EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02011R1343-20151128

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh . 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1343/2015-11-28

2011R1343 — GA — 28.11.2015 — 001.001


►B

RIALACHÁN (AE) UIMH. 1343/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2011

maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir

(IO L 347 30.12.2011, lch. 44)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2015/2102 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 28 Deireadh Fómhair 2015

  L 308

1

25.11.2015




▼B

RIALACHÁN (AE) UIMH. 1343/2011 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2011

maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ( 1 ),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ( 2 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

D’aontaigh an Comhphobal Eorpach don Chomhaontú um bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“Comhaontú CGIM”) de bhun Chinneadh 98/416/CE ón gComhairle an 16 Meitheamh 1998 maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh leis an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir ( 3 ) (“CGIM”).

(2)

Le Comhaontú CGIM, soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann maidir leo go gclisfidh siad.

(3)

Tá an tAontas Eorpach, chomh maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFhrainc, leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CGIM.

(4)

Maidir leis na moltaí arna nglacadh ag CGIM, tá siad ina gceangal ar a pháirtithe conarthacha. Ós rud é gur páirtí conarthach i gComhaontú CGIM é an tAontas, tá na moltaí seo ina gceangal ar an Aontas agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a chur chun feidhme i ndlí Aontais mura bhfuil a inneachar faoi chumhdach leis an dlí sin cheana féin.

(5)

Ag a Seisiúin Bhliantúla sna blianta 2005, 2006, 2007 agus 2008, ghlac CGIM roinnt moltaí agus rún i ndáil le hiascaigh áirithe i limistéar Chomhaontú CGIM, agus rinneadh na moltaí agus na rúin sin a chur chun feidhme go sealadach i ndlí Aontais leis na Rialacháin bhliantúla ar dheiseanna iascaireachta nó, i gcás moltaí 2005/1 agus moltaí 2005/2 ó CGIM, le hAirteagal 4(3) agus le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ( 4 ).

(6)

Ar mhaithe le soiléire, le simpliú a dhéanamh agus le cinnteacht dhlíthiúil, agus ós rud é, de bharr chineál buan na moltaí, go bhfuil gá le hionstraim bhuan dhlíthiúil a bheith ann chun iad a chur chun feidhme i ndlí Aontais, is iomchuí go ndéantar na moltaí sin a chur chun feidhme le gníomh reachtach aonair ar féidir moltaí amach anseo a chur leis i bhfoirm leasuithe ar an ngníomh sin.

(7)

Tá feidhm ag moltaí CGIM maidir le limistéar iomlán Chomhaontú CGIM, is é sin an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus na huiscí cónascacha, mar a shainmhínítear sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú CGIM iad agus, dá bhrí sin, ar mhaithe le soiléire agus le cinnteacht dhlíthiúil, ba cheart iad a chur chun feidhme i Rialachán aonair ar leithligh seachas trí leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh.1967/2006 lena gcumhdaítear an Mheánmhuir agus an Mheánmhuir amháin.

(8)

Maidir le forálacha áirithe atá i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, ba cheart go mbeadh feidhm acu ní hamháin maidir leis an Meánmhuir ach maidir le limistéar iomlán Chomhaontú CGIM. Ba cheart, dá bhrí sin, na forálacha sin a scriosadh ó Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus iad a chur san áireamh sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart forálacha áirithe a bhaineann le toise íosta mogalra agus atá leagtha síos sa Rialachán sin a shoiléiriú tuilleadh.

(9)

Tá “na limistéir shrianta iascaigh” a bunaíodh le moltaí CGIM maidir le bearta bainistíochta spáis comhionann leis “na limistéir chosanta iascaireachta” a úsáidtear i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

(10)

Ag a Sheisiún Bliantúil ón 23 Márta go dtí an 27 Márta 2009, rinne CGIM, ar bhonn comhairle eolaíche ón gCoiste Comhairleach Eolaíoch (“CCE”), ar comhairle í a leagtar amach i dtuarascáil a aonú seisiún déag (Tuarascáil uimh. 890 ó EBT), ar bhonn molta maidir le limistéar srianta iascaigh a bhunú i Murascaill an Leoin. Is iomchuí go gcuirfí an beart seo chun feidhme trí chóras bainistíochta iarrachta iascaireachta.

(11)

In iascaigh mheasctha na Meánmhara, ní féidir ligean do roghnaíocht roinnt trealaimh iascaireachta dul thar leibhéal áirithe. Chomh maith le rialú agus teorannú foriomlán a dhéanamh ar iarracht iascaireachta, is den bhuntábhacht é teorainn a chur leis an iarracht iascaireachta i limistéir ina gcomhbhailíonn iasc fásta de chuid stoc tábhachtach chun a áirithiú go bhfuil an riosca atá ann maidir le bac a chur ar atáirgeadh an éisc sin sách íseal ionas go ndéanfaí na stoc sin a shaothrú ar shlí inbhuanaithe. Is inmholta, dá bhrí sin, i leith an limistéir a scrúdaigh CCE, an iarracht iascaireachta a theorannú ar dtús do na leibhéil a bhí ann roimhe sin agus, ansin, gan aon mhéadú ar an leibhéal sin a cheadú.

(12)

Maidir leis an gcomhairle ar a mbunaítear na bearta bainistíochta, ba cheart go mbeadh sise bunaithe ar úsáid eolaíoch sonraí ábhartha maidir le toilleadh agus gníomhaíocht na gcabhlach, maidir le stádas bitheolaíoch acmhainní arna saothrú agus maidir le staid shóisialta agus eacnamaíoch iascach. Is gá na sonraí sin a bhailiú agus a thíolacadh in am le go mbeidh fochomhlachtaí CGIM in ann a gcomhairle a ullmhú.

(13)

Ag a Sheisiún Bliantúil sa bhliain 2008 ghlac CGIM moladh maidir le scéim réigiúnach de bhearta stát an chalafoirt chun iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (“iascaireacht NNN”) a chomhrac i Limistéar CGIM. Cé go gcumhdaítear inneachar an mholta sin go ginearálta le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú ( 5 ), agus go bhfuil an Rialachán sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2010, dá ainneoin sin, tá roinnt codanna de ann, amhail minicíocht, cumhdach agus an nós imeachta maidir le cigireachtaí calafoirt, ar codanna iad ar gá tagairt a dhéanamh dóibh sa Rialachán seo chun na codanna sin a chur in oiriúint do shaintréithe ar leith limistéar Chomhaontú CGIM.

(14)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun coinníollacha comhionanna a áirithiú do chur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir le formáid agus le tarchur na nithe seo a leanas: an tuarascáil ar ghníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh i limistéir shrianta iascaigh; iarratais maidir le laethanta a thabhairt ar aghaidh mar gheall ar dhrochaimsir sa tréimhse choiscthe d’iascaigh dorád agus an tuarascáil ar an tabhairt ar aghaidh sin; an tuarascáil i gcomhthéacs sonraí a bhailiú i ndáil le iascaigh dorád; faisnéis a bhaineann le húsáid toise íosta mogalra i gcomhair eangach arna n-úsáid do ghníomhaíochtaí trálaeireachta ar lena linn a shaothraítear stoic grinnill sa Mhuir Dhubh; agus sonraí ar mhaitrísí staidrimh; agus maidir le comhar agus le malartú faisnéise le Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún ( 6 ).

(15)

Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith ag comhlíonadh a oibleagáidí faoi Chomhaontú CGIM, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le leasuithe a chur chun feidhme i ndlí Aontais, ar leasuithe iad atá tar éis teacht chun bheith ina gceangal ar an Aontas is leasuithe ar bhearta reatha CGIM ar bearta iad atá curtha chun feidhme cheana féin i ndlí Aontais agus a bhaineann le faisnéis ar toise íosta mogalra sa Mhuir Dhubh a sholáthar do Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM; le tarchur liosta na soithí údaraithe chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM chun críche Chlár CGIM; le bearta stát an chalafoirt; le comhar, le faisnéis agus tuairisciú; le tábla, léarscáil agus comhordanáidí geografacha Fho-Limistéir Gheografacha CGIM; le nósanna imeachta cigireachta stát an chalafoirt maidir le soithí; agus le maitrísí staidrimh CGIM. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí a chur i gcrích le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, nuair atá gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir leis na bearta um chaomhnú, um bainistiú, um shaothrú, um fhaireachán, um margaíocht agus um fhorfheidhmiú a chur i bhfeidhm ag an Aontas i leith táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, ar bearta iad arna mbunú ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“CGIM”).

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo ag gach gníomhaíocht iascaireachta tráchtála agus gníomhaíocht dobharshaothraithe tráchtála arna seoladh ag soithí iascaireachta AE agus ag náisiúnaithe Ballstát i limistéar Chomhaontú CGIM.

Beidh feidhm aige gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

2.  De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a sheoltar chun críocha imscrúduithe eolaíocha amháin agus, a dhéantar le cead agus faoi údarás an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ag an soitheach agus ar ina leith a bhfuil an Coimisiún agus na Ballstáit, is Ballstáit a bhfuil an taighde á dhéanamh ina n-uiscí, curtha ar an eolas roimh ré. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil oibríochtaí iascaireachta á seoladh acu chun críche imscrúduithe eolaíocha an Coimisiún, na Ballstáit a bhfuil an taighde á dhéanamh ina n-uiscí agus an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch d’Iascaigh a chur ar an eolas maidir le gach gabháil éisc a dhéantar mar chuid de na hoibríochtaí iascaireachta sin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas, i dteannta na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe faoin gComhbheartas Iascaigh ( 7 ) agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006:

(a) ciallaíonn “limistéar Chomhaontú CGIM” an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus uiscí cónascacha, de réir mar a thuairiscítear i gComhaontú CGIM;

(b) ciallaíonn “iarracht iascaireachta” an toradh a fhaightear tar éis toilleadh soithigh áirithe iascaireachta, ar toilleadh é arna shloinneadh in kW nó in GT (olltonnáiste), a iolrú faoin ngníomhaíocht arna sloinneadh i líon na laethanta a chaitear ar muir;

(c) ciallaíonn “lá ar muir” aon lá féilire nach bhfuil an soitheach sa chalafort lena linn, gan spleáchas don mhéid ama i gcaitheamh an lae sin ar lena linn atá an soitheach sin i láthair i limistéar áirithe;

(d) ciallaíonn “uimhir Chlár Cabhlaigh an AE” uimhir Chlár Cabhlaigh an Chomhphobail arna sainmhíniú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail ( 8 ).



TEIDEAL II

BEARTA TEICNIÚLA



CAIBIDIL I

Limistéir Shrianta Iascaigh



Roinn I

An Limistéar Srianta Iascaigh i Murascaill an Leoin

Airteagal 4

Limistéar srianta iascaigh a bhunú

Bunaítear limistéar srianta áirithe iascaigh i Murascaill an Leoin oirthearach, atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí geografacha seo a leanas:

 42o 40′ ó Thuaidh, 4o 20′ Soir

 42o 40′ ó Thuaidh, 5o 00′ Soir

 43o 00′ ó Thuaidh, 4o 20′ Soir

 43o 00′ ó Thuaidh, 5o 00′ Soir

Airteagal 5

Iarracht Iascaireachta

I gcás na stoc grinnill, ní rachaidh iarracht iascaireachta soithí a úsáideann eangacha tarraingthe, línte fada uisce grinnill agus línte fada láir-uisce agus eangacha grinneall-socraithe sa limistéar srianta iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 4 thar an leibhéal iarrachta iascaireachta a bhí á chur i bhfeidhm ag gach Ballstát ar leith sa limistéar sin sa bhliain 2008.

Airteagal 6

Teist iascaireachta

Tráth nach déanaí ná an 16 Feabhra 2012, déanfaidh Ballstáit liosta de na soithí a raibh bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus a raibh teist acu maidir le hiascaireacht le linn na bliana 2008 sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4 agus maidir le hiascaireacht i bhFo-limistéar Geografach 7 CGIM de réir mar a shainmhínitear in Iarscríbhinn I é, a thíolacadh don Choimisiún i bhformáid leictreonach. Áireofar sa liosta sin ainm an tsoithigh, uimhir Chlár Cabhlaigh AE an tsoithigh, an tréimhse ar lena linn a bhí an soitheach údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4 agus líon na laethanta a chaith gach soitheach i bhFo-limistéar Geografach 7 sa bhliain 2008 agus, go sonrach, sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 7

Soithí údaraithe

1.  Maidir le soithí atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4, eiseoidh a mBallstát údarú iascaireachta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú ( 9 ).

2.  Maidir le soithí iascaireachta nach bhfuil taifid acu i ndáil le hiascaireacht a rinneadh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4 ar iascaireacht é a rinneadh roimh an 31 Nollaig 2008, ní údarófar dóibh tosú iascaireacht a dhéanamh sa limistéar sin.

3.  Déanfaidh Ballstáit, tráth nach déanaí ná an 16 Feabhra 2012, an reachtaíocht náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig 2008 maidir leis na nithe seo a leanas a chur in iúl don Choimisiún:

(a) an méid uasta uaireanta an chloig in aghaidh an lae ar lena linn a cheadaítear do shoitheach áirithe gabháil do ghníomhaíocht iascaireachta;

(b) an méid uasta laethanta in aghaidh na seachtaine ar lena linn a cheadaítear do shoitheach áirithe fanacht ar muir agus a bheith as láthair ón gcalafort; agus

(c) na hamanna éigeantacha maidir le soithí iascaireachta d’imeacht óna gcalafort cláraithe agus d’fhilleadh ar a gcalafort cláraithe.

Airteagal 8

Gnáthóga íogaire a chosaint

Áiritheoidh Ballstáit go gcosnófar an limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4 ar thionchair aon ghníomhaíochta daonna eile lena gcuirtear caomhnú na ngnéithe sin i mbaol, ar gnéithe iad lena ndéantar an limistéar a shaintréithriú mar limistéar ina gcomhbhailíonn éisc sceitheacha.

Airteagal 9

Faisnéis

Roimh an 1 Feabhra gach bliain, déanfaidh Ballstáit tuarascáil i bhformáid leictreonach, maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh sa limistéar dá dtagraítear in Airteagal 4, a thíolacadh don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus tarchur na tuarascála ar ghníomhaíochtaí iascaireachta den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).



Roinn II

Limistéir shrianta iascaigh chun gnáthóga íogaire domhainfharraige a chosaint

Airteagal 10

Limistéir shrianta iascaigh a bhunú

Déanfar iascaireacht le dreidirí tarraingthe agus le heangacha tráil ghrinnill a thoirmeasc sna limistéir seo a leanas:

(a) limistéar srianta iascaigh domhainfharraige “Sceir Lophelia amach ó Capo Santa Maria di Leuca” atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:

 39o 27,72′ ó Thuaidh, 18o 10,74′ Soir

 39o 27,80′ ó Thuaidh, 18o 26,68′ Soir

 39o 11,16′ ó Thuaidh, 18o 32,58′ Soir

 39o 11,16′ ó Thuaidh, 18o 04,28′ Soir;

(b) limistéar srianta iascaigh domhainfharraige “Púscadh hidreacarbóin fhuar i limistéar dheilte na Níle” atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:

 31o 30,00′ ó Thuaidh, 33o 10,00′ Soir

 31o 30,00′ ó Thuaidh, 34o 00,00′ Soir

 32o 00,00′ ó Thuaidh, 34o 00,00′ Soir

 32o 00,00′ ó Thuaidh, 33o 10,00′ Soir;

(c) limistéar srianta iascaigh domhainfharraige “Tulán Grinnill Eratosthenes” atá crioslaithe le línte lena gceanglaítear na comhordanáidí seo a leanas:

 33o 00,00′ ó Thuaidh, 32o 00,00′ Soir

 33o 00,00′ ó Thuaidh, 33o 00,00′ Soir

 34o 00,00′ ó Thuaidh, 33o 00,00′ Soir

 34o 00,00′ ó Thuaidh, 32o 00,00′ Soir.

Airteagal 11

Gnáthóga íogaire a chosaint

Áiritheoidh Ballstáit go n-iarrfar ar a gcuid údarás inniúil na gnáthóga íogaire domhainfharraige sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 10 a chosaint, go háirithe, ar thionchar aon ghníomhaíochta eile lena gcuirtear caomhnú na ngnéithe sin i mbaol, ar gnéithe iad lena ndéantar na gnáthóga sin a shaintréithriú.



CAIBIDIL II

Séasúr coiscthe a bhunú maidir le iascaigh dorád a dhéantar le húsáid feistí um éisc a chomhbhailiú

Airteagal 12

Séasúr coiscthe

1.  Beidh toirmeasc ar iascaigh dorád coiteann (Coryphaena hippurus) ina n-úsáidtear feistí um chomhbhailiú éisc (“FBEanna”) ón 1 Eanáir go dtí an 14 Lúnasa gach bliain.

2.  De mhaolú ar mhír 1, más féidir le Ballstát a léiriú nach raibh na soithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu in ann leas a bhaint as a ngnáthlaethanta iascaireachta, de bharr drochaimsire, féadfaidh an Ballstát sin na laethanta a chaill a chuid soithí in iascaigh FBE a thabhairt ar aghaidh go dtí an 31 Eanáir den bhliain dár gcionn. Sa chás sin, roimh dheireadh na bliana, déanfaidh Ballstáit iarratas a thíolacadh don Choimisiún i leith líon na laethanta atá le tabhairt ar aghaidh.

3.  Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 freisin sa chrios bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

4.  Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 2:

(a) tuarascáil ina bhfuil na mionsonraí maidir le scor de na gníomhaíochtaí iascaireachta atá i dtrácht, lena n-áirítear faisnéis mheitéareolaíoch iomchuí mar thacaíocht;

(b) ainm an tsoithigh agus uimhir Chlár Cabhlaigh AE an tsoithigh.

5.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis na hiarratais den chineál dá dtagraítear i mír 2 laistigh de shé seachtaine ón dáta a bhfaightear an t-iarratas agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh sin.

6.  Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM ar an eolas faoi chinntí a dhéantar de bhun mhír 5. Roimh an 1 Samhain gach bliain, seolfaidh Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le laethanta arna dtabhairt ar aghaidh ar laethanta iad a cailleadh an bhliain roimhe sin, de réir mar a thagraítear dó sin i mír 2.

7.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus tarchur na n-iarratas dá dtagraítear i mír 4 agus na tuarascála ar an tabhairt ar aghaidh den sórt sin dá dtagraítear i mír 6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 13

Údaruithe iascaireachta

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, deonófar údarú iascaireachta do shoithí iascaireachta atá údaraithe páirt a ghlacadh san iascach dorád coiteann agus áireofar na soithí sin ar liosta ina bhfuil ainm an tsoithigh agus uimhir Chlár Cabhlaigh AE an tsoithigh, ar mionsonraí iad sin a sholáthróidh an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún. Ceanglófar ar shoithí ar lú a bhfad foriomlán ná 10 méadar údarú iascaireachta a bheith acu.

Beidh feidhm ag an gceanglas seo freisin maidir leis an gcrios bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006.

Airteagal 14

Sonraí a bhailiú

1.  Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le bunú creata Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíoch maidir leis an gComhbheartas Iascaigh ( 10 ), déanfaidh Ballstáit córas iomchuí bailithe agus próiseála a chur ar bun maidir le sonraí gabhálacha iascaigh agus sonraí iarrachta iascaireachta.

2.  Faoin 15 Eanáir gach bliain, tabharfaidh Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis an líon soithí a bhfuil baint acu leis an iascach, mar aon leis an gcur i dtír iomlán agus trasloingsithe iomlána dorád coiteann arna gcur i gcrích an bhliain roimhe sin ag na soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu, i ngach Fo-limistéar Geografach de limistéar Chomhaontú CGIM, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáid agus tarchur tuarascálacha den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

3.  Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a chur ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM.



CAIBIDIL III

Trealamh iascaireachta

Airteagal 15

Toise íosta mogalra sa Mhuir Dhubh

1.  Is é 40 mm a bheidh mar thoise íosta mogalra le haghaidh eangacha a úsáidtear do ghníomhaíochtaí trálaeireachta lena saothraítear stoic ghrinnill sa Mhuir Dhubh. Ní úsáidfear painéil líontóireachta ar lú ná 40 mm toise bhéal an mhogalra atá iontu ná ní choimeádfar ar bord iad.

2.  Roimh an 1 Feabhra 2012 déanfar eangach a bhfuil mogalra cearnógach de 40 mm ag a ceann a chur in ionad na heangaí dá dtagraítear i mír 1 nó, arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe d’úinéir na loinge, cuirfear eangach a bhfuil mogalra diamantach de 50 mm is eangach a bhfuil roghnaíocht aitheanta ó thaobh toise de arb ionann í nó arb mó í ná roghnaíocht aitheanta ó thaobh toise de is atá ag eangacha a bhfuil mogalra cearnógach de 40 mm ag a gceann.

3.  Maidir le Ballstáit a bhfuil gníomhaíochtaí trálaeireachta á seoladh ag a soithí iascaireachta is gníomhaíochtaí lena saothraítear stoic ghrinnill sa Mhuir Dhubh, tíolacfaidh siad don Choimisiún, den chéad uair tráth nach déanaí ná an 16 Feabhra 2012 agus gach sé mhí ina dhiaidh sin, liosta de na soithí iascaireachta a sheolann gníomhaíochtaí den sórt sin sa Mhuir Dhubh agus atá feistithe le heangach mogalra chearnógaigh de 40 mm ar a laghad ag a cheann, nó eangacha a bhfuil mogalra diamantach de 50 mm ar a laghad, mar aon leis an gcéatadán is ionann soithí den sórt sin as an gcabhlach náisiúnta iomlán tráil ghrinnill.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe maidir le formáidiú agus tarchur na faisnéise dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

4.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM.

▼M1

Airteagal 15a

Tráil agus eangacha geolbhaigh a úsáid sa Mhuir Dhubh

1.  Cuirfear toirmeasc ar thráil a úsáid:

(a) laistigh de thrí mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait 50 méadar; nó

(b) laistigh den iseabat 50 méadar nuair a bhaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta.

2.  Ar bhonn eisceachtúil, féadfaidh Ballstáit a gcuid soitheach iascaireachta a údarú dul i mbun iascaireachta sa chrios dá dtagraítear i mír 1 trí mhaoluithe a dheonú i gcomhréir le Moladh CIGM/36/2012/3, ar choinníoll go gcuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas mar is cuí faoi aon mhaolú den sórt sin.

3.  I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar, le maolú a deonaíodh i gcomhréir le mír 2, an choinníoll a leagtar amach sa mhír sin, féadfaidh sé, faoi réir na gcúiseanna ábhartha agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh ar an mBallstát an maolú sin a leasú.

4.  Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM ar an eolas faoi aon mhaoluithe a deonaíodh i gcomhréir le mír 2.

5.  Ón 1 Eanáir 2015, ní bheidh trastomhas níos mó ná 0,5 mm ag aonfhiliméad ná ag sreanga d'eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe.

▼B

Airteagal 16

Iascaigh dhreidirí arna dtarraingt agus iascaigh eangach tráil a úsáid

Beidh toirmeasc ar iascaigh dhreidirí arna dtarraingt agus ar iascaigh eangach tráil a úsáid ag doimhneachtaí thar 1 000 m.

▼M1



CAIBIDIL IV

Coiréalach dearg a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe

Airteagal 16a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar d'Airteagal 4(2) ná do phointe (e) agus do phointe (g) d'Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ná d'aon bhearta níos déine a eascraíonn ó Threoir 92/43/CEE ón gComhairle ( 11 ).

Airteagal 16b

Íosdoimhneacht saothraithe

1.  Toirmeascfar coiréalach dearg a shaothrú ag doimhneachtaí atá níos lú ná 50 méadar go dtí go léireoidh CIGM a mhalairt.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) chun maoluithe ar mhír 1 a dheonú.

3.  Beidh an méid a leanas i gceangal le moltaí comhpháirteacha a thíolacfar de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 d'fhonn maolaithe, amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:

(a) faisnéis mhionsonraithe maidir leis an gcreat náisiúnta bainistithe;

(b) na réasúnuithe eolaíocha nó teicniúla;

(c) liosta de na soithí iascaireachta nó líon na n-údaruithe arna ndeonú, maidir le coiréalach dearg a shaothrú ag doimhneachtaí atá níos lú ná 50 méadar; agus

(d) liosta de na criosanna iascaireachta ina bhfuil saothrú den sórt sin údaraithe, arna sainaithint le comhordanáidí geografacha ar talamh agus ar muir araon.

Aon mholadh comhpháirteach ó Bhallstáit amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tíolacfar é faoin 29 Samhain 2018.

4.  Deonófar na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) go bhfuil creat bainistithe náisiúnta iomchuí i bhfeidhm, lena n-áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; agus

(b) go n-áirithítear trí dhúnadh spásúil/ama iomchuí nach ndéantar ach líon teoranta coilíneachtaí coiréalaigh dheirg a shaothrú.

5.  D'ainneoin mhír 2 go mír 4 agus mar bheart idirthréimhseach, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun Moladh CIGM/35/2011/2 a chur chun feidhme, ar choinníoll seo leanas:

(a) gur cuid de chreat bainistithe náisiúnta iomchuí iad na bearta sin; agus

(b) go gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi ghlacadh na mbeart sin.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach mbeidh feidhm ag aon mhaoluithe tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh tarmligthe ábhartha a glacadh i gcomhréir le mír 2.

6.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, go bhfuil beart náisiúnta ann a ghlactar tar éis an 28 Samhain 2015 nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i mír 4, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh air an beart sin a leasú.

7.  Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar de bhun mhír 2 agus 5.

Airteagal 16c

An t-íos-trastomhas i mboinn coilíneachtaí

1.  Coiréalach dearg ó choilíneachtaí coiréalaigh dheirg a bhfuil trastomhas níos lú ná 7 mm ann ag an stoc, é sin arna thomhas laistigh de cheintiméadar amháin de bhonn na coilíneachta, ní dhéanfar é a shaothrú, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol mar amhtháirge.

2.  Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán seo agus Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, de mhaolú ar mhír 1, chun uasteorainn lamháltais 10 % de réir beomheáchain a údarú i gcás coilíneachtaí coiréalaigh dheirg atá róbheag (< 7 mm).

3.  Maidir le moltaí comhpháirteacha a thíolacfar de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i bhfianaise maolaithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh i gceangal leo na réasúnuithe eolaíocha nó teicniúla maidir leis an maolú sin.

Aon mholadh comhpháirteach ó Bhallstát, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tíolacfar é faoin 29 Samhain 2018.

4.  Deonófar na maoluithe amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a) go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta i bhfeidhm, lena n-áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b) go bhfuil cláir shonracha faireacháin agus rialaithe i bhfeidhm.

5.  D'ainneoin mhír 2 go mír 4 agus mar bheart idirthréimhseach, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun Moladh CIGM/36/2012/1 a chur chun feidhme, ar na coinníollacha seo leanas:

(a) gur cuid de chreat bainistithe náisiúnta iomchuí iad na bearta sin; agus

(b) go gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi ghlacadh na mbeart sin.

Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann nach mbeidh feidhm ag aon mhaoluithe tráth nach déanaí ná an dáta a gcuirfear i bhfeidhm an gníomh tarmligthe ábhartha a glacadh i gcomhréir le mír 2.

6.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bhfógraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, go bhfuil beart ann a ghlactar tar éis an 28 Samhain 2015 nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, iarraidh air an beart sin a leasú.

7.  Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar de bhun mhír 2 agus mhír 5.

Airteagal 16d

Fearas agus feistí

1.  Maidir le coiréalach dearg a shaothrú, ní cheadófar mar fhearas ach casúr a úsáideann iascairí sa scúbathumadóireacht, arb iascairí iad atá aitheanta nó údaraithe ag an údarás inniúil náisiúnta.

2.  Toirmeascfar Feithiclí Cianrialaithe faoi uisce (ROVanna) a úsáid chun coiréalach dearg a shaothrú.

3.  De mhaolú ar mhír 2, ceadófar fós ROVanna a úsáid i gcás ina raibh siad údaraithe ag Ballstát roimh an 30 Meán Fómhair 2011 chun críche breathnadóireachta agus taiscéalaíochta i limistéir atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin ar choinníoll nach bhféadfar na ROVanna sin lena mbaineann a fheistiú le géaga láimhsitheora nó aon fheiste eile lena bhféadfar coiréalach dearg a ghearradh agus a shaothrú.

Éagfaidh nó tarraingeofar siar údaruithe den sórt sin faoin 31 Nollaig 2015, ach amháin i gcás go bhfuair an Ballstát lena mbaineann torthaí eolaíocha a thaispeánann nach mbeadh aon tionchar diúltach ag ROVanna maidir le coiréalach dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe dá mbeadh siad in úsáid tar éis 2015.

4.  De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát úsáid ROVanna gan géaga láimhsitheora a údarú chun críche breathnadóireachta agus taiscéalaíochta i limistéir atá faoi dhlínse an Bhallstáit sin, ar choinníoll go mbeidh torthaí eolaíocha faighte aige i gcomhthéacs creat bainistíochta náisiúnta ina léireofar nach bhfuil aon tionchar diúltach maidir le coiréalach dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe.

Éagfaidh nó tarraingeofar siar údaruithe den sórt sin faoin 31 Nollaig 2015, ach amháin i gcás go ndéanfaidh CIGM na torthaí eolaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhailíochtú.

5.  De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát a údarú, le linn tréimhse theoranta ama nach mairfidh thar an 31 Nollaig 2015, go n-úsáidfear ROVanna chun feachtais eolaíocha turgnamhacha ar mhaithe le coiréalach dearg a bhreathnú agus a shaothrú, ar choinníoll go ndéanfar na feachtais faoi mhaoirsiú náisiúnta institiúid taighde nó i gcomhoibriú le comhlachtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta inniúla eolaíocha mar aon le haon gheallsealbhóirí ábhartha eile.



CAIBIDIL V

Tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhara áirithe a laghdú

Airteagal 16e

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo gan dochar d'aon bhearta níos déine a eascraíonn as Treoir 92/43/CEE nó as Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ), agus do Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle ( 14 ).

Airteagal 16f

Gabhálacha de thaisme d'éanlaithe mara i bhfearais iascaireachta

1.  Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta éanlaithe mara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta a scaoileadh saor go grod.

2.  Ní thabharfar éanlaithe mara i dtír ar shoithí iascaireachta ach amháin laistigh de chreat na bpleananna náisiúnta i dtaca le héanlaithe mara a chaomhnú nó chun cúnamh a fháil le haghaidh gnóthú éanlaithe mara aonair atá gortaithe agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas go cuí agus go hoifigiúil, roimh don soitheach iascaireachta lena mbaineann filleadh ar an gcalafort, go bhfuil sé beartaithe na héanlaithe mara sin a thabhairt i dtír.

Airteagal 16g

Gabhálacha de thaisme de thurtair mhara i bhfearais iascaireachta

1.  A mhéid is féidir, eiseamail de thurtair mhara a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta, déanfar iad a láimhseáil go sábháilte agus cuirfear ar ais iad, gan ghortú agus iad fós beo.

2.  Ní thabharfaidh máistrí soithí iascaireachta turtair mhara i dtír, ach amháin mar chuid de chlár tarrthála sonrach nó de chlár caomhnaithe náisiúnta nó mura rud é go gceanglaítear é sin ar chúis eile d'fhonn turtair mhara aonair atá gortaithe nó gan aithne a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun iad a théarnamh agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla lena mbaineann ar an eolas go cuí agus go hoifigiúil roimh fhilleadh ar an gcalafort.

3.  A mhéid a bheidh sé indéanta, soithí iascaireachta a úsáideann peaslíonta le haghaidh speiceas peiligeach beag nó eangacha timpeallúcháin gan corda cruinnithe le haghaidh speiceas peiligeach, seachnóidh siad turtair mhara a thimpeallú.

4.  Beidh trealamh láimhseála, fuascailte agus scaoilte saor atá sábháilte ar bord soithí iascaireachta a úsáideann spiléir agus eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun a áirithiú go ndéanfar turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor ar bhealach a mhéadóidh, a mhéid is féidir, an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán.

Airteagal 16h

Gabhálacha de thaisme de rónta manaigh (Monachus monachus)

1.  Ní dhéanfaidh máistrí soithí iascaireachta rónta manaigh a thabhairt ar bord, a athlastáil ná a thabhairt i dtír, murar gá sin chun ainmhithe aonair gortaithe a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun iad a leigheas agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas go hoifigiúil roimh don soitheach iascaireachta lena mbainean filleadh ar an gcalafort.

2.  Eiseamail de rónta manaigh a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta, déanfar iad a scaoileadh saor gan ghortú agus iad fós beo. Tabharfar conablaigh ainmhithe marbha i dtír agus déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta iad a ghabháil, a cheapadh le haghaidh staidéir eolaíocha nó a scriosadh.

Airteagal 16i

Gabhálacha de thaisme de chéiticigh

Déanfaidh soithí iascaireachta a chur ar ais san fharraige gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo, a mhéid is atá indéanta, céiticigh a gabhadh de thaisme i bhfearais iascaireachta agus a tógadh taobh leis an soitheach iascaireachta.

Airteagal 16j

Siorcanna agus roic atá faoi chosaint

1.  Ní dhéanfar speicis de shiorcanna ná de roic atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal maidir le limistéir atá faoi chosaint speisialta agus maidir le héagsúlacht bhitheolaíoch sa Mheánmhuir ( 15 ) a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona (“Prótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona”) a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol.

2.  A mhéid is féidir, soithí iascaireachta atá tar éis siorcanna agus roic atá ar na speicis atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona, déanfaidh siad iad a scaoileadh saor gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo.

Airteagal 16k

Siorcanna a shainaithint

Beidh toirmeasc ar shiorcanna a dhícheannadh agus a fheannadh ar bord agus sula dtugtar i dtír iad. Ní fhéadfaidh siorcanna dícheannaithe agus feannta a chur ar an margadh ag na chéad mhargaí díolacháin tar éis a dtabhartha i dtír.



CAIBIDIL VI

Bearta maidir le hiascach stoc peiligeach beag sa Mhuir Aidriad

Airteagal 16l

Acmhainn iascaireachta a bhainistiú

1.  Chun críche an Airteagail seo, is í an acmhainn iascaireachta tagartha le haghaidh stoc peiligeach beag an acmhainn a leagtar síos ar bhonn na liostaí de shoithí iascaireachta na mBallstát lena mbaineann, a chuirtear chuig Rúnaíocht CIGM i gcomhréir le mír 22 de Mholadh CIGM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach soitheach iascaireachta atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, arna n-údarú le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéar Geografach 17 agus i bhFolimistéar Geografach 18, amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó atá ag feidhmiú i bhFolimistéar Geografach 17 nó i bhFolimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografach cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhFolimistéir Gheografacha eile atá siad cláraithe an 31 Deireadh Fómhair 2013.

2.  Déantar soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta, is cuma fad iomlán an tsoithigh lena mbaineann, a aicmiú mar shoithí atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i gcás gur sairdíní agus ainseabhaithe 50 % ar a laghad den ghabháil i mbeomheáchan.

3.  Maidir le hacmhainn iomlán an chabhlaigh i dtaca le soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i bhFolimistéar Geografach 17, ó thaobh olltonnáiste nó olltonnáiste cláraithe agus ó thaobh cumhachta innill (kW), mar atá taifeadta i gclár cabhlaigh an AE agus sna cláir chabhlaigh náisiúnta, ní sháróidh sí ag am ar bith an acmhainn iascaireachta tagartha do stoic pheiligeacha bheaga dá dtagraítear i mír 1.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit nach mbíonn soithí iascaireachta atá feistithe le tráil nó peaslíonta le haghaidh stoc peiligeach beag amhail dá dtagraítear i mír 2 i mbun iascaireachta ar feadh níos mó ná 20 lá iascaireachta in aghaidh na míosa agus nach dtéann siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

5.  Ní cheadófar d'aon soitheach iascaireachta nach bhfuil ar áireamh ar an liosta de na soithí iascaireachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo iascaireacht a dhéanamh nó de mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní cheadófar dó aon chainníocht atá níos mó ná 20 % ainseabhaithe nó sairdíní nó 20 % ainseabhaithe agus sairdíní araon a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír i gcás ina bhfuil an soitheach ar thuras iascaireachta i bhFolimistéar Geografach 17 nó i bhFolimistéar Geografach 18 nó sa dá Fholimistéar Geografacha sin.

6.  Déanfaidh na Ballstáit aon ábhar a cuireadh le liosta na soithí iascaireachta údaraithe dá dtagraítear i mír 1, nó a scriosadh uaidh nó aon athrú ar an liosta sin, a chur in iúl don Choimisiún a luaithe a tharlóidh siad. Beidh na hathruithe sin gan dochar don acmhainn iascaireachta tagartha dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM.

▼B



TEIDEAL III

BEARTA RIALAITHE



CAIBIDIL I

Clár soithí

Airteagal 17

Clár soithí údaraithe

1.  Roimh an 1 Nollaig de gach bliain cuirfidh gach Ballstát ar leith chuig an gCoimisiún, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, liosta nuashonraithe de na soithí ar mó ná 15 méadar a bhfad foriomlán, is soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus ar soithí iad atá cláraithe ina chríoch agus atá údaraithe ag an mBallstát sin chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar Chomhaontú CGIM, trí údarú iascaireachta a eisiúint.

2.  Áireofar sa liosta a léirítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

(a) uimhir Chlár Cabhlaigh AE an tsoithigh agus a mharcáil sheachtrach mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004;

(b) an tréimhse ar lena linn a údaraítear iascaireacht agus/nó trasloingsithe a dhéanamh;

(c) na trealaimh iascaireachta arna n-úsáid.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an liosta nuashonraithe chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM faoin 1 Eanáir de gach bliain i dtreo is go bhféadfar na soithí lena mbaineann a chur ar chlár CGIM soithí is clár na soithí ar mó ná 15 méadar a bhfad foriomlán atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i limistéar Chomhaontú CGIM (“clár CGIM”).

4.  Aon athrú atá le déanamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, cuirfear in iúl don Choimisiún é chun a tharchurtha chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM, tríd an ngnáthmheán próiseála sonraí, 10 lá oibre ar a laghad sula dtosnaíonn an soitheach gníomhaíocht iascaireachta i limistéar Chomhaontú CGIM.

5.  Maidir le soithí iascaireachta AE ar mó ná 15 méadar a bhfad foriomlán nach bhfuil curtha ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, ní ghabhfaidh siad aon chineál éisc nó sliogéisc, ní choimeádfaidh siad aon chineál éisc nó sliogéisc ar bord, ná ní dhéanfaidh siad iad a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír laistigh de limistéar Chomhaontú CGIM.

6.  Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú:

(a) nach gceadaítear ach soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1 agus ar soithí iad a bhfuil údarú iascaireachta ar bord acu arna eisiúint ag an mBallstát ábhartha, agus na soithí sin amháin, faoi théarmaí an údaraithe, gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéar Chomhaontú CGIM;

(b) nach n-eiseofar aon údarú iascaireachta do shoithí a bhfuil iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (“iascaireacht NNN”) déanta acu roimhe sin i limistéar Chomhaontú CGIM nó in áiteanna eile, mura ndéanann na húinéirí nua fianaise dhoiciméadach leordhóthanach a sholáthar, ar dá réir nach bhfuil leas dlíthiúil, tairbheach nó airgeadais ag na hiarúinéirí ná ag na hiaroibreoirí a thuilleadh maidir leis na soithí sin agus nach bhfeidhmíonn siad aon smacht ar na soithí sin, nó nach nglacann siad páirt ná nach bhfuil aon bhaint ag na soithí sin maidir le hiascaireacht NNN;

(c) a mhéid is féidir, go gcuirtear toirmeasc, lena reachtaíocht náisiúnta, ar úinéirí agus ar oibreoirí soithigh a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus ar soithí iad atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 1, páirt a ghlacadh nó baint a bheith acu le gníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh i limistéar Chomhaontú CGIM ag soithí nach bhfuil ar chlár CGIM;

(d) a mhéid is féidir, go gceanglaítear, lena reachtaíocht náisiúnta, gur náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit is stát na brataí nó eintitis dhlíthiúla laistigh den Bhallstát sin iad úinéirí soithí a bhfuil bratach an Bhallstáit ábhartha ar foluain acu agus ar soithí iad atá ar an liosta dá dtagraítear i mír 1;

(e) go gcomhlíonann a soithí gach beart ábhartha CGIM um chaomhnú agus um bhainistiú.

7.  Glacfaidh Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar iascaireacht arna déanamh ag soithí ar mó ná 15 méadar a bhfad foriomlán agus nach bhfuil ar chlár CGIM, aon iasc nó sliogiasc a ghabháil i limistéar Chomhaontú CGIM ná aon iasc nó sliogiasc a gabhadh ann a choimeád ar bord, a thrasloingsiú nó a chur i dtír.

8.  Maidir le haon fhaisnéis lena dtaispeánfaí go bhfuil cúiseanna láidre drochamhras a bheith ann go bhfuil soithí, ar mó ná 15 méadar a bhfad foriomlán is soithí nach bhfuil ar chlár CGIM, ag iascaireacht éisc nó sliogéisc nó go bhfuil siad á dtrasloingsiú i limistéar Chomhaontú CGIM, cuirfidh Ballstáit an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

▼M1



CAIBIDIL Ia

Oibleagáidí taifeadta

Airteagal 17a

Coiréalach dearg a shaothrú

Beidh logleabhar ar bord ag soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú ina ndéanfar na gabhálacha laethúla de choiréalach dearg agus de ghníomhaíocht iascaireachta de réir limistéir agus doimhneachta a thaifeadadh, lena n-áirítear líon na laethanta iascaireachta agus tumadh. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla náisiúnta faoin spriocdháta a leagtar síos in Airteagal 14(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 17b

Gabhálacha de thaisme de speicis áirithe mhuirí

1.  Gan dochar d'Airteagal 15(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán sin:

(a) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor éanlaithe mara;

(b) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor turtar mara;

(c) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor rónta manaigh;

(d) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor chéiticeach;

(e) aon chás de ghabháil de thaisme agus, más gá, scaoileadh saor siorcanna agus roc de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn III den Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona.

2.  Ba cheart go gcuimseofaí freisin leis na tuarascálacha náisiúnta a bheartaítear lena n-anailísiú ag an gCoiste Comhairleach Eolaíoch (CCE), i dteannta na faisnéise a tuairiscíodh sa logleabhar, na nithe a leanas:

(a) i ndáil le gabhálacha de thaisme de thurtair mhara, faisnéis maidir le:

 cineál an fhearais iascaireachta,

 amanna na dteagmhas,

 fad ama san uisce,

 doimhneacht agus láithreacha,

 spriocspeiceas,

 speicis turtar mara, agus

 cé acu ar cuireadh na turtair mhara ar ais san fharraige marbh, nó ar scaoileadh saor iad ina bheatha;

(b) i ndáil le gabhálacha de thaisme de chéiticigh, faisnéis maidir le:

 saintréithe an chineáil fearais,

 amanna na dteagmhas,

 láithreacha (de réir folimistéar geografach nó dronuilleog staidrimh, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo), agus

 cé acu is deilf nó speiceas eile céiticeach na céiticigh lena mbaineann.

3.  Faoin 31 Nollaig 2015, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le taifeadadh na ngabhálacha de thaisme dá dtagraítear i mír 1 ag máistrí soithí iascaireachta nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide logleabhar iascaireachta a choinneáil de bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

▼B



CAIBIDIL II

Bearta stát an chalafoirt

Airteagal 18

Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le soithí iascaireachta tríú tíortha.

Airteagal 19

Réamhfhógra

De mhaolú ar Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, is é 72 uair ar a laghad roimh an t-am a meastar a bhainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse chun réamhfhógra a thabhairt.

Airteagal 20

Cigireachtaí calafoirt

1.  D’ainneoin Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfaidh Ballstáit cigireachtaí ina gcalafoirt ainmnithe ar 15 % ar a laghad d’oibríochtaí curtha i dtír agus trasloingsithe gach bliain.

2.  D’ainneoin Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, déanfar cigireacht i ngach cás ar shoithí iascaireachta a théann isteach i gcalafort de chuid Ballstáit gan réamhúdarú.

Airteagal 21

An nós imeachta cigireachta

De bhreis ar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, leis na cigireachtaí calafoirt comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 22

Cead a dhiúltú maidir le calafort a úsáid

1.  Ní cheadóidh Ballstáit do shoitheach tríú tír a gcuid calafort a úsáid chun táirgí iascaigh arna ngabháil i limistéar Chomhaontú CGIM a chur i dtír, a thrasloingsiú nó a phróiseáil agus diúltóidh siad rochtain ar sheirbhísí calafoirt, lena n-áirítear, inter alia, seirbhísí athbhreoslaithe agus athsholáthair, a thabhairt dó más rud é:

(a) nach gcomhlíonann an soitheach ceanglais an Rialacháin seo;

(b) go bhfuil an soitheach ar áireamh i liosta de shoithí a ghabh d’iascaireacht NNN nó a thug tacaíocht di, agus ar liosta é arna ghlacadh ag eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh; nó

(c) nach bhfuil údarú bailí ag an soitheach chun gabháil d’iascaireacht nó do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bheidh cosc ar bith ar Bhallstáit, i gcásanna force majeure nó i gcásanna guaise de réir bhrí Airteagal 18 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ( 16 ), ligean do shoitheach ó thríú tíortha a gcuid calafort a úsáid le haghaidh seirbhísí a mbeadh fíorghá leo chun na staideanna sin a leigheas.

2.  Beidh feidhm ag mír 1 chomh maith i leith na forálacha maidir le cead úsáidte i ndáil le calafort a úsáid, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 37(5) agus (6) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

3.  I gcás ina bhfuil cead úsáidte i ndáil lena chuid calafort diúltaithe ag Ballstát áirithe do shoitheach de chuid tríú tír i gcomhréir le mír 1 nó mír 2, tabharfaidh sé fógra faoi sin go pras do mháistir an tsoithigh, do Stát na brataí, don Choimisiún agus do Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM faoi ghníomhaíocht den sórt sin.

4.  Más rud é nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na forais diúltaithe, dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, tarraingeoidh an Ballstát siar a dhiúltú agus tabharfaidh sé fógra, do na seolaithe dá dtagraítear i mír 3, maidir leis an tarraingt siar sin.



TEIDEAL IV

COMHAR, FAISNÉIS AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 23

Comhar agus faisnéis

1.  Comhoibreoidh an Coimisiún agus Ballstáit le Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM agus déanfaidh siad faisnéis a mhalartú leis freisin, go háirithe:

(a) trí fhaisnéis ó bhunachair ábhartha shonraí a iarraidh agus trí fhaisnéis a sholáthar do na bunachair sin;

(b) trí chomhar a iarraidh chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a chur chun cinn agus trí chomhoibriú ina leith sin.

2.  Áiritheoidh Ballstáit go gceadaítear lena gcórais náisiúnta faisnéise, is córais faisnéise a bhaineann le hiascaigh, faisnéis maidir le cigireachtaí stát an chalafoirt dá dtagraítear i dTeideal III, a mhalartú go leictreonach ar bhealach díreach idir iad féin agus Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais iomchuí rúndachta.

3.  Déanfaidh Ballstáit bearta chun faisnéis a roinnt trí mheáin leictreonacha i measc gníomhaireachtaí ábhartha náisiúnta agus chun gníomhaíochtaí de ghníomhaireachtaí den sórt sin a chomhordú le linn cur chun feidhme na mbeart atá leagtha amach i gCaibidil II de Theideal III.

4.  Chun críche an Rialacháin seo, bunóidh Ballstáit liosta de phointí teagmhála agus cuirfear ar aghaidh é gan mhoill chuig an gCoimisiún agus chuig an Rúnaí Feidhmiúcháin agus chuig páirtithe conarthacha CGIM.

5.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe do chomhar agus don mhalartú faisnéise. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

▼M1

Airteagal 23a

Sonraí ábhartha a thuairisciú chuig an gCoimisiún

1.  Faoin 15 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) na sonraí maidir le coiréalach dearg dá dtagraítear in Airteagal 17a; agus

(b) i bhfoirm tuarascála leictreonaí, na rátaí gabhálacha de thaisme agus scaoilte saor d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus de roic, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha a tuairiscíodh i gcomhréir le pointí (a), (b), (c), (d) agus (e) faoi seach d'Airteagal 17b(1).

2.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM faoin 31 Nollaig gach bliain.

3.  Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athruithe ar liosta na gcalafort a ainmnítear le gabhálacha de choiréalach dearg a thabhairt i dtír i gcomhréir le mír 5 de Mholadh CIGM/36/2012/1.

4.  Bunóidh na Ballstáit córais faireacháin leordhóthanacha d'fhonn faisnéis iontaofa a bhailiú maidir leis an tionchar ar phobail céiticeach sa Mhuir Dhubh atá ag soithí iascaireachta a bhíonn ag díriú ar fhíogaigh ghobacha le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin.

5.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe a dhéantar ar na léarscáileanna agus ar na liostaí de na suímh gheografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh amhail dá dtagraítear i mír 6 de Mholadh CIGM/35/2011/5.

6.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM gan mhoill.

7.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i leith formáid na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, agus i leith cur ar aghaidh na faisnéise sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 23b

Rialú, faireachán agus faireachas ar iascaigh stoc peiligeach beag sa Mhuir Aidriad

1.  Faoin 1 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún a bpleananna agus a gcláir chun comhlíonadh Airteagal 16l a áirithiú trí fhaireachán agus trí thuairisciú leordhóthanach, go háirithe maidir leis na gabhálacha míosúla agus leis an iarracht iascaireachta a rinneadh.

2.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid Rúnaí Feidhmiúcháin CIGM tráth faoin 30 Deireadh Fómhair de gach bliain ar a dhéanaí.

▼B

Airteagal 24

Maitrísí staidrimh a thuairisciú

1.  Roimh an 1 Bealtaine de gach bliain, déanfaidh Ballstáit na sonraí i leith Tháscanna 1.1, 1.2, 1.3, 1.4 agus 1.5 de mhaitrís staidrimh CGIM mar a leagtar amach i Roinn C d’Iarscríbhinn III iad, a thíolacadh do Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM.

2.  Chun na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh, úsáidfidh Ballstáit córas iontrála sonraí CGIM nó aon chaighdeán agus prótacal iomchuí eile maidir le sonraí a thíolacadh, ar caighdeán agus prótacal iad arna mbeartú ag Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM agus atá ar fáil ar láithreán gréasáin CGIM.

3.  Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na sonraí arna dtíolacadh ar bhonn an Airteagail seo.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe d’fhormáid agus do tharchur na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).



TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

An nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag mír 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 26

Cumhachtaí a tharmligean

A mhéid is gá, chun leasuithe a thagann chun bheith éigeantach don Aontas a chur chun feidhme i ndlí Aontais ar leasuithe iad ar bhearta CGIM agus is bearta atá curtha chun feidhme i ndlí an Aontais cheana, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27, chun forálacha an Rialacháin seo a leasú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) faisnéis a sholáthar faoi Airteagal 15(4) do Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM;

(b) liosta na soithí údaraithe a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM faoi Airteagal 17;

(c) na bearta stát an chalafoirt a leagtar amach in Airteagal 18 go hAirteagal 22;

(d) an comhar, an fhaisnéis agus an tuairisciú a leagtar amach in Airteagal 23 agus in Airteagal 24;

(e) tábla, léarscáil agus comhordanáidí geografacha Fho-Limistéir Gheografacha CGIM (“FLGanna”) atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;

(f) nósanna imeachta cigireachta stát an chalafoirt maidir le soithí, a leagtar amach in Iarscríbhinn II; agus

(g) na maitrísí staidrimh CGIM atá leagtha amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 27

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in ►M1  Airteagal 16b, Airteagal 16c agus Airteagal 26 ◄ , tabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ón ►M1  28 Samhain 2015 ◄ . Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná sé mhí roimh dheireadh na tréimhse trí bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in ►M1  Airteagal 16b, Airteagal 16c agus Airteagal 26 ◄ a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun ►M1  Airteagal 16b, Airteagal 16c agus Airteagal 26 ◄ , i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 28

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 leis seo mar a leanas:

(1) in Airteagal 4, scriostar mír 3;

(2) in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.  Maidir le heangacha arna dtarraingt, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 4, is í seo a leanas an toise mogalra is lú a bheidh acu:

(a) eanganch a bhfuil mogalra cearnógach de 40 mm ina ceann; nó

(b) arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe ag úinéir na loinge, eangach le mogalra diamantach de 50 mm a bhfuil roghnaíocht aitheanta ó thaobh toise de aici arb ionann í nó arb mó í ná roghnaíocht na n-eangach dá dtagraítear faoi phointe (a).

Ní bheidh soithí iascaireachta údaraithe ach chun ceann amháin den dá chineál eangach sin a úsáid agus a choimeád ar bord.

Faoi 30 Meitheamh 2012 déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na míre seo a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus déanfaidh sé togra, i gcás inarb iomchuí, i leith leasuithe feiliúnacha, ar bhonn na tuarascála sin agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag Ballstáit roimh an 31 Nollaig 2011 freisin.”;

(3) scriostar Airteagal 24;

(4) in Airteagal 27, scriostar mír 1 agus mír 4.

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

(A)    Tábla de FLGanna CGIM



FO-LIMISTÉAR EBT

RANNA STAIDRIMH EBT

FLGanna

IARTHARACH

1.1  BAILÉARACH

1  Muir Alboran Thuaidh

2  Oileán Alboran

3  Muir Alboran Theas

4  an Ailgéir

5  na hOileáin Bhailéaracha

6  Tuaisceart na Spáinne

11.1  an tSairdín (thiar)

1.2  MURASCAILL AN LEOIN

7  Murascaill an Leoin

1.3  AN tSAIRDÍN

8  Oileán na Corsaice

9  an Mhuir Liogúrach agus Muir Thoirian Thuaidh

10  Muir Thoirian Theas

11.2  an tSairdín (thoir)

12  Tuaisceart na Túinéise

LÁIR

2.1  AIDRIADACH

17  Aidriadach Thuaidh

18  Muir Aidriad Theas (cuid de)

2.2  IÓNACH

13  Murascaill Hammamet

14  Murascaill Gabes

15  Oileán Mhálta

16  ó Dheas ón tSicil

18  Muir Aidriad Theas (cuid de)

19  an Mhuir Iónach Thiar

20  an Mhuir Iónach Thoir

21  an Mhuir Iónach Theas

OIRTHEARACH

3.1  AEIGÉACH

22  an Mhuir Aeigéach

23  Oileán na Créite

3.2  LEIVEANTACH

24  an Leiveaint Thuaidh

25  Oileán na Cipire

26  an Leiveaint Theas

27  an Leiveaint

AN MHUIR DHUBH

4.1  MARMARA

28  Muir Marmara

4.2  AN MHUIR DHUBH

29  An Mhuir Dhubh

4.3  MUIR MHEOID

30  Muir Mheoid

(B)    Tábla Fho-limistéir Gheografacha CGIM (FLGanna) (CGIM, 2009)

image

—   Ranna Staidrimh an EBT (dearg) — Fo-limistéir Gheografacha CGIM (dubh)

01

Muir Alboran Thuaidh

02

Oileán Alboran

03

Muir Alboran Theas

04

an Ailgéir

05

na hOileáin Bhailéaracha

06

Tuaisceart na Spáinne

07

Murascaill an Leoin

08

Oileán na Corsaice

09

an Mhuir Liogúrach agus Muir Thoirian Thuaidh

10

Muir Thoirian Theas agus Láir

11.1

an tSairdín (thiar)

11.2

an tSairdín (thoir)

12

Tuaisceart na Túinéise

13

Murascaill Hammamet

14

Murascaill Gabes

15

Oileán Mhálta

16

ó Dheas ón tSicil

17

Aidriadach Thuaidh

18

Muir Aidriad Theas

19

an Mhuir Iónach Thiar

20

an Mhuir Iónach Thoir

21

an Mhuir Iónach Theas

22

an Mhuir Aeigéach

23

Oileán na Créite

24

an Leiveaint Thuaidh

25

Oileán na Cipire

26

an Leiveaint Theas

27

an Leiveaint

28

an Mhuir Marmara

29

an Mhuir Dhubh

30

Muir Mheoid

(C)    Comhordanáidí geografacha d’Fho-limistéir Gheografacha CGIM (FLGanna) (CGIM, 2009)



FLGanna

TEORAINNEACHA

1

Líne an chósta

36° ó Thuaidh 5° 36′ Siar

36° ó Thuaidh 3° 20′ Siar

36° 05′ ó Thuaidh 3° 20′ Siar

36° 05′ ó Thuaidh 2° 40′ Siar

36° ó Thuaidh 2° 40′ Siar

36° ó Thuaidh 1° 30′ Siar

36° 30′ ó Thuaidh 1° 30′ Siar

36° 30′ ó Thuaidh 1° Siar

37° 36′ ó Thuaidh 1° Siar

2

36° 05′ ó Thuaidh 3° 20′ Siar

36° 05′ ó Thuaidh 2° 40′ Siar

35° 45′ ó Thuaidh 3° 20′ Siar

35° 45′ ó Thuaidh 2° 40′ Siar

3

Líne an chósta

36° ó Thuaidh 5° 36′ Siar

35° 49′ ó Thuaidh 5° 36′ Siar

36° ó Thuaidh 3° 20′ Siar

35° 45′ ó Thuaidh 3° 20′ Siar

35° 45′ ó Thuaidh 2° 40′ Siar

36° ó Thuaidh 2° 40′ Siar

36° ó Thuaidh 1° 13′ Siar

Teorainn Mharacó-na hAilgéire

4

Líne an chósta

36° ó Thuaidh 2° 13′ Siar

36° ó Thuaidh 1° 30′ Siar

36° 30′ ó Thuaidh 1° 30′ Siar

36° 30′ ó Thuaidh 1° Siar

37° ó Thuaidh 1° Siar

37° ó Thuaidh 0° 30′ Soir

38° ó Thuaidh 0° 30′ Soir

38° ó Thuaidh 8° 35′ Soir

Teorainn na hAilgéire-na Túinéise

Teorainn Mharacó-na hAilgéire

5

38° ó Thuaidh 0° 30′ Soir

39° 30′ ó Thuaidh 0° 30′ Soir

39° 30′ ó Thuaidh 1° 30′ Siar

40° ó Thuaidh 1° 30′ Soir

40° ó Thuaidh 2° Soir

40° 30′ ó Thuaidh 2° Soir

40° 30′ ó Thuaidh 6° Soir

38° ó Thuaidh 6° Soir

6

Líne an chósta

37° 36′ ó Thuaidh 1° Siar

37° ó Thuaidh 1° Siar

37° ó Thuaidh 0° 30′ Soir

39° 30′ ó Thuaidh 0° 30′ Soir

39° 30′ ó Thuaidh 1° 30′ Siar

40° ó Thuaidh 1° 30′ Soir

40° ó Thuaidh 2° Soir

40° 30′ ó Thuaidh 2° Soir

40° 30′ ó Thuaidh 6° Soir

41° 47′ ó Thuaidh 6° Soir

42° 26′ ó Thuaidh 3° 09′ Soir

7

Líne an chósta

42° 26′ ó Thuaidh 3° 09′ Soir

41° 20′ ó Thuaidh 8° Soir

Teorainn na Fraince-na hIodáile

8

43° 15′ ó Thuaidh 7° 38′ Soir

43° 15′ ó Thuaidh 9° 45′ Soir

41° 18′ ó Thuaidh 9° 45′ Soir

41° 20′ ó Thuaidh 8° Soir

41° 18′ ó Thuaidh 8° Soir

9

Líne an chósta

Teorainn na Fraince-na hIodáile

43° 15′ ó Thuaidh 7° 38′ Soir

43° 15′ ó Thuaidh 9° 45′ Soir

41° 18′ ó Thuaidh 9° 45′ Soir

41° 18′ ó Thuaidh 13° Soir

10

Líne an chósta (lena n-áirítear an tSicil Thuaidh)

41° 18′ ó Thuaidh 13° Soir

41° 18′ ó Thuaidh 11° Soir

38° ó Thuaidh 11° Soir

38° ó Thuaidh 12° 30′ Soir

11

41° 47′ ó Thuaidh 6° Soir

41° 18′ ó Thuaidh 6° Soir

41° 18′ ó Thuaidh 11° Soir

38° 30′ ó Thuaidh 11° Soir

38° 30′ ó Thuaidh 8° 30′ Soir

38° ó Thuaidh 8° 30′ Soir

38° ó Thuaidh 6° Soir

12

Líne an chósta

Teorainn na hAilgéire-na Túinéise

38° ó Thuaidh 8° 30′ Soir

38° 30′ ó Thuaidh 8° 30′ Soir

38° 30′ ó Thuaidh 11° Soir

38° ó Thuaidh 11° Soir

37° ó Thuaidh 12° Soir

37° ó Thuaidh 11° 04′ Soir

13

Líne an chósta

37° ó Thuaidh 11° 04′ Soir

37° ó Thuaidh 12° Soir

35° ó Thuaidh 13° 30′ Soir

35° ó Thuaidh 11° Soir

14

Líne an chósta

35° ó Thuaidh 11° Soir

35° ó Thuaidh 15° 18′ Soir

Teorainn na Túinéise-na Libia

15

36° 30′ ó Thuaidh 13° 30′ Soir

35° ó Thuaidh 13° 30′ Soir

35° ó Thuaidh 15° 18′ Soir

36° 30′ ó Thuaidh 15° 18′ Soir

16

Líne an chósta

38° ó Thuaidh 12° 30′ Soir

38° ó Thuaidh 11° Soir

37° ó Thuaidh 12° Soir

35° ó Thuaidh 13° 30′ Soir

36° 30′ ó Thuaidh 13° 30′ Soir

36° 30′ ó Thuaidh 15° 18′ Soir

37° ó Thuaidh 15° 18′ Soir

17

Líne an chósta

41° 55′ ó Thuaidh 15° 08′ Soir

Teorainn na Cróite-Mhontainéagró

18

Líne an chósta (an dá thaobh)

41° 55′ ó Thuaidh 15° 08′ Soir

40° 04′ ó Thuaidh 18° 29′ Soir

Teorainn na Cróite-Mhontainéagró

Teorainn na hAlbáine-na Gréige

19

Líne an chósta (lena n-áirítear an tSicil Thoir)

40° 04′ ó Thuaidh 18° 29′ Soir

37° ó Thuaidh 15° 18′ Soir

35° ó Thuaidh 15° 18′ Soir

35° ó Thuaidh 19° 10′ Soir

39° 58′ ó Thuaidh 19° 10′ Soir

20

Líne an chósta

Teorainn na hAlbáine-na Gréige

39° 58′ ó Thuaidh 19° 10′ Soir

35° ó Thuaidh 19° 10′ Soir

35° ó Thuaidh 23° Soir

36° 30′ ó Thuaidh 23° Soir

21

Líne an chósta

Teorainn na Túinéise-na Libia

35° ó Thuaidh 15° 18′ Soir

35° ó Thuaidh 23° Soir

34° ó Thuaidh 23° Soir

34° ó Thuaidh 25° 09′ Soir

Teorainn na hÉigipte-na Libia

22

Líne an chósta

36° 30′ ó Thuaidh 23° Soir

36° ó Thuaidh 23° Soir

36° ó Thuaidh 26° 30′ Soir

34° ó Thuaidh 26° 30′ Soir

34° ó Thuaidh 29° Soir

36° 43′ ó Thuaidh 29° Soir

23

36° ó Thuaidh 23° Soir

36° ó Thuaidh 26° 30′ Soir

34° ó Thuaidh 26° 30′ Soir

34° ó Thuaidh 23° Soir

24

Líne an chósta

36° 43′ ó Thuaidh 29° Soir

34° ó Thuaidh 29° Soir

34° ó Thuaidh 32° Soir

35° 47′ ó Thuaidh 32° Soir

35° 47′ ó Thuaidh 35° Soir

Teorainn na Tuirce-na Siria

25

35° 47′ ó Thuaidh 32° Soir

34° ó Thuaidh 32° Soir

34° ó Thuaidh 35° Soir

35° 47′ ó Thuaidh 35° Soir

26

Líne an chósta

Teorainn na hÉigipte-na Libia

34° ó Thuaidh 25° 09′ Soir

34° ó Thuaidh 34° 13′ Soir

Teorainn na hÉigipte-Stráice Gaza

27

Líne an chósta

Teorainn na hÉigipte-Stráice Gaza

34° ó Thuaidh 34° 13′ Soir

34° ó Thuaidh 35° Soir

35° 47′ ó Thuaidh 35° Soir

Teorainn na Tuirce-na Siria

28

 

29

 

30

 




IARSCRÍBHINN II

Nósanna imeachta cigireachta stát an chalafoirt maidir le soithí

1.   Soithí a shainaithint

Déanfaidh cigirí calafoirt an méid seo a leanas:

(a) fíoróidh siad gur doiciméadacht bhailí í an doiciméadacht oifigiúil atá ar bord, trí bhíthin teagmháil iomchuí a dhéanamh, más gá, le Stát na brataí nó trí thaifid idirnáisiúnta na soithí;

(b) nuair is gá, socróidh siad chun go ndéanfar aistriú oifigiúil ar an doiciméadacht;

(c) fíoróidh siad go bhfuil ainm agus bratach an tsoithigh, aon uimhir aitheantais sheachtrach agus marcálacha aitheantais seachtracha den soitheach (agus uimhir aitheantais loinge de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (“IMO”), más ar fáil di) agus an comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió ceart;

(d) scrúdóidh siad, a mhéid is féidir, ar athraíodh ainm agus/nó bratach an tsoithigh agus, i gcás inar athraíodh, nótálfaidh sé an t-ainm(na hainmneacha) agus an bhratach (na bratacha) a bhí aige roimhe sin;

(e) nótálfaidh siad an calafort clárúcháin, ainm agus seoladh an úinéara (agus an oibreora agus an úinéara thairbhigh murab ionann iad agus an t-úinéir), ainm agus seoladh an ghníomhaire agus mháistir an tsoithigh, lena n-áirítear an comhartha aitheantais uathúil don chuideachta agus don úinéir cláraithe más ar fáil dóibh; agus

(f) nótálfaidh siad ainmneacha agus seoltaí úinéirí a bhí ann roimhe sin, dá mba ann dóibh, i rith na gcúig bliana roimhe sin.

2.   Údaruithe

Fíoróidh na cigirí calafoirt go bhfuil údaruithe chun iascaireachta nó chun éisc nó táirgí iascaireachta a iompar ar aon dul leis an bhfaisnéis a fuarthas faoi phointe 1 agus scrúdóidh siad ré na n-údaruithe agus an fheidhm atá acu maidir le limistéir, speicis agus trealamh iascaireachta.

3.   Doiciméadacht eile

Déanfaidh cigirí calafoirt athbhreithniú ar an doiciméadacht ábhartha uile, lena n-áirítear doiciméadacht i bhformáid leictreonach. Leis an doiciméadacht ábhartha, d’fhéadfaí go n-áireofaí logleabhair, go háirithe an logleabhar iascaireachta, mar aon le liosta na foirne, pleananna stuála agus líníochtaí de na boilg éisc nó cur síos scríofa orthu. Féadfar cigireacht a dhéanamh ar na boilg nó na limistéir sin d’fhonn a fhíorú an gcomhfhreagraíonn a dtoise agus a ndéanamh do na líníochtaí nó do na tuairiscí sin agus d’fhonn a fhíorú go ndéantar an stuáil de réir na bpleananna stuála. I gcás inarb iomchuí, áireofar leis an doiciméadacht seo freisin doiciméid ghabhála nó doiciméid trádála arna n-eisiúint ag aon eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh.

4.   Trealamh iascaireachta

(a) Fíoróidh cigirí calafoirt gur i gcomhréir le coinníollacha na n-údaruithe é an trealamh iascaireachta atá ar bord. Féadfar an trealamh a sheiceáil freisin d’fhonn a áirithiú go mbeidh tréithe amhail, inter alia, toisí mogalra (agus aon fheistí a d’fhéadfadh a bheith ann), fad na n-eangach agus toise na nduán i gcomhréir leis na rialacháin atá infheidhme agus go gcomhfhreagraíonn marcanna aitheantais an trealaimh leis na marcanna atá údaraithe don soitheach.

(b) Féadfaidh cigirí calafoirt an soitheach a chuardach freisin chun aon trealamh iascaireachta atá stuáilte as radharc a aimsiú nó trealamh iascaireachta atá neamhdhleathach ar aon bhealach eile.

5.   Éisc agus táirgí iascaigh

(a) Scrúdóidh cigirí calafoirt, a mhéid is mó is féidir, maidir leis an gceist ar ghabhadh na héisc agus na táirgí iascaireachta atá ar bord i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach sna húdaruithe infheidhme. Agus é sin á dhéanamh acu, scrúdóidh cigirí calafoirt an logleabhar iascaireachta agus na tuarascálacha arna dtíolacadh, lena n-áirítear na tuarascálacha a tarchuireadh trí chóras faireacháin soithí (CFS), de réir mar is iomchuí.

(b) Chun na cainníochtaí agus na speicis atá ar bord a shuíomh, féadfaidh cigirí calafoirt na héisc a scrúdú sa bholg nó le linn don ghabháil a bheith á cur i dtír. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh cigirí calafoirt cartáin ina ndearnadh na héisc a phacáil roimh ré a oscailt agus na héisc nó na cartáin a bhogadh chun sláine bolg éisc a fhionnadh.

(c) Más rud é go bhfuil an soitheach á dhíluchtú, féadfaidh cigirí calafoirt a fhíorú na speicis agus na cainníochtaí arna gcur i dtír. Féadfar na nithe a leanas a áireamh leis an bhfíorú sin: cineál an táirge, beomheáchan (agus na cainníochtaí arna suíomh ón logleabhar) agus an fachtóir coinbhéartachta a úsáidtear chun meáchan próiseáilte a ríomh le hais beomheáchain. Féadfaidh cigirí calafoirt aon chainníochtaí a d’fhéadfadh a bheith á gcoimeád ar bord a scrúdú freisin.

(d) Féadfaidh cigirí calafoirt athbhreithniú a dhéanamh ar chainníocht agus ar mhianach na gabhála go léir atá ar bord, lena n-áirítear trína sampláil.

6.   Iascaireacht NNN a fhíorú

Tá feidhm ag Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

7.   Tuarascáil

Déanfaidh an cigire tuarascáil scríofa a ullmhú agus a shíniú ar chríochnú na cigireachta dó agus tabharfar cóip di do mháistir an tsoithigh.

8.   Torthaí cigireachtaí stát an chalafoirt

Le torthaí cigireachtaí stát an chalafoirt, áireofar an fhaisnéis a leanas, ar a laghad:

(1) Tagairtí maidir leis an gcigireacht

 An t-údarás cigireachta (ainm an údaráis chigireachta nó an chomhlachta mhalartaigh arna ainmniú ag an údarás),

 Ainm an chigire,

 Dáta agus am na cigireachta,

 Calafort na cigireachta (áit ina ndéantar an chigireacht ar an soitheach), agus

 Dáta (dáta a thugtar an tuarascáil chun críche).

(2) Soithí a shainaithint

 Ainm an tsoithigh,

 Cineál soithigh,

 Cineál trealaimh,

 Uimhir aitheantais sheachtrach (uimhir thaoibh an tsoithigh) agus uimhir an IMO (más ann di) nó uimhir eile de réir mar is iomchuí,

 Comhartha Aitheantais Idirnáisiúnta Raidió,

 Uimhir-A SMS (Uimhir Aitheantais na Seirbhíse Muirí Soghluaiste), más ann di,

 Stát na brataí (Stát ina bhfuil an soitheach cláraithe),

 Ainmneacha agus bratacha a bhí aige roimhe sin, más ann dóibh,

 Calafort baile (calafort clárúcháin an tsoithigh) agus calafoirt bhaile a bhí aige roimhe sin,

 Úinéir an tsoithigh (ainm, seoladh, sonraí teagmhála),

 Úinéir tairbheach an tsoithigh murab ionann é agus úinéir an tsoithigh (ainm, seoladh, sonraí teagmhála),

 Oibreoir an tsoithigh atá freagrach as úsáid an tsoithigh murab ionann é agus úinéir an tsoithigh (ainm, seoladh, sonraí teagmhála),

 Gníomhaire an tsoithigh (ainm, seoladh, sonraí teagmhála),

 Ainmneacha agus seoltaí úinéirí a bhí ann roimhe sin, más ann dóibh,

 Ainm, náisiúntacht agus cáilíochtaí muirí an mháistir agus an mháistir iascaireachta, agus

 Liosta foirne.

(3) Údarú iascaireachta (ceadúnais/ceadanna)

 Údaruithe na soithí chun iascaireachta nó chun éisc agus táirgí éisc a iompar,

 Stáit a d’eisigh na húdaruithe,

 Téarmaí na n-údaruithe, lena n-áirítear limistéir agus ré na n-údaruithe,

 Eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh is eagraíocht ábhartha,

 Limistéir, raon feidhme agus ré na n-údaruithe,

 Mionsonraí maidir leis an gcionroinnt arna údarú — cuóta, iarracht iascaireachta nó eile,

 Speicis, an fho-ghabháil agus an trealamh iascaireachta arna n-údarú, agus

 Taifid agus doiciméid maidir le trasloingsiú (nuair is infheidhme).

(4) Faisnéis faoin turas iascaireachta

 Dáta, am, crios agus áit inar cuireadh tús leis an turas iascaireachta reatha,

 Limistéir ar tugadh cuairt orthu (dul isteach agus dul amach ó limistéir éagsúla),

 Gníomhaíochtaí trasloingsithe ar muir (dáta, speicis, áit, cainníocht na n-éisc a trasloingsíodh),

 An calafort deireanach ar tugadh cuairt air,

 Dáta agus am a cuireadh críoch leis an turas iascaireachta reatha, agus

 An chéad chalafort cuarda eile atá beartaithe, mar is iomchuí.

(5) Toradh na cigireachta maidir leis an ngabháil éisc

 Tús agus deireadh an díluchtaithe (amanna agus dáta),

 Speicis éisc,

 Cineál táirge,

 Beomheáchan (cainníochtaí arna ndearbhú ón logleabhar),

 Fachtóir ábhartha coinbhéartachta,

 Meáchan próiseáilte (cainníochtaí a cuireadh i dtír de réir speiceas agus curtha i lathair),

 Beomheáchan coibhéiseach (cainníochtaí a cuireadh i dtír i mbeomheáchan coibhéiseach, mar “Meáchan an táirge iolraithe faoin bhfachtóir coinbhéartachta”),

 Ceann scríbe beartaithe na dtáirgí éisc agus iascaigh a ndearnadh cigireacht orthu, agus

 Cainníocht agus speicis éisc a coimeádadh ar bord, más ann dóibh.

(6) Torthaí na cigireachta ar threalamh

 Mionsonraí maidir leis na cineálacha trealaimh.

(7) Conclúidí

 Conclúidí na cigireachta, lena n-áirítear sainaithint na sáruithe a mheastar a bheith déanta agus tagairt do na rialacha ábhartha agus na bearta ábhartha. Beidh an fhianaise sin i gceangal leis an tuarascáil chigireachta.




IARSCRÍBHINN III

(A)    Deighilt Chabhlach CGIM/CCE



Grúpaí

< 6 mhéadar

6-12 mhéadar

12-24 mhéadar

Níos mó ná 24 mhéadar

1.  Soithigh mhionscála ilchineálacha gan inneall

A

 

 

2.  Soithigh mhionscála ilchineálacha a bhfuil inneall acu

B

C

 

 

3.  Trálaeir

 

D

E

F

4.  Báid pheas-saighneoireachta

 

G

H

5.  Soithigh spiléir

 

I

6.  Trálaeir Pheiligeacha

 

J

7.  Báid tuinnín-saighneoireachta

 

 

K

8.  Dreidirí

 

L

 

9.  Soithigh ilchineálacha

 

 

M

Tuairiscí ar dheighleoga

A

Soithigh mhionscála ilchineálacha gan inneall — Na soithigh uile ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) gan inneall (gaoth nó tiomáint).

B

Soithigh mhionscála ilchineálacha atá níos lú ná 6 m a bhfuil inneall acu — Na soithigh uile ar lú ná 6 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) a bhfuil inneall acu.

C

Soithigh mhionscála ilchineálacha atá idir 6 mhéadar agus 12 mhéadar a bhfuil inneall acu — Na soithigh uile ar idir 6 mhéadar agus 12 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) a bhfuil inneall acu, a úsáideann trealaimh éagsúla i gcaitheamh na bliana gan aon cheann áirithe a úsáid níos mó ná a chéile nó a úsáideann trealamh nach meastar a bheith san aicme seo.

D

Trálaeir atá níos lú ná 12 m — Na soithigh uile ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le trál grinnill.

E

Trálaeir atá idir 12 m agus 24 m — Na soithigh uile ar idir 12 mhéadar agus 24 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le trál grinnill.

F

Trálaeir atá níos faide ná 24 m — Na soithigh uile ar mó ná 24 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le trál grinnill.

G

Báid pheas-saighneoireachta atá idir 6 m agus 12 m — Na soithigh uile ar idir 6 mhéadar agus 12 mhéadar a bhfad foriomlán (FF) a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le peaslíon saighne.

H

Báid pheas-saighneoireachta atá níos faide ná 12 m — Na soithigh uile ar mó ná 12 m a bhfad foriomlán (FF), a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le peaslíon saighne, gan na soithigh siúd a úsáideann saighne tuinnín ag aon tráth den bhliain a chur san áireamh.

I

Soithigh spiléir atá níos faide ná 6 m — Na soithigh uile ar mó ná 6 m a bhfad foriomlán (FF) a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le spiléar.

J

Trálaeir Pheiligeacha atá níos faide ná 6 m — Na soithigh uile ar mó ná 6 mhéadar a bhfad foriomlán (FF), a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le trál peiligeach.

K

Báid Tuinnín-Saighneoireachta — Na soithigh uile a oibríonn le Saighne Tuinnín ar feadh aon tréimhse ama i rith na bliana.

L

Dreidirí atá níos faide ná 6 m — Na soithigh uile ar mó ná 6 mhéadar a bhfad (FF), a chionroinneann níos mó ná 50 faoin gcéad dá n-iarracht d’oibriú le dreidire.

M

Soithigh ilchineálacha atá níos faide ná 12 m — Na soithigh uile ar mó ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán (FF), a úsáideann trealaimh éagsúla i gcaitheamh na bliana gan aon cheann áirithe a úsáid níos mó ná a chéile nó soithigh a úsáideann trealamh nach gcuirtear san áireamh leis an aicme seo.

Nóta: Tá na cealla go léir ar oscailt chun faisnéis a bhailiú. Meastar i leith na gceallaí a fágadh bán sa tábla thuas nach dócha go mbeidh líon suntasach i gceist leo. Mar sin féin, más gá, tá sé inmholta an fhaisnéis i “gcill bhán” a chumaisc leis an “gcill liath” is iomchuí atá in aice léi.

(B)    Tábla maidir le iarracht ainmniúla iascaireachta a thomhas



Trealamh

Líon agus diminsean

Toilleadh

Gníomhaíocht

Iarracht Ainmniúil (1)

Dreidire (le haghaidh moileasc)

Béal oscailte, leithead an bhéil

Olltonnáiste

Tréimhse iascaireachta

Dromchla grinnill dreideáilte (2)

Trál (lena n-áirítear dreidirí le haghaidh leathóg)

Cineál tráil (peiligeach, grinnill)

Olltonnáiste agus/nó Olltonnáiste Cláraithe

Cumhacht innill

Toise an mhogalra

Toise na heangaí (leithead an bhéil)

Luas

Olltonnáiste

Tréimhse Iascaireachta

Olltonnáiste × laethanta

Olltonnáíste × uaireanta

kW × laethanta

Peaslíon saighne

Fad agus titim na heangaí

Olltonnáiste

Cumhacht solais

Líon na mbád beag

Olltonnáiste

Fad agus titim na heangaí

Am cuardaigh

Am ar ancaire

Olltonnáiste × méid amanna ar ancaire iascaireachta

Fad na heangaí × méid amanna ar ancaire iascaireachta

Eangacha

Cineál eangaí (e.g.. traimil, eangacha geolbhaí, etc.)

Fad na heangaí (arna úsáid i rialacháin)

Olltonnáiste

Dromchla na heangaí

Toise an mhogalra

Fad agus titim na heangaí

Tréimhse iascaireachta

Fad na heangaí × laethanta

Dromchla × laethanta

Spiléir

Líon duán

Olltonnáiste

Líon spiléar

Saintréithe na nduán

Baoite

Líon na nduán

Líon na n-aonad spiléir

Tréimhse iascaireachta

Líon na nduán × uaireanta

Líon duán × laethanta

Líon na n-aonad spiléir × laethanta/uaireanta

Gaistí

Olltonnáiste

Líon gaistí

Tréimhse iascaireachta

Líon gaistí × laethanta

Peaslíon saighne/FBEanna

Líon FBEanna

Líon FBEanna

Líon turas

Líon FBEanna × Líon turas

(1)   Ba cheart go dtagrófaí le tomhas na n-iarrachtaí nach n-áirítear gníomhaíocht ama leo do thréimhse ama (i.e. in aghaidh na bliana).

(2)   Ba cheart go ndéanfaí tagairt do limistéar ar leith (agus an dromchla á léiriú) chun déine na hiascaireachta a mheas (iarracht/km2) agus chun an iarracht a ghaolú le comhphobail atá á saothrú.

(C)    Tasc 1 ó CGIM — Aonaid Oibríochtúla

image



( 1 ) IO C 354, 28.12.2010, lch. 71.

( 2 ) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Deireadh Fómhair 2011. Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2011.

( 3 ) IO L 190, 4.7.1998, lch. 34.

( 4 ) IO L 409, 30.12.2006, lch. 11, de réir an cheartúcháin a cuireadh ina ionad (IO L 36, 8.2.2007, lch. 6.).

( 5 ) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

( 6 ) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

( 7 ) IO L 358, 31.12.2002, lch. 59.

( 8 ) IO L 5, 9.1.2004, lch. 25.

( 9 ) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

( 10 ) IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.

( 11 ) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

( 12 ) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

( 13 ) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

( 14 ) Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1).

( 15 ) IO L 322, 14.12.1999, lch. 3.

( 16 ) IO L 179, 23.6.1998, lch. 3.

Top