Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Pá íosta san Aontas

Pá íosta san Aontas

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2022/2041 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi feabhas a chur ar dhálaí oibre agus maireachtála san Aontas Eorpach (AE) trí chreat a bhunú le haghaidh:

  • leordhóthanacht pá íosta reachtúil*;
  • cómhargáil* a chur chun cinn maidir le socrú pá;
  • feabhas a chur ar rochtain éifeachtach oibrithe ar a gcearta ar phá íosta* cosaint i gcás go bhforáiltear ina leith faoi reachtaíocht náisiúnta agus/nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le hoibrithe an Aontais a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainítear leis an dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát AE, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur sa áireamh.

Chun cómhargáil maidir le pá a shocrú a mhéadú, ní mór do na Ballstáit, lena mbaineann comhpháirtithe sóisialta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • forbairt agus neartú chumas na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn chun dul i mbun cómhargála, go háirithe ar leibhéal earnála agus ar leibhéal tras-tionscail;
  • idirbheartaíocht nuálach, fhiúntach agus eolach maidir le pá a spreagadh idir comhpháirtithe sóisialta;
  • gníomhú chun an ceart chun cómhargála pá a ráthú agus chun cosc a chur ar idirdhealú fostaíochta ar oibrithe agus ar ionadaithe ceardchumainn;
  • bearta a dhéanamh chun oibrithe agus ionadaithe ceardchumainn mar aon le ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí a chosaint ar aon chur isteach ag gníomhairí nó baill a chéile ina mbunaíocht, ina bhfeidhmiú nó ina riarachán;
  • i gcás ina bhfuil an ráta um chumhdach comhárgála faoi bhun tairseach 80%, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha cumasúcháin, le dlí nó i ndiaidh dul i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta, agus plean gníomhaíochta a bhunú chun an cumhdach sin a mhéadú.

Cuirfidh na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu nósanna imeachta áirithe i bhfeidhm lena áirithiú go bhfuil siad leordhóthanach, chun:

  • caighdeán maith maireachtála a bhaint amach;
  • bochtaineacht lucht oibre a laghdú;
  • comhtháthú sóisialta agus cóineasú sóisialta aníos a chur chun cinn;
  • bearna inscne maidir le pá a laghdú.

Déanfaidh siad an méid seo a leanas:

  • critéir a úsáid nach mór an méid seo a leanas ar a laghad a bheith i gceist leo:
    • cumhacht ceannaigh pá íosta reachtúil, agus an costas maireachtála á chur san áireamh,
    • an leibhéal ginearálta pá, a ráta fáis agus a dháileadh,
    • leibhéil agus treochtaí náisiúnta fadtéarmacha maidir le táirgiúlacht;
  • luachanna tagartha táscacha a chur i bhfeidhm chun a mheas an bhfuil pá íosta reachtúil leordhóthanach ann — féadfaidh na Ballstáit coigeartuithe innéacsaithe uathoibríoch a úsáid ar an gcoinníoll nach dtiocfaidh laghdú ar an bpá íosta reachtúil mar thoradh air sin;
  • pá íosta reachtúil a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad nó, i gcás Ballstát a úsáideann sásra innéacsaithe uathoibríoch, gach 4 bliana ar a laghad;
  • comhlacht comhairleach amháin nó níos mó a ainmniú chun comhairle a sholáthar;
  • páirt a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta maidir le pá íosta reachtúil a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta;
  • a áirithiú, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, go bhfuil rochtain éifeachtach ag oibrithe ar chosaint pá íosta reachtúil atá ann cheana tríd an méid seo a leanas a sholáthar:
    • rialuithe éifeachtacha, comhréireacha agus idirdhealaitheacha agus cigireachtaí allamuigh;
    • dóthain acmhainní, oiliúna agus treorach do na húdaráis forfheidhmithe chun díriú ar fhostóirí neamhchomhlíontacha agus dul sa tóir orthu.

Ceanglaítear le rialacha breise ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • sonraí cruinne a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar chosaint pá íosta;
  • gach faisnéis ábhartha faoi phá íosta reachtúil a chur ar fáil go poiblí agus oibrithe agus fostóirí a chur ar an eolas faoi na bearta;
  • a áirithiú go bhfuil rochtain ag oibrithe ar réiteach díospóidí éifeachtach, tráthúil agus neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh;
  • oibrithe agus a gcuid ionadaithe a chosaint ar chóir dhíobhálach ar bith ó fhostóir;
  • pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an oibleagáid faoin treoir.

Ní dhéantar an méid seo a leanas leis an treoir:

  • ní sháraítear neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta nó a gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a idirbheartú agus a thabhairt i gcrích;
  • ní cheanglaítear léi ar na Ballstáit:
    • pá íosta reachtúil a thabhairt isteach;
    • comhaontú comhchoiteann ar bith is infheidhme go huilíoch a dhéanamh;
  • ní théann sí i gcion ar cheart na mBallstát chun:
    • cinneadh a dhéanamh maidir le pá íosta reachtúil shocrú, maidir lena leibhéal, agus maidir le rochtain ar an gcosaint sin,
    • bearta nó comhaontuithe comhchoiteanna níos fabhraí a thabhairt isteach d’oibrithe;
  • forais a sholáthar chun an leibhéal ginearálta cosanta atá ag oibrithe cheana féin a laghdú, trí phá íosta a ísliú nó deireadh a chur leis.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 15 Samhain 2024. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha nua sin ón 15 Samhain 2024.

CÚLRA

Tá difríochtaí móra ag baint le pá íosta ar fud an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann a lán oibrithe gan chosaint. Is réimse dlínse náisiúnta é sin ina bhfuil ról tacaíochta agus comhlántach ag an Aontas. Níl sé mar aidhm leis an treoir an leibhéal pá íosta ar fud an Aontais a chomhchuibhiú, ná modh aonfhoirmeach a bhunú chun iad a shocrú.

Tá an treoir bunaithe ar Airteagal 153(1)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena tagairt shonrach do dhálaí oibre.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Pá íosta reachtúil. An pá íosta a shocraítear le dlí, seachas an pá íosta a shocraítear le comhaontú comhchoiteann agus atá infheidhme go huilíoch.
Cómhargáil. An idirbheartaíocht uile de réir dlíthe agus cleachtais náisiúnta idir fostóirí agus ceardchumainn chun coinníollacha oibre agus téarmaí fostaíochta a chinneadh.
Pá íosta. Luach saothair íosta, arna leagan síos le dlí nó le comhaontú comhchoiteann, nach mór d’fhostóir íoc as obair le linn tréimhse ar leith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lgh. 33–47).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal X — Beartas sóisialta — Airteagal 153 (sean–Airteagal 137 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 114–116).

Nuashonraithe 06.02.2023

Top