This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Emissions Trading System — Innovation Fund rules
Scéim Trádála Astaíochtaí — Rialacha maidir leis an gCiste don Nuálaíocht
Scéim Trádála Astaíochtaí — Rialacha maidir leis an gCiste don Nuálaíocht
Scéim Trádála Astaíochtaí — Rialacha maidir leis an gCiste don Nuálaíocht
ACHOIMRE:
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/856 maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Tá an Ciste don Nuálaíocht a tugadh isteach le Treoir 2003/87/CE ceaptha chun tacú le tionscnaimh nuálacha mar chuid de scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí (ETS) AE*, beartas lárnach AE chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú. Leagtar amach go mion sa rialachán rialacha faoin dóigh a n–oibrítear an ciste.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar amach leis an rialachán rialacha maidir leis an gCiste don Nuálaíocht, lena n–áirítear
Cuspóirí agus cineálacha na tacaíochta
Soláthraítear leis an gciste tacaíocht airgeadais le haghaidh tionscadal lena dtaispeántar teicneolaíochtaí, próisis agus táirgí an-nuálach lena bhféadfaí astaíochtaí GCT a laghdú i mbealach suntasach, agus acmhainní breise poiblí agus príobháideacha á mealladh.
Soláthrófar an tacaíocht mar dheontais, nó ag cur dheontais AE le hionstraimí airgeadais faoi ionstraim aontaithe AE um thacaíocht infheistíochta (InvestEU), a thiocfaidh in ionad an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, atá ann faoi láthair, don tréimhse 2021-2027. D’fhéadfaí an ciste a chur ar fáil i bhfoirmeacha eile chomh maith arna leagan amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (an “Rialachán Airgeadais”), go sonrach duaiseanna, agus soláthar.
Iarratas agus roghnú
Iarrtar ar iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais i gcomhair tionscadal incháilithe i ndiaidh glao ar thograí a d’eisigh an Coimisiún Eorpach i ndiaidh comhairliúcháin le tíortha AE. Roghnaítear tionscadail ar bhonn critéar lena n–áirítear iad seo a leanas:
Rialachas agus riarachán
Déanann an Coimisiún oibriú an Chiste a bhainistiú go díreach ach amháin i gcás go dtarmligtear comhlachtaí cur chun feidhme. Téitear i gcomhairle le tíortha AE faoi thionscadail ar an ngearrliosta sula ndéanfar cinnteadh ar bith maidir le dámhachtainí.
Ba cheart d’eintitis a fhaigheann cabhair faisnéis a thaispeáint ar a suíomhanna gréasáin faoi thionscadail a dtacaítear leo faoin rialachán seo, lena n–áirítear tagairt shainráite a dhéanamh don tacaíocht ón gCiste don Nuálaíocht a fuarthas, agus áirithiú go mbeidh fáil ag lucht spéise mór, lena n–áirítear na meáin agus an pobal, ar fhaisnéis shoiléir, éifeachtúil agus spriocdhírithe.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 17 Meitheamh 2019.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleamh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht (IO L 140, 28.5.2019, lgh. 6-17)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)
Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 ina leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú na dtionscadal taispeána tráchtála ina ndírítear ar ghabháil agus stóráil gheolaíoch CO2 atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de chomh maith le tionscadail taispeána um theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite nuálacha faoin scéim maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lgh. 39-48)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2010/670/AE a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíd charbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lgh 114-135)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lgh. 32-46)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 07.10.2019