This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02022D1982-20240103
Decision (EU) 2022/1982 of the European Central Bank of 10 October 2022 on the use of services of the European System of Central Banks by competent authorities and by cooperating authorities, and amending Decision ECB/2013/1 (ECB/2022/34)
Consolidated text: Cinneadh (AE) 2022/1982 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2022 maidir le húsáid sheirbhísí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibríocha, agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2013/1 (BCE/2022/34)
Cinneadh (AE) 2022/1982 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2022 maidir le húsáid sheirbhísí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibríocha, agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2013/1 (BCE/2022/34)
02022D1982 — GA — 03.01.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
CINNEADH (AE) 2022/1982 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 10 Deireadh Fómhair 2022 (IO L 272 20.10.2022, lch. 29) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
CINNEADH (AE) 2023/2795 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH an 4 Nollaig 2023 |
L |
1 |
14.12.2023 |
|
CINNEADH (AE) 2022/1982 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 10 Deireadh Fómhair 2022
maidir le húsáid sheirbhísí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibríocha, agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2013/1 (BCE/2022/34)
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil náisiúnta nó an Banc Ceannais Eorpach (BCE);
ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” (ÚIN) údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus, chun críocha an Chinnidh seo, folaíonn sé freisin, maidir leis na cúraimí maoirseachta sannta dóibh, bainc cheannais náisiúnta ar sannadh cúraimí maoirseachta áirithe dóibh faoin dlí náisiúnta agus nach bhfuil ainmnithe ina ÚINanna;
ciallaíonn “údarás inniúil rannpháirteach” údarás inniúil a úsáideann seirbhísí CEBC chun comhoibriú le CEBC agus le húdaráis inniúla eile, chun a chúraimí a dhéanamh laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta (SAM), a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
ciallaíonn “údarás comhoibríoch” údarás poiblí, seachas banc ceannais laistigh de CEBC nó údarás inniúil, a gcomhoibríonn CEBC nó SAM leis chun cúraimí CEBC nó BCE a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
ciallaíonn “seirbhísí CEBC” aon cheann nó níos mó de na feidhmchláir, córais, ardáin, bunachair sonraí agus seirbhísí leictreonacha a liostaítear in Iarscríbhinní I;
ciallaíonn “banc ceannais soláthair” banc ceannais a dhéanann seirbhís CEBC a fhorbairt, a reáchtáil agus a choimeád;
ciallaíonn “Coiste Úinéirí Córais” Coiste CEBC a stiúrann seirbhís CEBC.
Airteagal 2
Úsáid sheirbhísí CEBC ag údaráis inniúla
Airteagal 3
Úsáid sheirbhísí CEBC ag údaráis chomhoibríocha
Airteagal 4
Socruithe airgeadais
Airteagal 5
Leasú ar Chinneadh BCE/2013/1
Leasaítear Cinneadh BCE/2013/1 mar a leanas:
cuirtear na sainmhínithe seo a leanas isteach in Airteagal 1:
ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil náisiúnta nó BCE;
ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ (ÚIN) údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( *1 ) agus, chun críocha an Chinnidh seo, folaíonn sé freisin, maidir leis na cúraimí maoirseachta sannta dóibh, bainc cheannais náisiúnta ar sannadh cúraimí maoirseachta áirithe dóibh faoin dlí náisiúnta agus nach bhfuil ainmnithe ina ÚINanna;
ciallaíonn ‘údarás comhoibríoch’ údarás poiblí, seachas banc ceannais laistigh de CEBC nó údarás inniúil, a gcomhoibríonn CEBC nó an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) leis chun cúraimí CEBC nó BCE a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
ciallaíonn ‘údarás inniúil rannpháirteach’ údarás inniúil a úsáideann seirbhísí CEBC chun comhoibriú le CEBC agus le húdaráis inniúla eile, chun a chúraimí a dhéanamh laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta (SAM), a bunaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
cuirtear an tAirteagal 9a seo a leanas isteach:
“Airteagal 9a
Úsáid sheirbhísí CEBC-PKI ag údaráis chomhoibríocha
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:
“Airteagal 14
Socruithe airgeadais
Íocfaidh na bainc cheannais rannpháirteacha agus na húdaráis inniúla rannpháirteacha na costais a bhaineann le seirbhísí CEBC-PKI a fhorbairt agus a oibriú de réir creat aisíocaíochta sainithe, atá bunaithe ar eochair leithdháilte costas, mar a shonraítear a thuilleadh i gclúdaigh airgeadais CEBC-PKI de réir na rialacha aisíocaíochta is infheidhme. Rannchuideoidh údaráis chomhoibríocha leis na costais faoi seach de réir creat aisíocaíochta ar leith.”.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
IARSCRÍBHINN I
Seirbhísí CEBC le cur ar fáil d’údaráis inniúla agus d’údaráis chomhoibríocha
IARSCRÍBHINN II
Riachtanais le haghaidh seirbhísí CEBC a cheanglaítear ar údaráis inniúla a úsáid
Ní mór d’údaráis inniúla na tascanna a dhéanamh agus na freagrachtaí a ghabhann lena ról sa tseirbhís ábhartha CEBC a ghlacadh.
Ní mór d’údaráis inniúla a gcórais inmheánacha agus a gcomhéadain a choigeartú chun oibriú gan bhriseadh leis an tseirbhís CEBC.
Beidh údaráis inniúla faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó damáiste a thabhaítear mar thoradh ar aon ghníomh agus/nó neamhghníomh d’aon ghnó nó faillí agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu. Beidh feidhm dá réir ag na teorainneacha dliteanais a leagtar síos sa Chomhaontú Leibhéal 2 — Leibhéal 3.
Beidh an dualgas cruthúnais ar údaráis inniúla a thaispeáint nár sháraigh siad a ndualgas cúraim réasúnta agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear agus na saoráidí teicniúla á n-oibriú.
Beidh seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh ag údarás inniúil do thríú páirtithe gan dochar do dhliteanas an údaráis inniúil sin.
Ní fhéadfaidh údaráis inniúla tascanna a bhfuil nó a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a sheachfhoinsiú, a tharmligean nó a ligean ar fochonradh chuig tríú páirtí ach a mhéid a fuair siad toiliú sainráite, roimh ré agus i scríbhinn (nó toiliú a mheastar a bheith tugtha mar a fhoráiltear i mír (6)) ó bhainc cheannais an Eurochórais, nó bainc cheannais CEBC, de réir mar a bheidh. Ní theastaíonn aon toiliú den sórt sin más comhchleamhnaí leis an údarás inniúil ábhartha an tríú páirtí agus má fhanann cearta agus oibleagáidí an údaráis inniúil sin gan athrú go hábhartha.
Ní mór d’údaráis inniúla réamhfhógra réasúnta a thabhairt maidir le haon seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh pleanáilte dá dtagraítear i mír 5 agus ní mór dóibh sonraí a sholáthar faoi na ceanglais a bheartaítear a chur i bhfeidhm maidir le seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh den sórt sin.
Ní mór don Choiste inniúil CEBC freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar thoiliú faoi mhír 5 laistigh de dhá mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh atá beartaithe. Ní mór na cúiseanna leis an diúltú sin a bheith in éineacht le haon diúltú toiliú a thabhairt. Mura bhfaigheann an t-údarás inniúil aon fhreagra laistigh de spriocdháta dhá mhí, féadfaidh sé a iarratas a chur in iúl don Choiste inniúil CEBC. Beidh mí amháin eile ag bainc cheannais an Eurochórais, nó bainc cheannais CEBC, de réir mar a bheidh, chun freagra a thabhairt ar an dara fógra. Mura mbeidh aon fhreagra ann laistigh den tréimhse ama sin, measfar go bhfuair an t-údarás inniúil toiliú le dul ar aghaidh leis an seachfhoinsiú, an tarmligean nó an ligean ar fochonradh.
Ní mór d’údaráis inniúla gach faisnéis agus fios gnó íogair, faoi cheilt nó rúnda a choinneáil faoi rún (cibé acu an fhaisnéis sin a bheith de chineál tráchtála, airgeadais, rialála, teicniúil nó eile) atá marcáilte mar sin agus a bhaineann leis an mbanc ceannais solathair agus/nó le bainc cheannais eile CEBC/Eurochórais, agus ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon tríú páirtí gan toiliú sainráite, roimh ré agus i scríbhinn ón mbanc/na bainc cheannais lena mbaineann.
Ní mór d’údaráis inniúla rochtain ar an bhfaisnéis nó an fios gnó dá dtagraítear i mír 7 a shrianadh chuig a bhfoireann theicniúil ábhartha, agus ní féidir an rochtain sin a fheidhmiú seachas i gcásanna soiléire riachtanais oibríochta.
Ní mór d’údaráis inniúla bearta iomchuí a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis rúnda nó fios gnó ag daoine seachas an fhoireann theicniúil ábhartha a chosc.
Sa chás ina mbaineann úsáid na seirbhíse CEBC le sonraí pearsanta a phróiseáil ag an údarás inniúil, ní mór don údarás inniúil an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.
Ní fhéadfar rochtain ar shonraí pearsanta a dheonú seachas dóibh siúd a bhfuil riachtanas acu eolas a bheith acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh maidir leis an tseirbhís ábhartha CEBC.
( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).”;