Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Riosca atmaisféar pléascach

Riosca atmaisféar pléascach

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/92/CE — íosriachtanais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte oibrithe a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó atmaisféir phléascacha a fheabhsú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear leis íosriachtanais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte oibrithe a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó atmaisféir phléascacha1 a fheabhsú.
  • Is é an cúigiú treoir déag aonair de réir bhrí na Treorach 89/391/CEE ina dtugtar isteach rialacha ginearálta chun feabhsuithe a spreagadh maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe ag an obair.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an treoir éilítear ar fhostóirí an méid a leanas a dhéanamh:

  • bearta teicniúla agus/nó eagraíochta a ghlacadh chun:
    • cosc a chur ar fhoirmiú atmaisféar pléascach,
    • an t-adhaint ar atmaisféir phléascacha a sheachaint,
    • maolú a dhéanamh ar éifeachtaí pléasctha ar bhealach a chinntíonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe.
  • a chinntiú go n-ullmhaítear “doiciméad maidir le cosaint ó phléascadh”, ina dtugtar cur síos ar bhearta maidir le cosaint ó phléascadh agus a shásaíonn ceanglais Threoir 89/391/CEE, agus go gcoimeádtar é cothrom le dáta;
  • oibrithe agus/nó a n-ionadaithe a chur ar an eolas maidir leis na bearta go léir atá le glacadh ar mhaithe lena sábháilteacht agus sláinte ag an obair;
  • na céimeanna is gá a ghlacadh chun a chinntiú go bhfaighfidh oibrithe a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó atmaisféir phléascacha an oiliúint chuí;
  • a chinntiú go gcomhlíonfaidh trealamh oibre atá le húsáid in áiteanna ina bhféadfadh atmaisféir phléascacha a bheith ann na híosriachtanais atá leagtha síos san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir.

Ba ghá d’áiteanna oibre a bhí in úsáid cheana roimh an agus ina raibh áiteanna ina bhféadfadh atmaisféir phléascacha tarlú cloí lena n-íosriachtanais laistigh de 3 bliana tar éis an dáta sin.

3 iarscríbhinn sa treoir a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • aicmiú áiteanna ina bhféadfadh atmaisféir phléascacha a bheith ann;
  • na híosriachtanais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte oibrithe a fheabhsú a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó atmaisféir phléascacha agus critéir maidir le trealamh agus córais chosanta a roghnú;
  • an comhartha rabhaidh d’áiteanna ina bhféadfadh atmaisféir phléascacha a bheith ann.

In 2003, d’eisigh an Coimisiún Eorpach treoir neamh-shainordaitheach ar dhea-chleachtas i bhfeidhmiú na treorach. Tá sí á húsáid taobh leis an treoir maidir le trealamh agus córais chosanta atá beartaithe le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach. Ba cheart go n-áiritheoidh tíortha AE go gcuirfear faisnéis ábhartha ar fáil d’fhostóirí agus go luafar an treoir seo leo maidir le dea-chleachtas.

Le Treoir 2007/30/CE simplíodh na ceanglais maidir le tuairisciú don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm Threoir 89/391/CEE agus a threoracha aonair éagsúla. Ní mór do thíortha AE tuairisc aonair a ullmhú gach 5 bliana anois ina gclúdaítear cur chun feidhme na dtreoracha seo go léir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Atmaisféar pléascach: meascán le haer, faoi dhálaí atmaisféir substaintí inadhainte i bhfoirm gás, gal, ceochán nó deannach ina scaiptear, tar éis a n-adhainte, dóchán leis an meascán neamhdhóite ar fad.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le híosriachtanais chun sábháilteacht agus cosaint sláinte oibrithe a d’fhéadfadh a bheith i mbaol ó atmaisféir phléascacha a fheabhsú (15ú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 23, , lgh. 57-64)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/92/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top