Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02022R0030-20231027

Consolidated text: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Treoir sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/30/2023-10-27

02022R0030 — GA — 27.10.2023 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/30 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Treoir sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 007 12.1.2022, lch. 6)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2444 ÓN gCOIMISIÚN  an 20 Iúil 2023

  L 

1

27.10.2023




▼B

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/30 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Treoir sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

1.  
An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d), de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon trealamh raidió darb acmhainn cumarsáid a dhéanamh tríd an idirlíon, bíodh sin ina cumarsáid dhíreach nó trí bhíthin aon trealamh eile (“trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon”).

▼M1

2.  

An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon chineál trealaimh raidió díobh seo a leanas, i gcás inarb acmhainn don trealamh sin próiseáil a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/679, i leith sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679, nó i leith sonraí tráchta agus sonraí suímh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (b) agus (c), de Threoir 2002/58/CE:

▼B

(a) 

trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon, cé is moite don trealamh dá dtagraítear i bpointe (b), pointe (c) nó pointe (d);

(b) 

trealamh raidió ar le haghaidh cúram leanaí agus lena aghaidh sin amháin a dearadh é nó a ceapadh é;

(c) 

trealamh raidió a chumhdaítear faoi Threoir 2009/48/CE;

(d) 

trealamh raidió a dearadh nó a ceapadh, cibé acu ar chun na críche sin amháin é nó nach ea, chun go ndéanfaí é a chaitheamh ar aon cheann de na nithe seo a leanas, nó é a fháisceadh nó a chrochadh d’aon cheann de na nithe sin:

(i) 

aon bhall de chorp an duine, an ceann, an muineál, an chabhail, na lámha, na cosa agus troithe na gcos san áireamh;

(ii) 

aon bhall éadaigh a chaitheann an duine, ceannbhearta, lámhbhearta agus coisbhearta san áireamh;

3.  
An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (f), de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon trealamh raidió atá nasctha leis an idirlíon i gcás ina gcuirfidh an trealamh sin ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead, luach airgeadúil nó airgeadra fíorúil a aistriú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir (AE) 2019/713.

Airteagal 2

1.  

De mhaolú ar Airteagal 1, na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE, ní bheidh feidhm acu maidir le trealamh raidió a bhfuil feidhm ag ceachtar de na píosaí reachtaíochta seo a leanas de chuid an Aontais maidir leo:

(a) 

Rialachán (AE) 2017/745;

(b) 

Rialachán (AE) 2017/746;

2.  

De mhaolú ar Airteagal 1(2) agus Airteagal 1(3), na buncheanglais a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) agus pointe (f), de Threoir 2014/53/AE, ní bheidh feidhm acu maidir le trealamh raidió a bhfuil feidhm ag aon cheann de na píosaí reachtaíochta seo a leanas de chuid an Aontais maidir leo:

(a) 

Rialachán (AE) 2018/1139;

(b) 

Rialachán (AE) 2019/2144;

(c) 

Treoir (AE) 2019/520;

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼M1

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2025.

▼B

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Top