Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair — rialacha ginearálta

ACHOIMRE AR:

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle — bearta chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Tugtar bearta isteach léi chun feabhas a chur ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine ag an obair. Leagtar amach léi ceanglais ar fhostóirí1 agus ar fhostaithe2 freisin chun timpistí agus galar ceirde a laghdú san ionad oibre.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an treoir leis an hearnálacha uile de ghníomhaíocht phoiblí agus phríobháideach (tionsclaíocht, talmhaíocht, tráchtáil, riarachán, seirbhís, oideachas, cultúrtha, fóillíocht agus eile).

Ordaítear inti:

  • go bhfuil sé de dhualgas ar fhostóirí sláinte agus sábháilteacht a lucht saothair á áirithiú. Folaíonn sé seo rioscaí a mheas agus a sheachaint, beartas sábháilteachta ar an iomlán a fhorbairt agus oiliúint chuí a sholáthar don fhoireann;
  • go gceapfaidh fostóirí duine éigin freagrach chun rioscaí ag an obair a chosc;
  • go ndéanfaidh fostóirí na bearta riachtanacha réamhchúramacha cuí maidir le garchabhair, comhrac dóiteáin agus aslonnú;
  • go ndéanfaidh fostóirí measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith roimh oibrithe ar leith agus a áirithiú go mbíonn na bearta cosanta riachtanacha ar bun;
  • go dtabharfaidh fostóirí an fhaisnéis ábhartha uile d’fhostaithe agus/nó dá n-ionadaithe maidir le rioscaí sláinte agus sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus na bearta atá déanta chun iad a chosc;
  • go rachaidh fostóirí i gcomhairle le fostaithe agus/nó a n-ionadaithe agus go mbeidh siad páirteach leo i ngach plé maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair;
  • go ndéanfaidh fostóirí deimhin de go bhfaigheann gach fostaí oiliúint imleor um shláinte agus um shábháilteacht a bhaineann lena bpost.

Príomhphointí eile

  • Tá gach fostaí freagrach as cúram a ghlacadh, oiread agus is féidir, dá sláinte agus sábháilteacht féin agus de shláinte agus de shábháilteacht a gcomhghleacaithe.
  • Ní mór cosaint speisialta a thabhairt d’fhostaithe a d’fhéadfadh íogaireacht ar leith a bheith orthu i dtaca le rioscaí agus contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann san ionad oibre.
  • Ní bhaineann an treoir le seirbhísí poiblí áiríthe, amhail an póilíní, fórsaí armtha nó gnéithe den chosaint shibhialta.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Fostaí: duine ar bith atá ag obair d’fhostóir, lena n-áirítear oiliúnaithe agus printísigh, ach ní áirítear oibrithe tí.
  2. Fostóir: duine ar bith a bhfuil gaol fostaíochta acu le duine éigin agus freagracht as an ngnólacht.

CÚLRA

GNÍOMH

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh

nuashonrú is deireanaí

Top