Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022R2309-20230216

    Consolidated text: Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2309/2023-02-16

    02022R2309 — GA — 16.02.2023 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) 2022/2309 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2022

    a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

    (IO L 307 28.11.2022, lch. 17)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2023/331 ÓN gCOMHAIRLE an 14 Feabhra 2023

      L 47

    1

    15.2.2023




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) 2022/2309 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2022

    a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí



    Airteagal 1

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a) 

    ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh an 28 Samhain 2022 nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

    (i) 

    éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

    (ii) 

    éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

    (iii) 

    éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

    (iv) 

    frithéileamh;

    (v) 

    éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar é, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

    (b) 

    ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar a fhoirm agus ar an dlí is infheidhme, bíodh conradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó páirtithe éagsúla i gceist leis; chun na críche sin, áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ghaolmhar a eascraíonn faoin idirbheart nó i dtaca leis an idirbheart;

    (c) 

    ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

    (d) 

    ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

    (e) 

    ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

    (f) 

    ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht phunainne san áireamh;

    (g) 

    ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta don mhéid seo a leanas:

    (i) 

    airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

    (ii) 

    taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

    (iii) 

    urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

    (iv) 

    ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

    (v) 

    creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

    (vi) 

    litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

    (vii) 

    doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

    (h) 

    ciallaíonn “Coiste Smachtbhannaí” Coiste Chomhairle Slándála na arna bhunú de bhun mhír 19 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

    (i) 

    ciallaíonn “cúnamh teicniúil” aon tacaíocht theicniúil a bhaineann le deisiúcháin, forbairt, monarú, cóimeáil, tástáil, cothabháil, nó aon seirbhís theicniúil eile, agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm teagaisc, comhairle, oiliúna, tarchur eolais nó scileanna oibre nó seirbhísí comhairliúcháin, lena n-áirítear cineálacha cúnaimh ó bhéal

    (j) 

    ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear a n-aerspás.

    Airteagal 2

    Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) 

    cúnamh teicniúil a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata, agus páirteanna spártha lena n-aghaidh, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b) 

    maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas, le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus ábhar gaolmhar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.

    Airteagal 3

    1.  
    Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le duine nádúrtha nó dlítheanach iad, nó le heintiteas, comhlacht nó grúpa a liostaítear in Iarscríbhinn I agus atá ina seilbh, faoina gcoimeád nó á rialú acu, déanfar iad a reo.
    2.  
    Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.

    Airteagal 4

    1.  

    Áireofar in Iarscríbhinn I daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí arna sainaithint ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“an Chomhairle Slándála”) nó ag an gCoiste Smachtbhannaí a bheith freagrach as gníomhartha comhpháirteach iontu nó a bheith, go díreach nó go hindíreach i mbun gníomhartha, a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Háítí i mbaol, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a chuir síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Háítí i mbaol trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a) 

    dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean a bhfuil baint acu le grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

    (b) 

    tacú le gáinneáil aindleathach agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

    (c) 

    ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bhfomhíreanna (a) agus (b), nó faoi stiúir an duine aonair nó eintitis arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (a) agus (b), nó a thugann tacaíocht nó maoiniú dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí iad a bheith ar idirthuras trí Háítí, an gáinneáil ar dhaoine agus trí imircigh a smuigleáil ó Háítí nó trí smuigleáil agus gáinneáil arm chuig Háítí nó ó Háítí;

    (d) 

    ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm a bhunaítear i mír 11 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, nó mar dhaoine a rinne soláthar go díreach nó go hindíreach do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh , nó mar dhaoine a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

    (e) 

    gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

    (f) 

    gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

    (g) 

    bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Mhailí, nó ar chúnamh daonnúil a rochtain nó a dháileadh i Mailí;

    (h) 

    ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh mhisin agus oibríochtaí na Náisiún Aontaithe i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin.

    2.  
    Beidh in Iarscríbhinn I na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.
    3.  
    Áireofar in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis a chuirfidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí ar fáil chun na daoine nádúrtha nó na heintitis dhlítheanacha lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha lena n-áirítear ailiasanna, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhreacha pas agus cárta aitheantais, inscne, seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine, eintitis nó comhlachtaí dlítheanacha, féadfaidh ainmneacha, áit agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. Áireofar in Iarscríbhinn I freisin dáta an ainmnithe ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste Smachtbhannaí.

    ▼M1

    Airteagal 5

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní iad a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thugann an chabhair agus a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

    (a) 

    na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí Eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

    (b) 

    eagraíochtaí idirnáisiúnta;

    (c) 

    eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

    (d) 

    eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achomhairc nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

    (e) 

    fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó

    (f) 

    gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí.

    ▼B

    Airteagal 6

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh cinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a) 

    go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí;

    (b) 

    gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c) 

    gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

    ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann don Choiste Smachtbhannaí faoin gcinneadh sin agus faoin rún atá aige údarú a dheonú agus in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí laistigh de chúig lá oibre ón bhfógra sin a fháil.

    2.  
    De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann riachtanach do speansais urghnácha, ar choinníoll gur thug údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann fógra faoin gcinneadh sin don Choiste Smachtbhannaí agus go ndearna an Coiste sin an cinneadh a fhormheas.
    3.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 1 agus 2 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 7

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) 

    go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha ina n-ábhar ag cinneadh breithiúnach, riaracháin nó eadrána arna bhunú roimh an dáta a bhí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 san áireamh in Iarscríbhinn I, nó ag lian breithiúnach, riaracháin nó eadrána a tugadh roimh an dáta sin;

    (b) 

    nach mbainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa lian nó sa bhreithiúnas sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

    (c) 

    ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh;

    (d) 

    níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint; agus

    (e) 

    gur thug an Ballstát fógra don Choiste Smachtbhannaí faoin lian nó faoin mbreithiúnas.

    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 8

    1.  

    De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

    (a) 

    go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh na híocaíochta ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b) 

    nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin; agus

    (c) 

    tá fógra tugtha ag an mBallstát ábhartha don Choiste Smachtbhannaí go bhfuil sé ar intinn aige údarú a dheonú deich lá oibre roimh ré.

    2.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

    Airteagal 9

    1.  
    Le hAirteagal 3(2) ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlacht liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.
    2.  

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

    (a) 

    ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

    (b) 

    íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó

    (c) 

    íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

    ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

    Airteagal 10

    1.  

    Gan dochar do na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

    (a) 

    soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus

    (b) 

    rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

    2.  
    Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.
    3.  
    Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.

    Airteagal 11

    1.  
    Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d'aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3.
    2.  

    Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

    (a) 

    tuairisceoidh siad roimh an 9 Eanáir 2023 nó laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leis iad, atá á sealbhú nó á rialú acu, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

    (b) 

    rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun aon fhaisnéis den chineál sin a fhíorú.

    3.  
    I gcás nach gcomhlíonfar mír 2, measfar gur rannpháirtíocht a bheidh ann, dá dtagraítear i mír 1, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 2.
    4.  
    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de dhá sheachtain faoin bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2, pointe (a).
    5.  
    Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid i mír 2, pointe (a) go dtí an 1 Eanair 2023 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá lonnaithe i mBallstát a raibh oibleagáid tuairiscithe chomhchosúil leagtha síos aige faoin dlí náisiúnta roimh an 28 Samhain 2022
    6.  
    Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.
    7.  
    Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialachán (AE) 2016/679 agus le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus a mhéid sin amháin.

    Airteagal 12

    1.  
    Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thiocfaidh as an mbeart sin dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.
    2.  
    Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

    Airteagal 13

    1.  

    Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

    (a) 

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

    (b) 

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

    2.  
    In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.
    3.  
    Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 14

    1.  

    Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

    (a) 

    cistí arna reo faoi Airteagal 3(1) agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 6, 7 agus 8;

    (b) 

    sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a thugann cúirteanna náisiúnta.

    2.  
    Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

    Airteagal 15

    Tabharfar de chumhacht don Choimisiún leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II ar bhonn na faisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit.

    Airteagal 16

    1.  
    I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostú agus ráiteas ar na cúiseanna atá leis an ainmniú a sholáthar, áireoidh an Chomhairle an duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sin in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Chomhairle a cinneadh agus an ráiteas ar chúiseanna in iúl don duine nádúrtha nódlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, más eol an seoladh nó, nó trí fhógra a fhoilsiú,lena dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.
    2.  
    I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina gcuirfear fianaise shubstaintiúil nua i láthair, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar a cinneadh agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.
    3.  
    I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí cinneadh chun duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a dhíliostú, nó leasú a dhéanamh ar shonraí céannachta duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta, déanfaidh an Chomhairle Iarscríbhinn I a leasú dá réir sin.

    Airteagal 17

    1.  
    Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
    2.  
    Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis an 28 Samhain 2022 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

    Airteagal 18

    1.  

    Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

    (a) 

    a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

    (b) 

    a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

    (c) 

    a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:

    (i) 

    inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

    (ii) 

    próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

    2.  
    Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I a ullmhú.
    3.  
    Chun críocha an Rialacháin seo, déantar an Chomhairle, an tseirbhís de chuid an Choimisiúin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus an tArdionadaí a ainmniú mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

    Airteagal 19

    1.  
    Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sainaithneoidh siad iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II.
    2.  
    Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis an 28 Samhain 2022 agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.
    3.  
    I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn II an seoladh agus na sonraí teagmhála a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide sin.

    Airteagal 20

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

    (a) 

    laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;

    (b) 

    ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;

    (c) 

    maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

    (d) 

    maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

    (e) 

    maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

    Airteagal 21

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    IARSCRÍBHINN I

    Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 2, 3 agus 9

    DAOINE

    1. Bhí Jimmy Cherizier (ailias “Barbeque”) ag gabháil do ghníomhartha a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol agus rinne sé gníomhartha a phleanáil, a stiúradh, nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

    Ainmníocht: 21 Deireadh Fómhair 2022

    Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    Tá Jimmy Cherizier ar cheann de na ceannairí droinge is mó tionchar i Háití agus is é atá i gceannas ar chomhghuaillíocht de dhronga Háití ar a dtugtar “G9 Family and Allies” [“Teaghlaigh agus Comhghuaillithe G9”].

    Agus é ar seirbhís mar oifigeach in Haitian National Police (HNP) (Póilíní Náisiúnta Háítí), rinne Cherizier páirt in ionsaí marfach i mí na Samhna 2018 ar shibhialtaigh i gcomharsanacht Port-au-Prince ar a dtugtar La Saline a phleanáil agus ghlac sé páirt ann. Le linn an ionsaí seo maraíodh ar a laghad 71, scriosadh os cionn 400 teach agus rinne dronga armtha éigniú ar seachtar ban ar a laghad. Le linn 2018 agus 2019, bhí Cherizier i gceannas ar ghrúpaí armtha in ionsaithe comhordaithe brúidiúla i gcomharsanachtaí Port-au-Prince. I mí na Bealtaine 2020, bhí Cherizier i gceannas ar dhronga armtha in ionsaí cúig lá i gcomharsanachtaí éagsúla Port-au-Prince inar maraíodh sibhialtaigh agus inar cuireadh tithe trí thine. Ó bhí an 11 Deireadh Fómhair 2022 ann, tá Cherizier agus a chónaidhm de dhrong G9 ag cur bac gníomhach ar shaorghluaiseacht breosla ón gcríochfort breosla Varreux — an críochfort breosla is mó i Háití. Chuir a chuid gníomhaíochtaí go díreach leis an bpairilis eacnamaíoch agus leis an ngéarchéim dhaonnúil i Háítí.




    IARSCRÍBHINN II

    Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

    AN BHEILG

    https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

    AN BHULGÁIR

    https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

    AN tSEICIA

    www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

    AN DANMHAIRG

    http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

    AN GHEARMÁIN

    https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

    AN EASTÓIN

    https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid

    ÉIRE

    https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/

    AN GHRÉIG

    http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

    AN SPÁINN

    https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

    AN FHRAINC

    http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

    AN CHRÓIT

    https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

    AN IODÁIL

    https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

    AN CHIPIR

    https://mfa.gov.cy/themes/

    AN LAITVIA

    http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

    AN LIOTUÁIN

    http://www.urm.lt/sanctions

    LUCSAMBURG

    https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

    AN UNGÁIR

    https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

    MÁLTA

    https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx

    AN ÍSILTÍR

    https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

    AN OSTAIR

    https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

    AN PHOLAINN

    https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

    https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

    AN PHORTAINGÉIL

    http://www.portugal.gov.pt/pt/ministerios/mne/quero-saber-mais/sobre-o-ministerio/medidas-restritivas/medidas-restritivas.aspx

    AN RÓMÁIN

    http://www.mae.ro/node/1548

    AN tSLÓIVÉIN

    http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

    AN tSLÓVAIC

    https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

    AN FHIONLAINN

    https://um.fi/pakotteet

    AN tSUALAINN

    https://www.regeringen.se/sanktioner

    Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

    An Coimisiún Eorpach

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (DG FISMA)

    Rue de Spa/Spastraat 2

    B-1049 Bruxelles/Brussel,

    BELGIQUE/BELGIË

    R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu

    Top