EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1935

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1935 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

ST/12469/2022/INIT

IO L 268, 14.10.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1935/oj

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 268/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1935 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (1) agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart an ráiteas ar chúiseanna maidir le beirt daoine nádúrtha a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. BLAŽEK


(1)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716, faoin teideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3 agus 19:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“3.

Francisco Javier DÍAZ MADRIZ

Dáta breithe: 3/8/1961

Inscne: fireann

Ard-Stiúrthóir Nicaraguan National Police (NNP) ón 23 Lúnasa 2018 agus iar-Leas-Ard-Stiúrthóir NNP. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a chur faoi chois, lena n-áirítear bheith i gceannas ar fhórsaí póilíneachta a bhfuil baint acu le foréigean i gcoinne sibhialtach, lena n-áirítear úsáid iomarcach an fhornirt, gabháil agus coinneáil threallach agus céastóireacht. In 2021, rinne sé na himscrúduithe chun cásanna a bhunú i gcoinne cheannairí an fhreasúra a gabhadh roimh na toghcháin.

4.5.2020

19.

Lumberto Ignacio CAMPBELL HOOKER

Comhalta den Supreme Electoral Council, Uachtarán gníomhach ar an Supreme Electoral Council in 2018

Dáta breithe: 3.12.1949

Áit bhreithe: Raas, Nicaragua

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Pasuimhir: A00001109 (Nicaragua)

Uimhir aitheantais: 6010302490003J

Tá Lumberto Ignacio Campbell Hooker ina chomhalta den Supreme Electoral Council (SEC) ó 2014, ar comhlacht é atá freagrach as ullmhúchán, reáchtáil agus deimhniú olltoghcháin an 7 Samhain 2021 a bhain an bonn ó institiúidí daonlathacha agus ó phróisis dhaonlathacha de bharr easpa trédhearcachta chomh maith le fíor-fhreasúra agus díospóireacht dhaonlathach a bheith in easnamh. Thóg SEC an deis ón bhfreasúra seasamh i saorthoghcháin agus d’áirithigh sé eagrú na vótála i ndálaí neamhdhaonlathacha. Rinne an Comhthionól Ginearálta a shainordú mar chomhalta de SEC a athnuachan i mí na Bealtaine 2021.

Labhair sé leis na meáin le linn na dtoghchán an 7 Samhain 2021, agus thug sé údar agus ardmholadh dá n-eagraíocht.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an bhfreasúra daonlathach a chur faoi chois agus as an mbonn a bhaint ón daonlathas agus ón smacht reachta i Nicearagua.

10.1.2022”.


Top