón gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú leis an gCoinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 thuas:

SCH/Com-ex (96) decl 6 rev 2 Dearbhú ón gCoiste Feidhmiúcháin an 26 Meitheamh 1996 maidir le heiseachadadh

SCH/Com-ex (97) decl 13 rev 2 Dearbhú ón gCoiste Feidhmiúcháin an 9 Feabhra 1998 maidir le mionaoisigh a fhuadach.

7. Na Cinntí seo a leanas ón Lárghrúpa arna bhunú leis an gCoinbhinsiún arna shíniú in Schengen an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme, a mhéad a bhaineann leis na forálacha i mír 2 thuas:

SCH/C (98) 117 Cinneadh ón Lárghrúpa an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le bearta a ghlacadh chun inimirce neamhdhlíthiúil a chomhrac

SCH/C (99) 25 Cinneadh ón Lárghrúpa an 22 Márta 1999 maidir leis na prionsabail ghinearálta a rialaíonn íocaíocht fáisnéiseoirí.

8. Na hionstraimí seo a leanas a chuireann le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile:

Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 ag leagan síos formáid chomhionann do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1)

Cinneadh 1999/307/CE ón gComhairle an 1 Bealtaine 1999 ag leagan síos na socruithe mionsonraithe chun Rúnaíocht Schengen a lánpháirtiú in Ardrúnaíocht na Comhairle (IO L 119, 7.5.1999, lch. 49)

Cinneadh 1999/435/CE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1999 maidir le acquis Schengen a shainiú d'fhonn an bunús dlí do gach ceann de na forálacha nó de na cinntí a chomhdhéanann acquis Schengen a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus den Chonradh ar an Aontas Eorpach (IO L 176, 10.7.1999, lch. 1)

Cinneadh 1999/436/CE ón gComhairle an 20 Bealtaine 1999 maidir leis an mbunús dlí do gach ceann de na forálacha nó de na cinntí a chomhdhéanann acquis Schengen a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus den Chonradh ar an Aontas Eorpach (IO L 176, 10.7.1999, lch. 17)

Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31)

Cinneadh 1999/848/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm go hiomlán sa Ghréig (IO L 327, 21.12.1999, lch. 58)

Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43)

Cinneadh 2000/586/CGB ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2000 ag bunú nós imeachta chun leasú a dhéanamh ar Airteagail 40(4) agus (5), 41(7) agus 65(2) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 248, 3.10.2000, lch. 1)

Cinneadh 2000/751/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2000 maidir le dí‐aicmiú codanna áirithe den Lámhleabhar Coiteann arna ghlacadh ag an gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú leis an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme (IO L 303, 2.12.2000, lch. 29)

Cinneadh 2000/777/CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2000 maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm sa Danmhairg, san Fhionlainn agus sa tSualainn, agus san Íoslainn agus san Iorua (IO L 309, 9.10.2000, lch. 24)

Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 ag liostú na dtríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus ag liostú na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh saor ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 789/2001 ón gComhairle an 24 Aibreán 2001 ag forchoimeád cumhachtaí cur chun feidhme chuig an gComhairle i dtaca le forálacha mionsonraithe agus nósanna imeachta praiticiúla áirithe chun iarratais ar víosaí a scrúdú (IO L 116, 26.4.2001, lch. 2)

Rialachán (CE) Uimh. 790/2001 ón gComhairle an 24 Aibreán 2001 ag forchoimeád cumhachtaí cur chun feidhme chuig an gComhairle i dtaca le forálacha mionsonraithe agus nósanna imeachta praiticiúla áirithe chun seiceálacha agus faireachán a dhéanamh ag teorainneacha (IO L 116, 26.4.2001, lch. 5)

Cinneadh 2001/329/CE ón gComhairle an 24 Aibreán 2001 ag tabhairt suas chun dáta chuid VI agus Iarscríbhinní 3, 6 agus 13 a ghabhann leis na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus Iarscríbhinní 5(a), 6(a) agus 8 a ghabhann leis an Lámhleabhar Coiteann (IO L 116, 26.4.2001, lch. 32), a mhéad a bhaineann le hIarscríbhinn 3 a ghabhann leis na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus Iarscríbhinn 5(a) a ghabhann leis an Lámhleabhar Coiteann

Treoir 2001/51/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 ag forlíonadh fhorálacha Airteagal 26 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme (IO L 187, 10.7.2001, lch. 45)

Cinneadh 2001/886/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt (IO L 328, 13.12.2001, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 2414/2001 ón gComhairle an 7 Nollaig 2001 ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ag liostú na dtríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus ag liostú na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh saor ón gceanglas sin (IO L 327, 12.12.2001, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 2424/2001 ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt (IO L 328, 13.12.2001, lch. 4)

Rialachán (CE) Uimh 333/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 maidir le formáid chomhionann do fhoirmeacha chun víosa a ghreamú arna eisiúint ag Ballstáit chuig daoine atá i seilbh doiciméad taistil nach n‐aithníonn an Ballstát atá ag tarrraingt suas na foirme (IO L 53, 23.2.2002, lch. 4)

Rialachán (CE) Uimh 334/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ag leagan síos formáid chomhionann do víosaí (IO L 53, 23.2.2002, lch. 7)

Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20)

Cinneadh 2002/352/CE ón gComhairle an 25 Aibreán 2002 maidir leis an Lámhleabhar Coiteann a choigeartú (IO L 123, 9.5.2002, lch. 47)

Cinneadh 2002/353/CE ón gComhairle an 25 Aibreán 2002 maidir le dí-aicmiú Chuid II den Lámhleabhar Coiteann arna ghlacadh ag an gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú ag an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme (IO L 123, 9.5.2002, lch. 49)

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 ag leagan síos formáid chomhionann le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh thríú tíortha (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1)

Cinneadh 2002/587/CE ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir leis an Lámhleabhar Coiteann a choigeartú (IO L 187, 16.7.2002, lch. 50)

Cinneadh Réime 2002/946/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir leis an gcreat pionósach a neartú chun cosc a chur le héascú ar theacht isteach, idirthuras agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 1)

Treoir 2002/90/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2002 maidir le sainmhíniú éascú teacht isteach, idirthurais agus cónaí neamhúdaraithe (IO L 328, 5.12.2002, lch. 17)

Cinneadh 2003/170/CGB an 27 Feabhra 2003 maidir le comhúsáid oifigeach idirchaidrimh arna bpostú thar lear ag gníomhaireachtaí forghníomhaithe dlí na mBallstát (IO L 67, 12.3.2003, lch. 27)

Rialachán (CE) Uimh. 453/2003 ón gComhairle an 6 Márta 2003 ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ag liostú na dtríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus ag liostú na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh saor ón gceanglas sin (IO L 69, 13.3.2003, lch. 10)

Cinneadh 2003/725/CGB ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2003 ag leasú fhorálacha Airteagal 40(1) agus (7) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 maidir le seiceálacha ag comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 260, 11.10.2003, lch. 37)

Treoir 2003/110/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le cúnamh i gcásanna idirthurais chun críocha díbeartha d'aer (IO L 321, 6.12.2003, lch. 26)

Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le gréasán oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1)

Cinneadh 2004/466/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leasú an Lámhleabhair Choitinn d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le spriocrialuithe teorann ar mhionaoisigh gan tionlacan (IO L 157, 30.4.2004, lch. 136)

Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a pháirtiú (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24)

Cinneadh 2004/573/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le heitiltí comhpháirteacha a eagrú chun náisiúnaigh thríú tíortha atá ina n-ábhar d'orduithe leithleacha díbeartha a dhíbirt ó chríoch dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit (IO L 261, 6.8.2004, lch. 28)

Cinneadh 2004/574/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leasú an Lámhleabhair Choitinn (IO L 261, 6.8.2004, lch. 36)

Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 ag bunú an Chórais Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5)

Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 ag bunú Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 2133/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis an gceanglas ar údaráis inniúla na mBallstát doiciméid taistil de chuid náisúnaigh thríú tíortha a stampáil go córasach agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus, chuige sin, ag leasú fhorálacha an Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus an Lámhleabhair Choitinn (IO L 369, 16.12.2004, lch. 5)

Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).

[1] IO L 239, 22.9.2000, lch. 13.

[2] IO L 239, 22.9.2000, lch. 19. Coinbhinsiún mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 871/2004 ón gComhairle (IO L 162, 30.4.2004, lch. 29).

[3] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[4] IO L 176, 10.7.1999, lch. 35.

[5] IO L 15, 20.1.2000, lch. 2.

[6] IO L 15, 20.1.2000, lch. 1.

[7] Fad nach mbeidh an Comhaontú sin tugtha i gcrích, a mhéad atá feidhm leis go sealadach.

--------------------------------------------------

Top