Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003T/TTE/02

Conradh idir Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (Ballstáit an Aontais Eorpaigh) agus Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine agus Poblacht na Slóvaice i dtaobh aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach - Airteagal 2

IO L 236, 23.9.2003, p. 22–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2003/art_2/sign

12003T/TTE/02



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0022 - 0022


Airteagal 2

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile lá nach déanaí ná an 31 Nollaig 2004.

2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2004 ar chuntar go mbeidh na hionstraimí daingniúcháin go léir taiscthe roimh an dáta sin.

Ar a shon sin, mura mbeidh na Stáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1) tar éis a n-ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh i dtráth cuí, tiocfaidh an Conradh i bhfeidhm do na Stáit sin a rinne an taisceadh sin. Sa chás sin, ag gníomhú di d'aon toil, cinnfidh Comhairle an Aontais Eorpaigh láithreach cad iad na hoiriúnuithe nach foláir a dhéanamh ar Airteagal 3 den Chonradh seo agus ar Airteagail 1, 6(6), 11 go 15, 18, 19, 25, 26, 29 go 31, 33 go 35, 46 go 49, 58 agus 61 den Ionstraim Aontachais, ar Iarscríbhinní II go XV agus a bhFoscríbhinní a ghabhann leis an Ionstraim sin agus ar Phrótacail 1 go 10 atá i gceangal léi; féadfaidh sí chomh maith, ag gníomhú di d'aon toil, a dhearbhú go bhfuil na forálacha sin den Ionstraim réamhluaite, lena n-áirítear a hIarscríbhinní, a Foscríbhinní agus a Prótacail, a thagraíonn go sainráite do Stát nár thaisc a ionstraim dhaingniúcháin, imithe i léig, nó féadfaidh sí na forálacha sin a oiriúnú.

3. D'ainneoin mhír 2, féadfaidh institiúidí an Aontais na bearta dá dtagraítear in Airteagail 6(2), an dara fomhír, 6(6), and dara fomhír, 6(7), and dara fomhír agus and tríú fomhír, 6(8), an dara fomhír agus an tríú fomhír, 6(9) and tríú fomhír, 21, 23, 28(1), 32(5), 33(1), 33(4), 33(5), 38, 39, 41, 42 agus 55 go 57 den Ionstraim Aontachais in Iarscríbhinní III go XIV a ghabhann leis an Ionstraim sin, agus i bPrótacal 2, in Airteagal 6 de Phrótacal 3, in Airteagal 2(2) de Phrótacal 4, i bPrótacal 8 agus in Airteagail 1, 2 agus 4 de Phrótacal 10 atá i gceangal léi. Ní hiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm ach amháin faoi réir an Chonartha seo agus ar an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

--------------------------------------------------

Top