Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát

Malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2023/977 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach ann rialacha eagrúcháin agus nós imeachta an Aontais Eorpaigh (AE) chun malartú leordhóthanach agus éifeachtúil faisnéise a áirithiú idir údaráis forfheidhmithe dlí Bhallstáit an Aontais chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Leagtar amach sa treoir rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

  • malartú faisnéise idir na pointí teagmhála aonair (SPOC) arna mbunú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit;
  • soláthar faisnéise ag údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát;
  • an bealach cumarsáide réamhshocraithe atá le húsáid le haghaidh gach malartaithe faisnéise;
  • bunú nó ainmniú agus eagrú, cúraimí, comhdhéanamh agus cumais SPOC gach Ballstáit.

Níl feidhm ag an treoir maidir le malartuithe faisnéise den sórt sin má rialaítear iad go sonrach le dlíthe eile de chuid an Aontais.

Prionsabail

Tá gach malartú faisnéise faoin treoir faoi réir cúig phrionsabal ar cheart iad a úsáid agus é á léirmhíniú agus á cur i bhfeidhm:

  • infhaighteacht;
  • rochtain choibhéiseach
  • rúndacht
  • úinéireacht sonraí
  • iontaofacht sonraí.

Leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680 rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a úsáideann póilíní agus údaráis ceartais choiriúil (achoimre).

Malartú faisnéise

  • Ba cheart go mbeadh SPOC ag na Ballstáit, a bheadh oibríochtúil i gcónaí, a bheadh freagrach as malartú faisnéise a chomhordú agus a éascú.
  • I gcásanna práinneacha, ba cheart an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil laistigh de 8 n-uair an chloig má tá sí ar fáil go díreach do SPOC agus laistigh de 3 lá más féidir leis an SPOC í a fháil ó údaráis phoiblí nó ó pháirtithe príobháideacha.
  • I gcás gach iarrata eile, ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh de 7 lá.
  • Is féidir le Ballstát iarratas ar fhaisnéis a dhiúltú. Mar sin féin, ba cheart na cásanna sin a dhéanamh chomh sonrach agus is féidir agus a léirmhíniú chomh cúng agus is féidir chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas faisnéise go héifeachtach.
  • Tá baint ag Europol leis na malartuithe faisnéise, a mhéid a thagann na cionta coiriúla a bhaineann leis an bhfaisnéis a iarrtar nó a mhalartaítear faoi raon feidhme na gcuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794 (féach an achoimre), cé is moite d’eisceachtaí áirithe.

Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise

Ba cheart do SPOC nó d’údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise, atá á bhainistiú ag Europol, a úsáid chun iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh, chun faisnéis a sholáthar de bhun na n-iarrataí sin nó chun faisnéis a sholáthar ar a dtionscnamh féin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin , agus ní mór do na Ballstáit a forálacha a chur i bhfeidhm ón dáta sin. Tá eisceacht amháin ann, áfach: Ní mór do na Ballstáit na rialacha is gá chun Airteagal 13 a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (IO L 134, , lgh. 1–24).

nuashonrú is deireanaí

Top