EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0903

Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)

PE/73/2023/REV/1

IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/903

22.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/903 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2024

lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá forbairt idir-inoibritheachta trasteorann na gcóras gréasán agus faisnéise a neartú, ar córais iad a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas, ionas go mbeidh córais riaracháin phoiblí san Aontas in ann oibriú i gcomhar lena chéile agus chun go bhfeidhmeoidh seirbhísí poiblí thar theorainneacha. Ba cheart creat dlíthiúil soiléir a chur in ionad an chomhair neamhfhoirmiúil atá ann cheana chun idir-inoibritheacht a chumasú thar leibhéil riaracháin éagsúla agus earnálacha éagsúla agus chun sreabha sonraí trasteorann rianúla le haghaidh seirbhísí digiteacha fíor-Eorpacha a éascú, ar seirbhísí iad a neartaíonn an margadh inmheánach, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú ag an am céanna acu. Tá tionchar suntasach ag idir-inoibritheacht na hearnála poiblí ar an gceart chun saorghluaiseachta earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a leagtar síos sna Conarthaí, toisc gur féidir le nósanna imeachta riaracháin lena ngabhann ualach mór a bheith ina gconstaicí suntasacha, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(2)

Le comhar maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann idir comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, is féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, go háirithe sna réigiúin teorann, agus is féidir sreabha sonraí trasteorann rianúla a áirithiú.

(3)

Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair le breis agus 20 bliain anuas chun tacú le nuachóiriú na riarachán phoiblí trí chlaochlú digiteach agus chun na hidirnaisc dhoimhne is gá a chothú le haghaidh spás digiteach fíor-Eorpach. Sa teachtaireacht uaidh an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití], leag an Coimisiún béim ar an ngá atá le dlús a chur le digitiú seirbhísí poiblí faoi 2030, lena n-áirítear trí idir-inoibritheacht a áirithiú ar gach leibhéal riaracháin agus fud na seirbhísí poiblí. Thairis sin, le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), socraítear sprioc shoiléir go mbeadh príomhsheirbhísí poiblí 100 % inrochtana ar líne faoi 2030. Ina theannta sin, le paindéim COVID-19, méadaíodh luas an digitithe, rud a chuir brú ar chórais riaracháin phoiblí dul in oiriúint don pharaidím ar líne, lena n-áirítear i ndáil le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann, chomh maith le húsáid níos cliste agus níos glaise teicneolaíochtaí i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh a shocraítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú ar bhealach suntasach leis na cuspóirí sin de chuid an Aontais trí chreat comhair struchtúraithe a chruthú maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann i measc na mBallstát agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun tacú le seirbhísí poiblí digiteacha a chur ar bun, rud a chabhródh le costais a laghdú agus am a shábháil do shaoránaigh, gnólachtaí agus an earnáil phoiblí.

(4)

Chun an idir-inoibritheacht trasteorann san Aontas a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach a chur i dtábhacht nach n-áirithítear leis an idir-inoibritheacht aisti féin, cé go bhfuil fíorthábhacht ag baint léi, inrochtaineacht ná comhleanúnachas na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha. Tá éiceachóras cuimsitheach inbhuanaithe bonneagar digiteach, le tacaíocht airgeadais leordhóthanach, chomh tábhachtach céanna chun na cuspóirí a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach. I gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe AE – I dtreo ceantair thuaithe atá níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2040], ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar nascacht a leathnú chuig limistéir thuaithe agus iargúlta laistigh den Aontas, chuig limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus chuig réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu amhail na réigiúin oileánacha, na réigiúin trasteorann agus na réigiúin shléibhteacha lena n-áirithítear go mbeidh tairbhí an chlaochlaithe dhigitigh ag teacht agus ag tacú le tionscnaimh sheanbhunaithe de chuid an Aontais lena bhféachtar le feabhas a chur ar an gcuimsitheacht réigiúnach agus an nascacht réigiúnach.

(5)

Agus an idir-inoibritheacht trasteorann á forbairt le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha mar a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart idir-inoibritheacht dhlíthiúil a chur san áireamh. Mar chatalaíoch chun idir-inoibritheacht eagraíochtúil, shéimeantach agus theicniúil a fhorbairt, déanann an idir-inoibritheacht dhlíthiúil gur fusa leas a bhaint as tairbhí na hidir-inoibritheachta trasteorann i gcoitinne, lena n-áirítear rochtain thapa a bheith ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí níos tapúla a bheith ann agus constaicí riaracháin a laghdú. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil an bhacainn teanga ar cheann de na constaicí ar idir-inoibritheacht, ar athúsáid réiteach agus ar bhunú seirbhísí trasteorann, tá idir-inoibritheacht shéimeantach ríthábhachtach chun cumarsáid éifeachtach a éascú i dtimpeallachtaí ilteanga éagsúla, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil.

(6)

Is é atá i gceist le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha seirbhísí digiteacha a sholáthraíonn eintitis de chuid an Aontais nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí dá chéile nó do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha san Aontas, agus dá dteastaíonn idirghníomhaíocht thar theorainneacha na mBallstát, i measc eintitis de chuid an Aontais nó idir eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, trí bhíthin a gcóras gréasán agus faisnéise. Ba cheart a áireamh ar na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, inter alia, na príomhsheirbhísí poiblí mar a shainmhínítear i gCinneadh (AE) 2022/2481, lena gcumhdaítear seirbhísí riachtanacha atá ábhartha do mhórtheagmhais saoil do dhaoine nádúrtha, amhail post a fháil nó staidéir, agus do dhaoine dlítheanacha ina saolré ghairmiúil. Is é is aidhm do phríomhsheirbhísí poiblí a bhfuil ábharthacht thras-Eorpach ag baint leo a bheith ina gcúis le tairbhí móra do shaoránaigh i gcás ina mbeidh siad idir-inoibritheach thar theorainneacha. Is samplaí de sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha iad seirbhísí lena gceadaítear, trí bhíthin malartuithe trasteorann sonraí, aitheantas frithpháirteach dioplómaí acadúla nó cáilíochtaí gairmiúla, malartuithe sonraí feithiclí le haghaidh sábháilteacht ar bhóithre, rochtain ar shonraí slándála sóisialta agus sláinte, lena n-áirítear deimhnithe paindéime agus vacsaínithe, rochtain ar chórais ionaid ilfhreastail, malartú faisnéise a bhaineann le cánachas, custaim, creidiúnú tairisceana poiblí, ceadúnais tiomána dhigiteacha nó cláir thráchtála, agus, go ginearálta, na seirbhísí uile lena gcuirtear prionsabal na haonuaire chun feidhme maidir le rochtain ar shonraí trasteorann agus malartú sonraí trasteorann.

(7)

Gan dochar don inniúlacht atá ag na Ballstáit a shainiú cad atá i gceist le seirbhísí poiblí, moltar d’eintitis de chuid an Aontais agus do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí machnamh a dhéanamh ar riachtanais úsáideoirí agus ar inrochtaineacht agus seirbhísí den sórt sin á ndearadh agus á bhforbairt acu, i gcomhréir le Dearbhú Eorpach an 15 Nollaig 2022 maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití (6). Ina theannta sin, moltar d’eintitis de chuid an Aontais agus do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a áirithiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus grúpaí leochaileacha eile in ann seirbhísí poiblí a úsáid ar leibhéil seirbhíse atá inchomparáide leo siúd a sholáthraítear do shaoránaigh eile.

(8)

Ba cheart struchtúr nua rialachais a bhunú, agus an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach (‘an Bord’) ina chroílár, agus ba cheart sainordú dlíthiúil a bheith aige chun forbairt bhreise ar idir-inoibritheacht trasteorann san Aontas a spreagadh in éineacht leis an gCoimisiún, lena n-áirítear an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI) agus réitigh chomhchoiteanna idir-inoibritheachta dhlíthiúla, eagraíochtúla, shéimeantacha agus theicniúla eile, amhail sonraíochtaí agus feidhmchláir. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo, ba cheart lipéad soiléir so-aitheanta a bhunú le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta áirithe (Réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach). Ba cheart cruthú pobail bheoga thart timpeall réitigh teicneolaíochta rialtais oscailte a chothú.

(9)

Beidh ról gníomhach ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla maidir le réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt. Ba cheart dóibh féachaint freisin le rannpháirt a thabhairt do FBManna, d’eagraíochtaí taighde agus oideachais agus don tsochaí shibhialta agus ba cheart dóibh torthaí na dteagmhálacha sin a chomhroinnt.

(10)

Is ar mhaithe le cur chuige comhsheasmhach i leith idir-inoibritheacht na hearnála poiblí san Aontas agus ar mhaithe le tacú le prionsabal an dea-riaracháin agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta agus neamhphearsanta laistigh den Aontas atá sé na rialacha a ailíniú a mhéid is féidir le haghaidh eintitis uile an Aontais agus chomhlachtaí uile na hearnála poiblí a leagann síos ceanglais cheangailteacha le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, agus, ar an gcaoi sin, tionchar a imirt ar chumas na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí sin sonraí a chomhroinnt trína gcórais gréasán agus faisnéise. Áirítear leis an gcuspóir sin an Coimisiún agus eintitis eile de chuid an Aontais, chomh maith le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sna Ballstáit ar gach leibhéal riaracháin: an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Tá ról tábhachtach ag eintitis de chuid an Aontais maidir le sonraí tuairiscithe rialála a bhailiú ó na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart d’idir-inoibritheacht sonraí den sórt sin teacht laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

(11)

Déantar coimirciú ar an gceart bunúsach go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe le Rialacháin (AE) 2016/679 (7) agus (AE) 2018/1725 (8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ina theannta sin, le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), cosnaítear an saol príobháideach agus rúndacht na cumarsáide, lena n-áirítear trí bhíthin coinníollacha maidir le haon stóráil sonraí pearsanta nó neamhphearsanta i dtrealamh teirminéil nó maidir le haon rochtain ar na sonraí pearsanta nó neamhphearsanta sin ó threalamh teirminéil. Leis na gníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais, cuirtear an bunús ar fáil le haghaidh próiseáil sonraí atá inbhuanaithe agus freagrach, lena n-áirítear i gcás ina n-áirítear i dtacair sonraí meascán de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Leis an Rialachán seo, comhlánaítear dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, agus ní dochar an Rialachán seo don dlí sin. Níor cheart aon fhoráil den Rialachán seo a chur i bhfeidhm nó a léiriú ar chaoi a laghdódh nó a theorannódh an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint nó an ceart chun príobháideachais agus rúndacht na cumarsáide.

(12)

Ní trí bhíthin bonneagair dhigiteacha láraithe sna Ballstáit amháin a dhéantar idir-inoibritheacht trasteorann a chumasú, ach déantar í a chumasú trí bhíthin cur chuige díláraithe freisin. Leis sin, tá gá le muinín idir córais riaracháin phoiblí, rud a fhágfadh go mbeifí in ann sonraí a mhalartú idir córais riaracháin áitiúla i mBallstáit éagsúla gan gá le dul trí nóid náisiúnta. Dá bhrí sin, is gá réitigh chomhchoiteanna idir-inoibritheachta a fhorbairt atá in-athúsáidte ar gach leibhéal riaracháin. Le réitigh idir-inoibritheachta, cuimsítear foirmeacha éagsúla, ó uirlisí ardleibhéil ar nós creataí coincheapúla agus treoirlínte go réitigh níos teicniúla amhail ailtireachtaí tagartha, sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin. Thairis sin, is féidir le seirbhísí nithiúla agus feidhmchláir nithiúla, chomh maith le comhpháirteanna teicniúla doiciméadaithe amhail cód foinseach, lena n-áirítear déantáin agus samhlacha intleachta saorga, a bheith ina réitigh idir-inoibritheachta, má thugann siad aghaidh ar ghnéithe dlíthiúla, eagraíochtúla, séimeantacha nó teicniúla na hidir-inoibritheachta trasteorann. Tá méadú ag teacht ar na riachtanais maidir le hidirghníomhaíochtaí digiteacha trasteorann, rud a chiallaíonn gur gá réitigh a fháil ar féidir leo na riachtanais sin a chomhlíonadh. Leis an Rialachán seo, beartaítear an malartú ag gach leibhéal riaracháin a éascú agus a spreagadh, trí na bacainní trasteorann agus na hualaí riaracháin a shárú, agus ar an gcaoi sin éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí ar fud an Aontais a mhéadú.

(13)

Leis an idir-inoibritheacht, éascaítear beartais a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe na beartais sin a bhfuil ceangal láidir acu leis an earnáil phoiblí, amhail ceartas agus gnóthaí baile, cánachas agus custaim, iompar, fuinneamh, sláinte, talmhaíocht, agus fostaíocht, agus i rialáil gnó agus tionscal chomh maith. Mar sin féin, más teoranta d’aon earnáil amháin atá an pheirspictíocht idir-inoibritheachta, tá an riosca ann, dá ndéanfaí réitigh éagsúla nó neamh-chomhoiriúnacha a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal earnálach, go dtiocfadh bacainní nua leictreonacha chun cinn a chuireann bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus na saoirsí gluaiseachta a bhaineann leis. Thairis sin, tá baol ann go mbainfí an bonn d’oscailteacht agus iomaíochas na margaí agus de sheachadadh seirbhísí leasa ghinearálta do shaoránaigh agus do ghnó. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo idir-inoibritheacht trasearnálach a éascú agus a spreagadh agus ba cheart feidhm a bheith aige maidir léi, agus ar an gcaoi sin, thacófaí le deireadh a chur le bacainní, neamh-chomhoiriúnachtaí agus ilroinnt na seirbhísí poiblí digiteacha.

(14)

Chun deireadh a chur le hilroinnt sa tírdhreach idir-inoibritheachta san Aontas, ba cheart comhthuiscint ar idir-inoibritheacht san Aontas agus cur chuige iomlánaíoch maidir le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun cinn. Le comhar struchtúraithe, ba cheart tacú le bearta lena ndéantar cur ar bun bheartas na hidir-inoibritheachta trí dhearadh atá réidh don digitiú a chur chun cinn. Thairis sin, ba cheart don chomhar struchtúraithe sin bainistiú éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil bhonneagair na seirbhísí digiteacha agus a gcomhpháirteanna faoi seach a chur chun cinn i measc eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, ar eintitis agus comhlachtaí iad a cheadaíonn go mbunófaí agus go n-oibreofaí seirbhísí poiblí atá inbhuanaithe agus éifeachtúil, agus é mar aidhm an inrochtaineacht a áirithiú go dtí an rannán riaracháin is ísle.

(15)

Is féidir le heintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ceanglais cheangailteacha a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha. Chun a áirithiú go bhfuil seirbhísí den sórt sin in ann sonraí a mhalartú ar bhonn trasteorann, ba cheart sásra a bhunú ionas gur féidir teacht ar bhacainní dlíthiúla, eagraíochtúla, séimeantacha agus teicniúla ar an idir-inoibritheacht trasteorann (measúnú idir-inoibritheachta). Ba cheart a áirithiú leis an sásra sin go dtabharfaí aird leordhóthanach ar ghnéithe idir-inoibritheachta trasteorann sna cinntí uile a d’fhéadfadh éifeacht a bheith acu ar dhearadh seirbhísí den sórt sin.

(16)

Chun ceanglais cheangailteacha a bhunú le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, tá sé tábhachtach díriú ar an ngné idir-inoibritheachta a luaithe is féidir sa phróiseas ceaptha beartas de réir prionsabal an digitithe mar réamhshocrú agus de réir an chur chuige idir-inoibritheachta trí dhearadh. Dá bhrí sin, maidir le heintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais cheangailteacha a leagan síos i ndáil le seirbhís phoiblí dhigiteach thras-Eorpach amháin nó níos mó a bhfuil éifeacht acu ar an idir-inoibritheacht trasteorann, mar shampla le linn dhigitiú na bpríomhsheirbhísí poiblí dá dtagraítear i gCinneadh (AE) 2022/2481, ba cheart dó measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh. Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chúraim sin a áirithiú, is féidir le Ballstát cinneadh a dhéanamh faoi na hacmhainní inmheánacha agus faoin gcomhoibriú idir a chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí atá riachtanach chun tacú leis na measúnuithe idir-inoibritheachta sin a dhéanamh.

(17)

Tá gá le measúnú idir-inoibritheachta chun méid thionchar na gceanglas atá beartaithe a thuiscint agus chun bearta a mholadh chun tairbhe a bhaint astu agus chun aghaidh a thabhairt ar na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist. I gcásanna nach bhfuil measúnú idir-inoibritheachta éigeantach, ba cheart d’eintiteas an Aontais nó do chomhlacht na hearnála poiblí a bheith in ann an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh ar bhonn deonach. Dá bhrí sin, cothaítear leis an Rialachán seo an idir-inoibritheacht i gcoitinne.

(18)

Áirítear ar cheanglais cheangailteacha aon oibleagáidí, toirmisc, coinníollacha, critéir, nó teorainneacha de chineál dlíthiúil, eagraíochtúil, séimeantach nó teicniúil atá i ndlí, i rialachán, i bhforáil riaracháin, i gconradh, i nglao ar thairiscintí, nó i doiciméad oifigiúil eile. Bíonn éifeacht ag ceanglais cheangailteacha ar sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha agus na córais gréasán agus faisnéise a úsáidtear chun iad a sholáthar, ó thaobh na caoi a ndéantar iad a dhearadh, a sholáthar, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, rud a bhfuil tionchar aige freisin ar shreafaí na sonraí isteach nó amach sna seirbhísí sin. Mar sin féin, cúraimí amhail cothabháil éabhlóideach nach dtugtar athrú substainteach isteach leo, nuashonruithe slándála nó teicniúla, nó soláthar simplí trealaimh chaighdeánaigh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), ní dhéanann siad difear de ghnáth d’idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, agus, dá bhrí sin, níl siad ina gcúis le measúnú éigeantach idir-inoibritheachta de réir bhrí an Rialacháin seo a dhéanamh.

(19)

An cur chuige maidir le measúnuithe idir-inoibritheachta a dhéanamh, ba cheart dó a bheith comhréireach agus difreáilte i gcomhréir leis an leibhéal ar a ndéantar iad agus lena raon feidhme. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith réasúnta agus tíosach go mbeadh ábhar an mheasúnaithe idir-inoibritheachta níos leithne ná aon tionscadal amháin, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí feidhmchlár coiteann nó ardán coiteann próiseála a bhunú. I gcásanna den sórt sin, ba cheart a mholadh go láidir go rachadh an measúnú idir-inoibritheachta níos faide ná baint amach chuspóirí na hEorpa Idir-inoibrithí i dtreo chur chun feidhme iomlán na hidir-inoibritheachta. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart na ceanglais maidir le measúnuithe idir-inoibritheachta a dhéantar ar leibhéal cur chun feidhme tionscadail aonair, amhail in údarás áitiúil, a bheith pragmatach agus ba cheart fócas cúng a bheith ann, agus é á chur san áireamh go mbaintear tairbhí níos leithne na measúnuithe idir-inoibritheachta amach de ghnáth ag na céimeanna luatha den cheapadh beartais agus d’fhorbairt na hailtireachta tagartha, na sonraíochtaí agus na gcaighdeán. I gcás ina nglacann an Bord treoirlínte maidir le hábhar an mheasúnaithe idir-inoibritheachta, ba cheart don Bhord acmhainneacht comhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla de chuid na hearnála poiblí, i measc nithe eile, a chur san áireamh agus ba cheart dó ualach riaracháin iomarcach a sheachaint.

(20)

Agus é ag dul i gcomhairle leo siúd a ndéantar difear díreach dóibh nó dá n-ionadaithe, ba cheart d’eintiteas an Aontais nó do chomhlacht na hearnála poiblí a bheith in ann úsáid a bhaint as cleachtais chomhairliúcháin sheanbhunaithe agus as sonraí reatha.

(21)

Leis an measúnú idir-inoibritheachta, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ar an idir-inoibritheacht trasteorann ag na ceanglais cheangailteacha atá beartaithe le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, mar shampla, ag féachaint do bhunús, cineál, sainiúlacht agus scála na n-éifeachtaí sin. Ba cheart toradh an mheasúnaithe sin a chur san áireamh agus na bearta iomchuí á gcinneadh atá riachtanach chun na ceanglais cheangailteacha le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a bhunú nó a mhodhnú.

(22)

Ba cheart d’eintiteas an Aontais nó comhlacht na hearnála poiblí toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta a fhoilsiú in áit phoiblí arna hainmniú ag na húdaráis inniúla náisiúnta nó na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta d’eintitis de chuid an Aontais, ar a laghad ar shuíomh gréasáin oifigiúil i bhformáid mheaisín-inléite. Níor cheart dochar a dhéanamh do chearta maoine intleachtúla ná do rúin trádála mar gheall ar fhoilsiú na tuarascála, agus ba cheart an foilsiú sin a shrianadh i gcás ina bhfuil bonn cirt lena shrianadh ar fhorais an oird phoiblí nó na slándála. Ba cheart dlí an Aontais lena rialaítear cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh. Ba cheart d’eintiteas an Aontais nó comhlacht na hearnála poiblí toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta a chomhroinnt go leictreonach leis an mBord. Ar an mbonn sin, ba cheart don Bhord anailís a dhéanamh agus moltaí a thabhairt chun idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a fheabhsú. Ba cheart moltaí an Bhoird a fhoilsiú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

(23)

Tá gá le seicliosta coiteann le haghaidh tuarascálacha measúnaithe idir-inoibritheachta chun cúraimí eintiteas de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a éascú chun na measúnuithe sin a dhéanamh agus chun a chur ar chumas an Bhoird moltaí a tharraingt suas bunaithe ar a dtorthaí chun an idir-inoibritheacht trasteorann a fheabhsú. Dá réir sin, sa tuarascáil ina léirítear toradh an phróisis mheasúnaithe idir-inoibritheachta, ba cheart achoimre a dhéanamh ar éifeachtaí an cheanglais a ndearnadh measúnú air ar ghnéithe dlíthiúla, eagraíochtúla, séimeantacha, teicniúla agus rialachais na hidir-inoibritheachta trasteorann, mar aon le cineál an réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a úsáidtear chun dul i ngleic le héifeachtaí den sórt sin agus leis na bacainní atá fós ann nach ndeachthas i ngleic leo go fóill. Ba cheart úsáid an tseicliosta choitinn sin a mhíniú tuilleadh le treoirlínte arna nglacadh ag an mBord.

(24)

Ba cheart don Choimisiún modhanna soláimhsithe a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar thoradh na measúnuithe agus chun an toradh sin a tharchur, lena n-áirítear i bhformáid mheaisín-inléite. Ba cheart d’uirlis ar líne le haghaidh tuarascálacha measúnaithe idir-inoibritheachta feidhmiú chun comhéadan simplí soláimhsithe a chur ar fáil chun tuarascálacha den sórt sin a tháirgeadh agus a fhoilsiú. D’fhéadfaí aschur caighdeánaithe tuairiscithe i bhformáid mheaisín-inléite a úsáid chun críoch faireacháin. Le huirlis den sórt sin, ba cheart aistriúchán uathoibrithe a éascú freisin agus ba cheart í a chomhtháthú sa tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Chun idir-inoibritheacht agus comhtháthú gan uaim a chothú, ba cheart don uirlis ar líne samhail sonraí oscailte a ghlacadh agus a chomhlíonadh freisin arna díorthú ón seicliosta coiteann le haghaidh tuarascálacha measúnaithe idir-inoibritheachta. Tá sé ríthábhachtach comhéadan feidhmchláir a chur ar fáil, rud a cheadaíonn an uirlis a chomhtháthú leis na hardáin tuairiscithe atá ann cheana, agus ar an gcaoi sin an úsáidiúlacht agus an éifeachtúlacht a uasmhéadú do na geallsealbhóirí uile. Cé gur cheart úsáid na huirlise ar líne a bheith deonach, trí na sonraí riachtanacha a chur isteach agus trína bhfoilsiú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach a cheadú, maidir leis an oibleagáid atá ar eintiteas de chuid an Aontais nó ar chomhlacht de chuid na hearnála poiblí tuarascáil a fhoilsiú in áit phoiblí ina gcuirtear i láthair toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta, ba cheart a mheas go bhfuil an oibleagáid sin comhlíonta.

(25)

Eintitis de chuid an Aontais nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a lorgaíonn réitigh idir-inoibritheachta, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar eintitis eile de chuid an Aontais nó ar chomhlachtaí eile de chuid na hearnála poiblí na réitigh idir-inoibritheachta a úsáideann na heintitis nó comhlachtaí sin, amhail dea-chleachtais, sonraíochtaí agus cód bogearraí, mar aon leis an doiciméadacht ghaolmhar, a chur ar fáil dóibh. Ba cheart go ndéanfaí an chomhroinnt mar réamhshocrú. Ina theannta sin, ba cheart d’eintitis de chuid an Aontais nó do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí féachaint le réitigh idir-inoibritheachta nua a fhorbairt nó le réitigh idir-inoibritheachta atá ann cheana a fhorbairt tuilleadh. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh tús áite a thabhairt do réitigh nach bhfuil téarmaí ceadúnaithe sriantacha ag gabháil leo, i gcás inar coibhéiseach réitigh den sórt sin. Mar sin féin, níor cheart a thuiscint gurb ionann réitigh idir-inoibritheachta a chomhroinnt agus ceanglas a bheith ar eintitis de chuid an Aontais agus ar chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a gcearta maoine intleachtúla a thabhairt suas.

(26)

I gcás ina ndéanann córais riaracháin phoiblí a gcuid réiteach a chomhroinnt le córais riaracháin phoiblí eile nó leis an bpobal, is ag gníomhú ar mhaithe le leas an phobail atá siad. Tá sé seo níos ábhartha fós i gcás teicneolaíochtaí nuálacha. Mar shampla, le cód oscailte, bíonn algartaim trédhearcach agus is féidir iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh agus is féidir bloic thógála in-atáirgthe a bheith ann. Le comhroinnt réiteach idir-inoibritheachta idir córais riaracháin phoiblí, ba cheart na coinníollacha a shocrú maidir le héiceachóras oscailte teicneolaíochtaí digiteacha a bhaint amach don earnáil phoiblí, rud ar féidir buntáistí iomadúla teacht as.

(27)

Agus faireachán á dhéanamh ar chomhsheasmhacht na réiteach idir-inoibritheachta a mholtar agus bearta á moladh chun a áirithiú go mbeidh siad comhoiriúnach le réitigh atá ann cheana agus a bhfuil comhchuspóir leo, ba cheart don Bhord dífheidhmeacht na réiteach a chur san áireamh.

(28)

Ba cheart do CEI comhsheasmhacht a áirithiú agus ba cheart é a aithint mar an pointe tagartha aonair do chur chuige an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht in earnáil na seirbhísí poiblí. Ina theannta sin, is féidir le creataí idir-inoibritheachta speisialaithe aghaidh a thabhairt ar riachtanais earnálacha sonracha, fearann sonrach nó leibhéal riaracháin sonrach. Leis na creataí sin, ar de chineál neamhcheangailteach iad, ba cheart cur chun feidhme réiteach idir-inoibritheachta agus cur chuige na hidir-inoibritheachta trí dhearadh a chur chun cinn tuilleadh.

(29)

Ba cheart do CEI, inter alia, prionsabal an ilteangachais a chur chun cinn san earnáil phoiblí.

(30)

Ba cheart don Bhord CEI a fhorbairt. Ba cheart don Bhord a bheith comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus d’ionadaí amháin ón gCoimisiún. Ar an gcaoi sin, tá na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún, i gcroílár fhorbairt agus chur chun feidhme CEI. Ba cheart don Bhord CEI a nuashonrú i gcás inar gá.

(31)

Leis na creataí idir-inoibritheachta speisialaithe a eisítear chun CEI a chomhlánú, ba cheart na creataí earnáilsonracha atá ann cheana agus a forbraíodh ar leibhéal an Aontais, amhail in earnáil na sláinte, a chur san áireamh agus níor cheart dochar a dhéanamh do na creataí sin.

(32)

Tá an idir-inoibritheacht nasctha go díreach le húsáid sonraíochtaí oscailte agus caighdeán oscailte agus braitheann sí ar úsáid na sonraíochtaí agus na gcaighdeán sin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú d’earnáil phoiblí an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le sonraíochtaí oscailte trasearnálacha agus réitigh eile chun an idir-inoibritheacht a chur chun cinn. Leis an gcreat nua, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le próiseas soiléir maidir le réitigh idir-inoibritheachta a mholtar a bhunú agus a chur chun cinn amach anseo, ar a mbeidh an lipéad ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’. Ar an gcaoi sin, beidh guth níos comhordaithe ag an earnáil phoiblí chun riachtanais na hearnála poiblí agus luachanna an phobail a chur in iúl i bplé i gcomhthéacs níos leithne. Ba cheart don Bhord teacht ar chomhaontú maidir leis na critéir ghinearálta atá le comhlíonadh ag réitigh idir-inoibritheachta. Ba cheart don Bhord a bheith in ann a mholtaí a tharraingt siar. I gcás ina dtarraingníonn an Bord a mholtaí siar, ba cheart an lipéad ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’ a bhaint de na réitigh idir-inoibritheachta ábhartha agus d’fhéadfaí na réitigh idir-inoibritheachta a scriosadh, más gá, ón tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

(33)

D’fhéadfadh go leor sonraíochtaí idir-inoibritheachta arna n-úsáid ag an earnáil phoiblí teacht ó dhlí an Aontais atá ann cheana. Dá bhrí sin, is gá nasc a bhunú idir na sonraíochtaí uile le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha arb éigeantach iad a úsáid de bhun dhlí an Aontais. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí d’údaráis cur chun feidhme teacht ar na ceanglais san fhormáid mheaisín-inléite is déanaí. Le pointe iontrála aonair i bhfoirm na tairsí um Eoraip Idir-inoibritheach agus rialacha soiléire maidir le meiteashonraí na faisnéise sin, tá sé beartaithe go mbeidís ina gcuidiú le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun a áirithiú go gcomhlíonfar, lena mbonneagair seirbhísí digiteacha, na rialacha atá ann cheana agus na rialacha a bheidh ann amach anseo.

(34)

Ba cheart an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt ar bhonn na dtionscnamh atá ann cheana agus ba cheart í a bhunú mar phointe so-inrochtana tagartha le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta, measúnuithe, eolais agus pobail. Ba cheart an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach a bhunú mar nasc le foinsí oifigiúla agus ba cheart í a bheith oscailte d’ionchur ón gComhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(35)

Ba cheart don tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach réitigh idir-inoibritheacha a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh infhaighte, ar réitigh iad a leanann prionsabail CEI arb iad an oscailteacht, an inrochtaineacht, an neodracht theicniúil, an ath-inúsáidteacht, an tslándáil agus an príobháideachas iad. Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, a mholann an Bord, agus réitigh idir-inoibritheachta eile, amhail na réitigh sin a chomhroinntear go réamhghníomhach lena n-athúsáid ag córais riaracháin phoiblí, na réitigh sin a bhfuil baint acu le beartais de chuid an Aontais agus réitigh ábhartha ó thairseacha náisiúnta. Ba cheart cásanna úsáide sa tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach a bheith inchuardaithe de réir tíre nó de réir an chineáil seirbhíse poiblí a dtacaíonn siad leis. Ba cheart dul i gcomhairle leis an mBord maidir leis an gcaoi a bhfuil réitigh le catagóiriú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

(36)

Ós rud é go gcuireann foinse oscailte ar a gcumas d’úsáideoirí measúnú agus iniúchadh a dhéanamh go gníomhach ar idir-inoibritheacht agus slándáil na réiteach, tá sé tábhachtach go dtacódh foinse oscailte le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart úsáid ceadúnas foinse oscailte a chur chun cinn chun soiléireacht dhlíthiúil agus aitheantas frithpháirteach ceadúnas a fheabhsú sna Ballstáit. Le Ceadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh (EUPL), cuireann an Coimisiún réiteach ar fáil cheana i ndáil le ceadúnú den sórt sin. Tairseacha na mBallstát lena mbailítear réitigh foinse oscailte atá nasctha leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, ba cheart do na tairseacha sin úsáid EUPL a cheadú, ach gan a chur as an áireamh gur féidir le tairseacha den sórt sin a cheadú go n-úsáidfí ceadúnais foinse oscailte eile.

(37)

Seirbhísí poiblí an Aontais a sheachadtar nó a bhainistítear go leictreonach, is minic a bhíonn siad ag brath faoi láthair ar sholáthraithe nach soláthraithe de chuid an Aontais iad. Is chun leas straitéiseach an Aontais é a áirithiú go gcoinneoidh sé agus go bhforbróidh sé acmhainneachtaí bunriachtanacha teicneolaíochta chun a Mhargadh Aonair Digiteach a dhaingniú agus, go háirithe, chun soláthar seirbhísí a áirithiú, córais gréasán agus faisnéise ríthábhachtacha a chosaint, agus príomhsheirbhísí poiblí a sholáthar. Ba cheart do na bearta tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach cuidiú le córais riaracháin phoiblí forbairt agus a bheith in ann dúshláin nua agus réimsí nua a ionchorprú i gcomhthéacsanna trasteorann. Is coinníoll é an idir-inoibritheacht chun an bac teicneolaíochta a sheachaint, chun forbairtí teicniúla a chumasú, agus chun nuálaíocht a chothú, rud ba cheart cur le hiomaíochas domhanda, athléimneacht agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais.

(38)

Is gá sásra rialachais a bhunú chun cur chun feidhme bheartais an Aontais a éascú ar bhealach lena n-áirithítear an idir-inoibritheacht. Leis an sásra sin, ba cheart díriú ar chur chun feidhme digiteach idir-inoibritheach beartas a luaithe a ghlacfar iad i bhfoirm gníomhartha dlí agus ba cheart dó feidhmiú chun réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt ar bhonn riachtanas. Ba cheart an sásra a bheith ina thacú le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí. Ba cheart don Bhord tionscadail tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas chun tacú le comhlachtaí na hearnála poiblí a mholadh don Choimisiún agus ba cheart dó siúd a chinneadh an mbunófar na tionscadail tacaíochta, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le leaganacha neamhúdarásacha meaisín-inrite den bheartas, amhail samhlacha cur chun feidhme tagartha nó cód, in-athúsáidte ar gach leibhéal riaracháin.

(39)

Ba cheart do gach leibhéal riaracháin oibriú i gcomhar le heagraíochtaí nuálacha, lena n-áirítear cuideachtaí agus eintitis neamhbhrabúsacha a oibríonn i ndearadh, bhforbairt agus in oibriú seirbhísí poiblí. Trí thacaíocht a thabhairt do chomhar GovTech idir comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, institiúidí oideachais agus taighde, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna nuálacha, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (CivicTech), is bealach éifeachtach é chun tacú le nuálaíocht agus solúbthacht san earnáil phoiblí, agus chun úsáid uirlisí idir-inoibritheachta a chur chun cinn ar fud na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí. Trí thacú le héiceachóras oscailte GovTech san Aontas lena dtugtar gníomhaithe poiblí agus príobháideacha le chéile thar theorainneacha agus lena mbaineann leibhéil éagsúla riaracháin, ba cheart go mbeifí in ann tionscnaimh nuálacha a fhorbairt a mhéid a bhaineann le réitigh idir-inoibritheachta GovTech a dhearadh agus a chur in úsáid.

(40)

Chabhródh sé le comhlachtaí earnála poiblí de chuid an Aontais rioscaí, ceachtanna a foghlaimíodh, agus torthaí na mbeart nuálaíochta a chomhroinnt le chéile dá ndéanfaí riachtanais chomhroinnte agus tosaíochtaí comhroinnte i ndáil le nuálaíocht a shainaithint agus dá ndéanfaí iarrachtaí coiteanna thar theorainneacha GovTech agus turgnaimh a dhíriú. Bhainfeadh na gníomhaíochtaí sin leas go háirithe as an taisce shaibhir atá san Aontas de ghnólachtaí teicneolaíochta nuathionscanta agus FBManna. Ba cheart do thionscadail rathúla GovTech agus do bhearta nuálaíochta arna dtriail ar bhonn píolótach ag bearta nuálaíochta um Eoraip idir-inoibritheach cabhrú le huirlisí GovTech agus le réitigh idir-inoibritheachta a mhéadú maidir lena n-athúsáid.

(41)

Le bearta tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach, d’fhéadfaí leas a bhaint as spásanna sábháilte le haghaidh turgnamhachta, agus nuáil fhreagrach agus comhtháthú beart agus coimircí iomchuí maolaithe riosca á n-áirithiú ag an am céanna. Chun creat dlíthiúil a áirithiú atá fabhrach don nuálaíocht, atá oiriúnaithe don todhchaí agus atá in ann seasamh i gcoinne suaití, ba cheart é a bheith indéanta tionscadail den sórt sin a reáchtáil i mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta. Ba cheart boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a bheith comhdhéanta de thimpeallachtaí tástála rialaithe lena n-éascaítear forbairt agus tástáil réiteach nuálach sula ndéanfar réitigh den sórt sin a chomhtháthú i gcórais gréasán agus faisnéise na hearnála poiblí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag bunú boscaí gainimh rialála an idir-inoibritheacht a chothú trí réitigh nuálacha trí thimpeallacht tástála agus turgnaimh rialaithe a bhunú d’fhonn a áirithiú go mbeidh na réitigh sin ailínithe leis an Rialachán seo agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus le dlí ábhartha náisiúnta eile, chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do nuálaithe agus do na húdaráis inniúla agus chun cur leis an tuiscint atá acu ar na deiseanna, ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar thionchair na réiteach nua. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais a áirithiú agus chun barainneachtaí scála a bhaint amach, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le cur chun feidhme na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta. Tá sé de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneáil riaracháin a fhorchur ar eintitis de chuid an Aontais i gcomhthéacs boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, i gcomhréir le hAirteagal 58(2), pointe (i), de Rialachán (AE) 2018/1725.

(42)

Is gá foráil a dhéanamh do rialacha maidir le húsáid sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch eile chun réitigh áirithe idir-inoibritheachta a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Tá feidhm i gcónaí ag na hoibleagáidí eile ar fad atá ar rialaitheoirí sonraí agus ag cearta na n-ábhar sonraí faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus faoi Threoir (AE) 2016/680. Go háirithe, ní fhoráiltear leis an Rialachán seo bunús dlí de réir bhrí Airteagal 22(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725. Níl sé mar aidhm leis an Rialachán seo ach foráil a dhéanamh do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Bheadh bunús dlí ar leithligh ag teastáil le haghaidh aon phróiseáil eile a dhéanfaí ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(43)

Chun trédhearcacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a mhéadú, ba cheart don tairseach um Eoraip idir-inoibritheach rochtain a thabhairt ar fhaisnéis faoi phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

(44)

Is gá an tuiscint ar shaincheisteanna idir-inoibritheachta a fheabhsú, go háirithe i measc fostaithe de chuid na hearnála poiblí. Tá oiliúint leanúnach ríthábhachtach maidir leis sin agus ba cheart comhar agus comhordú ar an topaic a spreagadh. Taobh amuigh d’oiliúint ar réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, ba cheart do gach tionscnamh, i gcás inarb iomchuí, cur le comhroinnt na taithí agus na réiteach agus le malartú agus cur chun cinn na ndea-chleachtas nó ba cheart comhroinnt na taithí agus na réiteach agus na ndea-chleachtas a bheith ag gabháil leo. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún cúrsaí oiliúna agus ábhair oiliúna a fhorbairt, agus ba cheart dó forbairt cláir deimhniúcháin maidir le cúrsaí idir-inoibritheachta a chur chun cinn chun dea-chleachtais, cáilíochtaí le haghaidh acmhainní daonna agus cultúr barr feabhais a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún rannchuidiú leis an méadú ar infhaighteacht ghinearálta agus ar ghlacadh na hoiliúna maidir le hidir-inoibritheacht na hearnála poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, i gcomhréir le straitéisí an Aontais maidir le scileanna digiteacha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit fothú acmhainneachta a chothú, go háirithe laistigh de chórais riaracháin phoiblí, ó thaobh an athscilithe agus an uas-scilithe is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

(45)

Chun sásra a chruthú lena n-éascaítear próiseas foghlama frithpháirtí i measc eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí agus comhroinnt na ndea-chleachtas maidir le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a chur chun feidhme ar fud na mBallstát, is gá forálacha a leagan síos maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe piaraí. Ba cheart léargas luachmhar agus moltaí luachmhara teacht as an athbhreithniú piaraí do chomhlacht na hearnála poiblí a bhfuil athbhreithniú den sórt sin á dhéanamh air. Go háirithe, leis an athbhreithniú piaraí, d’fhéadfaí rannchuidiú le haistriú teicneolaíochtaí, uirlisí, beart agus próiseas a éascú i measc rannpháirtithe an athbhreithnithe piaraí. Le hathbhreithniú piaraí, ba cheart conair fheidhmiúil a chruthú chun dea-chleachtais a chomhroinnt ar fud na mBallstát agus eintitis de chuid an Aontais a bhfuil leibhéil aibíochta éagsúla acu ó thaobh na hidir-inoibritheachta de. Ba cheart é a bheith indéanta athbhreithniú piaraí a dhéanamh ar bhonn deonach arna iarraidh sin d’eintiteas de chuid an Aontais nó do chomhlacht de chuid na hearnála poiblí i gcás inar gá. Chun a áirithiú go mbeidh an próiseas athbhreithnithe piaraí costéifeachtach agus go mbeidh torthaí soiléire dochloíte aige, agus chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann treoirlínte a ghlacadh maidir le modheolaíocht agus ábhar an athbhreithnithe piaraí, bunaithe ar na riachtanais a bhíonn ann agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord.

(46)

Ba cheart don Bhord forbairt threo ginearálta chomhar struchtúraithe um Eoraip Idir-inoibritheach a éascú maidir le hidirnascadh digiteach agus idir-inoibritheacht seirbhísí poiblí san Aontas a chur chun cinn agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí straitéiseacha agus cur chun feidhme a bhaineann leis an gcomhar sin. Ba cheart don Bhord a chúraimí a dhéanamh agus aird á tabhairt ar na rialacha idir-inoibritheachta trasteorann agus na réitigh atá curtha chun feidhme cheana féin do chórais gréasán agus faisnéise atá ann cheana.

(47)

Cruthaíodh eintitis áirithe de chuid an Aontais, amhail an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus an Bord maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, agus cuireadh de chúram orthu, inter alia, an idir-inoibritheacht a fheabhsú ar leibhéal fearainn nó ar leibhéal beartais ar leith. Mar sin féin, ní chuirtear de chúram ar aon cheann de na heintitis atá ann cheana aghaidh a thabhairt ar cheanglais cheangailteacha maidir le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha. Ba cheart don Bhord tacú le heintitis de chuid an Aontais atá ag obair ar bheartais, gníomhaíochtaí agus réitigh atá ábhartha d’idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, mar shampla maidir le hidir-inoibritheacht shéimeantach le haghaidh iniomparthacht agus in-athúsáideacht spásanna sonraí. Ba cheart don Bhord idirghníomhú le gach eintiteas ábhartha de chuid an Aontais chun ailíniú agus sineirgí a áirithiú idir gníomhaíochtaí idir-inoibritheachta trasteorann agus gníomhaíochtaí earnáilsonracha. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún, mar Chathaoirleach an Bhoird, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar ar an gclár oibre, lena n-áirítear ionadaithe ó údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ó na pobail foinse oscailte agus ó na pobail um chaighdeánú.

(48)

Chun idir-inoibritheacht na hearnála poiblí a chur chun cinn, is gá go mbeadh saineolaithe, cleachtóirí, úsáideoirí agus saoránaigh leasmhara ar fud na mBallstát rannpháirteach ar bhealach gníomhach agus go mbeadh siad tiomanta dó. Leis an iarracht sin, cuimsítear gach leibhéal riaracháin — leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla — agus bíonn comhpháirtithe idirnáisiúnta, institiúidí taighde agus oideachais, chomh maith le pobail ábhartha, agus an earnáil phríobháideach rannpháirteach inti. Chun leas a bhaint as a saineolas, a scileanna agus a gcruthaitheacht, ba cheart don Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach, arb é fóram oscailte tiomnaithe atá ann, cuidiú le haiseolas, riachtanais úsáideoirí agus riachtanais oibríochtúla a threorú, réimsí le haghaidh tuilleadh forbartha agus tosaíochtaí le haghaidh comhar idir-inoibritheachta san Aontas a shainaithint. Le bunú an Chomhphobail um Eoraip Idir-inoibritheach, ba cheart tacú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na príomhghníomhaithe straitéiseacha agus oibríochtúla le haghaidh na hidir-inoibritheachta.

(49)

Ba cheart don Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach a bheith oscailte do gach páirtí leasmhar. Ba cheart rochtain ar an gComhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach a dhéanamh chomh héasca agus is féidir, trí bhacainní neamhriachtanacha agus ualaí riaracháin neamhriachtanacha a sheachaint. Ba cheart don Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear saoránaigh, a bhfuil saineolas acu i réimse na hidir-inoibritheachta trasteorann, a thabhairt le chéile, ar geallsealbhóirí iad a thagann ó chúlraí éagsúla, amhail an saol acadúil, an taighde agus an nuálaíocht, an t-oideachas, an caighdeánú agus sonraíochtaí, gnólachtaí agus an riarachán poiblí ar gach leibhéal. Ba cheart rannpháirtíocht ghníomhach sa Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach a spreagadh, lena n-áirítear trí bhearta tacaíochta agus deiseanna cistiúcháin a shainaithint.

(50)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú„ is gá údaráis inniúla náisiúnta a ainmniú a bheidh freagrach as a chur chun feidhme. I gcuid mhaith de na Ballstáit, tá ról ag roinnt eintiteas cheana féin maidir leis an idir-inoibritheacht a fhorbairt. Ba cheart do na heintitis sin a bheith in ann ról an údaráis inniúil a ghlacadh chucu féin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, i gcás ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil náisiúnta amháin ann, ba cheart pointe teagmhála aonair a ainmniú as measc na n-eintiteas sin.

(51)

Ba cheart Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt mar phríomhionstraim an Aontais chun infheistíochtaí poiblí i réitigh idir-inoibritheachta a chomhordú agus chun an treochlár a leagan amach i ndáil leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ba cheart dó forléargas cuimsitheach a thabhairt ar na féidearthachtaí cistiúcháin agus ar na gealltanais chistiúcháin sa réimse, agus, i gcás inarb iomchuí, na cláir ghaolmhara de chuid an Aontais á gcomhtháthú aige. Ba cheart an méid sin a bheith ina rannchuidiú le sineirgí a chruthú agus le tacaíocht airgeadais a bhaineann le forbairt na hidir-inoibritheachta a chomhordú agus leis an dúbláil ar gach leibhéal riaracháin a sheachaint.

(52)

Ba cheart faisnéis a bhailiú chun treoir a thabhairt maidir le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear faisnéis chun tacú le hobair an Bhoird, agus ionchur chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht a bheith bunaithe ar na cúig chritéar seo a leanas: éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach, agus béim ar leith á leagan ar thionchar an Rialacháin seo ar idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha mar chumasóir le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha gan uaim agus atá inrochtana, ar ualaí riaracháin a laghdú agus ar an ngá atá le bearta breise agus beartais bhreise ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an mheastóireacht a bheith mar bhonn freisin i gcomhair measúnuithe tionchair le haghaidh bearta breise a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, an mhodheolaíocht, an próiseas agus na táscairí le haghaidh an fhaireacháin a ullmhú. Ba cheart an sásra faireacháin a dhearadh chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a íoslaghdú trí fhoinsí sonraí atá ann cheana a athúsáid a mhéid is féidir agus trí shineirgí a chruthú le sásraí faireacháin atá ann cheana, amhail an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, an Tagarmharc r-Rialtais agus conairí Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2022/2481.

(53)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le hidir-inoibritheacht san Aontas a thíolacadh agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin cuntas ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, bacainní ar an gcur chun feidhme agus spreagthaí an chur chun feidhme, agus na torthaí a baineadh amach le himeacht ama, i gcomhréir leis na topaicí faireacháin a liostaítear sa Rialachán seo. Maidir le táscairí nach bhfuil sonraí ar fáil dóibh, ba cheart do na Ballstáit na sonraí a sholáthar go tráthúil tríd an mBord chun seachadadh éifeachtach na tuarascála a áirithiú. Braitheann cáilíocht na tuarascála ar shonraí a bheith ar fáil go tráthúil.

(54)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na rialacha agus na coinníollacha a leagan amach maidir le bunú agus oibriú na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(55)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin, eadhon an margadh inmheánach a neartú trí idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a chur chun cinn, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(56)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar 3 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus d’eintitis an Aontais ullmhú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá gá le cur siar den sórt sin chun an Bord agus an Comhphobal um Eorpach Idir-inoibritheach a bhunú agus chun comhordaitheoirí idir-inoibritheachta a ainmniú. Ina theannta sin, leis an Rialachán seo, ba cheart am a thabhairt do na Ballstáit agus d’eintitis an Aontais ullmhú i gcomhair chur chun feidhme éifeachtach na measúnuithe idir-inoibritheachta agus do gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó agus pointe teagmhála aonair a ainmniú. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le measúnuithe idir-inoibritheachta, údaráis inniúla náisiúnta agus pointí teagmhála aonair 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(57)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 13 Eanáir 2023 (13),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos bearta lena gcuirtear chun cinn idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, rud a rannchuidíonn le hidir-inoibritheacht na gcóras gréasán agus faisnéise foluiteach trí rialacha comhchoiteanna agus creat rialachais a bhunú.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le heintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí na hearnála poiblí a dhéanann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a rialáil, a sholáthar, a bhainistiú nó a chur chun feidhme.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’inniúlacht na mBallstát a shainiú céard atá i gceist le seirbhísí poiblí ná dá gcumas rialacha nós imeachta a bhunú le haghaidh na seirbhísí sin ná dá gcumas na seirbhísí sin a sholáthar, a bhainistiú nó a chur chun feidhme.

4.   Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlacht na mBallstát i ndáil lena ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, an chosaint agus an tslándáil náisiúnta.

5.   Ní bhaineann an Rialachán seo le soláthar faisnéise, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil phoiblí, chosaint nó shlándáil náisiúnta na mBallstát.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht trasteorann’ cumas eintiteas de chuid an Aontais agus chomhlachtaí earnála poiblí na mBallstát idirghníomhú le chéile thar theorainneacha trí shonraí, faisnéis agus eolas a chomhroinnt trí phróisis dhigiteacha i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla, eagraíochtúla, shéimeantacha agus theicniúla a bhaineann le hidirghníomhaíocht trasteorann den sórt sin;

(2)

ciallaíonn ‘seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha’ seirbhísí digiteacha a sholáthraíonn eintitis de chuid an Aontais nó comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí dá chéile nó do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha san Aontas, agus dá dteastaíonn idirghníomhaíocht thar theorainneacha na mBallstát, i measc eintitis de chuid an Aontais nó idir eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí na hearnála poiblí, trí bhíthin a gcóras gréasán agus faisnéise;

(3)

ciallaíonn ‘córas gréasán agus faisnéise’ córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(4)

ciallaíonn ‘réiteach idir-inoibritheachta’ sócmhainn in-athúsáidte a bhaineann le ceanglais dhlíthiúla, eagraíochtúla, shéimeantacha nó theicniúla chun idir-inoibritheacht trasteorann a chumasú, amhail creataí coincheapúla, treoirlínte, ailtireachtaí tagartha, sonraíochtaí teicniúla, caighdeáin, seirbhísí agus feidhmchláir, chomh maith le comhpháirteanna teicniúla doiciméadaithe, amhail cód foinseach;

(5)

ciallaíonn ‘eintitis de chuid an Aontais’ institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna gcur ar bun le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, nó arna gcur ar bun ar a mbonn;

(6)

ciallaíonn ‘comhlacht de chuid na hearnála poiblí’ comhlacht de chuid na hearnála poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(7)

ciallaíonn ‘sonraí’ sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(8)

ciallaíonn ‘formáid mheaisín-inléite’ formáid mheaisín-inléite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024;

(9)

ciallaíonn ‘GovTech’ comhar teicneolaíochtbhunaithe idir gníomhaithe san earnáil phoiblí agus gníomhaithe san earnáil phríobháideach a thacaíonn le claochlú digiteach san earnáil phoiblí;

(10)

ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(11)

ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil TFC’ sonraíocht theicniúil TFC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(12)

ciallaíonn ‘ceadúnas foinse oscailte’ ceadúnas lena gceadaítear athúsáid, athdháileadh agus modhnú bogearraí le haghaidh gach úsáid ar bhonn dearbhú aontaobhach ó shealbhóir an chirt a d’fhéadfadh a bheith faoi réir coinníollacha áirithe, agus ina gcuirtear cód foinseach na mbogearraí ar fáil d’úsáideoirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

(13)

ciallaíonn ‘leibhéal bainistíochta is airde’ bainisteoir, comhlacht bainistíochta nó comhordúcháin agus formhaoirseachta ar an leibhéal riaracháin is sinsearaí, agus na socruithe rialachais ardleibhéil i ngach eintiteas de chuid an Aontais á gcur san áireamh;

(14)

ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta’ timpeallacht rialaithe arna bunú ag eintiteas de chuid an Aontais nó ag comhlacht de chuid na hearnála poiblí chun réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil agus a bhailíochtú, i gcás inarb iomchuí i bhfíordhálaí domhanda, lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha ar feadh tréimhse theoranta ama faoi mhaoirseacht rialála;

(15)

ciallaíonn ‘ceanglas ceangailteach’ oibleagáid, toirmeasc, coinníoll, critéar nó teorainn de chineál dlíthiúil, eagraíochtúil, séimeantach nó teicniúil, arna leagan síos ag eintiteas de chuid an Aontais nó ag comhlacht earnála poiblí a bhaineann le seirbhís phoiblí dhigiteach thras-Eorpach amháin nó níos mó agus a bhfuil tionchar aige nó aici ar idir-inoibritheacht trasteorann.

Airteagal 3

Measúnú idir-inoibritheacha

1.   Sula ndéanfar cinneadh maidir le ceanglais cheangailteacha nua nó ceanglais cheangailteacha atá modhnaithe go substaintiúil, déanfaidh eintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí measúnú idir-inoibritheachta.

I gcás ina bhfuil measúnú idir-inoibritheachta déanta cheana féin maidir le ceanglais cheangailteacha nó i gcás ina gcuirtear ceanglais cheangailteacha chun feidhme le réitigh arna soláthar ag eintitis de chuid an Aontais, ní cheanglófar ar an gcomhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí measúnú idir-inoibritheachta breise a dhéanamh maidir leis na ceanglais sin. Féadfar measúnú idir-inoibritheachta aonair a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shraith de cheanglais cheangailteacha.

Féadfaidh an t-eintiteas lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh i gcásanna eile freisin.

2.   Le measúnú idir-inoibritheachta, déanfar, ar bhealach iomchuí, an méid seo a leanas a shainaithint agus a mheasúnú:

(a)

éifeachtaí na gceanglas ceangailteach ar an idir-inoibritheacht trasteorann, agus an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 6 á úsáid mar uirlis tacaíochta;

(b)

na geallsealbhóirí a bhfuil na ceanglais cheangailteacha ábhartha dóibh;

(c)

réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 7 a thacaíonn le cur chun feidhme na gceanglas ceangailteach.

Foilseoidh an t-eintiteas lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí, i bhformáid mheaisín-inléite lena n-éascaítear an t-aistriúchán uathoibrithe, tuarascáil lena léirítear toradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta, lena n-áirítear na míreanna a liostaítear san Iarscríbhinn, ar shuíomh gréasáin oifigiúil. Comhroinnfidh sé an tuarascáil sin go leictreonach leis an mBord um Eoraip Idir-inoibritheach arna bhunú de bhun Airteagal 15 (‘an Bord’). Leis na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo, ní chuirfear srian ar rialacha atá ann cheana de chuid na mBallstát maidir le rochtain ar dhoiciméid. Le foilsiú an tuarascála sin, ní dhéanfar dochar do chearta maoine intleachtúla ná do rúin trádála, don ord poiblí ná don tslándáil.

3.   Féadfaidh eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí a chinneadh cé acu comhlacht a sholáthróidh an tacaíocht is gá chun an measúnú idir-inoibritheachta a dhéanamh. Cuirfidh an Coimisiún uirlisí teicniúla ar fáil chun tacú leis an measúnú idir-inoibritheachta, lena n-áirítear uirlis ar líne chun cur i gcrích na tuarascála agus a foilsiú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 8 a éascú.

4.   Rachaidh an t-eintiteas lena mbaineann de chuid an Aontais nó an comhlacht lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí i gcomhairle le faighteoirí na seirbhísí a ndéantar difear díreach dóibh, lena n-áirítear saoránaigh, nó a n-ionadaithe. Ní dochar an comhairliúchán sin do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil seirbhísí den sórt sin.

5.   Faoin 12 Eanáir 2025, glacfaidh an Bord na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 15(5), pointe (a).

Airteagal 4

Réitigh idir-inoibritheachta a chomhroinnt agus a athúsáid idir eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí

1.   Cuirfidh eintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí réiteach idir-inoibritheachta lena dtacaítear le seirbhís phoiblí dhigiteach thras-Eorpach ar fáil d’aon eintiteas eile de chuid an Aontais nó d’aon chomhlacht eile de chuid na hearnála poiblí a iarrann é, lena n-áirítear an doiciméadacht theicniúil, agus, i gcás inarb infheidhme, stair an leagain, an cód foinseach doiciméadaithe agus na tagairtí do chaighdeáin oscailte nó do shonraíochtaí teicniúla a úsáideadh.

An oibleagáid maidir le comhroinnt, ní bheidh feidhm aici maidir le haon cheann de na réitigh idir-inoibritheachta seo a leanas, eadhon:

(a)

réiteach a thacaíonn le próisis a thagann lasmuigh de raon feidhme chúram poiblí an eintitis lena mbaineann de chuid an Aontais nó an chomhlachta lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí mar a shainítear leis an dlí nó le rialacha ceangailteacha eile, nó, in éagmais rialacha den sórt sin, mar a shainítear i gcomhréir leis an gcleachtas riaracháin coiteann in eintitis an Aontais i gceist nó sa Bhallstát i gceist, ar choinníoll go bhfuil raon feidhme na gcúraimí poiblí trédhearcach agus faoi réir a athbhreithnithe;

(b)

réiteach a bhfuil cearta maoine intleachtúla ag tríú páirtithe ina leith lena gcuirtear srian ar chomhroinnt an réitigh ar mhaithe le hathúsáid;

(c)

réiteach a bhfuil rochtain air eisiata nó srianta ar na forais seo a leanas:

(i)

faisnéis íogair a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (18);

(ii)

leasanna cosanta nó an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear bonneagar criticiúil náisiúnta, a chosaint.

2.   Ionas go mbeidh eintiteas na hathúsáide in ann an réiteach idir-inoibritheachta a bhainistiú go huathrialach, sonróidh eintiteas na comhroinnte aon choinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hathúsáid an réitigh, lena n-áirítear aon ráthaíochtaí arna soláthar d’eintiteas na hathúsáide maidir le comhar, tacaíocht agus cothabháil. D’fhéadfaí a áireamh ar choinníollacha den sórt sin dliteanas eintiteas na comhroinnte a eisiamh i gcás ina mbaineann eintiteas na hathúsáide mí-úsáid as an réiteach idir-inoibritheachta. Sula nglacfaidh sé an réiteach idir-inoibritheachta déanfaidh eintiteas na hathúsáide, arna iarraidh sin, measúnú ar an réiteach a sholáthar d’eintiteas na comhroinnte lena gcumhdaítear a chumas cibearshlándáil agus forbairt an réitigh idir-inoibritheachta a athúsáideadh a bhainistiú go huathrialach.

3.   Féadfar an oibleagáid i mír 1 a chomhlíonadh tríd an inneachar ábhartha a fhoilsiú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach nó ar thairseach, catalóg nó stór atá nasctha leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le heintiteas na comhroinnte. Arna iarraidh sin d’eintiteas na comhroinnte, déanfaidh an Coimisiún an t-inneachar ábhartha a fhoilsiú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

4.   Féadfaidh eintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht earnála poiblí, nó tríú páirtí a athúsáideann réiteach idir-inoibritheachta, é a oiriúnú dá riachtanais féin, ach amháin má chuireann cearta maoine intleachtúla atá i seilbh tríú páirtí srian ar oiriúnú an réitigh idir-inoibritheachta. Má chuirtear an réiteach idir-inoibritheachta ar fáil don phobal de bhun mhír 3, cuirfear an réiteach idir-inoibritheachta oiriúnaithe ar fáil don phobal ar an mbealach céanna.

5.   Féadfaidh eintitis na comhroinnte agus na hathúsáide comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na costais a bhaineann le forbairtí ar an réiteach idir-inoibritheachta amach anseo a chomhroinnt.

6.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun feidhme, tabharfaidh eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí tosaíocht do chur chun feidhme na réiteach idir-inoibritheachta nach bhfuil téarmaí ceadúnaithe sriantacha ag gabháil leo, amhail réitigh foinse oscailte, i gcás ina bhfuil réitigh idir-inoibritheachta den sórt sin coibhéiseach a mhéid a bhaineann le feidhmiúlachtaí, le costas iomlán, lena dhírithe atá siad ar an úsáideoir, le cibearshlándáil nó le critéir oibiachtúla ábhartha eile. Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht chun réitigh idir-inoibritheachta den sórt sin a shainaithint, dá bhforáiltear in Airteagal 9.

7.   Glacfaidh an Bord treoirlínte maidir le réitigh idir-inoibritheachta a chomhroinnt.

Caibidil 2

Cumasóirí Idir-inoibritheachta Eorpacha

Airteagal 5

Prionsabail Ghinearálta

1.   Foilseoidh an Coimisiún réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach agus CEI ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, trí mheán leictreonach, i bhformáidí atá oscailte, meaisín-inléite, inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 (19) agus (AE) 2019/882 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, inaimsithe agus in-athúsáidte, más infheidhme, i dteannta a gcóid fhoinsigh dhoiciméadaithe agus a meiteashonraí. Foilseofar leaganacha meaisínaistrithe de réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.

2.   Déanfaidh an Bord faireachán ar chomhsheasmhacht fhoriomlán na réiteach idir-inoibritheachta a mholtar, agus molfaidh sé bearta chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh siad comhoiriúnach le réitigh idir-inoibritheachta eile a bhfuil comhchuspóir leo, agus tacaíocht á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, dá gcomhlántacht le teicneolaíochtaí nua nó leis an aistriú chuig teicneolaíochtaí nua.

Airteagal 6

Creat Eorpach Idir-inoibritheachta agus sainchreataí idir-inoibritheachta

1.   Forbróidh an Bord Creat Eorpach Idir-inoibritheachta (CEI). Cuirfidh sé CEI faoi bhráid an Choimisiúin lena ghlacadh. I gcás ina nglacann an Coimisiún CEI, foilseoidh sé CEI in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Le CEI, soláthrófar samhail agus tacar moltaí le haghaidh idir-inoibritheacht dhlíthiúil, eagraíochtúil, shéimeantach agus theicniúil agus le haghaidh a rialachais, a dhírítear chuig gach eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo chun idirghníomhaíochtaí a éascú i measc a chéile trína gcórais gréasán agus faisnéise. Cuirfear CEI san áireamh sa mheasúnú idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus san Iarscríbhinn.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, creataí idir-inoibritheachta eile a ghlacadh (sainchreataí idir-inoibritheachta) lena ndírítear ar riachtanais earnálacha sonracha nó ar leibhéil riaracháin shonracha. Beidh sainchreataí idir-inoibritheachta bunaithe ar CEI. Déanfaidh an Bord measúnú ar ailíniú na sainchreataí idir-inoibritheachta le CEI. Foilseoidh an Coimisiún na sainchreataí idir-inoibritheachta ar an tairseach Eoraip Idir-inoibritheach.

4.   I gcás ina bhforbraíonn Ballstát creat idir-inoibritheachta náisiúnta agus beartais, straitéisí nó treoirlínte náisiúnta ábhartha eile, tabharfaidh sé lánaird ar CEI.

Airteagal 7

Réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach

1.   Molfaidh an Bord réitigh idir-inoibritheachta maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha. I gcás ina ndéanann an Bord moladh den sórt sin, beidh ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’ mar lipéad ar an réiteach sin agus foilseofar é ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach, agus dealú soiléir á dhéanamh idir réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach agus réitigh eile. I gcás ina ndéanann an Bord a mholadh a tharraingt siar, bainfear an lipéad ‘réiteach um Eoraip Idir-inoibritheach’ de agus, i gcás inar gá, scriosfar an réiteach ón tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

2.   Cloífidh réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach le prionsabail na hoscailteachta agus na hathúsáide agus comhlíonfaidh siad na critéir dá dtagraítear in Airteagal 15(5), pointe (i).

Airteagal 8

An tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach

1.   Soláthróidh an Coimisiún tairseach mar phointe iontrála aonair le haghaidh faisnéis a bhaineann le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha (‘an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach’). Beidh an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach inrochtana go leictreonach ag gach saoránach, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus beidh rochtain den sórt sin saor in aisce. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ar a laghad ag an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach:

(a)

rochtain a sholáthar ar réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach ar bhealach soláimhsithe agus, ar a laghad, inchuardaithe in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na seirbhíse poiblí;

(b)

rochtain a sholáthar ar réitigh idir-inoibritheachta seachas réitigh um Eoraip idir-inoibritheach, amhail na réitigh seo a leanas:

(i)

réitigh a chomhroinntear de bhun Airteagal 4(3);

(ii)

réitigh dá bhforáiltear de bhun beartais eile de chuid an Aontais;

(iii)

réitigh a fhoilsítear ar thairseacha, catalóga nó stórtha eile atá nasctha leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach;

(c)

rochtain a sholáthar ar shonraíochtaí teicniúla TFC atá incháilithe le haghaidh tagairtiú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(d)

rochtain a sholáthar ar fhaisnéis faoi phróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12, i gcás inar sainaithníodh aon ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis faoi shásraí freagartha chun an riosca sin a mhaolú go pras, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a nochtadh;

(e)

malartú eolais a chothú idir comhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 16, amhail córas aiseolais a sholáthar chun tuairimí a chur in iúl maidir le bearta arna moladh ag an mBord nó chun spéis a léiriú páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(f)

dea-chleachtais a liostú agus eolas a chomhroinnt lena dtacaítear leis an idir-inoibritheacht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, treoir maidir le soláthar poiblí, cibearshlándáil, comhtháthú TF agus rialachas sonraí;

(g)

rochtain a sholáthar ar na sonraí a eascraíonn as an bhfaireachán a bhaineann le hidir-inoibritheacht a dhéantar de bhun Airteagal 20;

(h)

a cheadú do shaoránaigh, do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta aiseolas a thabhairt ar an ábhar a fhoilsítear.

2.   Féadfaidh an Bord a mholadh go ndéanfadh an Coimisiún réitigh idir-inoibritheachta eile a fhoilsiú ar an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach nó go gcinnteodh an Coimisiún go dtagrófar dóibh ar an tairseach um Eoraip idir-inoibritheach.

3.   Maidir leis na réitigh a bhfuil rochtain orthu tríd an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach:

(a)

ní bheidh siad faoi réir cearta tríú páirtí lena gcuirtear cosc ar a ndáileadh agus ar a n-úsáid;

(b)

ní bheidh sonraí pearsanta ná faisnéis rúnda iontu;

(c)

beidh ardleibhéal ailínithe acu le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, rud a fhéadfar a chruthú trí thoradh an mheasúnaithe idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus san Iarscríbhinn a fhoilsiú;

(d)

úsáidfidh siad ceadúnas lena gceadaítear d’eintitis eile de chuid an Aontais nó do comhlachtaí eile de chuid na hearnála poiblí an réiteach a athúsáid ar a laghad, nó lena gceadaítear an réiteach a eisiúint mar fhoinse oscailte;

(e)

déanfar iad a chothabháil ar bonn tráthrialta faoi fhreagracht úinéir an réitigh idir-inoibritheachta.

4.   I gcás ina soláthraíonn eintiteas de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid na hearnála poiblí tairseach, catalóg nó stór lena bhfuil feidhmeanna comhchosúla, déanfaidh sé na bearta comhréireacha is gá chun idir-inoibritheacht a áirithiú leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. I gcás ina mbailíonn tairseacha den sórt sin réitigh foinse oscailte, ceadóidh siad go n-úsáidfí Ceadúnas Poiblí an Aontais Eorpaigh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le hidir-inoibritheacht do thairseacha, catalóga nó stórtha lena bhfuil feidhmeanna comhchosúla, amhail na cinn dá dtagraítear i mír 4.

Caibidil 3

Bearta tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach

Airteagal 9

Tionscadail tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh go gcuirfeadh an Coimisiún tionscadail ar bun chun tacú le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí beartais de chuid an Aontais a chur chun feidhme go digiteach, ar rud é lena n-áirithítear idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha (tionscadal tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas).

2.   Sa tionscadal tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas, leagfar amach an méid seo a leanas:

(a)

na réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach atá ann cheana a mheastar a bheith riachtanach chun ceanglais na mbeartas a chur chun feidhme go digiteach;

(b)

aon réiteach idir-inoibritheachta atá ar iarraidh agus atá le forbairt a mheastar a bheith riachtanach chun ceanglais na mbeartas a chur chun feidhme go digiteach;

(c)

bearta tacaíochta eile a mholtar, amhail oiliúint, comhroinnt saineolais nó athbhreithniú piaraí, chomh maith le deiseanna tacaíochta airgeadais chun cabhrú le réitigh idir-inoibritheachta a chur chun feidhme.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, raon feidhme, amlíne, rannpháirtíocht riachtanach earnálacha áirithe agus leibhéal riaracháin agus modhanna oibre an tionscadail tacaíochta a leagan síos. I gcás ina bhfuil measúnú idir-inoibritheachta déanta agus foilsithe ag an gCoimisiún cheana féin de bhun Airteagal 3, cuirfear toradh an mheasúnaithe sin san áireamh agus an tionscadal tacaíochta á chur ar bun.

4.   Chun an tionscadal tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas a threisiú, féadfaidh an Bord a mholadh go mbunófaí bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 11.

5.   Beidh toradh tionscadail tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas chomh maith leis na réitigh idir-inoibritheachta arna bhforbairt le linn an tionscadail ar fáil go hoscailte agus cuirfear ar fáil go poiblí ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach iad.

Airteagal 10

Bearta nuálaíochta

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh go gcuirfeadh an Coimisiún bearta nuálaíochta ar bun chun tacú le réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt agus a ghlacadh san Aontas (bearta nuálaíochta).

2.   Le bearta nuálaíochta, rannchuideofar le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach atá ann cheana nó réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach nua a fhorbairt agus féadfaidh gníomhaithe de chuid GovTech a bheith rannpháirteach iontu.

3.   Chun tacú le bearta nuálaíochta a fhorbairt, féadfaidh an Bord a mholadh go mbunófaí bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na torthaí ó na bearta nuálaíochta ar fáil go hoscailte ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 11

Boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú

1.   Déanfar boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a oibriú faoi fhreagracht eintitis an Aontais nó comhlachtaí na hearnála poiblí atá rannpháirteach. Maidir le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a ndéanann comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, is faoi mhaoirseacht na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí agus údarás maoirseachta náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ábhartha eile a oibreofar iad. Maidir le boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a ndéanann eintitis de chuid an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil lena n-aghaidh, is faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a oibreofar iad.

2.   Beidh sé d’aidhm le bunú bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta dá dtagraítear i mír 1 rannchuidiú leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)

an nuálaíocht a chothú agus forbairt agus rolladh amach réiteach idir-inoibritheachta digití nuálach do sheirbhísí poiblí a éascú;

(b)

an comhar trasteorann a éascú idir údaráis inniúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus sineirgí a éascú i soláthar na seirbhísí poiblí;

(c)

forbairt éiceachórais oscailte Eorpaigh GovTech a éascú, lena n-áirítear comhar le FBManna, le hinstitiúidí taighde agus oideachais agus le gnólachtaí nuathionscanta;

(d)

feabhas a chur ar thuiscint na n-údarás ar na deiseanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht trasteorann na réiteach idir-inoibritheachta nuálach, nó ar na bacainní uirthi, lena n-áirítear bacainní dlíthiúla;

(e)

rannchuidiú le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt nó a nuashonrú;

(f)

rannchuidiú le foghlaim rialála fhianaisebhunaithe;

(g)

an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú agus rannchuidiú le comhroinnt dea-chleachtas trí chomhar leis na húdaráis a bhfuil baint acu leis an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, dlí eile de chuid an Aontais agus dlí náisiúnta.

3.   Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú agus chun tacú le cur chun feidhme boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte agus soiléirithe a eisiúint, gan dochar do dhlí eile de chuid an Aontais.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord agus ar iarraidh chomhpháirteach a fháil ó thrí rannpháirtí ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún bunú bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta a údarú. I gcás inarb iomchuí, sonrófar san iarraidh faisnéis amhail an cuspóir atá leis an bpróiseáil sonraí pearsanta, na gníomhaithe a bhfuil baint acu leis agus a róil, catagóirí na sonraí pearsanta lena mbaineann agus a bhfoinsí, agus an tréimhse choinneála atá beartaithe. Ní ghabhfaidh an comhairliúchán ionad an réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1725. I gcás ina mbunaíonn eintiteas amháin nó níos mó de chuid an Aontais an bosca gainimh rialála idir-inoibritheachta le haghaidh réitigh idir-inoibritheachta lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, lena n-áirítear le rannpháirtíocht comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, ní bheidh gá le haon údarú.

Airteagal 12

Rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta

1.   I gcás ina gceanglaítear, le hoibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil nó ina dtagann siad ar bhealach eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil eile a chuireann rochtain ar shonraí ar fáil nó a thacaíonn le rochtain ar shonraí, áiritheoidh na heintitis rannpháirteacha de chuid an Aontais nó na comhlachtaí rannpháirteacha de chuid na hearnála poiblí go mbeidh údaráis náisiúnta cosanta sonraí agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla eile comhlachaithe in oibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. De réir mar is iomchuí, féadfaidh rannpháirtithe a cheadú go mbeidh gníomhaithe eile de chuid GovTech rannpháirteach i mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, gníomhaithe amhail eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saotharlanna taighde agus tástála, moil nuálaíochta, agus cuideachtaí ar mian leo réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a thástáil, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.

2.   Beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus scála an tionscadail, tréimhse nach rachaidh, ar aon chuma, thar 2 bhliain ó bhunú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Féadfar síneadh suas le bliain amháin a chur leis an rannpháirtíocht más gá chun cuspóir na próiseála a bhaint amach.

3.   Beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta bunaithe ar phlean sonrach arna leagan amach ag na rannpháirtithe, agus comhairle ó údaráis inniúla eile nó ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, de réir mar is infheidhme, á cur san áireamh. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean:

(a)

tuairisc ar na rannpháirtithe a bhfuil baint acu leis agus ar a róil, ar an réiteach idir-inoibritheachta nuálach atá beartaithe agus ar an gcríoch atá beartaithe dó, agus ar an bpróiseas ábhartha forbartha, tástála agus bailíochtaithe;

(b)

na saincheisteanna sonracha rialála atá i gceist agus an treoir a bhfuiltear ag súil léi ó na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta;

(c)

na socruithe sonracha maidir le comhoibriú idir na rannpháirtithe agus na húdaráis, chomh maith le haon ghníomhaí eile ag a bhfuil baint leis an mbosca gainimh rialála idir-inoibritheachta;

(d)

sásra bainistithe riosca agus sásra faireacháin i ndáil le rioscaí chun rioscaí a shainaithint, a chosc agus a mhaolú;

(e)

na príomh-gharspriocanna atá le cur i gcrích ag na rannpháirtithe chun go measfar go bhfuil an réiteach idir-inoibritheachta réidh le cur i seirbhís;

(f)

ceanglais mheastóireachta agus tuairiscithe agus bearta leantacha a d’fhéadfadh a bheith i gceist;

(g)

i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach agus comhréireach sonraí pearsanta a phróiseáil, na cúiseanna atá le próiseáil den sórt sin, léiriú ar na catagóirí sonraí pearsanta lena mbaineann, na críocha ar chucu a beartaíodh na sonraí pearsanta agus na rialaitheoirí agus na próiseálaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil agus an ról atá acu.

4.   Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sna boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha aon údarás a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh sin.

5.   Beidh rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta faoi dhliteanas i gcónaí faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir le dliteanas agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme maidir le dliteanas i leith aon damáiste a dhéantar le linn a rannpháirtíochta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta.

6.   Féadfar sonraí pearsanta a phróiseáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta chun críoch eile seachas an chríoch dár bailíodh iad go dleathach ar dtús, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déantar an réiteach idir-inoibritheachta nuálach a fhorbairt chun leasanna an phobail a choimirciú i gcomhthéacs ardleibhéal éifeachtúlachta agus cáilíochta an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;

(b)

déantar na sonraí a phróiseáiltear a theorannú don mhéid is gá d’fheidhmiú an réitigh idir-inoibritheachta atá le forbairt nó le tástáil sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, agus ní féidir an feidhmiú sin a bhaint amach go héifeachtach trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí anaithnidithe, ar shonraí sintéiseacha nó ar shonraí neamhphearsanta eile;

(c)

tá sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a shainaithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn oibriú an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, chomh maith le sásra freagartha chun an riosca sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, chun an phróiseáil a stopadh;

(d)

tá aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i dtimpeallacht próiseála sonraí atá deighilte go feidhmiúil, leithlisithe agus cosanta faoi rialú na rannpháirtithe agus níl rochtain ach ag daoine cuí-údaraithe ar na sonraí sin;

(e)

níl aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear le tarchur nó le haistriú nó níl páirtithe eile nach rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta iad le rochtain a fháil orthu ach amháin i gcás ina ndéantar nochtadh den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 nó, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) 2018/1725, agus inar chomhaontaigh na rannpháirtithe uile leis;

(f)

le haon phróiseáil ar shonraí pearsanta, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm chearta na n-ábhar sonraí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(g)

aon sonra pearsanta a phróiseáiltear, déantar iad a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus léirscriostar iad a luaithe a chuirfear deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta nó nuair a bheidh deireadh a dtréimhse coinneála bainte amach ag na sonraí pearsanta;

(h)

coimeádtar na logaí ar phróiseáil sonraí pearsanta ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(i)

coimeádtar tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht le traenáil, tástáil agus bailíochtú an réitigh idir-inoibritheachta mar aon le torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil agus tarchuirtear chuig an mBord í;

(j)

déantar achoimre ghearr ar an réiteach idir-inoibritheachta atá le forbairt sa bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear a chuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a chur ar fáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

7.   Ní dochar mír 1 do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta lena leagtar síos an bunús do phróiseáil sonraí pearsanta is gá chun réitigh idir-inoibritheachta nuálacha a fhorbairt, a thástáil agus a thraenáil nó aon bhunús dlí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

8.   Cuirfidh na rannpháirtithe tuarascálacha tréimhsiúla agus tuarascáil deiridh faoi bhráid an Bhoird agus an Choimisiúin maidir leis na torthaí ó na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena n-áirítear dea-chleachtais, ceachtanna a foghlaimíodh, bearta slándála agus moltaí maidir lena n-oibriú agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le forbairt an Rialacháin seo agus dlí eile de chuid an Aontais a ndéantar maoirseacht uirthi laistigh den bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta. Eiseoidh an Bord tuairim don Choimisiún maidir le toradh an bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, lena sonraítear, i gcás inarb infheidhme, na gníomhaíochtaí is gá chun réitigh idir-inoibritheachta nua a chur chun feidhme chun idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a chur chun cinn.

9.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh faisnéis faoi na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta ar fáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

10.   Faoin 12 Aibreán 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach na rialacha mionsonraithe agus na coinníollacha maidir leis na boscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta a bhunú agus a oibriú, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta agus an nós imeachta chun iarratas a dhéanamh ar bhosca gainimh rialála idir-inoibritheachta, chun é a roghnú, chun bheith rannpháirteach ann agus chun imeacht as, agus cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 13

Oiliúint

1.   Cuirfidh an Coimisiún, le cúnamh ón mBord, ábhar oiliúna ar fáil maidir le húsáid CEI agus le réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach, lena n-áirítear réitigh foinse oscailte atá saor in aisce. Déanfaidh eintitis de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí cláir oiliúna iomchuí a bhaineann le saincheisteanna idir-inoibritheachta a sholáthar dá bhfoireann ar cuid dá gcúram iad cúraimí straitéiseacha nó oibríochtúla a bhfuil tionchar acu ar sheirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha.

2.   Eagróidh an Coimisiún cúrsaí oiliúna maidir le saincheisteanna idir-inoibritheachta ar leibhéal an Aontais chun comhar agus malartú dea-chleachtas a fheabhsú idir foireann eintiteas de chuid an Aontais agus comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, lena ndírítear ar fhostaithe san earnáil phoiblí go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Cuirfidh an Coimisiún na cúrsaí oiliúna ar fáil don phobal ar líne, saor in aisce.

3.   Cuirfidh an Coimisiún forbairt cláir deimhniúcháin maidir le cúrsaí idir-inoibritheachta chun cinn chun dea-chleachtais, cáilíocht acmhainní daonna agus cultúr barr feabhais a chur chun cinn.

Airteagal 14

Athbhreithniú piaraí

1.   Bunófar sásra deonach le haghaidh athbhreithniú piaraí chun comhar a éascú idir comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, arna cheapadh chun tacú leo réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a chur chun feidhme, chun tacú le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha agus chun cabhrú leo measúnuithe idir-inoibritheachta a dhéanamh de bhun Airteagal 3.

2.   Is iad saineolaithe idir-inoibritheachta a thagann ó Bhallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil comhlacht na hearnála poiblí a bhfuil an t-athbhreithniú piaraí á dhéanamh air lonnaithe a dhéanfaidh an t-athbhreithniú piaraí.

3.   Ní úsáidfear aon fhaisnéis a fhaightear trí athbhreithniú piaraí ach amháin chun críoch an athbhreithnithe piaraí sin. Ní dhéanfaidh na saineolaithe idir-inoibritheachta atá rannpháirteach san athbhreithniú piaraí aon fhaisnéis íogair nó rúnda a fhaightear le linn an athbhreithnithe piaraí sin a nochtadh do thríú páirtithe. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar aon riosca maidir le coinbhleacht leasa a bhaineann leis na saineolaithe idir-inoibritheachta ainmnithe a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún gan moill mhíchuí.

4.   Déanfaidh na saineolaithe idir-inoibritheachta a dhéanann an t-athbhreithniú piaraí tuarascáil a ullmhú agus a thíolacadh laistigh de mhí amháin tar éis an t-athbhreithniú piaraí a thabhairt chun críche agus cuirfidh siad faoi bhráid an chomhlachta lena mbaineann de chuid na hearnála poiblí agus faoi bhráid an Bhoird í. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach nuair a údaróidh an Ballstát ina bhfuil comhlacht na hearnála poiblí a bhfuil an t-athbhreithniú piaraí á dhéanamh air lonnaithe é.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a ghlacadh maidir le modheolaíocht agus ábhar an athbhreithnithe piaraí.

Caibidil 4

Rialachas na hidir-inoibritheachta trasteorann

Airteagal 15

An Bord um Eoraip Idir-inoibritheach

1.   Bunaítear leis seo an Bord um Eoraip Idir-inoibritheach (‘an Bord’). Éascóidh sé comhar straitéiseach agus tabharfaidh sé comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Beidh an Bord comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún.

3.   Ainmneoidh Coiste na Réigiún, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála saineolaí amháin a dtabharfar cuireadh dóibh a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí.

4.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord. Féadfaidh an Cathaoirleach stádas breathnóra ar an mBord a dheonú do shaineolaithe arna n-ainmniú ag eintitis, réigiúin, eagraíochtaí agus tíortha is iarrthóirí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Cathaoirleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar atá ar an gclár oibre a bheith rannpháirteach ar bhonn ad hoc. Cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht ar fáil don Bhord.

Déanfaidh comhaltaí an Bhoird gach iarracht cinntí a ghlacadh de chomhthoil. I gcás vótála, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí a chomhdhéanann an Bord. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta i gcoinne togra nó a staon ó vótáil go gcuirfí doiciméad i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.

5.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord:

(a)

treoirlínte a ghlacadh maidir leis an measúnú idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 3(5) agus an seicliosta coiteann a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus, más gá, na treoirlínte sin a nuashonrú;

(b)

anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 3(2) agus moltaí a sholáthar, ar an mbonn sin, chun idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a fheabhsú;

(c)

treoirlínte a ghlacadh maidir leis na réitigh idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 4 a chomhroinnt;

(d)

bearta a mholadh chun comhroinnt agus athúsáid réiteach idir-inoibritheachta a chothú;

(e)

CEI a fhorbairt, é a nuashonrú más gá, agus é a mholadh don Choimisiún;

(f)

tacú le cur chun feidhme chreataí idir-inoibritheachta na mBallstát agus eintitis an Aontais agus le cur chun feidhme beartas, straitéisí nó treoirlínte ábhartha eile de chuid an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear an prionsabal ‘digiteach mar réamhshocrú’ agus an cur chuige ‘idir-inoibritheacht trí dhearadh’;

(g)

measúnú a dhéanamh ar ailíniú na sainchreataí idir-inoibritheachta le CEI agus freagairt ar iarrataí ar chomhairliúchán ón gCoimisiún maidir leis na creataí sin;

(h)

an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach dá dtagraítear in Airteagal 19 a ghlacadh;

(i)

réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a mholadh agus moltaí den sórt sin a tharraingt siar ar bhonn critéir chomhaontaithe;

(j)

faireachán a dhéanamh ar chomhsheasmhacht fhoriomlán na réiteach idir-inoibritheachta a mholtar, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear an fhaisnéis faoina meiteashonraí agus faoina gcatagóiriú;

(k)

bearta a mholadh don Choimisiún chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil réitigh idir-inoibritheachta comhoiriúnach le réitigh idir-inoibritheachta eile a bhfuil comhchuspóir leo, agus tacaíocht á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, don chomhlántacht le teicneolaíochtaí nua nó leis an aistriú go teicneolaíochtaí nua;

(l)

a mholadh go bhfoilseodh an Coimisiún na réitigh idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) nó go gcinnteodh an Coimisiún go dtagrófar do na réitigh idir-inoibritheachta sin ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach;

(m)

a mholadh don Choimisiún go mbunófaí tionscadail tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas, bearta nuálaíochta agus bearta ábhartha eile, lena n-áirítear tacaíocht chistiúcháin;

(n)

dea-chleachtais a shainaithint chun réitigh idir-inoibritheachta a chomhtháthú i soláthar poiblí agus i dtairiscintí;

(o)

athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha ó bhearta nuálaíochta, maidir le húsáid na mboscaí gainimh rialála idir-inoibritheachta agus maidir le hathbhreithniú piaraí agus bearta leantacha a mholadh, más gá;

(p)

bearta a mholadh chun feabhas a chur ar chumais idir-inoibritheachta comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí, amhail oiliúint;

(q)

bearta a mholadh d’eagraíochtaí agus comhlachtaí ábhartha um chaighdeánú chun rannchuidiú le gníomhaíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, go háirithe trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(r)

bearta a mholadh trínar féidir comhoibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta agus le hinstitiúidí taighde agus oideachais a d’fhéadfadh cur leis an bhforbairt ar an idir-inoibritheacht, go háirithe pobail idirnáisiúnta maidir le réitigh foinse oscailte, caighdeáin oscailte nó sonraíochtaí teicniúla agus ardáin eile;

(s)

comhordú a dhéanamh leis an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/868 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do na Spásanna coiteanna Eorpacha Sonraí, agus le haon eintiteas eile de chuid an Aontais atá ag obair ar réitigh idir-inoibritheachta atá ábhartha don earnáil phoiblí;

(t)

eolas a thabhairt go tráthrialta agus comhordú a dhéanamh leis na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 18 agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gComhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach, faoi ábhair a bhaineann le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha, lena n-áirítear tionscadail agus líonraí ábhartha arna gcistiú ag an Aontas.

(u)

comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(v)

an t-ionchur agus na sonraí is gá chun na tuarascálacha a sheachadadh go héifeachtach i gcomhréir le hAirteagal 20 a sholáthar don Choimisiún go tráthúil.

6.   Féadfaidh an Bord meithleacha a chur ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar phointí sonracha a bhaineann le cúraimí an Bhoird. Tabharfaidh meithleacha rannpháirt do chomhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach.

7.   Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin.

Airteagal 16

Comhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach

1.   Rannchuideoidh Comhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach, arna iarraidh sin don Bhord, le gníomhaíochtaí an Bhoird trí shaineolas agus comhairle a thabhairt.

2.   Geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus rannchuiditheoirí acadúla a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó a bhfuil a n-oifig chláraithe acu i mBallstát, féadfaidh siad clárú ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach mar chomhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach.

3.   Tar éis an clárú a dhearbhú, cuirfear an stádas comhaltais ar fáil go poiblí ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Ní bheidh teorainn ama le comhaltas. Féadfaidh an Bord é a chúlghairm tráth ar bith, áfach, ar chúiseanna comhréireacha a bhfuil údar maith leo, go háirithe mura bhfuil comhalta in ann rannchuidiú a thuilleadh leis an gComhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach nó má tá an comhalta tar éis mí-úsáid a bhaint as an stádas mar chomhalta den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach.

4.   Féadfar cuireadh a thabhairt do na comhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach, inter alia, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

rannchuidiú le hábhar na tairsí um Eoraip Idir-inoibritheach;

(b)

saineolas a thabhairt maidir le réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt;

(c)

páirt a ghlacadh sna meithleacha agus i ngníomhaíochtaí eile;

(d)

páirt a ghlacadh sna bearta tacaíochta dá bhforáiltear in Airteagail 9 go 14;

(e)

úsáid caighdeán agus creataí idir-inoibritheachta a chur chun cinn.

5.   Eagróidh an Bord tionól bliantúil ar líne den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach.

6.   Glacfaidh an Bord an cód iompair don Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach. Foilseofar an cód iompair ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

Airteagal 17

Údaráis inniúla náisiúnta agus pointí teagmhála aonair

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála aonair as measc a n-údarás inniúil.

2.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an bpointe teagmhála aonair:

(a)

na ceisteanna uile a bhaineann leis an Rialachán seo a chomhordú laistigh den Bhallstát;

(b)

tacú le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí laistigh den Bhallstát na próisis trína ndéanann siad measúnuithe idir-inoibritheachta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus san Iarscríbhinn a chur ar bun nó a oiriúnú;

(c)

comhroinnt agus athúsáid na réiteach idir-inoibritheachta a chothú tríd an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach nó trí thairseach ábhartha eile;

(d)

eolas tír-shonrach a chur leis an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach;

(e)

rannpháirtíocht ghníomhach raoin éagsúil eintiteas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a chomhordú agus a spreagadh i dtionscadail tacaíochta le haghaidh cur chun feidhme beartas agus sna bearta nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagail 9 go 14;

(f)

tacú le comhlachtaí de chuid na hearnála poiblí sa Bhallstát oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha de chuid na hearnála poiblí i mBallstáit eile maidir le topaicí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil inniúlachtaí agus acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis inniúla chun na cúraimí a shanntar dóibh a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

4.   Bunóidh na Ballstáit na struchtúir chomhair is gá idir na húdaráis náisiúnta uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Leis na struchtúir sin, féadfar cur leis na sainorduithe agus na próisis atá ann cheana sa réimse.

5.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, maidir le hainmniú a phointe teagmhála aonair agus aon athrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis náisiúnta eile a bhfuil baint acu le formhaoirseacht a dhéanamh ar an mbeartas idir-inoibritheachta. Déanfaidh gach Ballstát ainmniú a phointe teagmhála aonair a chur ar fáil go poiblí. Foilseoidh an Coimisiún an liosta de na pointí teagmhála aonair ainmnithe.

Airteagal 18

Comhordaitheoirí idir-inoibritheachta le haghaidh eintitis de chuid an Aontais

Aon eintiteas de chuid an Aontais a dhéanann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a rialáil, a sholáthar nó a bhainistiú, ainmneoidh sé comhordaitheoir idir-inoibritheachta faoi fhormhaoirseacht an leibhéil bainistíochta is airde atá aige chun a áirithiú go rannchuideoidh an t-eintiteas sin de chuid an Aontais le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Cuirfidh an comhordaitheoir idir-inoibritheachta tacaíocht ar fáil ar fud an eintitis sin de chuid an Aontais maidir le próisis inmheánacha a chur ar bun nó a oiriúnú chun an measúnú idir-inoibritheachta a chur chun feidhme.

Caibidil 5

Pleanáil agus faireachán maidir le hEoraip Idir-inoibritheach

Airteagal 19

Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach

1.   Tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú tríd an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach lena mbaineann, inter alia, na comhaltaí den Chomhphobal um Eoraip Idir-inoibritheach agus na comhordaitheoirí idir-inoibritheachta, glacfaidh an Bord clár oibre straitéiseach gach bliain chun tosaíochtaí a phleanáil agus a chomhordú maidir le forbairt idir-inoibritheacht trasteorann na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha (‘an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach’). Leis an gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach, cuirfear san áireamh straitéisí fadtéarmacha an Aontais maidir le digitiú, cláir chistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana agus cur chun feidhme leanúnach bheartas an Aontais.

2.   Beidh an méid seo a leanas sa Chlár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach:

(a)

measúnú ar riachtanais chun réitigh idir-inoibritheachta a fhorbairt;

(b)

liosta de na bearta tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach atá ar siúl faoi láthair agus na cinn atá beartaithe;

(c)

liosta de na gníomhaíochtaí leantacha atá molta maidir le bearta nuálaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun tacú le réitigh idir-inoibritheachta foinse oscailte;

(d)

sineirgí le cláir agus tionscnaimh ábhartha eile de chuid an Aontais agus cláir agus tionscnaimh ábhartha náisiúnta a shainaithint;

(e)

léiriú ar na deiseanna airgeadais atá ar fáil chun tacú leis na tosaíochtaí a áirítear.

3.   Leis an gClár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach, ní fhorchuirfear oibleagáidí airgeadais ná ualaí breise riaracháin. Tar éis a ghlactha, foilseoidh an Coimisiún an Clár Oibre don Eoraip Idir-inoibritheach ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach agus soláthróidh sé nuashonruithe tráthrialta maidir lena chur chun feidhme.

Airteagal 20

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn maidir le seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha a fhorbairt chun tacú le ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus gníomhaíochtaí riachtanacha san Aontas ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Tabharfar tosaíocht san fhaireachán d’athúsáid sonraí faireacháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus do bhailiú uathoibríoch sonraí. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord maidir leis an modheolaíocht, na táscairí agus an próiseas a bhaineann leis an bhfaireachán a ullmhú.

2.   A mhéid a bhaineann le topaicí is díol spéise ar leith i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)

dul chun cinn maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha san Aontas;

(b)

dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme CEI arna dhéanamh ag na Ballstáit;

(c)

glacadh réiteach idir-inoibritheachta le haghaidh seirbhísí poiblí éagsúla ar fud na mBallstát;

(d)

forbairt réiteach idir-inoibritheachta foinse oscailte do na seirbhísí poiblí, do nuálaíocht na hearnála poiblí agus don chomhar le gníomhaithe de chuid GovTech, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, i réimse na seirbhísí poiblí idir-inoibritheacha trasteorann atá le soláthar nó le bainistiú go leictreonach san Aontas;

(e)

scileanna idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí a fheabhsú.

3.   Foilseoidh an Coimisiún torthaí an fhaireacháin ar an tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach. Más féidir, foilseofar iad i bhformáid mheaisín-inléite.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le hidir-inoibritheacht san Aontas a thíolacadh agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn maidir le hidir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha san Aontas a leagan amach;

(b)

bacainní suntasacha cur chun feidhme ar sheirbhísí poiblí idir-inoibritheacha trasteorann san Aontas agus spreagthaí na seirbhísí sin a shainaithint;

(c)

na torthaí a baineadh amach le himeacht ama a leagan amach maidir le cur chun feidhme CEI, glacadh réiteach idir-inoibritheachta, scileanna idir-inoibritheachta a fheabhsú, réitigh idir-inoibritheachta foinse oscailte a fhorbairt le haghaidh seirbhísí poiblí, agus méadú ar nuálaíocht san earnáil phoiblí agus ar chomhar le gníomhaithe de chuid GovTech.

5.   Faoin 12 Eanáir 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina mbeidh conclúidí a mheastóireachta. Déanfar measúnú sonrach sa tuarascáil an gá réitigh idir-inoibritheachta éigeantacha a bhunú.

6.   Déanfar measúnú sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 5 ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tionchar an Rialacháin seo ar idir-inoibritheacht trasteorann mar chumasóir le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha gan uaim agus inrochtana san Aontas;

(b)

an éifeachtúlacht mhéadaithe, lena n-áirítear trí na hualaí riaracháin a laghdú i bpróisis idirbheartaíochta ar líne a eascraíonn as idir-inoibritheacht trasteorann, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta;

(c)

an gá le haon bheartais bhreise, bearta breise nó gníomhaíochtaí breise a bhfuil gá leo ar leibhéal an Aontais.

7.   I gcás ina mbeidh uainiú na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 i gcomhthráth, féadfaidh an Coimisiún an dá thuarascáil a chomhcheangal.

Caibidil 6

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Costais

1.   Faoi réir maoiniú a bheith ar fáil, cumhdófar na costais seo a leanas as buiséad ginearálta an Aontais:

(a)

forbairt agus cothabháil na tairsí um Eoraip Idir-inoibritheach;

(b)

réitigh um Eoraip Idir-inoibritheach a fhorbairt, a chothabháil agus a chur chun cinn;

(c)

na bearta tacaíochta um Eoraip Idir-inoibritheach.

2.   Íocfar na costais dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach a chomhlíonann forálacha infheidhme an bhunghnímh ábhartha.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 12 Iúil 2024,

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3(1) go (4) agus Airteagal 17 ón 12 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO C 184, 25.5.2023, lch. 28.

(2)   IO C 257, 21.7.2023, lch. 28.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2024.

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4)

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)   IO C 23, 23.1.2023, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(10)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(11)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)   IO C 60, 17.2.2023, lch. 17.

(14)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(15)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(16)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(18)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).

(19)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin agus fheidhmchlár móibíleach chomhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).


IARSCRÍBHINN

SEICLIOSTA COITEANN LE hAGHAIDH TUARASCÁLACHA MEASÚNAITHE IDIR-INOIBRITHEACHTA

Áireofar na míreanna seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 3(2):

1.

Faisnéis Ghinearálta

Eintiteas an Aontais nó comhlacht na hearnála poiblí a sholáthraíonn an tuarascáil agus faisnéis ábhartha eile

An tionscnamh, tionscadal nó gníomhaíocht lena mbaineann

2.

Ceanglais

Na seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha lena mbaineann

Ceanglais cheangailteacha a ndearnadh measúnú orthu

Geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha dá ndéantar difear

Éifeachtaí sainaitheanta ar idir-inoibritheacht trasteorann

3.

Torthaí

Réitigh um Eoraip idir-inoibritheach arna sainaithint lena n-úsáid

Réitigh idir-inoibritheachta ábhartha eile, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear comhéadain meaisín le meaisín

Na bacainní atá fós ann ar idir-inoibritheacht trasteorann


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top