EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dul i ngleic le fadhbanna institiúidí airgeadais anásta

Dul i ngleic le fadhbanna institiúidí airgeadais anásta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/59/AE lena mbunaítear rialacha um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach léi rialacha úra chun déileáil le hinstitiúidí airgeadais anásta toisc gurbh éigean do go leor de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) airgead poiblí a chur isteach ina gcórais bhaincéireachta chun bainc a tharrtháil i ndiaidh ghéarchéim airgeadais 2008.
  • Féachtar léi le tarrthálacha a sheachaint, ina mbaintear úsáid as airgead cáiníocóirí i gcásanna go dteipfeadh ar bhanc amach anseo.
  • Bunaítear léi rialacha comhchoiteanna AE maidir le téarnamh agus le hathstruchtúrú na mbanc anásta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bainc a bhfuil deacrachtaí acucosc

  • Ní foláir do gach banc plean téarnaimh a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta inniúil.
  • Ní mór don údarás náisiúnta plean réitigh a dhréachtú chomh maith ar eagla nach mbeadh an téarnamh éifeachtach agus go mbeadh gá le hathstruchtúrú (réiteach).
  • Leagtar síos leis an dá phlean na gníomhaíocht a bheidh le déanamh i gcás go mbeadh deacrachtaí ag banc agus go dteipfeadh air mar gheall orthu.

Bainc i ndrochstaid airgeadaisluath–idirghabháil

I gcás go bhfuil banc i ndrochstaid airgeadais, tá an chumhacht idirghabhála ag an údarás náisiúnta, mar shampla, trí riarthóir sealadach a cheapadh sa bhanc.

Bainc anástaathchóiriú (réiteach)

  • Má leanann dul chun donais sa bhanc, tá roinnt cumhachtaí éagsúla ag an údarás náisiúnta réitigh le costais teipe ar cháiníocóirí a laghdú. Is í an chumhacht is tábhachtaí a iarraidh ar an earnáil phríobháideach na costais a iompair ar dtús.
  • Tháinig an sásra tarrthála inmheánaí, ar athrú cur chuige é i gcomparáid leis an áis phoiblí tarrthála a tháinig i bhfeidhm in Eanáir 2016 ar a dhéanaí. Bhí na Ballstáit ábalta a chinneadh an uirlis tarrthála inmheánaí a chorprú ina gcórais dlí roimh an dáta sin.
  • Má loiceann banc, beidh na scairshealbhóirí ar na chéad daoine a íocfaidh as na costais ar athstruchtúrú. Iarrfar ar chreidiúnaithe cuid de na costais a chur ar fáil ansin, agus is iad taisceoirí neamhráthaithe (ag a bhfuil taiscí os cionn €100,000) na daoine deireanacha a chuideoidh. Le Treoracha leasaitheach 2017/2399 comhchuibhítear na rialacha maidir le hordlathas creidiúnaithe bainctrí aicmiú úr maidir le fiachas sinsearach neamhthosaíochta a chruthú a rangaítear de réir dócmhainneachta os cionn ionstraimí cistí dílse agus fodhliteanas, ach faoi bhonn dliteanais shinsearacha eile. Tá sé mar aidhm leis an rangú reachtúil sin le haghaidh fiachas sinsearach meamhthosaíochta feabhas a chur ar chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí i ndáil le hionstraimí fiachais atá incháilithe i leith an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Beidh sé ina chuidiú chomh maith maidir le caighdeán an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (TLAC) le haghaidh institiúidí airgeadais dhomhanda atá tábhachtach ar bhealach sistéamach a chur chun feidhme san Aontas Eorpach.
  • Caithfidh scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe cur le costais chaillteanais na hinstitiúide anásta. Clúdaíonn siad caillteanais suas le 8 % ar a laghad de dhliteanais (fiacha nó oibleagáidí) iomlána an bhainc atá ag dul faoin bplean athstruchtúraithe. Má tá caillteanais le híoc ina dhiaidh sin, is féidir leis an gciste réitigh idirghabháil a dhéanamh (féach thíos). Cuimsítear sna cumhachtaí eile atá ag na húdaráis náisiúnta an fhéidearthacht an institiúid atá á hathstruchtúrú a dhíol nó í a chumasc le ceann eile.
  • Chun an caighdeán maidir le TLAC arna fhorbairt ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais i mí na Samhna 2015 a chur chun feidhme, tugadh isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2019/879 rialacha nua i ndáil le cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.
  • Le Treoir leasaitheach (AE) 2022/2556 déantar rialacha na treorach, agus roinnt treoracha gaolmhara eile, a ailíniú leis na ceanglais maidir le riosca TFC le haghaidh eintitis airgeadais a leagtar amach sa rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil na hearnála airgeadais (DORA), Rialachán (AE) 2022/2554 (féach achoimre).

Cistí náisiúnta réitigh chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do bhearta athchóirithe na mbanc

Ní mór do gach Ballstát ciste náisiúnta réitigh a bhunú arna mhaoiniú roimh ré ag institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá bunaithe ina gcríoch féin. Bainfear úsáid as an gciste seo le hathchóiriú banc anásta a mhaoiniú.

Gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe

Idir 2015 agus 2023, ghlac an Coimisiún Eorpach sraith gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe i ndáil le Treoir 2014/59/AE. Áirítear leo sin:

  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 maidir le:
    • ríomh agus coigeartú maidir le próifíl riosca institiúidí agus na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na bainc leis na cistí réitigh,
    • maidir leis an bhfaisnéis nach mór do bhainc a sholáthar, ionas go mbeifear ábalta a ranníocaíocht leis an gciste réitigh a ríomh;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 maidir le:
    • na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaí ranníocaíochtaí aisíocaíochta institiúide le ciste réitigh a iarchur i bpáirt nó go hiomlán,
    • na critéir a úsáidtear lena chinneadh cé acu gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí de chuid na hinstitiúide atá riachtanach don gheilleagar, agus
    • na critéir a úsáidtear chun príomhlínte gnó agus seirbhísí gaolmhara a chinneadh;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/860 lena sonraítear tuilleadh na cúinsí ina bhfuil eisiamh ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó riachtanach faoi Airteagal 44(3) de Threoir 2014/59/AE;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/911 i ndáil le foirm agus ábhar an chur síos ar chomhaontuithe tacaíochta airgeadais grúpa;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/962 i ndáil le formáidí, teimpléid agus sainmhínithe aonfhoirmeacha le haghaidh sainaithint agus tarchur faisnéise ó na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 maidir le, i measc nithe eile, caighdeáin i gcomhair ábhar pleananna téarnaimh, pleananna réitigh agus pleananna réitigh grúpa;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1400 maidir le híosghnéithe plean atheagraithe gnó agus íos-ábhair na dtuarascálacha maidir lena chur chun feidhme;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1401 maidir le caighdeáin le haghaidh modheolaíochtaí agus prionsabal ar luacháil dliteanas a thagann as díorthaigh;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1450 maidir leis na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht chun an t–íoschaighdeán i gcomhair cistí dílse agus dliteanais cháilitheacha a leagan síos;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1712 maidir le caighdeáin um fhaisnéis ar chonarthaí airgeadais;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/867 maidir le haicmí socruithe atá le cosaint in aistriú páirteach maoine;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/344 maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis na modheolaíochtaí chun an difríocht i láimhseáil réitigh a luacháil (luacháil 3);
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/345 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht maidir le luach sócmhainní agus dliteanas institiúidí nó eintiteas;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/348 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar thionchar teipthe institiúide ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile agus ar choinníollacha um maoiniú;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 maidir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na teimpléid, na treoracha agus an mhodheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe don Údarás Baincéireachta Eorpach; agus
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin faoin treoir;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh; agus
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir 2014/59/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2014 agus tá feidhm ag na rialacha sin ón 1 Eanáir 2015.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2017/2399 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 28 Nollaig 2018 agus tá feidhm ag na rialacha sin ón dáta sin.
  • B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2019/879 a thrasuí faoin 28 Nollaig 2020. Tá rialacha i bhfeidhm sna Ballstáit ón dáta sin i leith, seachas an riail a bhaineann le nochtadh poiblí an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a mbeidh feidhm leis ón 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.
  • Ní mór Treoir Leasaitheach (AE) 2022/2556 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 17 Eanáir 2025 agus beidh feidhm ag na rialacha sin ón dáta sin.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 190–348).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/59/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 153–163).

Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lgh. 1–79).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó (IO L 329, 17.9.2021, lgh. 2–5).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh (IO L 292, 16.8.2021, lgh. 1–3).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin per se de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lgh. 1–6).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/622 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le teimpléid aonfhoirmeacha don tuairisciú, treoracha agus modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a thuairisciú (IO L 131, 16.4.2021, lgh. 123–136).

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2019/348 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir i ndáil le measúnú a dhéanamh ar thionchar teipthe institiúide ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile agus ar choinníollacha um maoiniú (IO L 63, 4.3.2019, lgh. 1–11).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le nósanna imeachta, foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha chun faisnéis a sholáthar chun críocha pleananna réitigh d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lgh. 1–65).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2018/344 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis na modheolaíochtaí chun an difríocht i láimhseáil réitigh a luacháil (IO L 67, 9.3.2018, lgh. 3–7).

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2018/345 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar luach sócmhainní agus dliteanas institiúidí nó eintiteas (IO L 67, 9.3.2018, lgh. 8–17).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/867 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2017 maidir le haicmí socruithe atá le cosaint in aistriú páirteach maoine faoi Airteagal 76 de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 20.5.2017, lgh. 15–19).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1712 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Rialachán 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íos–sraith na faisnéise maidir leis na conarthaí airgeadais ba chóir a bheith sna taifid mhionsonraithe agus na cúinsí inar cheart an ceanglas a fhorchur (IO L 258, 24.9.2016, lgh. 1–7)

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1450 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir a bhaineann leis an modheolaíocht chun an t–íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais cháilitheacha (IO L 237, 3.9.2016, lgh. 1–9).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1401 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh modheolaíochtaí agus prionsabal ar luacháil dliteanas a thagann as díorthaigh (IO L 228, 23.8.2016, lgh. 7–15).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1400 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosghnéithe atheagraithe gnó agus íos–ábhair na dtuarascálacha maidir le dul chun cinn chur chun feidhme an phlean (IO L 228, 23.8.2016, lgh. 1–6).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1075 ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na bpleananna téarnaimh, na bpleananna réitigh agus na ngrúp–phleananna réitigh, na híoschritéir ar a ndéanfaidh an t–údarás inniúil measúnú maidir leis na pleananna téarnaimh agus na grúp–phleananna téarnaimh, na coinníollacha maidir le ghrúpthacaíocht airgeadais, na ceanglais do luachálaithe neamhspleácha, aitheantas conarthach cumhachtaí díluachála agus athraithe, nósanna imeachta agus ábhar na gceanglas um fhógra maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh (IO L 184, 8.7.2016, lgh. 1–71).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/962 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil leis na formáidí, teimpléid agus sainmhínithe aonfhoirmeacha le haghaidh sainaithint agus tarchur faisnéise ag údaráis inniúla agus údaráis réitigh chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach de réir Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 160, 17.6.2016, lgh. 35–49).

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/911 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla i ndáil le foirm agus ábhar an chur síos ar chomhaontuithe tacaíochta airgeadais grúpa i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 153, 10.6.2016, lgh. 25–27).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/860 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2016 lena sonraítear tuilleadh na cúinsí ina bhfuil eisiamh ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó riachtanach faoi Airteagal 44(3) de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 144, 1.6.2016, lgh. 11–20).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/778 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaí íocaíocht ranníocaíochtaí urghnácha ex post a iarchur i bpáirt nó go hiomlán, agus maidir leis na critéir chun gníomhaíochtaí, seirbhísí agus oibríochtaí maidir le feidhmeanna ríthábhachtacha a chinneadh, agus maidir leis na línte gnó agus na seirbhísí gaolmhara maidir le príomhlínte gnó a chinneadh (IO L 131, 20.5.2016, lgh. 41–47).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante leis na socruithe um maoiniú réitigh (IO L 11, 17.1.2015, lgh. 44–64).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 20.06.2023

Top