EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0539
Council Implementing Decision (CFSP) 2022/539 of 4 April 2022 implementing Decision 2013/255/CFSP concerning restrictive measures against Syria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/539 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/539 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
ST/7383/2022/INIT
IO L 106, 5.4.2022, p. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 106/13 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/539 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Aibreán 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
(2) |
Mar thoradh ar mheastóireacht ar na cúinsí ábhartha, ba cheart dhá iontráil a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
R. BACHELOT-NARQUIN
IARSCRÍBHINN
Scriostar na hiontrálacha seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
270. |
Bashar Mohammad ASSI; |
286. |
Khaldoun AL-ZOUBI. |