Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartas forbartha AE: clár oibre don athrú

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Beartas forbartha AE: clár oibre don athrú

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún (COIM(2011) 637 leagan deireanach) – An tionchar a bhíonn ag beartas forbartha AE a mhéadú: clár oibre don athrú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Cuirtear smaointe i láthair sa pháipéar beartais seo de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le conas is féidir leis an Aontas Eorpach cuidiú le tíortha i mbéal forbartha leis an mbochtaineacht a dhíothú, arb é sin príomhchuspóir bheartas forbartha AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Agus fás ag teacht ar dhaonra an domhain i gcónaí, is gá tuilleadh a dhéanamh le dul i ngleic le dúshláin amhail coinbhleachtaí a chosc, slándáil, an comhshaol a chosaint agus athrú aeráide agus sochair phoiblí dhomhanda a sheachadadh amhail slándáil bhia, rochtain ar uisce agus ar shláintíocht, slándáil fuinnimh agus imirce.

Is é ceann den dá aidhm sháraitheacha tacaíocht a thabhairt don athrú i dtíortha comhpháirtíochta (tíortha i mbéal forbartha a bhfuil comhaontuithe déanta acu leis an Aontas Eorpach) chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir leis an mbochtaineacht a laghdú agus maidir leSpriocanna Forbartha na Mílaoise de chuid na Náisiún Aontaithe (a bhfuil na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe curtha ina n-áit ó bhí 2016 ann).

Tá súil ag an gCoimisiún go dtiocfaidh líon feabhsuithe as an gClár don Athrú, lena n-áirítear méadú ar mhéid agus ar sciar chabhair AE do na tíortha is mó gátar agus san áit is féidir leis an Aontas Eorpach fíorthionchar a bheith aige (lena n-áirítear stáit leochaileacha).

Is é an aidhm eile cuidiú le fás a chruthú i dtíortha i mbéal forbartha ionas go mbeidh sé d’acmhainn acu iad féin a thógáil amach as an mbochtaineacht. Díreofar an chabhair dá réir sin ar réimsí faoi leith:

  • cosaint shóisialta, sláinte, oideachas agus poist;
  • an timpeallacht ghnó, imeascadh réigiúnach agus margaí domhanda;
  • talmhaíocht agus fuinneamh inbhuanaithe.

Is é ceann de na príomhsmaointe cur chuige AE difreáilte a bheith ann maidir le leithdháileadh agus comhpháirtíochtaí cabhrach chun acmhainní a sheachadadh san áit is mó a dteastaíonn siad, chun an bhochtaineacht a chomhrac. I ngníomh, ciallaíonn sé sin cistí AE a leithdháileadh i leith comhar forbartha de réir

  • riachtanais tíre;
  • a cumais foinsí eile airgid a ghiniúint (e.g. chun cánacha a ghearradh); agus
  • a feidhmíocht i réimsí amhail oideachas nó sláinte.

Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún chomh maith go n-ullmhóidh tíortha AE agus an Coimisiún a straitéisí agus a gcláir i gcomhpháirt agus an cúram atá orthu a chinntiú go mbeidh an chabhair a sheachadann AE níos éifeachtúla a roinnt níos fearr eatarthu féin.

Smaoineamh eile is ea scrúdú a dhéanamh ar bhealaí nuálacha chun forbairt a mhaoiniú, amhail “maoiniú measctha” (i.e. deontais agus iasachtaí a mheascadh).

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An tionchar a bhíonn ag beartas forbartha AE a mhéadú: Clár Oibre don Athrú (COIM(2011) 637 leagan deireanach an 13.10.2011)

Nuashonraithe 27.01.2016

Top