EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tús áite a thabhairt do thionscadail fuinnimh inathnuaite

Tús áite a thabhairt do thionscadail fuinnimh inathnuaite

 

ACHOIMRE AR:

Moladh (AE) 2022/822 maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in–athnuaite agus maidir le comhaontuithe ceannaigh cumhachta a éascú

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

fuinneamh inathnuaite ag croílár an aistrithe fuinnimh is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, fuinneamh a dhéanamh inacmhainne agus spleáchas an Aontais Eorpaigh (AE) ar bhreoslaí iontaise agus ar allmhairí fuinnimh a laghdú. Tá sé mar aidhm leis an moladh:

  • tús áite a thabhairt do nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite; agus
  • comhaontuithe ceannaigh cumhachta (conarthaí díreacha idir cuideachtaí agus soláthraithe leictreachais) a éascú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Iarrtar sa mholadh ar Bhallstáit AE beart a dhéanamh faoi roinnt ceannteideal.

Nósanna imeachta níos tapúla, níos giorra

  • A áirithiú go mbeidh gléasraí fuinnimh inathnuaite, naisc eangaí agus sócmhainní stórála incháilithe i leith mearphróiseála agus go nglacfar leis go mbaineann leas poiblí sáraitheach leo.
  • Spriocdhátaí soiléire, gairide a leagan amach le haghaidh na gcéimeanna go léir a theastaíonn chun ceadanna a dheonú, lena sonrófar na himthosca inar féidir iad a shíneadh agus na himthosca faoinar féidir iad a shíneadh.
  • Spriocdhátaí uasta a leagan amach le haghaidh gach céime den nós imeachta um measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus an bpróiseas ceada le haghaidh trealamh grianfhuinnimh i bhfoirgnimh teoranta do 3 mhí.
  • Amchláir agus rialacha ama a bhunú chun imeachtaí dlíthiúla éifeachtacha a áirithiú.
  • Próiseas iarratais aonair a chruthú.
  • Nuashonruithe ar na sonraíochtaí tionscadail a cheadú le linn an phróisis iarratais chun teicneolaíochtaí nuálacha a éascú.

Rannpháirtíocht saoránach agus pobal

  • Rannpháirtíocht saoránach agus pobal fuinnimh i dtionscadail a spreagadh.
  • Nósanna imeachta simplithe um dheonú ceadanna agus um cheadúnú le haghaidh pobail fuinnimh inathnuaite a chur chun feidhme.

Comhordú níos fearr

  • Comhordú cuíchóirithe agus éifeachtach idir na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus chathrach a áirithiú.
  • Ionad ilfhreastail chun ceadanna a dheonú a chruthú, mar a cheanglaítear i dTreoir (AE) 2018/2001, chun teorainn a chur le líon na n–údarás a bheidh bainteach.
  • Tugtar isteach rialacha trína meastar gur ionann easnamh freagairt thráthúil ó na húdaráis agus glacadh le hiarratas faoi leith, mura n–éilítear an fhreagairt le reachtaíocht AE nó leis an reachtaíocht náisiúnta.

Nósanna imeachta soiléire agus digitithe

  • Faisnéis iomlán agus thrédhearcach a chur in iúl maidir le ceanglais agus céimeanna nós imeachta, lena n–áirítear nósanna imeachta gearán, ag tús an phróisis.
  • Nósanna imeachta lándigitithe agus cumarsáid leictreonach a thabhairt isteach.
  • A áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil go lárnach mar chuid de lámhleabhar nósanna imeachta ar líne, lena n–áirítear teimpléid d’iarratais, staidéir agus sonraí comhshaoil, agus faisnéis maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus muirir.

Acmhainní agus scileanna daonna

  • Baill foirne leordhóthanacha ag a bhfuil na scileanna agus na cáilíochtaí ábhartha a áirithiú do chomhlachtaí deonaithe seirbhíse agus d’údaráis um measúnú comhshaoil.
  • Leas a bhaint as an maoiniú AE agus náisiúnta go léir atá ar fáil le haghaidh uasoiliúna agus athoiliúna, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil.
  • Breathnú ar aontas a chur ar bun chun comhoibriú ar scileanna um dheonú ceadanna agus um measúnú ar an gcomhshaol.

Suíomhanna níos fearr le haghaidh tionscadal

  • Suíomhanna oiriúnacha le haghaidh tionscadal a shainaithint go tapa, i gcomhréir le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus a gcion le sprioc fuinnimh inathnuaite 2030 an Aontais Eorpaigh.
  • Limistéir atá luachmhar ó thaobh an chomhshaoil de a sheachaint agus tús áite a thabhairt do thalamh dhíghrádaithe nach bhfuil oiriúnach don talmhaíocht.
  • Criosanna nach féidir fuinneamh inathnuaite a fhorbairt iontu, lena dtugtar údar do shrianta a bhaineann leis an achar chuig ceantair thithíochta agus chuig criosanna eitlíochta míleata nó sibhialta.
  • Ceanglais maidir le measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol a chuíchóiriú a mhéid is féidir ó thaobh an dlí de, lena dtugtar le chéile úsáid fuinnimh inathnuaite agus reachtaíocht AE um chomhshaol, agus é a chomhtháthú le measúnuithe comhshaoil eile i nós imeachta comhpháirteach.
  • A áirithiú nach mbeidh éin fhiáine agus speicis faoi chosaint ina mbacainn ar thionscadail a fhorbairt, trí bhearta maolaithe a éileamh agus faireachán a dhéanamh ar a dtionchar.
  • Rannpháirtíocht luath an phobail a spreagadh, úsáidí iomadúla láithreán a chur chun cinn agus trédhearcacht a áirithiú maidir le cá háit a ndéanfar tionscadail a shuiteáil agus conas a dhéanfar iad a shuiteáil.

Nasc eangaí níos éasca

  • Pleanáil fhadtéarmach san eangach agus infheistíocht fhadtéarmach san eangach a chur chun feidhme agus éileamh amach anseo agus an cuspóir a bhaineann le haeráidneodracht á gcur san áireamh.
  • Nósanna imeachta simplithe a bhunú le haghaidh gléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana féin.
  • A áirithiú go gcuirfidh oibreoirí córais nós imeachta trédhearcach agus digiteach i bhfeidhm maidir le feidhmeanna nasctha eangaí, faisnéis a sholáthar maidir le hacmhainneacht na heangaí agus acmhainneachta na heangaí a bharrfheabhsú trí theicneolaíochtaí comhlántacha a éascú.
  • Deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le píblínte gáis nádúrtha a thiontú go hidrigin trí na húdaruithe a theastaíonn a lua agus údaruithe atá ann cheana a shíneadh.

Nuálaíocht

  • Díolúintí reachtacha spriocdhírithe le haghaidh teicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí nó cuir chuige nuálacha a spreagadh.

Comhaontuithe ceannaigh cumhachta

  • Fáil réidh le bacainní riaracháin nó margaidh nach bhfuil údar leo ar chomhaontuithe ceannaigh chorpráidigh, go háirithe chun feabhas a chur ar ghlacadh gnólachtaí beaga agus meánmhéide.
  • Scéimeanna tacaíochta a dhearadh, a sceidealú agus a chur chun feidhme ionas go n–oibreoidh siad go maith le comhaontuithe ceannaigh chorparáidigh.

Faireachán, tuairisciú agus athbhreithniú

  • Pointe teagmhála chun faireachán a dhéanamh ar na baic a bhaineann leis an bpróiseas deonaithe ceadanna agus aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna is mó a chur ar bun.
  • Tuairisciú don Choimisiún Eorpach gach 2 bhliain mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta dul chun cinn maidir le fuinneamh agus an aeráid arna gcur isteach faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN MHOLTA?

Tá sé i bhfeidhm ón 18 Bealtaine 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh (AE) 2022/822 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in–athnuaite agus maidir le Comhaontuithe Ceannaigh Cumhachta a éascú (IO L 146, 25.5.2022, lgh. 132-138).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Doiciméad inmheánacha oibre an Choimisiúin: Treoraíocht le haghaidh na mBallstát maidir le dea–chleachtais chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in–athnuaite agus maidir le comhaontuithe ceannaigh cumhachta a éascú – Ag gabháil leis an doiciméad moladh ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in–athnuaite comhaontuithe ceannaigh cumhachta a éascú (SWD(2022) 149 final, 18.5.2022).

Doiciméad oibre inmheánach de chuid an Choimisiúin - comhairliúchán le páirtithe leasmhara — tuarascáil achoimre: “Tionscadail fuinnimh in–athnuaite — Próisis deonaithe ceadúnais agus comhaontuithe ceannaigh cumhachta — Ag gabháil leis an doiciméad moladh ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in–athnuaite comhaontuithe ceannaigh cumhachta a éascú” (SWD(2022) 151 final, 18.5.2022).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe (COM(2022) 108 final, 8.3.2022).

Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lgh. 1-17).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 final, 11.12.2019).

Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1-77).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1999 a chorprú sa buntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 82-209).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 06.12.2022

Top