Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R2221

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2221 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aicéacuinicil, sileacáit alúmanaim, eimimeictin, aigéid shailleacha C7 go C20, peindémheatailin, olaí plandaí / ola ráibe agus tríchlóipir

C/2024/6230

IO L, 2024/2221, 9.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2221/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2221/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2221

9.9.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2221 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aicéacuinicil, sileacáit alúmanaim, eimimeictin, aigéid shailleacha C7 go C20, peindémheatailin, olaí plandaí / ola ráibe agus tríchlóipir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2006/74/CE ón gCoimisiún (2) formheasadh an tsubstaint ghníomhach tríchlóipir go dtí an 31 Bealtaine 2017. Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (3) formheasadh na substaintí gníomhacha sileacáit alúmanaim, aigéid shailleacha agus olaí plandaí / ola ráibe go dtí an 31 Lúnasa 2019.

(2)

De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, meastar na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE (4) ón gComhairle a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2013 ón gCoimisiún (5) formheasadh an tsubstaint ghníomhach eimimeictin go dtí an 30 Aibreán 2024. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 496/2014 ón gCoimisiún (6) formheasadh an tsubstaint ghníomhach aicéacuinicil go dtí an 31 Lúnasa 2024. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1114 ón gCoimisiún (7) rinneadh formheas na substainte gníomhaí peindémheatailin a athnuachan go dtí an 31 Lúnasa 2024.

(4)

Liostaítear formheasanna na substaintí gníomhacha sileacáit alúmanaim, aigéid shailleacha, olaí plandaí / ola ráibe agus tríchlóipir, faoi seach, i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (8). Liostaítear formheasanna na substaintí gníomhacha aicéacuinicil agus eimimeictin, faoi seach, i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún. Liostaítear formheas na substainte gníomhaí peindémheatailin i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (9) cuirtear síneadh leis na tréimhsí formheasa faoi seach a bhaineann leis na substaintí gníomhacha aicéacuinicil, eimimeictin agus peindémheatailin go dtí an 30 Samhain 2024.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2023/1446 ón gCoimisiún (10) cuirtear síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sileacáit alúmanaim, aigéid shailleacha, olaí plandaí / ola ráibe, faoi seach, go dtí 15 Nollaig 2024.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún (11) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí tríchlóipir go dtí an 15 Nollaig 2024.

(8)

Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas gach ceann de na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (12), 3 bliana roimh dháta éaga na substaintí gníomhacha sin ar cuireadh síneadh leis. Na Ballstáit is rapóirtéirí maidir le haicéacuinicil, sileacáit alúmanaim, eimimeictin, aigéid shailleacha C7 go C20, peindémheatailin, olaí plandaí / ola síl ráibe agus tríchlóipir, faoi seach, chuir na Ballstáit sin an Ballstát is comhrapóirtéir, an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an eolas go raibh measúnú déanta acu ar inghlacthacht, go háirithe iomláine agus tráthúlacht, gach ceann de na hiarratais sin an 23 Bealtaine 2023, an 6 Nollaig 2016, an 29 Feabhra 2016, an 23 Lúnasa 2022, an 4 Meitheamh 2018, an 9 Nollaig 2015, an 1 Feabhra 2022, an 29 Meán Fómhair 2016 agus an 4 Meán Fómhair 2014, faoi seach, agus gur tháinig siad ar an gconclúid go raibh siad inghlactha.

(9)

Maidir le formheasanna na substaintí gníomhacha aicéacuinicil, eimimeictin, aigéid shailleacha C7 go C20 agus peindémheatailin a athnuachan, faoi seach, tá gá le breis ama ag an Údarás chun an measúnú riosca ar na substaintí sin a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhairliúchán poiblí agus comhairliúchán le saineolaithe. Tá gá le breis ama ag an gCoimisiún chun an cinneadh maidir le bainistiú riosca a bheidh ina thoradh air sin a ghlacadh.

(10)

Maidir leis na substaintí gníomhacha sileacáit alúmanaim, olaí plandaí / ola ráibe agus tríchlóipir, chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh ina leith faoi bhráid an iarratasóra, na mBallstát agus an Choimisiúin. Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le formheasanna na substaintí gníomhacha sin a athnuachan faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(11)

Ós rud é gur dócha, dá bhrí sin, nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa in éag an 15 Samhain 2024, 30 Samhain 2024 agus an 15 Nollaig 2024, faoi seach, agus nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta lena mbaineann maidir leis an bhformheas a athnuachan.

(12)

Ós rud é go bhfuil gá le breis ama ag an Údarás chun teacht ar chonclúid maidir leis an measúnú riosca ar na substaintí gníomhacha aicéacuinicil, eimimeictin agus aigéid shailleacha C7 go C20, ba cheart tréimhse 23 mhí agus 2 sheachtain de shíneadh ar an tréimhse formheasa a shocrú i gcás na substaintí gníomhacha sin. I gcás na substainte gníomhaí peindémheatailin, tá gá le 2 mhí bhreise chun an comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche de bhun Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún, agus dá bhrí sin, ba cheart síneadh 25 mhí agus 2 sheachtain le tréimhse formheasa a shocrú i gcás na substainte gníomhaí sin.

(13)

Maidir leis na substaintí gníomhacha sileacáit alúmanaim, olaí plandaí / ola síl ráibe agus tríchlóipir, tá fógairt na tuairime ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha ar feitheamh, agus i bhfianaise an ama is gá chun gach nós imeachta athnuachana a chur i gcrích, ba cheart fad an tsínidh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin a shocrú ag 15 mhí agus 2 sheachtain agus ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(14)

I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear nach ndéantar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan, is é an dáta a leagfaidh an Coimisiún síos mar dháta éaga dáta theacht i bhfeidhm Rialacháin seo nó an dáta céanna a bhí ann roimh ghlacadh an Rialacháin seo, cibé dáta acu sin is déanaí. I gcás ina nglacann an Coimisiún Rialachán lena bhforáiltear maidir le hathnuachan formheasa substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Treoir 2006/74/CE ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2006 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun déchlórpróp-P, meatconasól, pirimeatanail agus tríchlóipir a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 235, 30.8.2006, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/74/oj).

(3)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/127/oj).

(4)   IO L 230, 19.8.1991, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj (níl leagan Gaeilge ann).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2013 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach eimimeictin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 232, 30.8.2013, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/828/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 496/2014 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach aicéacuinicil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 143, 15.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/496/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1114 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2017 lena ndéantar fhormheas na substainte gníomhaí peindémheatailin a athnuachan, mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 162, 23.6.2017, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/1114/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacanól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flocsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití potaisiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2007/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1446 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, cairbíd chailciam, ciamocsainil, dódamorf, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, floiniocaimíd (IKI-220), aigéad gibriline, gibriliní, halasulfúrón-meitil, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd mhaignéisiam, maltaideistrin, meitimíotrón, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, comhdhúile pireatraim, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 178, 13.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1446/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/689 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis an síneadh ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), ciopróidínil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, malaitian, meapainipirim, meatconasól, meitrifeanón, pirimeacarb, piridibein, pirimeiteanail, riomsulfúrón, spionasad, Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí T. harzianum roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí T. viride roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 91, 29.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/689/oj).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1740/oj).


IARSCRÍBHINN

1.

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 136, tríchlóipir, cuirtear ‘an 31 Márta 2026’ in ionad an dáta atá ann;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 220, sileacáit alúmanaim, cuirtear ‘31 Márta 2026’ in ionad an dáta atá ann;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 242, olaí planda / ola ráibe, cuirtear ‘31 Márta 2026’ in ionad an dáta atá ann;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 230, Aigéid shailleacha C7 go C20:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘230

Aigéid shailleacha C7 go C20

Uimh. CAS 112-05-0 (Aigéad Peileargónach)

67701-09-1 (Aigéid shailleacha C7-C18 agus salainn photaisiam neamhsháithithe C18)

124-07-2 (Aigéad Capraileach)

334-48-5 (Aigéad Caprach)

Aigéad naonánóch

Aigéad Capraileach, Aigéad Peileargónach, Aigéad Caprach, Aigéad Lárach, Aigéad Oiléach (ISO i ngach cás)

Aigéad Ochtánóch, Aigéad Naonánóch, Aigéad Deacanóch, Aigéad Dóideacanóch, Aigéad cis-9-Ochtaideicéanóch (IUPAC i ngach cás))

Aigéid shailleacha C7-C10, Eistir Mheitile

≥ 889 g/kg (Aigéad Peileargónach)

≥ 838 g/kg aigéid shailleacha

≥ 99 % eistir mheitile aigéid shailligh

1 Meán Fómhair 2009

1 Nollaig 2026

CUID A

Ní fhéadfar ach úsáidí mar fheithidicíd, acairicíd, agus luibhicíd agus rialaitheoir fáis plandaí a údarú.

CUID B

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le haigéid shailleacha (SANCO/2610/2008) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de, arna dtabhairt chun críche sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe.

Áireofar ar na coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí, bearta maolaithe riosca.’

143-07-7 (Aigéad Lárach)

112-80-1 (Aigéad Oiléach)

85566-26-3 (Eistir Mheitile)

111-11-5 (Ochtánóáit mheitile)

110-42-9 (Deacanáit mheitile)

Uimh. CIPAC: gan aon uimhir sannta

Aigéad naonánóch

Aigéad Capraileach, Aigéad Peileargónach, Aigéad Caprach, Aigéad Lárach, Aigéad Oiléach (ISO i ngach cás)

Aigéad Ochtánóch, Aigéad Naonánóch, Aigéad Deacanóch, Aigéad Dóideacanóch, Aigéad cis-9-Ochtaideicéanóch (IUPAC i ngach cás))

Aigéid shailleacha C7-C10, Eistir Mheitile

≥ 889 g/kg (Aigéad Peileargónach)

≥ 838 g/kg aigéid shailleacha

≥ 99 % eistir mheitile aigéid shailligh

1 Meán Fómhair 2009

31 Lúnasa 2024

2.

Leasaítear Cuid B mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 49, eimimeictin, cuirtear ‘an 15 Samhain 2026’ in ionad an dáta atá ann;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 72, aicéacuinicil, cuirtear ‘15 Samhain 2026’ in ionad an dáta atá ann;

3.

i gCuid E, sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 7, peindémheatailin, cuirtear ‘15 Eanáir 2027’ in ionad an dáta atá ann.


(1)  Soláthraítear mionsonraí breise maidir le céannacht agus sonraíocht na substainte gníomhaí sa tuarascáil athnuachana.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2221/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top