This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Restrictive measures in view of the situation in Sudan
Bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin
Bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin
Cinneadh 2014/450/CBES — maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin
Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 — maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin
Laistigh dá raon feidhme pearsanta agus críochach infheidhme (féach, go háirithe, Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014), toirmisctear le smachtbhannaí an Aontais an méid seo a leanas:
Ceanglaítear leis an gcinneadh go ndéanfar athbhreithniú ar na bearta seo go tráthrialta, gach 12 mhí ar a laghad.
Bearta sriantacha
Cuirtear toirmeasc taistil agus reo sócmhainní i bhfeidhm leis an gcinneadh ar dhaoine a meastar fúthu:
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán liosta de na daoine aonair a gcaithfidh na Ballstáit cosc a chur orthu dul isteach ina gcríocha nó idirthuras a dhéanamh tríothu agus na daoine aonair, na cuideachtaí, na heintitis nó na comhlachtaí sin a reofear a gcuid cistí agus acmhainní eacnamaíocha.
Ní mór aon duine atá liostaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a áireamh sna hiarscríbhinní.
Féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh na hiarscríbhinní a leasú.
Díolúintí daonnúla
I gcomhréir le Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tugtar isteach le Rialachán (AE) 2023/720 agus le Cinneadh (CBES) 2023/726 i ndlí an Aontais díolúine ó na bearta um reo sócmhainní chun cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí faoisimh eile a sheachadadh go tráthúil, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha atá rannpháirteach i bpleananna freagartha daonnúla na Náisiún Aontaithe nó i mbraislí daonnúla atá á gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla, agus rannpháirtithe iomchuí eile arna gcinneadh ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe.
Ní mór do sholáthraithe a bhíonn ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun aon tairbhí a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, lena n-áirítear trí sholáthar díreach nó indíreach do dhaoine aonair nó d’eintitis liostaithe, nó trí iad a atreorú chucu.
Tá feidhm ag an gcinneadh agus ag an rialachán ón .
Is é Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach atá mar bhonn dlí faoi na smachtbhannaí faoin gcinneadh, agus is é Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá mar bhonn dlí faoi na smachtbhannaí faoin rialachán.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Cinneadh 2014/450/CBES ón gComhairle anmaidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2011/423/CBES (IO L 203, , lgh 106–112).
747/2014 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha de bharr an cháis sa tSúdáin, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (AE) Uimh. 1184/2005 (IO L 203,, , lgh. 1–12).
nuashonrú is deireanaí