Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SA046

    Act concerning the conditions of accession of the Republic of Bulgaria and Romania and the adjustments to the Treaties on which the European Union is founded - PART FIVE:PROVISIONS RELATING TO THE IMPLEMENTATION OF THIS ACT - TITLE I:SETTING UP OF THE INSTITUTIONS AND BODIES - Article 46

    IO L 157, 21.6.2005, p. 218–218 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/act_1/art_46/sign

    12005SA046



    Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0218 - 0218


    Airteagal 46

    1. Ceapfar beirt Bhreithiúna don Chúirt Bhreithiúnais agus ceapfar beirt Bhreithiúna don Chúirt Chéadchéime.

    2. Rachaidh téarma oifige duine de Bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais a cheapfar i gcomhréir le mír 1 in éag ar an 6 Deireadh Fómhair 2009. Is trí chrannchur a roghnófar an Breitheamh sin. Rachaidh téarma oifige an Bhreithimh eile in éag an 6 Deireadh Fómhair 2012.

    Rachaidh téarma oifige duine de Bhreithiúna na Cúirte Céadchéime a cheapfar i gcomhréir le mír 1 in éag an 31 Lúnasa 2007. Is trí chrannchur a roghnófar an Breitheamh sin. Rachaidh téarma oifige an Bhreithimh eile in éag an 31 Lúnasa 2010.

    3. Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais cibé oiriúnuithe ar a Rialacha Nós Imeachta is gá de thoradh an aontachais.

    Déanfaidh an Chúirt Chéadchéime, le comhaontú na Cúirte Breithiúnais, cibé oiriúnuithe ar a Rialacha Nós Imeachta is gá de thoradh an aontachais.

    Is gá formheas ón gComhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a bheith leis na Rialacha Nós Imeachta mar atá arna n-oiriúnú.

    4. Chun breithiúnas a thabhairt i gcásanna a bheidh ar feitheamh os comhair na gCúirteanna ar dháta an aontachais agus ar tionscnaíodh imeachtaí ó bhéal ina leith roimh an dáta sin, is sa chomhdhéanamh a bhí orthu roimh an aontachas a shuífidh na Cúirteanna i seisiún iomlánach nó na Dlísheomraí agus cuirfidh siad na Rialacha Nós Imeachta céanna i bhfeidhm a bhí i bhfeidhm an lá roimh dháta an aontachais.

    --------------------------------------------------

    Top