This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Treoir 2002/65/CE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí
Bunaítear léi rialacha comhchoiteanna maidir le margú seirbhísí airgeadais ag soláthraithe do thomhaltóirí san Aontas Eorpach (AE), chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú.
Raon feidhme
Cumhdaítear leis an treoir na seirbhísí airgeadais uile, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, cistí infheistíochta, árachas agus pleananna pinsin phearsanta, ar féidir iad a dhíol le tomhaltóirí trí bhealaí ciandíola amhail teileafón, facs agus an t-idirlíon.
Áirithítear sa treoir go mbeidh cosaint ar fáil don tomhaltóir, lena n-áirítear:
Leis an treoir maidir le cearta tomhaltóirí — Treoir 2011/83/AE (féach an achoimre) — rialaítear ciandíol gach earra agus seirbhísí neamhairgeadais eile le tomhaltóirí, a chuirtear in ionad Threoir 97/7/CE.
Athbhreithniú ar an treoir
Cuireadh an t-athbhreithniú ar an treoir san áireamh i gclár oibre an Choimisiúin do 2020 (Iarscríbhinn II — Tionscnaimh REFIT, ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’). Foilsíodh meastóireacht ar an treoir in 2020 freisin.
Aisghairm
Déanfar Treoir 2002/65/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2023/2673 ón 19 Meitheamh 2026.
Tá feidhm léi ón 09 Deireadh Fómhair 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 09 Deireadh Fómhair 2004.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE ón gComhairle (IO L 271, 9.10.2002, lgh. 16–24).
Tá leasuithe leanúnacha ar Threoir 2002/65/CE ionchorpraithe sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo chun críocha tagartha amháin.
Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64–88).
Féach an leagan comhdhlúite.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Athbhreithniú ar an Treoir maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí (2002/65/CE) (COM(2009) 626 final an 20.11.2009).
Nuashonraithe 08.12.2023