Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 31997L0067

    Seirbhísí poist in AE

    Seirbhísí poist in AE

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir 97/67/CE maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú.

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Is iad seo a leanas na príomhaidhmeanna le treoir na seirbhísí poist:

    • margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí poist a bhunú;
    • an margadh poist a oscailt don iomaíocht;
    • seirbhís poist uilechoiteann inbhuanaithe a áirithiú do gach úsáideoir san Aontas Eorpach;
    • caighdeáin theicniúla a chomhchuibhiú.

    Rinneadh an treoir bhunaidh a leasú roinnt uaireanta, agus tá cuid de na leasuithe is tábhachtaí i dTreoir 2008/6/CE.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Leagtar amach comhrialacha leis an treoir a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    • na coinníollacha lena rialaítear soláthar seirbhísí poist;
    • na híoschaighdeáin maidir leis an tseirbhís poist uilechoiteann, go sonrach
      • caighdeáin cháilíochta a leagan síos i ndáil le hagaí seachadta;
      • comhlíonadh prionsabal taraife (treoshuíomh costas, neamh-idirdhealú, trédhearcacht) agus trédhearcacht cuntas don tseirbhís poist uilechoiteann;
      • maoiniú na seirbhíse poist uilechoitinne faoi choinníollacha lena bhféadfaí a buaine (inbhuanaitheacht) a áirithiú;
    • comhchuibhiú caighdeán teicniúil (Coiste Teicniúil 331 an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (ar a dtugtar CEN) i ndiaidh iarratais ar chaighdeánú arna ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach);
    • bunú údarás náisiúnta neamhspleách.

    Oibleagáid na seirbhíse poist uilechoitinne

    Tá sé d’oibleagáid ar thíortha AE seirbhís poist uilechoiteann a bheidh buan, inacmhainne a áirithiú gach áit laistigh dá gcríoch, i.e ní mór dóibh an méid seo a leanas ar a laghad a áirithiú:

    • seirbhís (bailiúchán ó phointí rochtana agus seachadadh) 5 lá oibre in aghaidh na seachtaine (le heisceachtaí);
    • bailiú, sórtáil, iompar agus seachadadh míreanna poist a bhfuil a meáchan suas le 10 kg;
    • seirbhísí le haghaidh míreanna cláraithe agus árachaithe.

    Féadfaidh tíortha AE cuideachta amháin nó níos mó a ainmniú mar sholáthraithe seirbhíse uilechoitinne chun go gcumhdófar an chríoch go léir. Ní mór athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an ainmniúchán.

    An tseirbhís poist uilechoiteann a mhaoiniú

    Níl cead ag tíortha AE cearta eisiacha nó cearta speisialta a dheonú chun seirbhísí poist a sholáthar. Féadfaidh siad, áfach, an soláthraí seirbhíse uilechoitinne a chúiteamh má tá glanchostas bunaithe agus go bhfuil sé sin ina ualach airgeadais éagórach i gcomhréir le conarthaí AE (e.g. Státchabhair, soláthar poiblí, sásra le haghaidh comhroinnt costas*.

    Taraifí

    Ní foláir nó go gcloífidh taraifí na seirbhísí uilechoitinne leis na prionsabail seo a leanas go sonrach.

    • Ní mór dóibh
      • a bheith inacmhainne do gach úsáideoir;
      • a bheith trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;
      • a bheith dírithe ar chostas agus dreasachtaí a thabhairt, le haghaidh soláthar seirbhís uilechoiteann éifeachtach.
    • Féadfar taraifí aonfhoirmeacha a choimeád ar chúiseanna beartais phoiblí.
    • Má tá taraifí speisialta ann (e.g do ghnólachtaí), ba cheart dóibh sin a bheith neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.

    Féadfaidh tíortha AE seirbhís poist saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine dalla agus do dhaoine leathdhalla.

    Cáilíocht na seirbhísí

    • Ní mór do thíortha AE caighdeáin cháilíochta a dhréachtú dá seirbhís poist uilechoiteann bhaile (i.e. agaí seachadta ó cheann go ceann).
    • Tá caighdeáin cháilíochta le haghaidh seirbhísí laistigh den Aontas Eorpach leagtha amach in Iarscríbhinn II den treoir.
    • Ní mór monatóireacht neamhspleách ar fheidhmíocht a dhéanamh uair amháin sa bhliain ar a laghad.

    Maidir le post trasteorann laistigh den Aontas Eorpach, ceanglaítear an méid seo a leanas le hIarscríbhinn II den treoir:

    • 85% den phost trasteorann sa chatagóir chaighdeánach is gaiste a sheachadadh laistigh de 3 lá oibre; agus
    • 97% a sheachadadh laistigh de 5 lá oibre.

    Nósanna imeachta um ghearáin

    Ní mór nós imeachta trédhearcach, simplí agus neamhchostasach a bheith ar fáil chun déileáil le gearáin úsáideoirí, agus díospóidí a réiteach go cóir agus go pras.

    Comhchuibhiú teicniúil

    Déantar comhchuibhiú teicniúil ar bhonn iarratas ar chaighdeánú ón gCoimisiún a dhéanann Coiste Teicniúil 331 de chuid CEN.

    Údaráis rialála

    Ní mór do thíortha AE údaráis náisiúnta rialála neamhspleácha a bhunú ar cheart na hacmhainní riachtanacha ar fad a chur ar fáil dóibh i gcomhthéacs soláthar foirne, saineolais agus acmhainní airgeadais, agus na sainchúraimí atá tugtha dóibh leis an treoir a chur i gcrích, maidir leis an méid seo a leanas go sonrach:

    • an tseirbhís uilechoiteann;
    • Nósanna imeachta údaraithe;
    • rialuithe agus cuntais taraifí;
    • cáilíocht na seirbhíse;
    • soláthar faisnéise agus staidrimh.

    Soláthar faisnéise

    Ní mór do thíortha AE a áirithiú go soláthróidh na soláthraithe seirbhíse faisnéis do na húdaráis rialála, lena n–áirítear faisnéis airgeadais agus faisnéis a bhaineann leis an tseirbhís uilechoiteann, le haghaidh 2 chuspóir go sonrach:

    • comhréireacht leis an treoir seo a áirithiú; agus
    • chun críocha staidrimh atá sainithe go soiléir.

    Seirbhísí seachadta beartán trasteorann AE

    In 2018, glacadh Rialachán (AE) 2018/644 maidir le seachadadh beartán trasteorann. Forlíontar leis an rialachán seo na rialacha atá leagtha amach i dTreoir 97/67/CE, a dhíríonn go príomha, ach ní go heisiach, ar sheirbhísí uilechoiteanna chun aghaidh a thabhairt ar:

    • maoirseacht rialála;
    • trédhearcacht taraifí trasteorann; agus
    • measúnú ar tharaifí píosa aonair trasteorann.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá feidhm le Treoir 97/67/CE ón 10 Feabhra 1998. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 14 Feabhra 1999

    Tá feidhm le Treoir leasaitheach 2008/6/CE ón 27 Feabhra 2008. B’éigean dlí a dhéanamh di i 16 thír AE faoin 31 Nollaig 2010 agus sna 11 thír eile faoin 31 Nollaig 2012.

    CÚLRA

    Le haghaidh breis faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Comhroinnt costas: tá rialacha leagtha síos i ndáil le maoiniú glanchostais ar bith a bhaineann leis an tseirbhís uilechoiteann i gcás go dtiocfaidh glanchostas chun cinn agus go mbeidh sé ina ualach airgeadais éagórach.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lgh. 14-25)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 97/67/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann (IO L 112, 2.5.2018, lgh. 19-28)

    Cinneadh ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2010 lena mbunaítear Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Poist (IO C 217, 11.8.2010, lgh. 7-9)

    Nuashonraithe 10.12.2018

    Barr