EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Comhlachais leis an tSeoirsia

Comhaontú Comhlachais leis an tSeoirsia

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Comhlachais idir AE agus Euratom agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile

Cinneadh 2014/494/AE — síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Euratom agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile

Cinneadh 2014/495/Euratom lena bhfaomhtar tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

  • comhar polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn lena n–áirítear trí rannpháirtíocht na Seoirsia i mbeartais, i gcláir agus i ngníomhaireachtaí AE a mhéadú;
  • bonn láidir a sholáthar le haghaidh idirphlé polaitiúil lena mbeifear ábalta dlúthchaidreamh polaitiúil a fhorbairt idir na páirtithe;
  • cur le neartú an daonlathais agus na cobhsaíochta polaitiúla, eacnamaíche agus institiúidí sa tSeoirsia;
  • síocháin agus cobhsaíocht ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn, a chaomhnú agus a neartú;
  • comhar a dhíríonn ar réiteach coinbhleachta síochánta a chur chun cinn;
  • comhar sa réimse saoirse, slándála agus ceartais a fheabhsú chun an smacht reachta agus meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha a neartú;
  • tacú le hiarrachtaí na Seoirsia a hacmhainn eacnamaíoch a fhorbairt trí chomhar idirnáisiúnta, lena n–áirítear trína dlíthe a ailíniú níos dlúithe le dlíthe AE;
  • comhtháthú eacnamaíoch na Seoirsia de réir a chéile i margadh inmheánach AE a bhaint amach, go sonrach trí limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála a bhunú;
  • dálaí a bhunú maidir le comhar níos dlúithe i réimsí eile comhleasa.

Le Cinneadh 2014/494/AE sínítear an comhaontú comhlachais leis an tSeoirsia agus le Cinneadh 2014/495/Euratom tugtar i gcrích an comhaontú comhlachais leis an tSeoirsia ag AE, Euratom agus Ballstáit AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Clúdaítear sa chomhaontú comhlachais:

Prionsabail ghinearálta

Tá an comhaontú bunaithe ar líon prionsabal bunúsach:

Idirphlé polaitiúil

Tá idirphlé polaitiúil idir an dá pháirtí le forbairt agus le neartú tuilleadh. Tá líon aidhmeanna ag baint leis, lena n–áirítear an méid seo a leanas:

  • comhar polaitiúil a neartú agus cóineasú agus éifeachtúlacht an bheartais pholaitiúil agus slándála a mhéadú;
  • prionsabail na sláine críochaí, an mheasa ar na teorainneacha a aithnítear ar bhonn idirnáisiúnta, na ceannasachta agus an neamhspleáchais a chur chun cinn;
  • réiteach coinbhleachta síochánta;
  • cobhsaíocht agus slándáil idirnáisiúnta bunaithe ar iltaobhachas éifeachtach;
  • comhar maidir le slándáil agus cosaint a neartú.

Saoirse, slándáil agus ceartas

Clúdaítear líon saincheisteanna i gcomhar maidir le saoirse, slándáil agus ceartas, lena n–áirítear:

  • cosaint sonraí pearsanta;
  • imirce, tearmann agus bainistiú teorainneacha;
  • comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, an éillithe, na sceimhlitheoireachta agus drugaí neamhdhleathacha.

Trádáil agus cúrsaí a bhaineann le trádáil

Tá réimse leathan cúrsaí trádála agus nithe a bhaineann le trádáil sa chomhaontú, lena n–áirítear:

  • cóir náisiúnta agus rochtain ar an margadh le haghaidh earraí:
    • lena mbunaítear limistéar saorthrádála idir na páirtithe agus faightear réidh le dleachtanna custaim ar earraí a thionscnaíonn ón bpáirtí eile, le heisceachtaí áirithe (arna leagan amach sna hiarscríbhinní),
    • sásra frith–imchéimniúcháin, lena gcuirfí ar fionraí, faoi chúinsí áirithe, cóir fhabhrach do tháirgí talmhaíochta na Seoirsia a thugtar isteach san Aontas Eorpach, i bhfeidhm ó 2016 i leith;
  • ailíniú de réir a chéile le reachtaíocht AE sna réimsí maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil, cúrsaí sláintíochta agus fíteashláintíochta, éascú custaim agus trádala agus soláthar poiblí;
  • ceart bunaíochta, trádáil i seirbhísí agus ríomhthráchtáil;
  • íocaíochtaí reatha agus gluaiseacht chaipitil;
  • maidir le cearta maoine intleachtúla, rinneadh an comhaontú a síníodh in 2012 idir AE agus an tSeoirsia maidir le tásca geografacha faoi chosaint a chomhtháthú sa chomhaontú comhlachais. Ar cheann de thosaíochtaí an chomhaontaithe comhlachais sin tá forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht na Seoirsia sa réimse sin agus oiliúint dhóthanach oifigigh ábhartha an rialtais agus bhaill na breithiúnachta a áirithiú. I gcomhthéacs na Comhairle Comhlachais (féach thíos), tagann AE agus an tSeoirsia le chéile ar bhonn rialta chun ceisteanna agus an dea–chleachtas sa réimse sin a phlé.

Comhar eacnamaíoch

Ceanglaítear an méid seo a leanas leis an gcomhaontú:

  • go gcuirfidh an dá pháirtí feabhas ar a dtuiscint ar gheilleagar an pháirtí eile agus beartais eacnamaíocha a thabhairt isteach chun athchóiriú eacnamaíoch a dhéanamh;
  • go n-oibreoidh an tSeoirsia i dtreo geilleagar margaidh a bheidh ag feidhmiú, go ndéanfaidh sí a rialacha eacnamaíocha agus airgeadais a ailíniú de réir a chéile le cinn an Aontais Eorpaigh, agus go n–áiritheoidh sí beartais mhaicreacnamaíocha shlána.

Réimsí eile comhair

Aontóidh AE agus an tSeoirsia go mbunóidh siad dlúthchomhar maidir le réimse leathan réimsí beartas chun cuidiú le hacmhainneacht forbartha agus fáis na Seoirsia.

Cúnamh airgeadais, rialacha maidir le frithchalaois agus rialú

Rialacha institiúideacha agus ginearálta

  • Bunaítear leis an gcomhaontú Comhairle Comhlachais chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an chomhaontaithe.
  • Faigheann sí cuidiú ó Choiste Comhlachais agus ó Choiste Comhlachais i bhfoirmíocht trádála atá comhdhéanta de státseirbhísigh shinsearacha de chuid an dá pháirtí.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

  • Comhaontú measctha* is ea an comhaontú agus dá réir sin b’éigean do gach Ballstát chomh maith le Parlaimint na hEorpa é a dhaingniú. Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2016.
  • Tá codanna áirithe den chomhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Meán Fómhair 2014.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú measctha: más rud é nach dtagann ábhar comhaontaithe faoi inniúlacht eisiach AE (anseo, baineann an comhaontú le Euratom chomh maith), ní mór do na Ballstáit an comhaontú a shíniú freisin. Tugtar comhaontuithe measctha ar na comhaontuithe sin. Ciallaíonn sé sin, chomh maith le AE féin, go ndéantar páirtithe conarthacha de na Ballstáit i leith na bpáirtithe conarthacha neamh–AE. D’fhéadfaí a cheangal le comhaontuithe measctha chomh maith go ndéanfaí gníomh inmheánach AE a ghlacadh chun na hoibleagáidí a roinnt idir na Ballstáit agus AE.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014, lgh. 4-743)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gComhaontú Comhlachais a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2014/494/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014, lgh. 1-3)

Cinneadh 2014/495/Euratom ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena bhfaomhtar tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014, lgh. 744-745)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO C 203, 7.6.2016, lgh. 1-112)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme an sásra frith-imchéimniúcháin dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 62-64)

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 161, 18.6.2016, lch. 1)

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 259, 30.8.2014, lch. 1)

Nuashonraithe 30.04.2021

Top