This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1045
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1045 of 24 June 2021 approving didecyldimethyl ammonium chloride as an active substance for use in biocidal products of product-types 3 and 4 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1045 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena bhformheastar clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1045 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena bhformheastar clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4457
IO L 225, 25.6.2021, p. 62–64
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 225/62 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1045 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Meitheamh 2021
lena bhformheastar clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha, a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile (DDAC) atá le hathainmniú chun críocha an Rialacháin seo mar chlóiríd amóiniam dédheicildhémheitile de thoradh na meastóireachta uirthi. |
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar chlóiríd amóiniam dédheicildhémheitile i ndáil lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 3, i dtáirgí bithicídeacha sláinteachais tréidliachta agus de chineál táirge 4, i ndífhabhtáin don láthair bhia agus bheatha mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhfhreagraíonn do chineálacha táirgí 3 agus 4 faoi seach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(3) |
Ainmníodh an Iodáil mar Bhallstát rapporteur agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta tuarascálacha measúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid an Choimisiúin an 10 Meán Fómhair 2012. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha na tuairimí ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (4) (“an Ghníomhaireacht”) an 6 Deireadh Fómhair 2020, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
(5) |
De réir na dtuairimí sin, féadfar a bheith ag súil go ndéanfaidh táirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 ina bhfuil clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1)(b), (c) agus (d) de Threoir 98/8/CE a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíontar sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid. |
(6) |
Agus tuairimí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh, is iomchuí clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile a fhormheas mar shubstaint ghníomhach a bhfuiltear lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4 faoi réir comhlíonadh sonraíochtaí agus coinníollacha áirithe. |
(7) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a ligean in éag sula bhformheastar substaint ghníomhach ionas gur féidir le páirtithe leasmhara na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 3 agus 4, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile; Na cineálacha táirgí: 3 agus 4; ECHA/BPC/265/2020 agus ECHA/BPC/266/2020, a glacadh an 6 Deireadh Fómhair 2020.
IARSCRÍBHINN
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Céannachta |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||||
Clóiríd amóiniam dédheicildhémheitile |
Ainm IUPAC: Clóiríd N,N-dédheicil-N,N-démheitiolamóiniam Uimh. CE: 230-525-2 Uimh. CAS: 7173-51-5 |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi: meáchan tirim 908 g/kg |
An 1 Samhain 2022 |
An 31 Deireadh Fómhair 2032 |
3 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
||||||||||
4 |
Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).